CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Caithfear fáilte a chur roimh shaoránaigh nua an Aontais Eorpaigh

i gceist ag Rialtas na Breataine agus ag Rialtas na hÉireann bacanna a chur roimh shaoránaigh na dtíortha in oirthear na hEorpa a bheas ag teacht isteach san Aontas Eorpach i na Bealtaine, ach is drochpholasaí amach is amach é seo.

Íomhá

An Eoraip Aontaithe. Tíortha na hEorpa le chéile agus gach duine cothrom, gan deighilt easaontú ann ó thaobh teorainneacha ó thaobh cearta daonna de. Ba é sin fís Adenaur agus ailtirí eile na hEorpa tar éis an dara cogadh domhanda. sin mar atá cúrsaí, áfach, agus an chosúlacht ar an scéal nach sin mar a bheas. an Bhreatain, agus anois ár dtír féin, ag nach mbeidh de cheart ag inimircigh as oirthear na hEorpa liúntais leasa shóisialaigh a fháil ar feadh tréimhse dhá bhliain ar a laghad i ndiaidh dóibh bogadh go dtí an Bhreatain go hÉirinn.

eagla an domhain ar an rialtas go meallfar na sluaite ó thíortha bochta an oirthir go hÉirinn agus go dtí an Bhreatain, go dtiocfaidh siad go hiarthar na hEorpa le teacht i dtír ar na córais tacaíochta atá ann don lucht dífhostaíochta agus do dhaoine gan dídean.

dea-chomhartha ar bith an cinneadh seo do thodhchaí na hEorpa. hamháin go bhfuil iarracht á déanamh bac a chur ar dhaoine bogadh ó thír go tír ach beidh an socrú i bhfeidhm i gcás daoine as tíortha a raibh cearta acu in Éirinn agus sa Bhreatain go dtí seo. bhogann Gearmánach Iodálach go hÉirinn as seo amach, cuir i gcás, beidh air fanacht dhá bhliain sula mbeidh liúntais leasa shóisialaigh ar fáil . Cén duine a dtiocfadh leis maireachtáil dhá bhliain in aon tír ach amháin an duine a shiúlfadh isteach i bpost a bheadh socraithe roimh ? Is léir go bhfuil an socrú seo i gcoinne na fealsúnachta a deir gur cheart go mbeadh cead ag saoránaigh an Aontais bogadh thart de réir mar a oireann dóibh é sin a dhéanamh.

Gan amhras, caithfidh an Rialtas an caiteachas atá á dhéanamh aige a chosaint, ach bheifeá ag súil le cinneadh mar seo i gcás na hÉireann nuair a chuireann stair shóisialta na tíre san áireamh. Bhí ar na mílte imeacht ar imirce, de bharr cúinsí eacnamúla a bheith chomh holc sin, ach tugadh aire mhaith dóibh nuair a bhain siad ceann scríbe amach (i Learpholl, mar shampla, mar a mhíníonn Tony Birtill ina alt an mhí seo).

Nach mbeadh i bhfad níb fearr gcuirfí teorainn leis an mhéid daoine a scaoilfí isteach sa tír ach, ar a laghad, go ndéanfaí iarracht slí éigin a aimsiú chun fáilte a chur rompu siúd in oirthear na hEorpa a bheas mar chomhshaoránaigh againn ó bhí na Bealtaine ar aghaidh?

Is go leor athruithe a chur i bhfeidhm i bpolasaithe inimirce na hÉireann. leanann cúrsaí mar atá, beidh daoine go fóill ag sleamhnú isteach ar chúl leoraithe i bhfolach i mbáid fharantóireachta ó Le Havre Cherbourg. Beidh orthu maireachtáil faoi cheilt agus i ndorchadas, agus gan cúnamh de chinéal ar bith á chur ar fáil dóibh.

a fhios againn go bhfuil fadhbanna le réiteach ag na polaiteoirí maidir leis na ceisteanna seo, ach muid in amhras ann an bhfuil na slite is éifeachtaí aimsithe acu le dul i ngleic leo. An mbeidh teorainneacha thíortha na hEorpa díreach cosúil leis an teorainn idir na Stáit Aontaithe agus Meicsiceo roimh i bhfad?

Tíortha nua an Aontais Eorpaigh

An Eastóin, An Laitvia, An Liotuáin, An tSlóvéin, An tSlóvaic, An Pholainn, Poblacht na Seice, An Chipir, An Ungáir agus Málta

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.