CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Impleachtaí fadtéarmacha chogadh na hIaráice

Beidh an domhan níos contúirtí mar áit sa todhchaí de bharr chogadh na Breataine agus na Stát Aontaithe i gcoinne na hIaráice.

Íomhá
Kofi Annan, Rúnaí Ginearálta na Náisiún Aontaithe
Íomhá
Colin Powell, Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe (ar chlé), leis an Uachtarán George W. Bush

Tá cogadh na hIaráice faoi lán seoil agus an chuma ar an scéal faoi láthair nach mbeidh sé thart chomh tapa is a dúradh linn roimh ré.

I ndiaidh cúpla lá troda bhí líon mór de ghnáthmhuintir na tíre sin marbh agus bhí saighdiúirí de chuid na Breataine agus Mheiriceá tar éis a chéile a mharú trí thimpiste. Tá muintir na Tuirce míshuaimhneach agus réidh le bogadh isteach i dtuaisceart na tíre de bharr éiginnteacht a bheith ann faoi céard atá i ndán do na Curdaigh.

Chuaigh Blair agus Bush glan i gcoinne na tuairime a bhí ag na Náisiúin Aontaithe gur cheart fanacht níos faide agus nár cheart ionsaí a dhéanamh ar an Iaráic de bharr na tubaiste a d’fhéadfadh tarlú. Tá Rúnaí Ginearálta na heagraíochta sin, Kofi Annan, den tuairim gur ionsaí mídhleathach atá ar siúl ag an Bhreatain agus ag Meiriceá agus go gcothófar fadhbanna uafásacha sláinte agus beatha do chosmhuintir na tíre sin.

Tá mórán daoine in Éirinn agus ar fud an domhain [den bharúil] nach ndearna George Bush agus a chuid comhairleoirí go leor machnaimh domhain faoin cheist seo. Is léir nach dtuigeann siad go bhfuil cultúr agus meon atá go hiomlán difriúil ag na hArabaigh agus lucht an Mheánoirthir. Shíl siad go bhfáilteodh na gnáthdhaoine san Iaráic roimh a gcuid saighdiúirí, go bhfeicfeadh siad iad mar shlánaitheoirí. Níl sé seo ag tarlú, áfach. Tá na daoine ag teacht le chéile agus tá dream de bhunadh na hIaráice atá ag cur fúthu i dtíortha eile ag pilleadh abhaile le seasamh i gcoinne na n-ionróirí.

Ní raibh sé riachtanach ag an am seo tabhairt faoin ionsaí seo. Bheadh sé níb éifeachtaí deireadh a chur leis na smachtbhannaí atá curtha i bhfeidhm i gcoinne na hIaráice le dhá bhliain déag anuas agus pobal na tíre a mhealladh le cineáltas agus le cabhair seachas an lámh láidir a úsáid ina gcoinne. Fiú má mharaítear Saddam Hussein go luath, níl ceannaire oiriúnach aimsithe ag na comhghuaillithe le cur ina áit, duine a n-éireodh leis muintir na hIaráice a aontú le chéile faoi aon cheannasaíocht amháin.

Ní féidir an córas polaitiúil agus na luachanna atá againn san iarthar a bhrú ar dhaoine sa Mheánoirthear a bhfuil cultúr agus meon eile acu. Tá sé de cheart ag saoránaigh gach tíre a dtodhchaí féin a shocrú gan tíortha eile a bheith ag cur a ladar isteach ina ngnóthaí. Tá sé sin fíor i gcás aon tíre, is cuma cé acu Éire, Cúba, an Ind nó an Iaráic atá i gceist.

praiseach déanta ag George Bush agus ag Tony Blair maidir leis an Iaráic; an fhadhb is mó ná go mbeidh an domhan níos contúirtí mar áit sa todhchaí, ní hamháin dúinne ach do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh. Is ábhar imní é sin dúinn go léir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.