AR NA SAOLTA SEO
CLG na Breataine - súil siar agus ar aghaidh
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Tugann leabhar nua dar teideal [i]GAA Provincial Council of Britain: A History[/i] le Tommy Walsh léargas ar stair Chumann Lúthchleas Gael sa Bhreatain. Agus stair fhada, shuimiúil atá inti, dar le Tony Birtill.

Íomhá
Íomhá
Bhí Micheál Ó Coileáin ina chisteoir ar chraobh Londan de Chumann Lúthchleas Gael
Íomhá
Bhí Ó Coileán ina chisteoir ar CLG agus ina chisteoir ar chraobh an IRB i Sasana ag an am amháin
Íomhá
Lógó chraobh Londan
Íomhá
John Mitchels (sa bhuí agus sa ghorm) ag imirt in aghaidh Young Irelands ar an 12 Deireadh FómhairGrianghraf: Danny Clafferty

Foilsíodh leabhar dar teideal GAA Provincial Council of Britain: A History le Tommy Walsh le déanaí. Rugadh Tommy anseo i Learpholl sa bhliain 1930 agus tá sé i ndiaidh baint a bheith aige le Cumann Lúthchleas Gael (CLG) na Breataine le níos mó na 50 bliain anuas. Toghadh é mar Uachtarán ar Chomhairle na Breataine sa bhliain 1964.

B’as an Cheathrú Rua a athair agus ba de bhunadh Éireannach í a mháthair. Chas Tommy ar a bhean Kathleen, nach maireann, ag cruinniú de chuid CLG ina theach féin agus tá baint ag a theaghlach uilig leis an chomhphobal Éireannach - tá a iníon Kathleen ina múinteoir rince agus tá a mhac Colum ina chathaoirleach ar an chlub CLG i nGréanach, Contae Chorcaí.

foilsiú an leabhair seo tráthúil mar tá athbheochan iontach ar siúl sna cluichí Gaelacha i Learpholl faoi láthair agus tá an-suim ag na himreoirí óga i stair na heagraíochta sa tír seo.

Agus stair fhada, shuimiúil atá inti.

Bunaíodh Comhairle na Breataine sa bhliain 1926, agus mar sin de, níl mórán tráchta sa leabhar ar CLG sa tír roimhe sin. Is mór an trua é sin, mar is tréimhse an-tábhachtach i stair na hÉireann í.

Nuair a d’aistrigh Mícheál Ó Coileáin go Londain sa bhliain 1906, agus é cúig bliana déag d’aois, d’imir sé peil agus iomáint leis na Geraldines agus ceapadh é mar chisteoir ar an chlub sa bhliain 1909. Sa bhliain chéanna, ghlac sé móid don IRB.Ba é a chomhghleacaí in oifig poist i Londain, Sam Maguire, a chuir faoi mhóid é. Roimh i bhfad, bhí Ó Coileáin ina chisteoir ar chraobh Londan CLG, agus ina chisteoir ar chraobh Londan agus ar chraobh dheisceart Shasana an IRB. Le linn Chogadh na Saoirse, bhí Sam Maguire ina ghiolla gualainne don “Fhear Mór”, mar a tugadh air, i Londain.

Míníonn Tommy Walsh ina leabhar go raibh dhá choiste contae de chuid CLG i Sasana faoin am sin, coiste Londan agus coiste Learphoill, ach go raibh siad neamhspleách ar a chéile roimh 1926. Tháinig siad le chéile uair amháin sa bhliain chun cluiche iomána a imirt le haghaidh Chorn Uí Chonchúir - a bhronnadh PJ O’Connor as Learpholl - agus chun cluiche peile a imirt le haghaidh Chorn Mhig Uighir. Ba é an Sam Maguire céanna a bhí i gceist, ach corn eile! De ghnáth, bhíodh an bua ag Londain sa pheil, ach ní bhíodh Learpholl ró-olc ó thaobh na hiomána de.

I mí na Samhna 1926, shocraigh Ard-Chomhairle CLG i mBaile Átha Cliath go gcuirfí Comhairle na Breataine ar bun. Seo an méid a dúradh ina thaobh:

“A meeting should be held in London, early in December, to which representatives of Portsmouth, Southampton, Liverpool, Manchester, Wales and Scotland should be invited, as well as London itself. Frank McGrath to represent the Central council at the meeting."

Sa deireadh, bhí ionadaithe ó Londain, Learpholl, Portsmouth agus ón Bhreatain Bheag ag an chruinniú, agus toghadh James Collins ó Londain mar Uachtarán ar Chomhairle na Breataine, James Ryan ó Learpholl mar chisteoir agus Cyril McGough ó Londain mar rúnaí. Le hairgead a bhailiú don eagraíocht nua, reáchtáladh cluichí speisialta iomána i Learpholl agus i Londain, ar ghlac foirne Chorcaí agus Thiobraid Árann páirt iontu.

StádasNí raibh stádas na heagraíochta nua soiléir go dtí Ard-Fheis CLG i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1928 nuair a vótáil na hionadaithe ar son an rúin go mbeadh Comhairle na Breataine ina comhairle cúige agus go mbeadh seaimpíní na Breataine páirteach i gcluichí ceannais na hÉireann ag leibhéal na sóisear.

Baineann Tommy Walsh úsáid as miontuairiscí na heagraíochta agus iad ar fáil, ach ar an drochuair tá na nótaí ón tréimhse idir 1944 agus 1953 caillte. Thosaigh Tommy féin ag freastal ar chruinnithe de chuid Chomhairle na Breataine sa bhliain 1949, agus baineann sé úsáid as a chuimhní féin chun an scéal a insint. Bhí sé ina bhall de CLG agus é ina dhéagóir i Learpholl agus tríd an bhallraíocht sin tharla gur roghnaíodh é mar bhall de Chomhairle na Breataine.

Ón bhliain 1948, agus é ocht mbliana déag d’aois, i leith bhí sé ina oifigeach sa chlub áitiúil.

Tá stair CLG na Breataine fite fuaite le cúrsaí eacnamúla agus imirce. Nuair a tháinig borradh faoi thrádáil anseo, bhí easpa fostaíochta in Éirinn. Sna caogaidí, mar shampla, bhí neart imreoirí óga ag CLG anseo sa Bhreatain. Míníonn Tommy Walsh an dóigh a d’eagraíodh baill de CLG lóistín agus postanna d’imreoirí a bhí díreach tagtha chun na Breataine. Déantar trácht sa leabhar ar na Trioblóidí fosta – mar shampla, agóid CLG i gcoinne Arm na Breataine mar gheall ar gur ghlac an t-arm seilbh ar pháirceanna CLG i mBéal Feirste agus i gCrois Mhic Lionnáin.

John MitchelsScríobh Tommy faoi stair a chlub féin, John Mitchels, mar chuid de chomóradh céad bliain CLG sa bhliain 1984, agus deir sé ina leabhar nua go raibh díomá air nuair a tháinig deireadh leis an chlub sa séasúr 2002/2003. Molann sé Danny McDonagh, Conor Kelly, Barry Morris agus Conal Doherty as tús a chur leis an chlub arís in 2006. Lean an athbheochan seo ar aghaidh i gcúrsaí peile i mbliana nuair a bhí bua ag John Mitchels in aghaidh St Peter’s i Manchain i gcluiche ceannais chontae Lancashire ar an 30 Meán Fómhair. An tseachtain roimhe sin, bhuaigh siad an cluiche ceannais in aghaidh St Peter’s ag leibhéal na sóisear chomh maith. Bhuaigh an fhoireann shinsearach an sraithchomórtas fosta.

Agus ní hé go raibh rath ar na fir amháin - bhain foireann John Mitchels bua amach in aghaidh Holloway Gaels i gcluiche ceannais pheil na mban.

Labhair mé le Conal Doherty faoin athbheochan seo. Is as Ard an Rátha Co. Dhún na nGall é Conal, ach tá sé ag múineadh i Learpholl anois le blianta.

"Tháinig deireadh leis an chlub John Mitchels nuair a d’fhill a lán imreoirí ar Éirinn ag tús na mílaoise le postanna a fháil,” a deir Conal. “In 2005, chuir mé féin, Danny, Conor, Barry, Ronan McBride agus Conal Beag tús le plé maidir le hathbhunú an chlub. D’eagraigh muid cruinniú a raibh 31 duine i láthair aige. Thosaigh muid ag traenáil arís i Márta na bliana 2006 agus bhuaigh muid an craobhchomórtas sóisear an bhliain chéanna sin.”

I mbliana, tar éis cluiche a bhuachan in aghaidh Young Irelands, foireann arb as Yorkshire di, ar an 12 Deireadh Fómhair, ghnóthaigh an fhoireann shinsearach áit i gcluiche leathcheannais chraobhchomórtas na Breataine. Bhí an cluiche leathcheannais sin ar siúl i Learpholl ar an 21 Deireadh Fómhair. D’imir siad in aghaidh na foirne Dún Éideann Connollys agus b’ag John Mitchels a bhí an bua. Níl le déanamh acu anois ach an cluiche ceannais a bhuachan ar an 4 Samhain!

"D’eagraigh Fiona McConnell, as Contae an Chabháin, foireann na mban i mbliana agus tá dul chun cinn iontach déanta acu fosta le dhá mhí dhéag anuas," arsa Conal.

Is iar-mhic léinn de chuid na dtrí ollscoil i Learpholl iad an chuid is mó d’imreoirí John Mitchels, idir fhir agus mhná. D’imir siad peil agus iad ar an ollscoil, agus lean siad orthu ag imirt nuair a fuair siad postanna i Learpholl tar éis dóibh a gcéimeanna a bhaint amach. Ultaigh atá sa chuid is mó acu.

Dhréachtaigh CLG plean forbartha i gcomhair Chomhairle na Breataine i mbliana, le tacaíocht airgeadais ó Ard-Chomhairle CLG in Éirinn agus ciste de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha. Roimh dheireadh na bliana, ceapfar duine mar cheannasaí ar Chomhairle na Breataine, agus ceapfar ceannasaithe contae sna háiteanna seo a leanas: Londain, áit a bhfuil 33 club

Hertfordshire, a bhfuil seacht gclub ann

Warwickshire, a bhfuil seacht gclub déag ann

Yorkshire, a bhfuil sé chlub ann

Lancashire, a bhfuil ocht gclub ann

Albain, a bhfuil sé chlub inti

Tá cuma mhaith ar chúrsaí CLG san am atá romhainn sa Bhreatain!

Is é CLG foilsitheoirí an leabhair *GAA Provincial Council of Britain. A History le Tommy Walsh. Praghas: £10. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.britain.gaa.ieIs de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.