Tá an chumhacht atá ag an eite dheas reiligiúnda sna Stáit Aontaithe ag méadú an t-am ar fad agus céim mhór chun tosaigh a bheas ann dóibh má bhíonn an bua ag George W. Bush i dtoghchán na huachtaránachta an mhí seo.
Ní raibh oíche Shamhna chomh scanrúil riamh sna Stáit Aontaithe is a bhí i mbliana. Ná bac leis na taibhsí agus leis na gruagaigh, an rud a rinne Samhain scanrúil ná an toghchán don uachtaránacht a bheas ann go luath.
Bheadh sé deacair ag duine sa tír gan eagla a bheith air. Tá a ndícheall déanta ag na Poblachtánaigh an eagla a chothú, le fógraí teilifíse, cuir i gcás, a thaispeánann mic thíre ag teacht níos cóngaraí agus níos cóngaraí don cheamara. Seasann na mic thíre, ar ndóigh, do na “sceimhlitheoirí”, agus is é teachtaireacht na bhfógraí seo ná nach bhfuil na Daonlathaigh láidir go leor leis an ruaig a chur orthu. Bhí an chuma ar an scéal go rabhthas ag rá trí na fógraí seo: “Bíodh eagla ort ach ná seas an fód. Tabhair vóta dúinne, go díreach, agus cuirfidh muidne an ruaig ar na drochmhic thíre seo.”
Ní hiad na mic thíre atá scanrúil ar chor ar bith, nó fiú na “sceimhlitheoirí”, ach an tslí a bhfuil na fógraí chomh héifeachtach sin. Léirigh pobalmheas le gairid gur chreid formhór na ndaoine a raibh sé i gceist acu vóta a thabhairt do na Poblachtánaigh go raibh airm ollscriosta ag an Iaráic, agus go raibh ceangal láidir ag réimeas Saddam Hussein le hAl-Qaeda. An rud atá scanrúil ná an leibhéal aineolais atá i gceist, agus an tslí a bhfuil úsáid á baint as an eagla chun smacht a fháil ar an phobal mhór.
Den chuid is mó, ní toghchán é seo idir na Poblachtánaigh agus na Daonlathaigh, ná idir Bush agus Kerry. Is éard atá ann ná reifreann ar an “Mheiriceá nua” atá á chur chun cinn ag na Poblachtánaigh. Tá go leor den dream atá ag brath vóta a thabhairt do Kerry ag vótáil i gcoinne na físe seo, seachas a bheith ag vótáil do Kerry amháin. Tá dhá phríomheilimint sa “Mheiriceá nua” seo: an bunúsachas reiligiúnda agus na gnólachtaí ollmhóra. B’fhéidir go sílfeadh daoine áirithe gur comhghuaillíocht cineál saoithiúil é seo, ach, mar sin féin, tá sé thar a bheith éifeachtach agus cumhachtach.
Tá sé an-deacair ag na hEorpaigh tuiscint cheart a bheith acu ar a dhoimhne is atá an creideamh sa reiligiún sna Stáit Aontaithe, agus ar an dóigh a bhfuil tionchar an reiligiúin ar an pholaitíocht de shíor ag fás. Tá dearcadh simplí ag an eite dheas reiligiúnda: tá taobh s’againne ceart; is lucht míghníomha an taobh eile. Is é Dia, dar leo, a sheol George Bush chuig an tír. Tá go leor de na Críostaithe seo i Meiriceá ag caoineadh an mhíle agus céad ná mar sin saighdiúir Meiriceánach a fuair bás ó thosaigh an cogadh ach is beag trácht a dhéanann siad ar an líon mór Iarácach (suas le 30,000 dar le meastacháin áirithe agus 100,000 dar le cinn eile), a maraíodh go dtí seo.
Is éard atá ar siúl sa tír faoi láthair ná argóintí polaitiúla nach bhfuil bunaithe ar an réasún, fiú ar an réasún reiligiúnda, ach ar an chreideamh agus ar an bhunúsachas. Tá sé cineál íorónta go bhfuil cuid ráiteas na mbunúsaithe i Meiriceá ag éirí níos cosúla agus níos cosúla le cuid ráiteas na mbunúsaithe Moslamacha. Má éistíonn tú leis an reitric, uaireanta bíonn sé deacair idirdhealú a dhéanamh eatarthu.
Is fada na gnólachtaí móra ag tacú leis an Pháirtí Poblachtánach - chonacthas an Páirtí Daonlathach mar pháirtí na haicme oibre, na ngnáthdhaoine. Ag pointe éigin, áfach, thuig lucht na ngnólachtaí móra gur Críostaithe a bhí i go leor den lucht oibre, agus go bhféadfaí cur ina luí orthu féachaint ar an Pháirtí Poblachtánach mar an rogha “Chríostaí”, go háirithe dá gcuirfí an bhéim ar Dhia a bheith ar thaobh na Stát Aontaithe.
Tá an “Meiriceá nua” atá ag teacht chun cinn, mar sin, tógtha ar an bhunúsachas reiligiúnda i measc an phobail mhóir, pobal atá níos mó faoi smacht ag na corparáidí ilnáisiúnta ná mar a bhí riamh.
Is cúis imní é sin agus is cúis imní fosta an dóigh nach bhfuil na Meiriceánaigh cinnte, den chéad uair le fada an lá, cé acu a mbeidh an toghchán don uachtaránacht féaráilte nó nach mbeidh.