Imíonn an t-aos ceoil uainn chomh maith le daoine eile. Tá Tony Birtill ag cuimhneamh siar ar bheirt a d’imigh uainn ach a d’fhág lorg a láimhe go tréan ar an ghlúin ina ndiaidh.
Cérbh é, an fear ghiotáir a b’fhearr i Learpholl sna 1960’s ? Is dócha go bhfuil na hainmneacha John, George agus Paul ó The Beatles ag rith tríd do chloigeann ag an phointe seo, ach de réir John Lennon féin, duine eile de bhunadh Éireannach a ba é an giotáraí ab fhearr. Brendan McCormick an t-ainm a bhí air.
‘Cé sin?’ a deir tú. Rugadh Brendan sa cheantar Éireannach Scotland Road , Learpholl i 1945 agus fuair sé bás i Mí Márta i mbliana. Cuid thábhachtach de ghluaiseacht Merseybeat a bhí ann, lena bhanna ceoil ‘Rikki and the Redstreaks’. Sheinn siad sa Iron Door Club, áit ar bhuail na Beatles iad féin seacht n-uaire sna blianta 1961-62 sular bhog siad go dtí The Cavern, club i bhfad níos lú. Bhí aithne mhaith acu ar a chéile agus dúirt John Lennon i 1969 go raibh an-tionchar ag Brendan McCormack air. Deirtear gur bhunaigh Paul McCartney teideal an cheirnín ‘Suzy and the Red Stripes’ ar ‘Rikki and the Redstreaks.’
Fear nár phós ab ea Brendan agus ba fhear é nach raibh ag iarraidh clú ná cáil air féin. Bhí sé beagán róréchúiseach le bheith ina réalta mhór mar a chairde sna Beatles, ach bhíodh sé ag iarraidh a bheith níos fearr ar an ngiotár i gcónaí. Bhog sé go dtí An Spáinn ar feadh seala chun an giotár clasaiceach a fhoghlaim agus nuair a d’fhill sé ar Learpholl, mhúin sé an uirlis do dhaoine eile.
Ceardlann Nuts and Bolts i Benbedw
Bhunaigh sé The Wirral International Guitar Festival, ar an taobh eile den abhainn Mersey, i 1988 agus tá sé fós ann. (Féach www.bestguitarfest.com) Bhí éileamh mór air nuair a d’eagraigh sé ‘Brendan McCormick’s Nuts and Bolts Guitar Workshop’ sa dánlann i Halla Baile Penbedw (nó Birkenhead) i Samhain na bliana anuraidh. Leag sé béim ar dhaoine eile a mhúineadh, in ionad clú a charnadh dó féin.
Cailleadh mór do cheol Merseyside ba ea bás Bhrendan, agus tháinig slua mór le chéile sa Palm House i bPáirc Sefton i gcuimhne dó ar 29ú Márta.
Cathair mhór cheoil is ea Learpholl, áit a bhfuil gach sórt ceoil le cloisteáil beo. Ceol clasaiceach sa Halla Philharmonic, ceol traidisiúnta sna títhe tábhairne agus i gclubanna Éireannacha, agus snagcheol agus roc ar fud na cathrach agus an Cóir Kop ag canadh os ard ag cluichí sacair de chuid Learpholl FC ag Anfield.
Is maith le muintir na háite a bheith páirteach sa cheol, agus feictear daoine, idir sean agus óg ag siul thart le málaí ghiotáir ina lámh acu go minic .
Séamus Ó Beirn, Mín na Croise
Bhí mé an-sásta i bparóiste Ghleann Cholm Cille mar sin, áit a bhfuil traidisiún láidir ceoil ann fosta. Ach bhí cailleadh mór acu féin mí Samhna na bliana anuraidh nuair a fuair an fidléir Séamus Ó Beirn bás go tobann.
Thug an fidléir Mick Brown ó Chartlann Cheoil Thir Chonaill, léacht ‘i gcuimhneachán ar James Byrne’ nuair a bhí mé ar thiar i nGleann Cholm Cille i Mí Aibreáin. Léacht dar teideal ‘An Beirneach’ ag tús na féile i halla na scoile náisiúnta ar an Chaiseal a bhí ann agus rinne sé cur síos ar shaol an fhir seo a raibh bua ceoil ar leith ann.
Feirmeoir ab ea James, a rugadh i Mín na Croise, Gleann Cholm Cille i 1946. Ba pháiste aonair é, mac Sheáin Uí Bheirn (1896-1970) agus Cassie.(1900-1995). Fidléir ab ea a athair fosta, dála a lán daoine eile den ghlúin sin sa cheantar agus thosaigh Séamus ag foghlaim na huirlise nuair a bhí sé óg.
Thaispeáin Mick Brown roinnt pictiúr dúinn le linn an chur i láthair, ceann acu ó cheolchoirm i Halla Mhuire, Gleann Cholm Cille a d’eagraigh an tAthair Mac Duibhir i 1956. Ba é Séamus an t-aon fidléir óg i measc na gceolteóirí eile ar an ardán. "Ní raibh ceol traidisiúnta faiseanta ag an am sin. Ba é Séamus an t-aon duine amháin a fuair an traidisiún sin mar oidhreacht," a dúirt Mick linn.
D’inis Mick an cúlra cheoil sa cheantar sin dúinn, agus luaigh sé ceolteóirí mar Mhósaí Mag Fhionnghaile agus a mhac John Mhósaí, chomh maith le John Doherty agus a chuid uncal, Alec agus Micí McConnell. (Féach www.donegalfiddlemusic.ie)
Cé go raibh an fhidil neamhfhaiseanta, lean Séamus ar aghaidh leis agus thosaigh sé ag seinm i gcomhar leis an cheolteoir óg ar an bhosca, Diarmuid Ó Beirn as Teilinn 1976-1977.
Buíochas le Dia, bhí athbheochan den cheol tradisiúnta sa cheantar nuair a thosaigh mé ag freastal ar chúrsaí Gaeilge ag Oideas Gael i lár na 1980s agus an caiséad ‘Ó bhun Shliabh Liag’ a cheannaigh mé ansin san am, tá sé agam go fóill. Tá an Beirneach féin air, chomh maith le Con Ó Caiside, Diarmuid Ó Beirn, Seán Con Johnny ar an ghiotár agus tá ceolteoirí agus amhránaithe eile as an cheantar air.
De réir a chéile, tháinig an scéal amach faoin tallann a bhí ag Séamus agus rinne sé CD aonar ‘The Road to Glenlough’ chomh maith le ‘The Brass Fiddle’ le Con Ó Caiside, Vincent Mac Ailín agus Proinsias Ó Beirn. Thug sé a chéad turas go Baile Átha Cliath i 1988 le seinm ar an teilifis, ach d’fhill sé i gcónaí go Gleann Cholm Cille agus thosaigh sé ag múineadh na fidle ansin thart ar 1989.
Cé go raibh clú agus cáil air ar fud an domhain, ní raibh sé mórchúiseach riamh. Is cuimhin liom oíche amháin sa teach tábhairne i nGleann, áit a raibh Séamus ag bualadh. Nuair a ghlac sé sos ón cheol, chuaigh sé chuig an bheár agus leag sé a fhidil ar stól. Bhog cailín as an choláiste, Oideas Gael, an gléas agus dúirt mé leí," Sin fidil James Byrne !" "Cé hé James Byrne?" a d’fhiafraigh sí díom. Bhí Séamus féin in aice linn agus thiontaigh sé thart le miongháire iontach ar a aghaidh. "Cadé mar atá sibh?" a dúirt sé linn.
Bhí an-fhoighne aige, leis an slua a dhéanfadh trup mór agus, go mór mór, leis an cheolteoir samhraidh nach raibh thar moladh beirte, b’fhéidir, ach a bhrúfadh roimhe isteach ar sheisiún. Ní dhearna Séamus gearán faoi dhuine ar bith eile a bhí ag seinm in aice leis, bíodh sé sin beagnach ag milleadh an cheoil ar achan duine eile. Ba thúisce a scaoileadh James meangadh lena bhéal ná a dhath riabhach a rá faoin duine bhocht.
A bhuíochás de Shéamus, leanann an ceol fidléireachta sa cheantar sa lá atá inniu ann, mar bhí sé sásta daoine eile a mhúineadh. D’éist mé lena bhean, Connie, agus lena gclann iníonacha, Merle, Seana agus Aisling ag seinm le ceolteóirí óga eile i rith na seachtaine (lár Aibreáin 09), agus cé go raibh sé iontach cumhaíúil nach raibh Séamus féin i láthair, bheadh sé sásta go bhfuil an traidisiún ag leanúint ar aghaidh. (Féach www.ceolsaghleann.com)
Cé go raibh ceol na beirte, Brendan agus Séamus, éagosúil lena chéile, sílim go raibh an spiorad daonna céanna á spreagadh ar a mbealaí éagsúla féin.