Féachann Tony Birtill ar an cheangal láidir atá idir Learpholl agus Éirinn leis na céadta bliain.
Ceiliúradh lá breithe Learphoill ar an 28 Lúnasa i mbliana mar b’ar ar an dáta sin sa bhliain 1207 a shínigh an Rí John cairt ríoga a thug aitheantas oifigiúil don áit mar bhuirg. Beidh clár mór imeachtaí ar siúl sa chathair i rith 2007 – ceolchoirmeacha, taispeántais, léachtaí agus mar sin de. Tá tuilleadh eolais le fáil ar an shuíomh gréasáin www.Liverpool08.com.
Sráidbhaile beag gan tábhacht ar abhainn an Mersey ab ea Learpholl go dtí 1207. Bhí Chester, atá 20 míle ó dheas ar abhainn an Dee, ar an phort ba thábhachtaí sa réigiún. Ach bhí an Rí John ag iarraidh an Pháil a leathnú amach, agus mar sin bhí port daingean de dhíth air le lónta a chur chuig a fhórsaí in Éirinn. Bhí Milford Haven oscailte d’ionsaithe ó na Breatnaigh, agus bhí deacrachtaí polaitiúla ag baint le Chester. Mar sin, thóg sé Caiseal Learphoill, nach bhfuil ann níos mó ach a bhí suite san áit ina bhfuil Castle Street i lár na cathrach anois.
D’fhás an baile go mall; bhí tráchtáil sheasta le hÉirinn i gceist ar dtús, agus níos moille rinneadh siúcra agus tobac a thrádáil leis na hIndiacha Thiar agus le Virginia. Rinne na ceannaithe brabús maith as seo agus as soláthar long cabhlaigh, agus nuair a tháinig William III go dtí an port sa bhliain 1689 b’éigean dó praghas ard a íoc chun a arm a iompar go hÉirinn.
Bhí an daoirse ar an ghnó ba mhó sa chathair san 18ú haois, agus i ndiaidh don rialtas cosc a chur uirthi sa bhliain 1807 ba é an cadás an tráchtearra ba bhrabúsaí don chathair sa 19ú haois.Cé go raibh roinnt Éireannach ina gcónaí i Learpholl sa bhliain 1207 agus as sin amach, phlódaigh siad isteach sa chathair tar éis 1844 mar thoradh ar an Ghorta Mhór agus d’fhág siad rian buan ar chultúr, ar dhearcadh agus ar chaint na ndaoine ansin. Tá sé íorónta gur bunaíodh an chathair is Gaelaí i Sasana mar ionad le hionsaí a dhéanamh ar Éirinn í féin!Cúis náireIs cúis náire do Learpholl gur ghnóthaigh sé saibhreas ollmhór as an daoirse. Bhí lá cuimhneacháin ar siúl sa chathair ar an 23 Lúnasa mar chomóradh ar an daoirse agus osclaíodh The International Slavery Museum sa chathair an lá céanna sin.
Ach níl aon chuimhneachán i gceist maidir leis an ionsaí agus an chos ar bolg ar na hÉireannaigh ó 1207 ar aghaidh. Cé go bhfuil sé luaite in ábhar poiblíochta an mhúsaeim gur bhunaigh an Rí John an baile mór mar ionad le hionsaí a dhéanamh ar Éirinn, níl aon anailís ná aon mhíniú ar impiriúlachas agus ar bhrúidiúlacht na Breataine in Éirinn, rud a chuir díomá agus míshuaimhneas ar a lán Éireannach sa chathair. An mbeadh na Sasanaigh sásta dá mbeadh ceiliúradh mór ar siúl sa Normainn sa bhliain 2066?
Léigh mé faoi phíosa beag den bhrúidiúlacht seo san iris is déanaí ón chumann staire in Walton, mo cheantar féin i Learpholl. Cé gur cuid de chathair Learphoill é Walton anois, ba bhaile ar leith é go dtí gur tháinig borradh mór faoin chathair sa 19ú haois. Bhí Walton luaite sa Domesday Book, suirbhé a rinne William the Conqueror fiche bliain tar éis ionradh na Normannach sa bhliain 1066. Níl trácht ar bith ar Learpholl sa leabhar, mar nach raibh tábhacht ag baint leis ag an am sin.
Agus mé óg, ba ghnách liom féin agus mo dheartháireacha, mo dheirfiúracha agus mo chairde súgradh in Walton Hall Park, áit nach bhfuil halla ar bith le feiceáil. D’inis maor páirce dúinn go raibh halla ann fadó ach go raibh mallacht ar an áit. Bhí boggart ina cónaí ansin agus scriosadh an foirgneamh.Is cineál púca é boggart, ar focal coitianta é sa chaint i dtuaisceart Shasana. Tá an focal le feiceáil i logainmneacha – Boggart Hole Clough, cuir i gcás, atá cóngarach do Mhanchain (www.boggart-brewery.co.uk).
Is léir gur chuala roinnt údar an focal – CS Lewis, mar shampla, mar is droch-chréatúir iad na boggarts ina leabhar The Chronicles of Narnia agus tá siad sa tsraith leabhar Harry Potter le JK Rowling fosta, mar “the shape shifters”.
Scéalta ón stairFuair an cumann staire in Walton an t-eolas seo thíos ó lámhscríbhinn de chuid William Heaton Wakefield (1861-1936). Scríbhneoir agus staraí áitiúil ab ea é agus tá a chnuasach lámhscríbhinní anois in Picton Library i Learpholl.
De réir Wakefield, thug an Rí Henry II Eastát Walton do Gilbert de Walton, duine de na daoine ab ansa leis, sa 12ú haois. Bhí mac Gilbert, Richard, ina chara mór de chuid mhac Henry II, John (a bhí ina rí ón bhliain 1199). Déagóir ainrianta ab ea John; agus é ocht mbliana déag d’aois, chuir Henry II go Éirinn é le troid in aghaidh na nGael. D’fhág sé sa bhliain 1185 in éineacht le Richard de Walton.
Tá tagairt dhíreach ón bhliain 1185 don eachtra seo in Annála Ríoghachta Éireann leis na Ceithre Máistrí. Scríobhadh gur tháinig mac rí Shasana, is é sin John, mac Henry II, go hÉirinn le cabhlach séasca long chun smacht a fháil ar an tír. Ghlac sé seilbh ar Bhaile Átha Cliath agus Laighin agus thóg sé caisleáin ag Tipraid Fachtnac agus Ardfinan, áiteanna ar chreach siad an Mhumhain astu. Ach fuair Dónal Ó Briain an bua orthu agus rinne sléacht mór orthu.Tar éis ocht mí dhéag, de réir Wakefield, ní raibh rath ar bith ar fheachtas John agus d’fhill sé féin agus Richard de Walton ar Learpholl sa bhliain 1187 agus beirt chailíní Éireannacha i ngéibhinn acu. Thug John aghaidh ar Londain lena chailín siúd. Cheannaigh Richard capall i Learpholl, cheangail sé lámha an chailín don stíoróip agus mharcaigh sé i dtreo Halla Walton, an cailín ag tuisliú ina dhiaidh agus í cosnochta.
Nuair a bhí siad cóngarach do Halla Walton, ar bhóthar ar a dtugtar Cherry Lane anois, thit sí, thuisligh an capall agus chaith sé an marcach as an diallait.
Bhí Richard de Walton ar mire agus bhain sé a ceann den chailín lena chlaíomh. Chaith sé a corp isteach i sruthán an Tuebrook in aice leis an bhóthar, agus d’fhág sé an áit agus a chapall ar chosa in airde. (Tá an sruthán sin clúdaithe anois.)
Bhí mallacht ar an eastát as sin amach. Thaithigh an cailín marbh an halla agus ba í an boggart ann. Nuair a bhí Wakefield ag scríobh a leabhair sa bhliain 1880, dúirt muintir na háite leis go raibh sí feicthe acu.
Ní raibh rath ar bith ar an halla – níor rugadh páiste ar bith ann, mar shampla. Leagadh go talamh é sa bhliain 1660 agus tógadh halla nua i 1601 sa stíl Sheacaibíneach. Ach ní raibh ádh ar bith air sin ach an oiread, agus an boggart fós ann, agus bhí an halla ina chíor thuathail nuair a díoladh é le Bardas Learphoill i 1900. Leag siad an halla roimh 1914 agus d’oscail siad páirc phoiblí ar an eastát. Tá droch-chlú ar láthair an dúnmharaithe i Cherry Lane mar bhall dubh timpiste ó shin i leith.
Sa chás seo, tá a fhios againn cé hé an dúnmharfóir ach tá a íospartach gan ainm. Níl a fhios agam an bhfuil ainm Richard de Walton luaite i lámhscríbhinn Éireannach i leabharlann nó músaem in áit éigin, agus ainm an chailín a d’fhuadaigh sé in Éirinn luaite inti fosta. Nach mbeadh sé cuí in 2007 í féin a aithint agus leac chuimhneacháin a chur san áit a bhfuair sí bás? Bheadh sé mar aitheantas fosta ar an bhrúidiúlacht a bhí ar siúl ag na Sasanaigh i gcoinne na nÉireannach ar feadh 800 bliain agus b’fhéidir go gcuirfeadh sé deireadh leis an boggart in Walton.
Fonóta: Foilsíodh leabhar mór cuimhneacháin i mbliana dar teideal Liverpool 800: Culture, Character and History agus is é an tOllamh John Belchem, University of Liverpool, eagarthóir an tsaothair. Beidh a leabhar nua i dtaobh stair na nÉireannach i Learpholl, Catholic and Scouse: A History of the Irish in Liverpool (Liverpool University Press) ar fáil in 2008.
Beidh féile ar siúl i Learpholl mar is ghnách i mí Dheireadh Fómhai agus beidh níos mó ná 50 imeacht á reáchtáil ar fud na cathrach. Tuilleadh eolais: www.liverpoolirishfestival.com.
Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.