AR NA SAOLTA SEO
Beatha agus bás Sheáin Savage
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Bhí aithne mhaith ag Tony Birtill ar Sheán Savage, an ball den IRA a mharaigh fórsaí na Breataine i nGiobráltar fiche bliain ó shin. San alt seo, déanann sé cur síos ar an am a chaith siad le chéile i dTír Chonaill agus i mBéal Feirste.

Íomhá
Íomhá a tógadh sa bhliain 1986: chun tosaigh, tá Seán Savage (ar dheis) agus Pádraig Ó Maolchraoibhe; ar chúl tá Seán Mac Corraidh agus Tony é féin
Íomhá
An seanmhuileann ar Shráid Conway
Íomhá
Oileán Thoraí
Íomhá
Cuimhneachán ar Thriúr Ghiobráltar i Reilig Bhaile an Mhuilinn, Béal Feirste

Nuair a fuair mé scairt gutháin ó Eoghan Ó Néill, iriseoir ar Raidió Fáilte, Béal Feirste, ag tús mhí an Mhárta, shíl mé go raibh sé ag iarraidh labhairt liom faoi Learpholl a bheith mar Chathair Chultúrtha na hEorpa 2008, mar bhí agallamh déanta agam faoin ábhar ar Raidió na Gaeltachta cúpla lá roimhe sin.

Bhí iontas orm, mar sin, nuair a dúirt sé liom: “Tá muid ag déanamh cláir faoi Thriúr Ghiobráltar, 20 bliain tar éis a mbás agus bhí d’ainm luaite anseo mar cara de chuid Sheáin Savage”.

D’inis mé dó go raibh sin fíor, ach scéal brónach a bhí ann agus, mar gheall air sin, bhí sé caite as mo cheann agam le blianta. Ach shocraigh mé le Eoghan go ndéanfainn mo mhachnamh ar an tréimhse sin agus go ndéanfainn agallamh leis an tseachtain ina dhiaidh sin.

Is dócha go raibh an nós céanna ag mo mháthair, nach maireann. Nuair a fuair mé amach ó aintín de mo chuid go ndearna na Dúchrónaigh ionsaí ar an teach feirme ina raibh mo mháthair ina cónaí i 1920, agus gan í ach cúig bliana d’aois, dúirt mo mháthair liom nuair a chuir mé ceist uirthi faoi: “Is fearr liom gan a bheith ag smaoineamh air.”

Bhí mé ag freastal ar ranganna oíche Gaeilge do dhaoine fásta i Learpholl i 1985 agus chuala muid ansin go raibh athbheochan iontach ag dul ar aghaidh i mBéal Feirste, áit a bhfuil gaolta agam. Chonaic mé fógra in An Phoblacht, nuachtán Shinn Féin, faoi “mini-choláiste” a bhí eagraithe acu sa chathair sin agus nuair a chuir mé litir chucu ag fiafraí faoi, fuair me litir chairdiúil ar ais i mí an Mhárta ó Mháirtín Ó Muilleoir, Ceannasaí Roinn an Chultúir, agus dúirt seisean: “Beidh fáilte is céad romhat ag an chéad mini-choláiste eile”.

An-chraicSa seanmhuileann ar Shráid Conway, Bóthar na bhFál, a bhí sé ar siúl, i mí an Aibreáin. Bhí Dónall Ó Lubhlaigh ina “phríomhoide” agus bhain na múinteoirí úsáid as an mhodh díreach. Bhí an-chraic ann agus rinne mé a lán cairde ansin.

Shuigh Seán Savage in aice liom sa chéad choláiste eile, a bhí ar siúl ar an 7 agus 8 Meitheamh 1986. Bhí an cineál céanna acmhainne grinn aige is atá agamsa agus is minic a bhí muid ag gáire le chéile, go mór mór nuair a rinne muid meancóg. Thug mé faoi deara ag an ócáid shóisialta san oíche nár ól sé agus nár chaith sé tobac. Ach mo dhála féin, bhí suim aige i siúl sléibhe agus sa rothaíocht.

Eagraíodh coláiste seachtaine i mí Lúnasa 1986 i dTeach Cholm Cille, Fána Bhuí, Gort an Choirce i dTír Chonaill agus bhí a bheirt againn ann. Chríochnaigh na ranganna foirmiúla ar a dó a chlog gach lá agus mar sin bhí deis againn dul suas na cnoic thart timpeall na háite – Taobh an Leithid, an Eargail, an Eachla Mhór agus an Mhucais.

Réitigh muid go maith le chéile, an bheirt againn ar ár suaimhneas amuigh faoin spéir san aimsir maith. D’inis sé dom go raibh sé ina chónaí i nGort na Móna, Béal Feirste ach gur rugadh é i gceantar Kashmir Road. Nuair a rinne na dílseoirí ionsaí ar an áit sin i mí Lúnasa 1969 agus nuair a chuir siad cuid mhaith de na tithe trí thine, b’éigean don teaghlach bogadh go Baile Andarsan le dídean a fháil. “Ní raibh mé ach ceithre bliana d’aois ag an am sin agus níor thuig mé cad é a bhí ag tarlú,” a dúirt sé liom.

Bhí sceitimíní air a bheith ag fanacht i dteach difriúil ach ní raibh a fhios aige go raibh a dteach féin dóite go talamh. “Bhí brón orm nuair a fuair mé amach go raibh mo chuid breagán scriosta,” a dúirt sé liom.

Níor labhair sé faoi chúrsaí polaitíochta mórán, ach bhí imní air go mbeadh cuid de na Caitlicigh ag lorg díoltais mar gheall ar an mhéid ionsaithe a bhí na dílseoirí a dhéanamh orthu faoin am sin. Níor aontaigh sé leis an seicteachas in aon chor.

Leabhar ar iasachtBhí suim ag Seán sa stair, mo dhála féin, agus thug mé labhair ar iasacht dó agus sinne i bhFána Bhuí, The Fenians in England 1865-1872, le Patrick Quinlivan agus Paul Rose (John Calder, 1982). Léigh sé é go gasta agus phléigh muid an leabhar le chéile. Shíl sé go raibh sé suimiúil go raibh rún ag na Fíníní ionsaí a dhéanamh ar Ghiobráltar.

Ba grianghrafadóir maith é agus ghlac sé pictiúr díom féin ar bharr na hEargaile.

Bhí an-chraic ag an dream uilig ar Oileán Thoraí, áit ar fhan muid thar oíche. Ní raibh aon bhád farantóireachta ann 20 bliain ó shin agus b’éigean dúinn fanacht i Machaire Rabhartaigh go bhfaigheadh muid síob ar bhád iascaireachta. Nuair a bhí muid ag imirt sacair le chéile ar an trá ansin thug mé faoi deara go raibh Seán an-ghasta agus oilte.

Leathbhád a bhí ann don turas naoi míle go Toraigh. Ní raibh siorc feicthe agam san fharraige go dtí sin agus bhí imní orm nuair a chonaic mé eite mhór ag gobadh amach as na tonnta. “Níl aon fhiacla aige!” arsa an t-iascaire, ag gáire. Tuigim anois gur liamhán gréine a bhí ann, ach ní raibh barúil ar bith agam faoina leithéid ag an am sin. Bhí cairde ag Seán Mac Corraidh agus Breandán Ó Fiaich, múinteoirí ar ár gcúrsa, ar Thoraigh agus chuir siad fáilte romhainn. Chodail muid sa bhrú garbh tar éis céilí iontach sa chlub – bhí sé geal sula raibh muid inár luí.

Lá deas geal eile a bhí sa lá dár gcionn agus bhí brón orainn uilig an t-oileán a fhágáil. Ghlac mé grianghraf de ón bhád ar an bhealach ar ais go hÉirinn, mar a deir siad ansin. Bhí Seán ann, agus sin an pictiúr a bhí sna meáin chumarsáide ar fud an domhain tar éis a bháis i mí an Mhárta 1988. Bhain muid uilig an-sult as an turas sin – tréimhse shona inár saol ab ea í. Ní raibh a fhios againn go mbeadh saol chomh gearr ag Seán is a bhí. Ní raibh sé ach 23 bliain d’aois nuair a fuair sé bás.

Shocraigh muid dul ar thuras rothaíochta le chéile an chéad samhradh eile, ach sa deireadh dúirt Seán liom nach raibh sé ábalta dul. Níos measa ná sin, bhí an coláiste i dTeach Cholm Cille curtha ar ceal. Ach bhí áthas orm an samhradh sin fosta, mar d’éirigh liom i scrúdú Gaeilge an O-leibhéil. Spreag lucht Gaeilge Bhéal Feirste mé leis an scrúdú ardleibhéil a dhéanamh. Cheannaigh mé na leabhair sa siopa an Cheathrú Póilí ansin agus thug múinteoir roinnt seanpháipéar scrúdaithe dom. D’fhill mé ar mo rothar go Learpholl agus mé sona sásta.

Bás SheáinBhí mé ag déanamh staidéir ar an dráma Lá Fhéile Mhichíl sa bhaile nuair a fuair mé scairt ó Mháirtín ar an 6 Márta 1988 le cur in iúl dom go raibh Seán agus a chomrádaithe marbh i nGiobráltar. Bhain sé preab an-mhór asam. Shíl Máirtín go mbeadh an tórramh ar siúl Dé Sathairn i mBéal Feirste.

Chuaigh mé trasna ar an eitleán ar an 12 Márta ach chuir na húdaráis moill ar theacht abhaile na gcorp. Rinne mé comhbhrón leis an teaghlach ach b’éigean dom filleadh go Learpholl roimh an tórramh ar an 16 Márta. Bhí teannas san aer i mBéal Feirste agus mharaigh Arm Shasana an t-óglach Caoimhín Mac Reachtain ar an 14 Márta i nGort na Móna.

Ag an tórramh féin mharaigh an dílseoir Michael Stone triúr agus ghortaigh sé 50 duine eile. Agus trí lá ina dhiaidh sin, ag tórramh Chaoimhín Mhic Bhrádaigh, an t-óglach a rinne iarracht Michael Stone a stopadh, mharaigh an IRA beirt bhall d’arm na Breataine a bhí gléasta in éadaí sibhialta.

Tá síocháin ann anois, buíochas le Dia, agus tá athbheochan na Gaeilge ag leanúint ar aghaidh.

Seán Savage: 26 Eanáir 1965 go 6 Márta 1988. Grásta Dé ar a anam.Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.