CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Tá a lá tagtha!

Tá Sinn Féin ag dul ó neart go neart de bharr go bhfuil straitéisí éifeachtacha polaitiúla acu agus is cúis imní é seo do na páirtithe móra.

Íomhá
Íomhá
Mary Lou McDonald: bhain sí suíochán do Shinn Féin i bParlaimint na hEorpa

Tá an-athrú tagtha ar shaol polaitiúil na hÉireann le mí anuas. Tá sé soiléir go bhfuil na poblachtánaigh, a bhí gníomhach ó na seachtóidí i gcoimhlint na Sé Chontae, anois ag díriú ar chumhacht shubstaintiúil pholaitiúil a fháil dóibh féin ó thuaidh agus ó dheas.

Is léir go bhfuil glactha ag Sinn Féin agus a lucht tacaíochta leis go bhfuil an choimhlint mhíleata thart agus go bhfuil glacadh go fonnmhar acu leis an chomhréiteach a cuireadh ar fáil le foirmle Chomhaontú Aoine Chéasta. Tá an disciplín agus an féinsmacht a forbraíodh thar na blianta i gCampa na Ceise Fada ag teacht chun tosaigh go láidir anois.

Tá straitéisí suimiúla polaitiúila á n-úsáid ag Sinn Féin, straitéisí áirithe a théann de réir an téacsleabhair agus straitéisí eile nach raibh na príomhpháirtithe mar Fhianna Fáil agus Páirtí an Lucht Oibre ag súil leo.

Roghnaíonn Sinn Féin iarrthóirí óga atá cliste, dóighiúil, fuinniúil agus atá ábalta dul de réir na foirmle a bhíonn ullmhaithe roimh ré ag ceannairí an pháirtí. Ní gá ach féachaint ar bheirt, Piaras Ó Dochartaigh agus Mary Lou McDonald. Ní léir go bhfuil fealsúnacht láidir phearsanta nó obair fhorbartha pobail curtha i gcrích ag ceachtar acu ach níor laghdaigh sin a mealltacht don phobal. Tá cuma mhaith orthu; gléasann siad go néata agus go faiseanta; tá líofacht chainte agus scileanna cumarsáide ar ardchaighdeán acu agus tá sé éasca réalta teilifíse a dhéanamh astu.

Cuidíonn sé, ar ndóigh, nach bhfuil ag éirí leis na príomhpháirtithe daoine óga a mhealladh chucu féin. Gach uair a d’oscail an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, a bhéal ag cáineadh Shinn Féin, mhéadaigh vóta an pháirtí sin agus rinne sé ní ba dheacra é do sheanfhondúirí a pháirtí féin agus Fhianna Fáil dul i bhfeidhm ar na vótóirí.

Cá bhfágann casadh na taoide seo muid don tréimhse atá romhainn? Tá ionadaithe ag Sinn Féin anois ar chomhairlí contae, sa Dáil agus i bParlaimint na hEorpa. An é an toradh a bheas air seo uilig go mbeidh ar cheannaire nua Fhianna Fáil suí síos le Sinn Féin le comhrialtas a shocrú i ndiaidh an chéad olltoghchán eile nó, iontas na n-iontas, an dtiocfaidh Fine Gael agus Fianna Fáil le chéile leis an namhaid úr seo a choinneáil faoi smacht?

Tá rud amháin cinnte: tá croitheadh tugtha ag Sinn Féin do phota polaitiúil na hÉireann agus is chun tairbhe na tíre a rachaidh sé sin go cinnte.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.