AR NA SAOLTA SEO
Leag carr mé!
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Bhí de mhíthapa ar Tony Birtill eolas a chur ar dhromchla an bhealaigh oíche amháin i Learpholl le gairid agus a theacht ar thuiscint níos cruinne faoi ghnóthaí tiomána sa chathair sin. Leag tacsaí é agus choinnigh air gan stad. Bíodh cead cainte ag fear caillte na himeartha mar sin.

Íomhá
Learpholl
Íomhá
Otharlann Learphoill
Íomhá
Gearrthóir Holmatro
Íomhá
Lucht Tarrthála Learphoill
Íomhá
Briogáid Dóiteáin Learphoill

Bhí Lá Cuimhneacháin d’íobartaigh thaisme bhóthair ar fud an domhain Dé Domhnaigh 16ú

Samhain. Bhí Méara Learphoill, Steve Rotheram agus baill de na seirbhisí éigeandála ag searmanas i lár na cathrach anseo, eagraithe ag RoadPeace (www.roadpeace.org), Tugann an cumann carthannachta seo tacaíocht d’íobartaigh thubaiste bhóthair agus bíonn siad ag obair ar son sábháilteachta ar na bóithre. Is cuid den FEVR é Cónascadh íobartach taismí bóthair na hEorpa.

An tacsaí Bhí suim ar leith agam san ócáid mar leag tacsaí mé cúpla seachtain roimhe. Ní raibh mé gortaithe go dona, buíochas le Dia: ní bhfuair mé ach gearrthacha agus léasracha gorma. Ach bhí fearg orm leis an tiománaí, mar níor stad sé. Léim mé aníos den bhóthar (bhí racht aidréanailín, is dócha) agus chroith mé mo dhorn aige. Mhoilligh sé roimh na rampaí luas agus chonaic mé a phláta clárú. Dúirt mé an uimhir liom féin arís is arís go dtí go raibh sé agam de ghlanmheabhair. Ach ní raibh finné ar bith agam.

Oíche dhorcha, fhliuch a bhí ann, ag 9.30pm. Bhí mé ar bhealach ar an phríomhbhóthair, A59, tríd Walton le bualadh le mo dheartháir is sine, John, agus a mhac Oliver, tar éis an chluiche sacair idir Learpholl FC V Portsmouth a thosaigh 8pm. D’ainneoin easpa finné, d’iarr John orm scairt a chur ar na póilíní faoin timpiste. "He might drive like that regularly and next time it could be a pensioner he knocks down," ar seisean. D’aontaigh mé leis.

Is saofúil le rá, d’fhreastail mé ar ócáid ar leith ag baint leis an cheist seo ar an Domhnach roimh an taisme. ‘Winter Road Safety Open Day’ a bhí ann, ag Runcorn Fire Station ( www.cheshirefire.gov.uk) áit a bhfuil mo chara Gavin ina bhall den bhriogáid dóiteáin. Caithfidh siad daoine a thabhairt as feithicilí tar éis timpistí agus tá trealamh nua ‘Holmatro Hydraulic Rescue Equipment’ acu anois le sin a dhéanamh.

Toradh taighde

De réir taighde a rinne The Fire Service College, bíonn formhór de imbhuailtí bóthair cosúil lena chéile. Le 85% acu, bíonn duine ina aonar gafa istigh i bhfeithicil atá ina sheasamh ar ceithre roth. Mar sin, cleachtaíonn an bhriogáid dóiteáin leis an trealamh nua atá acu ar sheanfheithicilí. Thug siad taispeántas dúinn, agus níor glac sé ach cúpla bomaite an díon a bhaint den ghluaisteán agus an gluaisteánaí bréige a thabhairt as.

Bhí deis againn amharc isteach san inneall dóiteáin agus san fheithicil éigeandála, rud a bhí suimiúil domsa mar fear gharchabhrach (beo eagrán 81- Eanáir 08)

Agus bhí imoibrithe tapaí de dhíth orm cúpla lá ina dhiaidh sin nuair a bhuail an tacsaí sin mé. Ní fhaca mé é go dtí an bomaite deireanach. Ar an taobh eile den phriomhbhóthar uaim a bhí sé, ag dul i dtreo Anfield. Nuair a chuaigh mé trasna taobh-bhóthar, Lancaster Street, a bhí romham, thiontaigh an tacsaí go tobann agus go gasta ar dheis ón phríomhbhóthar síos Lancaster Street. As taobh mo leicinn a chonaic mé é ag teannadh liom. Ní raibh aon éalú agam as, ach ar a laghad, bhí mé ag tiontu mo chorp uaidh nuair a bhuail sé mé: bhí mé réidh dó agus níor lean mé ar aghaidh faoi rotha an diabhail ruda.

Bhí fhios ag an tiománaí gur bhuail sé mé, mar shéid sé an bonn orm mar freagra nuair a chroith mé mo dhorn ina dhiaidh. B’éigean dom dul go dtí stáisiún na bpóilíní an lá dár gcionn chun ráiteas a thabhairt faoin eachtra. Dúirt an póilín liom go mbeadh sé deacair mórán a dhéanamh faoi gan finné.

Máthair na taisme

Rud a bhí ag déanamh buartha dom, ná, cén fáth an raibh an tiománaí tacsaí ag tiomáint chomh dona agus a bhí sé, gan aird ar bith aige ar lucht coise agus cén fáth an raibh an ‘nós cuma liomsa’ air faoin timpiste?

Nuair a phlé mé an scéal le cairde, is é a focal a chuala mé arís is arís ná ‘cócaon.’ "Tógann siad é chun iad féin a choinneáil múscailte don oíche," an scéal a bhí acu

Bhuail mé isteach sa stáisiún dóiteáin le labhairt le Gavin faoi, agus dúirt sé liom gur fadhb choitianta atá ann. Thug sé bileog eolais dom dar teideal ‘Drug Driving- you’re done if you do.’ Bhí píosa mór ann faoi cócaon :" Cocaine gives people a false sense of security and can falsely heighten a person’s perception of light and sound, key factors on the road.What your doctor says- effects on driving : Over confidence and increased risk taking; distorted perception; erratic behaviour and paranoia; enlarged pupils; auditory hallucinations.Cocaine is a stimulant of the mind and can make you feel very alert for approximately one hour. During this time you may act inappropriately."

De réir na bileoige eolais, tá rian de dhrugaí mídhleathacha san fhuil ag 18% de na daoine a fhaigheann bás i dtimpistí bóthair. Chun déileáil leis an fhadhb seo, tá scrúdú nua ag na póilíní anois d’arb ainm ‘The Field Impairment Test.’ (féach ar www.fittidrive.info)

Tá na rialacha i gCód an Bhealaigh Mhóir faoi thiomaint i gceantar foirgnimh an-soiléir: caithfidh tú do charr a thiomaint go mall agus go cúramach mar bíonn coisithe thart timpeall . Agus de réir riail 170 caithfidh tú a bheith an-chúramach ag gabhal bóthair : "Watch out for pedestrians crossing a road into which you are turning. If they have started to cross they have priority, so give way." (www.direct.gov.uk/en/travelandtransport/highwaycode )

Agus ag dul i dtreo an phríomhbhóthair ó bhóthar sleasa, is é an nós atá ag a lán tiománaithe

sa lá inniu, go dtéann siad go gasta go dtí an bomaite deiridh agus brúfaidh siad ansin ar an choscán agus stadfaidh go tobann ag an line bhán. Más coisí thú ag dul trasna ansin, níl seans ar bith agat, agus má tá tú ag tiomaint ar an phríomhbhóthar, beidh imni ort nach mbeidh siad ag stopadh ag an line bhán ar chor ar bith. Le drochnósanna mar seo, tá obair dhuaisiúil le déanamh ag RoadPeace.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.