AR NA SAOLTA SEO
Seoda fiáine faoi bhláth arís
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Ní chrónaíonn tú rud éigin go dtí go mbíonn sé caillte. Is maith an rud é, mar sin, go bhfuil sárobair curtha i gcrích ag eagraíochtaí speisialta sa Bhreatain le bláthanna fiáine atá faoi bhrú a chaomhnú. Cúlra an scéil ó Tony Birtill.

Íomhá
The National Wildflower Centre, Learpholl
Íomhá
Tá bainne bó bleachtáin ar cheann de na bláthanna atá le feiceáil i NWC
Íomhá
Tá polasaí ar leith de chuid an Aontais Eorpaigh dírithe ar thalamh a chur ar leataobh leis na bláthanna fiáine a chaomhnú
Íomhá
Ó bunaíodh NWC in 2001, tá 30,000 páiste ó 500 scoil éagsúil i ndiaidh cuairt a thabhairt ar an ionad
Íomhá
In Éirinn, tá áilleacht na mbláthanna fiáine fós le feiceáil in áiteanna mar Ghleann Cholm Cille. Ach tá an fiadhúlra faoi bhrú ansin chomh maith

Anois teacht an Earraigh

Beidh an lá dul chun síneadh

Is tar éis na féil Bríde

Ardóidh mé mo sheol.

(Antoine Ó Reachtabhra, 1784-1835)

Ní bhfaigheadh Antoine mórán fianaise ar theacht an earraigh i gCathair Learphoill. Ardaím féin mo sheol – i dtreo shléibhte na Breataine Bige, atá le feiceáil tríocha míle uainn. Téim ann chun sult a bhaint as an dúlra, go mór mór na bláthanna fiáine a thagann faoi bhláth ar na cnoic.

Aisteach go leor, tá obair shuntasach ag dul ar aghaidh anseo i Learpholl leis na bláthanna fiáine a chaomhnú ó bhí 1997 ann. Ba sa bhliain sin a chuir daoine áitiúla – atá ina mbaill den eagraíocht Landlife – plean le chéile chun ionad, ar a dtugtar The National Wildflower Centre (NWC), a bhunú sa chathair.

Osclaíodh an t-ionad sa bhliain 2001, a bhuíochas sin ar mhaoiniú a fuarthas ón Millennium Commission – is é sin, airgead ó chrannchur náisiúnta na Breataine – agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin i leith. Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.nwc.org.uk.

Thug mé cuairt ar an áit ar na mallaibh chun blas den earrach a fháil “Cois Mersey”!

Tá an t-ionad é féin suite cúig mhíle ó lár na cathrach in Court Hey Park, ar páirc 35 acra í ina raibh teach mór William Gladstone (1809-1898), an príomh-aire Briotanach a bhí i bhfách leis an fheachtas ar son féinrialach a bhí ar siúl in Éirinn ag an am.

D’inis bainisteoir an ionaid, Lucinda Antal, dom gur leagadh an teach mór chun talaimh sna caogaidí, ach go bhfuil an t-ionad lonnaithe sna seanstáblaí. Dúirt sí fosta go bhfuil bláthanna áirithe le feiceáil amuigh ar chuid amháin den pháirc phoiblí.

"Knowsley District Council owns the land, but Landlife, which operates the centre, has a 99 year lease on it," arsa sise.

Cúis imní

Bunaíodh Landlife i Learpholl sa bhliain 1975 mar eagraíocht comhshaoil. Ba chúis imní dóibh siúd a bhí ina bun nach raibh mórán bláthanna fiáine le feiceáil amuigh faoin tuath i Sasana, go háirithe i gcontaetha mar Cheshire, atá cóngarach do Learpholl. Tá diandéiríocht i ndiaidh a bheith ar siúl sa chontae áirithe seo le blianta fada anuas, ach go mór mór ó chuaigh an Ríocht Aontaithe isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa sa bhliain 1973.

"Most of the farm grasslands you see in counties like Cheshire are species-poor ‘improved’ grasslands which have been modified by extensive fertiliser use and re-seeding with rye grass. Their bio-diversity is therefore low. There are still some traditional hay meadows in the Pennines, which were created hundreds of years ago when woodlands were cleared to make pasture for animal fodder and grazing. They have not been disturbed by ploughing for many decades nor subjected to modern fertilisers, sprays or re-seeding. These ‘unimproved’ species-rich grasslands are rare and threatened. In the UK , 97% of them are gone, having been ploughed up, fertilised, drained or built on, " arsa Antal.

Shílfeá go mbeadh ceantair thuaithe mar Cheshire idéalach – bíonn radhairc mar bha Fríseacha ag ithe sna páirceanna glasa le feiceáil, cuir i gcás. Ach ó thaobh an fhiadhúlra iad, is fásaigh iad na háiteanna seo."The grass is so green because of the amount of nitrate fertiliser used on it. Rye grass dominates so you may find just six or seven plant species in a square metre of meadow. In a traditional meadow, which is cut mid-summer giving wild flowers a chance to flower every year, no one species can dominate, so you may find 20 to 30 plant species in a square metre," ar Antal.

Mar gheall ar pholasaí ar leith de chuid an Aontais Eorpaigh, a bhfuil sé mar aidhm aige méid áirithe talaimh “a chur ar leataobh”, tá iarrachtaí ar bun chun na cluainte traidisiúnta a chothú in athuair. Ach nuair a tugadh faoi thurgnamh chun a leithéid a thriail, thóg an próiseas deich mbliana nó mar sin.

Is iad na cineálacha plandaí a bhfuil na hiarrachtaí seo dírithe orthu ná dearna Mhuire, crobh dearg, gliográn, bainne bó bleachtáin agus seamair dhearg.

Easpa síoltaAch cé gur mhian le a lán feirmeoirí talamh a chur ar leataobh leis na bláthanna fiáine seo a chur agus a chaomhnú,easpa síolta ar fáil le hé a dhéanamh.

Ach sin é an fheidhm atá ag Landlife agus NWC: is mian leo síolta a chur ar fáil d’fheirmeoirí, do chomhairlí áitiúla, d’ealaíontóirí agus do ghnáthdhaoine.

"Our function is to create new wildflower areas, be it in a pot on your window sill or a farmer with a set-aside field," ar Antal.

D’inis sí dom go bhfeileann drochthalamh do bhláthanna fiáine, agus tá na gairdíní i NWC déanta as brice brúite, aolchloch, seanéadaí agus dlúthdhioscaí brúite, fiú. Tá na bláthanna fiáine ag fás iontu ar fad leis na féidearthachtaí a thaispeáint do chuairteoirí.

"Many new housing developments are built on top of rubble, with a thin layer of top soil. Wild flowers can thrive in them at little cost," ar sí.

Tá beagnach 200,000 duine i ndiaidh cuairt a thabhairt ar NWC ó bunaíodh é sa bhliain 2001 – i measc iad siúd a tháinig chun an ionaid, bhí 30,000 páiste ó 500 scoil éagsúil. Bronnadh gradam ar a dtugtar North West England Award for Sustainable Tourism ar an ionad as ucht an mhéid atá bainte amach acu, chomh maith leis an Small Tourism Business Award agus The Best Small Visitor Attraction.

We are the only National Wildflower Centre in Europe. There are only two in the world- the other one is in Texas and is run by Mrs Ladybird Johnson, the president’s widow.”

Dathanna spleodrachaBíonn NWC ar oscailt idir 1 Márta agus 30 Meán Fómhair, agus is iad mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh an t-am is fearr le cuairt a thabhairt ar an ionad mar gheall ar líon na ndathanna agus ar éagsúlacht na bplandaí a bhíonn le feiceáil ansin. Nuair a bhí mé féin ann, bhí na cloigíní gorma agus na plúiríní sneachta spleodrach i measc na gcrann. Cé gur bláth é an cloigín gorm atá réasúnta coitianta i Sasana, tá sé faoi bhrú ar fud na hEorpa. Ach tá muintir NWC i ndiaidh 15,000 bleib a chur, chomh maith le 20,000 bleib eile a thiocfaidh faoi bhláth mar phlúiríní sneachta.

Faigheann an NWC ioncam tábhachtach as a bheith ag díol síolta agus bleibeanna, chomh maith le táillí iontrála a ghearradh. Bíonn ioncam i gceist ón bhialann agus ón ionad comhdhála san áit fosta.

"Although we received lottery funding, we do not get any core funding from central or local government. We are an independent social enterprise which is backed by a strong core of supporters."

Tá aitheantas bainte amach ag Landlife agus NWC as ucht na hoibre tábhachtaí atá curtha i gcrích acu, agus mar gheall air sin, fuair siad feirm thréigthe 300 acra ar léas ó Thiarna Derby i mbliana. Is leisean eastát Knowsley Hall – atá suite idir Learpholl agus St Helens – agus thug an chomhairle áitiúil sa bhaile sin deontas do NWC chun an fheirm a fháil ar léas. Tá siad ag comhoibriú le Phytobotanica UK Ltd. – dream a bhfuil baint aige le táirgeadh blátholaí – chun bláthanna fiáine a chur ar an eastát

sin (www.phytobotanica.com).

"Not only will the wild flowers look great from the road, but hopefully the farm will attract real rarities such as the corncrake, alongside other bird life , partridges and hares," arsa Grant Luscombe, Príomhfheidmeannach Landlife.

In Éirinn, tá áilleacht na mbláthanna fiáine le feiceáil fós in áiteanna mar Ghleann Cholm Cille i gContae Dhún na nGall. Ach mar gheall ar an Tíogar Ceilteach agus ar fhorbairt eacnamaíoch a bheith ar siúl sa tír, tá an dúlra faoi bhrú ansin fosta. Ní chronaíonn tú rud éigin go dtí go mbíonn sé caillte. Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.