Níor cheart cead a thabhairt cluichí eile a imirt i bPáirc an Chrócaigh agus níor chóir go mbeadh an cheist áirithe seo ag cothú easaontais idir cuid ball Chumann Lúthchleas Gael.
Tá buaireamh ar chuid mhór ball de Chumann Lúthchleas Gael (CLG) nach mbeidh de thoradh ar an iarracht is déanaí Páirc an Chrócaigh a chur ar fáil do chluichí idirnáisiúnta neamhdhúchasacha, ach céim eile i dtreo dhíghaelú an chumainn, a chuid acmhainní agus a chuid imeachtaí éagsúla. “Cad é an chéad chéim eile ina dhiaidh sin?” a fhiafraíonn siad. Deireadh le “Amhrán na bhFiann”? Deireadh leis an Trídhathach a bheith ar foluain ag gach cluiche?
Tá clú agus cáil ar Pháirc an Chrócaigh mar áit ar leith, ina n-imrítear ár gcluichí náisiúnta féin. Tá spiorad agus féiniúlacht ar leith ag baint leis an pháirc ó ceannaíodh i 1913 í, agus tá baol ann go gcaillfear cuid den fhéiniúlacht sin má cheanglaítear í i meon an phobail le cluichí neamhdhúchasacha eile. Ní bheidh sna cluichí ceannais s’againne ach imeachtaí eile i measc sraith imeachtaí náisiúnta i bPáirc an Chrócaigh. Cuairteoirí ar ár dteach féin a bheas ionainn, dar le cuid mhór ball den eagraíocht.
Is mór an difear idir na trí cheolchoirm a cheadaítear i bPáirc an Chrócaigh gach bliain agus spóirt eile a cheadú inti. Níl cuid mhór de na baill seo ag cur i gcoinne an tsacair ná an rugbaí mar chluichí. Tugann a bhformhór lántacaíocht d’fhoirne sacair agus rugbaí na hÉireann. Ach dar leo nár chóir iad a mheascadh leis na cluichí Gaelacha. Má tá forbairt le déanamh ar Pháirc an Chrócaigh, bíodh sí ina forbairt Ghaelach, dar leo.
Tuigeann gach ball den eagraíocht go bhfuil brú airgid ar CLG agus ar Pháirc an Chrócaigh, ach an réiteoidh cúpla cluiche sacair agus rugbaí idir seo agus an t-am a bheas an pháirc úr ar Bhóthar Lansdúin tógtha, an réiteoidh sin na fadhbanna seo? Tá cuid mhór ball den eagraíocht amhrasach fá dtaobh de sin.
Cuirtear i leith na heagraíochta gur eagraíocht choimeádach í, agus í faoi smacht ag “fir na gcoillte cúil”, “díneasáir” agus “lucht an mhana chrua.” Ach níl anseo ach masla na meán cumarsáide. Tá dul amú orthu siúd a chreideann gurb ionann athrú ar bith agus dul chun cinn. Ní eagraíocht choimeádach é Cumann Lúthchleas Gael. Tá cuid de na Gaeil is fadradharcaí in Éirinn le fáil san eagraíocht, fiú ina measc siúd atá i gcoinne aon leasú a dhéanamh ar Riail 42.
Agus tá neart déanta ag Cumann Lúthchleas Gael leis na cluichí Gaelacha a chur chun cinn le roinnt blianta anuas. Mar shampla, tá na cluichí cáilithe, nó córas an chúldorais mar a thugtar air, i ndiaidh líon mór daoine a mhealladh, ní hamháin go Páirc an Chrócaigh, ach thart ar an teilifís i dtithe agus i dtábhairní ó cheann ceann na tíre. Tá athruithe suntasacha déanta i rialacha imeartha na gcluichí le hiad a dhéanamh níos gaiste agus níos tarraingtí don lucht féachana.
Bíonn na mílte duine óg, agus neart againn nach bhfuil chomh hóg sin chomh maith, ag caitheamh geansaithe CLG agus dathanna na gcontaetha orthu sa lá atá inniu ann, ar dhóigh nach raibh muid a dhéanamh fiú deich mbliana ó shin. Tá an oiread sin ráchairte ag Gaeil ar Pháirc an Chrócaigh anois go raibh deacrachtaí ag CLG an slua a tháinig chuig cluiche ceannais na gclubanna ar Lá Fhéile Pádraig a láimhseáil. Ní raibh lucht eagraithe na gcluichí ceannais ag dréim ach le 25,000 duine, agus bhí orthu na geataí a oscailt ar mhaithe le sábháilteacht nuair a tháinig breis agus 38,000 duine. Tá ardú stádais tugtha do na cluichí idirnáisiúnta idir Éirinn agus an Ástráil chomh maith.
Ná bíodh sé le rá ag duine ar bith, go háirithe lucht na meán cumarsáide, gur eagraíocht choimeádach atá i gCumann Lúthchleas Gael. Tá fuil úr agus smaointe úra ag teacht isteach sa chumann gach bliain. Níor chóir go mbeadh baill na heagraíochta ag dul in adharca a chéile mar gheall ar an sacar nó an rugbaí. Ba chóir díriú ar aon chuspóir amháin, is é sin cur chun cinn na gcluichí Gaelacha.