AR NA SAOLTA SEO
Tréigthe ag an rialtas ar bhonn leanúnach
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Nuair a dúnmharaíodh buachaill óg, Rhys Jones, i Learpholl le gairid, cuireadh an locht láithreach ar thuismitheoirí agus ar dhronga. Ach tá an scéal níos casta ná sin, dar le Tony Birtill.

Íomhá
An scrín do Rhys Jone in Croxteth Park, Learpholl
Íomhá
Rhys Jones, a maraíodh ar an 22 Lúnasa
Íomhá
Máthair Rhys Jones ag labhairt ag preasagallamh
Íomhá
Margaret Thatcher: "There is no such thing as society."
Íomhá
Dúnadh na mílte stáisiún traenach ar fud na Breataine sna seascaidí

Thug mé cuairt ar an scrín do Rhys Jones nuair a bhí mé amuigh ag rothaíocht le gairid. Tá sé suite ar bhruach féir i gcarrchlós an tí tábhairne The Fir Tree in Croxteth Park, Learpholl. Is é seo an áit ar scaoileadh leis an bhuachaill aon bhliain déag d’aois agus é ag siúl abhaile ó thraenáil sacair ag 7.30 p.m. ar an 22 Lúnasa.

Cogaíocht idir gunnadóirí óga Learphoill ba chúis lena mharú, de réir na meán cumarsáide i dtosach, go dtí gur chuir uncail Rhys teachtaireacht ar an idirlíon.

Seo an tús a chuir sé léi:

Just to clear up any misunderstanding, this child had no possible need to be involved in gang culture as he had a loving family and unlimited access to his first and greatest love, which was to kick a football.

Bhí páistí ag fágáil na bunscoile idirchreidmhí Emmaus, atá béal dorais don teach tábhairne, agus mé ansin. Meascán de Chaitlicigh agus de bhaill d’Eaglais Shasana atá sna daltaí scoile. Bhí siad uilig gléasta in éide scoile gheal, agus d’amharc siad féin agus a dtuismitheoirí ar na bláthanna, bréagáin agus léinte sacair ar an scrín, gach duine fós faoi bhrón mar gheall ar bhás an bhuachalla óig.Ní ceantar garbh, bocht é Croxteth Park - áit rathúil is ea é, lán de thithe scoite agus leathscoite. Tá sé in aice le Croxteth Hall Country Park, áit a raibh Lord Sefton ina chónaí sa teach mór go dtí go bhfuair sé bás, gan chomharba, sa bhliain 1972. Thiomnaigh sé an halla do chomhairle na cathrach agus bhunaigh siadsan páirc phoiblí mhór ghalánta ansin.

Caismirt na ndrong

Ach níl sé i bhfad ó eastát tithíochta Croxteth, áit ar rugadh Wayne Rooney agus a bhean Coleen McLoughlin. Baile droinge ar a dtugtar The Croxteth Crew is ea é, agus tá an drong seo páirteach i gcaismirt i gcoinne an Strand Gang ó Norris Green, ar eastát eile é atá in aice láimhe, le trí bliana anuas. De réir an ardchonstábla chúnta, Simon Byrne, tá 31 ball sa Croxteth Crew, agus iad ar fad idir sé bliana déag agus 50 bliain d’aois. Is iad an mhangaireacht drugaí agus an ghadaíocht an gnó atá acu, dála an Strand Gang, a bhfuil 41 ball idir sé bliana déag agus 33 bliain d’aois ann.

Réitigh an dá dhrong go maith lena chéile go dtí gur éirigh eatarthu in 2004 agus thosaigh siad ag scaoileadh urchar lena chéile go rialta. Lámhaigh The Croxteth Crew Liam "Smigger" Smith, ar bhall míchlúiteach den Strand Gang é, ar an 23 Lúnasa anuraidh. Deirtear gur cara de chuid Smith, a bhí ag iarraidh díoltas a bhaint amach ar chothrom lae bhás a charad, a mharaigh Rhys Jones de thaisme. An tseachtain a fuair Rhys bás, ciontaíodh ceathrar ón Croxteth Crew as dúnmharú Liam Smith - iarchara dá chuid, Liam Duffy, ina measc.Ar ndóigh, tá droch-chlú ar Croxteth agus Norris Green mar gheall air seo. Ach ní amhlaidh a bhí sé i gcónaí. Tríocha bliain ó shin, eastáit mhaithe tithíochta lán de chrainn agus de pháirceanna a bhí iontu. Bhí cairde agam sa dá áit agus ba mhinic go mbíodh mé féin iontu agus mé i mo dhéagóir. Ní raibh sé ródheacair post a fháil, mar bhí eastát tionsclaíoch cóngarach dóibh. Cé go raibh fadhb dífhostaíochta ann, dífhostaíocht ghearrthéarmach a bhí i gceist den chuid is mó, agus fuair mo chairde uilig postanna nuair a d’fhág siad an scoil.

"Labour isn’t Working", a dúradh ar bhileog stocaireachta de chuid an Pháirtí Choimeádaigh a scaipeadh roimh olltoghchán na Bealtaine sa bhliain 1979. Bhí níos mo ná milliún duine dífhostaithe ag an am agus gheall Margaret Thatcher go gcuirfeadh a rialtas an geilleagar ina cheart. Ach níor mhínigh sí dúinn gur chreid sí i dteoiricí an eacnamaí Mheiriceánaigh Milton Friedman agus na n-airgeadaithe, agus go mbeadh deireadh leis an gheilleagar measctha a bhí i bhfeidhm sa tír ón bhliain 1945. Cheap na hairgeadaithe nár chóir don rialtas cur isteach ar an gheilleagar, agus gur chóir an bhéim a chur ar shrianadh boilscithe, seachas laghdú dífhostaíochta. Go bunúsach, leagan dian den tsaorfhiontraíocht a bhí ann. D’ardaigh an leibhéal dífhostaíochta ó 1.4 milliún nuair a toghadh Thatcher, go breis is tri mhilliún i Meitheamh na bliana 1983, nuair a bhí olltoghchán eile ar siúl. Bhí formhór na ndaoine a bhí dífhostaithe faoin am sin idir sé bliana déag agus 24 bliain d’aois. Agus mar thoradh ar dhúnadh na monarchana ar eastáit thionsclaíocha in áiteanna mar Croxteth, ba í an dífhostaíocht fhadtéarmach a bhí i ndán dóibh.

Chuaigh cuid mhór acu i dtreo na coireachta le hairgead a fháil, agus thosaigh siad ag tógáil drugaí mar fhaoiseamh ón leamhthuirse agus ón dubhachas a bhain leis an dól. Tá daoine ón ghlúin sin anois mar thuismitheoirí na ndéagóirí ar baill de na dronga áitiúla iad.D’iarr Melanie Jones, máthair Rhys, ar thuismitheoirí an dúnmharfóra é féin a thabhairt suas do na póilíní. "They must know it’s their kid. They must know what they’re up to, or don’t they care? I blame the parents most of all. There are no boundaries anymore", a dúirt sí ag preasagallamh.

Is léir go bhfuil cuid de na tuismitheoirí in Croxteth agus Norris Green ar nós cuma liom maidir lena bpáistí, ach nach raibh an rialtas ar nós cuma liom maidir leosan idir 1979 agus 1997?Ba léir, i rith na n-ochtóidí, go raibh polasaí rialtas Thatcher ag cruthú fadhbanna millteanacha sóisialta in áiteanna mar Learpholl, ach in agallamh le Woman’s Own i mí Dheireadh Fómhair 1987, dúirt an príomh-aire, "There is no such thing as society. There are individual men and women, and there are families”.

An tsaorfhiontraíocht Ar ndóigh, sin cuid de theoiric na saorfhiontraíochta - go bhfuil tomhaltóirí agus táirgeoirí ann, agus is cuma faoi rud ar bith eile seachas brabús agus fiontraíocht phríobháideach. Agus bhí Thatcher ina ceannaire láidir tar éis an bhua sa chogadh ar na hOileáin Fháclainne sa bhliain 1982 agus buanna sna holltoghcháin ina dhiaidh sin. Lean sí ar aghaidh leis na polasaithe céanna, rud a rinne a comharba, John Major, fosta sa bhliain 1990, agus mhéadaigh an leibhéal dífhostaíochta go ceithre mhilliún. Bhí áiteanna mar Croxteth agus Norris Green gan dóchas. Sa deireadh, buíochas le Dia, d’éirigh na vótálaithe, iad siúd i lár Shasana fiú, breán de Voodoo Economics, agus na tréimhsí de bhorradh agus meathlú. Ó toghadh Páirtí an Lucht Oibre sa bhliain 1997, tá an ráta dífhostaíochta ag titim gach bliain agus anois tá níos lú na milliún duine díomhaoin. Ach tá sé i bhfad níos éasca postanna a chruthúsochaí agus comhphobail a chur le chéile arís. Tá eagla ar dhaoine roimh na dronga agus níl muinín acu as na póilíní. Cuireann graifítí in Croxteth an locht ar leaid faoi leith i gcás dhúnmharú Rhys Jones, ach fós féin níor chúisigh na póiliní duine ar bith. An bhfuil aon seans go dtabharfaidh bás Rhys an comhphobal le chéile arís?Bhí díomá agus díchreideamh ar go leor daoine anseo nuair a thug an Príomh-Aire Gordon Brown cuireadh do Margaret Thatcher teacht ar cuairt go 10 Downing Street i mí Mheán Fómhair, mar gur cháin sé go láidir í agus í ina príomh-aire. Is léir go bhfuil miotas an cheannaire láidir ag leanúint ar aghaidh - is cuma cén sórt botún a dhéanann tú, caithfidh tú a bheith "láidir".

Chuaigh mé abhaile ó Croxteth Park ar raon rothar darb ainm The Loop Line, áit a bhfuil mé i mo mhaor deonach. Iarnród a bhí ann go dtí 1963, nuair a dhún rialtas coimeádach eile é, chomh maith leis na céadta míle míle sa bhreis d’ iarnród agus 2,363 stáisiún paisinéara as an 4,293 a bhí ann san iomlán. Deirtear gur dúnadh iad ós rud é go raibh siad ag cailliúint airgid. Thug an gníomh seo an-chuidiú do théamh domhanda, gan trácht ar an damáiste a rinne sé do chomhphobail ar fud na tíre. Sa lá atá inniu ann, faigheann Ryanair ardmholadh as an bhrabús a dhéanann siad, cé go bhfuil siad ag cur le téamh domhanda. Nach córas iontach í an tsaorfhiontraíocht?

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.