AR NA SAOLTA SEO
Cuid 2- Gaeilge i Learpholl
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Thug Tony Birtill cuairt ar cheann de naíonraí Shasana. Níor cheart gur in Éirinn amháin go mbeadh borradh faoi naíonraí is faoi ghaelscoileanna. Tá buntáistí an ilteangachais chomh tábhachtach ag páistí i Learpholl Shasana is atá ag páistí i mBaile an Phoill in Éirinn. Cruthaíonn an gaeloideachas gaol an ghasúir, is cuma cá mbeidh sé, le teanga is le saíocht na hÉireann.

Íomhá
Tús aislinge
Íomhá
Comhluadar an naíonra
Íomhá
An Leabhar Mór Dearg
Íomhá
Lucht Naíonraí na Breatnaise

Thug mé cuairt ar Naíonra Learphoill um Nollaig. Tá sé ag feidhmiú níos mó ná bliain anois in Ionad Éireannach Naomh Mícheál sa chathair (www.stmichaelsirishcentre.org) agus freastalaíonn idir ceathrar agus ochtar páistí air, gach Satharn, in éineacht lena dtuismitheoirí.

Ócáid bheo bhríomhar a bhí ann, le Cormac (3 bliana), Rafik (dhá bhliain go leith), Erin (3 bliana) agus a deartháir óg, Cian, ag baint sult as na himeachtaí éagsúla. Is é John Harrington, athair Rafik, an múinteoir, agus thosaigh sé agus a bhean Ambreena an naíonra i Mí Eanair 2008, le cuidiú ó Chraobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge.

Tá John ina léachtóir dlí in Ollscoil Learphoill, ach is as Trá Lí ó dhúchas é, áit a bhfuil gaolta leis ag freastal ar an nGaelscoil. Is as An Chéinia í Ambreena agus bhí an-suim aici sa Ghaeilge nuair a chuala sí na páistí i gCiarraí á labhairt agus thosaigh sí féin ag freastal ar ranganna i Learpholl nuair a d’fhill sí ansin. Nuair a rugadh a mac Rafik, bheartaigh siad grúpa súgartha trí mheán na Gaeilge a thosú sa chathair:

“Bhí sé ar intinn againn comhthéacs sóisialta a chruthú in a mbeadh ár bpáistí ábalta an teanga a chloistéail, taobh amuigh den teach,” a d’inis John Harrington dom.

Gaeilge amháin a labhraíonn sé leo

Ní labhraíonn sé ach Gaeilge le Rafik agus a dheirfiúr óg Naima, a rugadh í Mí na Samhna 2008. “Níl mórán deiseanna acu an teanga a úsáid taobh amuigh don teaghlach” a dúirt John.

Ní raibh deis ag Séafra Ó Cearbhaill Gaeilge a fhoghlaím nuair a bhí sé ag fás aníos i Learpholl, ach nuair a phós sé Fiona, bean as an gCaisleán Nua, Contae an Dúin, chinn siad ar a gclann a thógáil le Gaeilge.

“Is cuid tábhachtach dár ndúchas mar Éireannaigh í an Ghaeilge, agus is teanga álainn í atá beo bríomhar fós, d’ainneoin an brú a bhí uirthí le blianta fada” a dúirt Séafra liom sa Naíonra.

“Is mór an buntáiste sa lá inniu, an dátheangachas. Is féidir le páiste a thógfar mar seo tuilleadh teangacha a fhoghlaim gan deacrachtaí móra. Chomh maith le sin, tugann an dara teanga súil eile don bpáiste - bíonn aige/aici le daoine ó chúlraí éagsúla agus é ag fás aníos” a dúirt John liom.

Tá an teanga tábhachtach dó mar baineann sí le stair áitiúil a cheantair dhúchais, lena theaghlach agus baineann sí leis an todhchaí: “is rud nua-aimseartha í an Ghaeilge” ar seisean.

Ba léir dom go raibh na páistí ag baint taitnimh as an naíonra. Bhí siad ag tarraingt pictiúirí ar dtús - Deaide na Nollag agus mar sin de, agus léigh John scéal dóibh ansin as An Leabhar Mór Dearg le Treasa Ní Ailpín agus Bébhinn Ó Meadhra (An Gúm). Dúirt na páistí na focail fosta ina dhiaidh.

Leabharlann bheag agus cuidiú

“Tá leabharlann bheag againn anseo. Fuair muid deontas ó Ambasáid na hÉireann i Londain, chun iad a cheannach. Tugann muid na leabhair ar iasacht, DVDanna srl., do thuismitheoirí sa dóigh gur féidir leo Gaeilge a chleachtadh sa bhaile” dúirt John liom.

‘Scéal dhá Chathair’ ba ea teideal an phríomhscéil ag Lá Nua (nach maireann) ar 3ú Mí Iúil 2008 faoi theip ar iarracht naíscoil a bhunú i Londain, ach go raibh an rath ar iarracht Learphoill leis an naíonra a bhunú.

“Ní raibh siad in ann teacht ar pháistí go leor chun an naíscoil a bhunú i Londain” dúirt Mícheál Ó Duibh, ó Chomhairle na Gaelscolaíochta sa Tuaisceart, a thug cabhair don togra.

Is fadhb é sin i Learpholl fosta - easpa páistí ag an naíonra: “Tá muid an-bheag agus ba mhaith liom níos mó páistí a bheith ann. Tá fáilte roimh chách anseo. Ní gá an Ghaeilge a bheith ag tuismitheoirí ná ag na páistí,” a dúirt John liom.

Ar nós na taoide, ag teacht is ag imeacht

“Bíonn daoine ag teacht agus ag imeacht. Mar shampla, Mícheál O Conaire as an gCeathrú Rua agus a bhean Pamela Austin as an mBaile Meánach, Co. Aontroma. Bhí siad an-diograiseach - ní raibh aon charr acu agus shiúladh siad chuig an naíonra ó lár na cathrach gach Satharn. Fuair siad áiseanna dúinn freisin ó chomlachtaí i gConamara. Ach fuair Mícheál post ansin mar chartlannaí i mBaile Átha Cliath agus d’fhill siad ar Éirinn. Beirt as Cill Mhantain freisin, d’fill siad abhaile i mbliana. Tá muid ag lorg tuilleadh páistí chun an naíonra a choinneáil ag imeacht” dúirt John liom.

Is fadhb é sin i gConradh na Gaeilge anseo fosta, caithfidh mé a admháil. Cuireann sé brón orm nuair a smaoiním ar na Gaeilgeoirí atá imithe ar ais go Éirinn ón gCraobh s’againne in imeacht na mblianta, ach cuireann sé gliondar orm fosta nuair a cloisim go bhfuil siad fós ag obair ar son na cúise thall.

Tá daoine báúil

“Cadé an tuairim atá ag bhur ngaolta ar ais in Éirinn faoin naíonra i Learpholl?” a d’fhiafraigh mé de na tuismitheoirí

“Táid ana-bháúil. Seolann siad litríocht agus dlúthdhioscaí chugainn agus bíonn siad fiosrach i gcónaí faoin dtogra” a dúirt John liom.

“Síleann siad gur rud maith agus dearfach é” a dúirt Séafra.

Cadé faoi chairde gan Ghaeilge acu? An bhfuil suim acu ann ?

“Caithfidh mé a rá go bhfuil ár gcairde Sasanach ana-bháúil leis an nGaeilge freisin. Fiú iad siúd nach bhfuil baint ar bith acu le hÉirinn. Mar shampla, deir siad ‘slán’ dos na páistí agus iad ag fágáil slán linn” a dúirt John.

“Tá an-suim acu. Síleann siad go bhfuil sé go hiontach. Fosta, tá col ceathracha ag ár mac, Cormac, sa Bhreatain Bheag atá ag foghlaim Breatnaise sa dóigh chéanna agus tá a lán rudaí i gcoitinne acu” a dúirt Séafra.

D’aontaigh sé le John Harrington go bhfuil sé an-tábhachtach níos mó páistí a fháil don naíonra: “Tá cumas ann, ach tá earcaigh úra de dhith orainn” ar seisean.

Mar sin, a léitheoirí: más sa cheantar seo atá tú i do chónaí agus má tá clann óg agaibh féin, cuirigí teachtaireacht chuig : sugradh@yahoo.co.uk agus cláraígí anois iad !

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.