Tá sé in am ag daoine áirithe moltaí praiticiúla a chur ar fáil faoi chaomhnú na Gaeltachta agus éirí as a bheith cáinteach an t-am go léir.
Tugadh neart airde le tamall anuas orthu siúd a cháin tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, na moltaí atá inti agus an cinneadh a rinneadh Comhairle Feidhmiúcháin a cheapadh le gníomhartha a mholadh don Aire Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta.
Níl aon dochar i gcáineadh nó i gcíoradh dá leithéid ach anois is fiú díriú ar an todhchaí go réadúil agus straitéisí dearfacha cruthaitheacha a mholadh. Níl freagra simplí ar bith ar an cheist seo: Cén dóigh is éifeachtaí ar féidir an Ghaeilge, agus na mílte teanga eile atá san fhaopach céanna, a choinneáil beo beathach?
Gan amhras ar bith, tá forbairt rathúil na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht dlúthcheangailte le caomhnú na Gaeilge mar theanga laethúil i bpobail Ghaeltachta. Tá dul chun cinn sa dá chuid den tír riachtanach don Ghaeilge agus tá na pobail éagsúla ag brath ar a chéile ar go leor bealaí.
Tá acmhainní nach beag ar fáil ag Foras na Gaeilge le straitéisí teanga a chur chun cinn lasmuigh den Ghaeltacht agus tá tacaíocht tugtha ag an eagraíocht chéanna do réimse leathan tionscadal ó thuaidh agus ó dheas. Tá obair mhór le déanamh ag an Fhoras fós, go háirithe ó thaobh pleanála teanga, le cinntiú go rachaidh a chuid gníomhaíochtaí i bhfeidhm ar an phobal ó thaobh labhairt na Gaeilge de agus le cinntiú go gcothófar dearcadh agus atmaisféar dearfach úsáide.
Tá ceist chaomhnú na Gaeilge i bpobail Ghaeltachta chomh dúshlánach céanna, áfach, agus níos casta ar go leor bealaí ná an obair atá ar siúl lasmuigh de na Gaeltachtaí.
Thiocfaí díospóireacht bliana a reáchtáil ar na gnéithe éagsúla den cheist seo ach thig cúrsaí a shimpliú agus féachaint ar céard is féidir a dhéanamh sna réimsí seo: an teaghlach, an t-oideachas, an pobal agus cúrsaí siamsaíochta.
Má éiríonn linn a bheith spreagúil agus ceannasach faoi na féidearthachtaí agus moltaí praiticiúla a chur i bhfeidhm go héifeachtach, ar a laghad tabharfaidh sé seo misneach agus muinín do dhaoine leanúint ar aghaidh ag obair ar son na teanga.
Seo ceist nó dhó ar féidir le léitheoirí Beo! a machnamh a dhéanamh orthu:
Cén dóigh a dtig linn athrú a dhéanamh i measc pobal, a bhfuil nós labhairt na Gaeilge beagnach caillte ag an ghlúin déagóirí atá iontu faoi láthair? Cén dóigh ar féidir athrú meoin a chur i bhfeidhm i gcás tuismitheoirí atá ag labhairt Béarla lena gclann agus nach bhfuil ag glacadh aon chinneadh teanga ar thaobh na Gaeilge? Cén dóigh a dtig linn na bunscoileanna sa Ghaeltacht a fhorbairt mar scoileanna lán-Ghaeilge san dóigh is go mbeidh na páistí ag súgradh sa chlós i nGaeilge agus achan ábhar á theagasc go hiomlán trí mheán na teanga?
Níl iontu seo a trí cheist shimplí. An bhfuil moltaí nó freagraí ag daoine, atá praiticiúil agus a bhféadfadh toradh fiúntach a bheith orthu?
Glacaimis, mar shampla, ceist na dteaghlach agus an spreagadh atá ar fáil dóibh le cinneadh a ghlacadh an Ghaeilge a iompar ó ghlúin go glúin. Tá Scéim Labhairt na Gaeilge ar fáil le blianta; bhí ar dhaltaí dul os comhair cigire le cinntiú go bhfuair a dtuismitheoirí dhá, cúig nó deich bpunta mar aitheantas don chinneadh a rinne siad go nádúrtha agus gan stró.
Cén scéim spreagúil tacaíochta is féidir a chur in áit Scéim Labhairt na Gaeilge?
An bhfuil moltaí cruthaitheacha dearfacha amuigh ansin ab fhiú a thriail? Má tá cinn agatsa, abair amach iad. Is cinnte go gcuirfidh an Coiste Comhairleach fáilte roimh a leithéid - fhad is go bhfuil siad radacach.
Tá sé furasta a bheith cáinteach ach anois an dtig linne i saol na Gaeilge - bíodh muid sa Ghaeltacht nó taobh amuigh di, nó áit eile sa domhan mór - tarraingt le chéile ar feadh tréimhse go bhfeicfidh muid cad é a thig a dhéanamh le dul i ngleic leis na dúshláin atá ann don Ghaeltacht?
Nóta
Is fiú go mór d’éinne a bhfuil suim aige sa cheist seo éisteacht le Lost for Words, sraith de thrí chlár a craoladh ar BBC Radio 4 gach Céadaoin (11.02-11.30 a.m.), idir 25 Meán Fómhair - 9 Deireadh Fómhair, 2002 (http://www.bbc.co.uk/radio4/factual/lostforwords.shtml)