Dúirt Príomh-Aire nua na Breataine, Gordon Brown, an lá a tháinig sé i gcomharbacht ar Tony Blair, go n-éistfeadh sé le muintir na tíre as seo amach ach níl Tony Birtill ródhóchasach go ndéanfaidh sé amhlaidh.
D’fhill dhá chathlán de chuid Arm na Breataine, The Rifles agus The Duke of Lancaster’s, go dtí a mbeairic i dtuaisceart na tíre le gairid tar éis seacht mí a chaitheamh san Iaráic.
Le fada anois, tá a lán earcach á bhfáil acu in áiteanna mar Learpholl, bailte a bhfuil fadhb dífhostaíochta iontu, agus is minic mac nó iníon ag leanúint athar nó dearthár isteach sa chathlán céanna.
Níor fhill siad uilig slán, áfach. Go dtí seo tá 153 saighdiúir de chuid na Breataine i ndiaidh bás a fháil sa chogadh (65 san Afganastáin) agus tá na mílte eile gortaithe.
Tá droch-chlú ar an Arm, agus ar an Roinn Cosanta, toisc nach dtugann siad mórán tacaíochta do na taismigh nó dá muintir. Chuala mé athair amháin ag labhairt sa teach tábhairne faoina thuras go RAF Brize Norton, áit a raibh corp a mhic tar éis filleadh ón Iaráic. Ní raibh suim ag an oifigeach ansin ann. “Is leis An Roinn Cosanta an corp seo,” a dúirt sé leis go borb. Nuair a d’iarr sé cead ar an oifigeach aghaidh a mhic a fheiceáil sa chónra, dúirt an t-oifigeach leis nach raibh aghaidh fágtha air – chaill sé í nuair a phléasc buama in aice leis, a d’inis sé dó gan mórán trua.
D’fhill an t-athair go Learpholl agus é ag caoineadh.
D’ardaigh an Feisire áitiúil Bob Waring (Páirtí an Lucht Oibre, West Derby, Learpholl) ceist na tacaíochta sa Pharlaimint an mhí seo caite agus dhearbhaigh Aire Stáit na bhFórsaí Cosanta, Adam Ingram, go bhfaigheadh na saighdiúirí comhairle faoi strus: “Briefings on coping with stress and dealing with issues that might arise on homecoming will also be available,” a dúirt an tAire leis.
Ag labhairt leis na meáin, dúirt saighdiúir amháin, an Ceannaire Craig Lundberg (21) as Aintree, a chaill a dhá shúil nuair a bhuail RPG é, go raibh sé níos fearr a bheith dall ná a bheith marbh: “I won’t lie to anyone. It’s crap. But there’s nothing I can do about it, so I’m going to move forward.”
Dála m’Fheisire áitiúil féin, Peter Kilfoyle (Páirtí an Lucht Oibre, Walton), tá Bob Waring ag cur i gcoinne an chogaidh ón tús (Beo!, eagrán 43, Samhain 2004). D’iarr sé ar Tony Blair na saighdiúirí a tharraingt siar agus deireadh a chur “to our subservience to the US.” Nuair a scairt George Bush, “Yo, Blair!” leis an Phríomh-Aire ag comhdháil, dúirt Bob Waring sa Pharlaimint, “He treated our Prime Minister like a little boy.”
An locht á chur ar BlairTugann na saighdiúirí “Blair’s War” ar an chogadh agus tá an chuid is mó de na Feisirí sásta leis sin mar, anois agus Blair éirithe as a phost mar Phríomh-Aire, is féidir leo an locht a chuir air. “Blame it on Blair,” a deir siad.
Ach ní raibh Blair ina aonar nuair a rinne sé neamhiontas de phobal na tíre agus nuair a chuir sé saighdiúirí chuig an Iaráic. Bhí léirsithe in aghaidh an chogaidh i ngach baile mór sa tír, agus níos mó ná milliún duine ar shráideanna Londan. Nuair a rinne an nuachtán The Northern Echo pobalbreith i Sedgefield, toghlach Tony Blair, i mí Lúnasa 2002, bhí tromlach mór in éadan an chogaidh – ní raibh ach 17% ar a shon.
Ach ba chuma le Tony Blair faoi thuairim na ndaoine i Sedgfield nó sa tír uilig agus, mar is nós le New Labour, lean formhór na bhFeisirí an ceannaire in áit éisteacht leis na gnáthdhaoine. Níor cháin siad an “”Dodgy Dossier” a thug sé dóibh agus d’éist siad lena óráid spreagúil sa Pharlaimint.
Sa vótáil ar an rún “that UK forces be used in Iraq” ar an 17 Márta 2003 i Westminster, bhí 412 Feisire ar son an rúin agus 149 ina aghaidh. Vótáil 139 Feisire ó Pháirtí an Lucht Oibre in aghaidh an rúin, Ceannaire Theach na dTeachtaí Robin Cook ina measc. “I cannot support a war without international agreement nor domestic support. For that reason I resign from the Government,” a dúirt sé sa Pharlaimint.
Chuir an vóta díomá ar ghnáthbhaill an pháirtí fosta, mar bhí an chuid is mó acu ag argóint in aghaidh an chogaidh ag gach cruinniú den pháirtí i ngach toghlach, mo dheartháir is sine, John, ina measc. Ó 1992 go 2000, bhí seisean ina chathaoirleach i dtoghlach Middlesbrough South and East Cleveland, atá deich míle ó Sedgefield, agus ina bhall den choiste gnó ina dhiaidh sin. Shíl sé gur thuig an Feisire áitiúil, an Dr Ashok Kumar, tuairim an toghlaigh, ach ar lá an vóta thug sé tacaíocht do Blair.
Ar ndóigh, sceitheadh an scéal ó shin gur gheall Tony Blair tacaíocht do Bush ag cruinniú sa Teach Bán ar an 31 Eanáir 2003. De réir an mheabhráin, ba chuma leis faoi na Náisiúin Aontaithe nó easpa Arm Ollscriosta. Is é sin, bhí an margadh déanta i bhfad roimh an díospóireacht i Westminster agus nuair a dúirt Blair leis an Pharlaimint ar an 25 Feabhra 2003 go raibh an Rialtas ag tabhairt “one further, final chance to disarm voluntarily”, bhí sé ag insint bréag.
Nuair a cháin mo dheartháir John an Feisire Ashok Kumar sa Northern Echo, cháin comhghuaillithe Kumar sa pháirtí é féin. Mar a dúirt John i litir eile chuig an nuachtán (14 Meitheamh 2007; www.thenorthernecho.co.uk/news/letters): “Let no one deny that Dr Kumar was a staunch supporter of the Iraq war. With over half million deaths, including 150 British troops, the issue is too important for party cronyism. MPs who supported the war must not try to deny their responsibility by ‘blaming it all on Blair’.” (Tá an scéal iomlán le feiceáil ag http://homepage.ntlworld.com/john.birtill/IW/AshokKumarIraq_War.htm)
Cúis imníIs é an “líon marbh laethúil” is mó atá ag cur imní ar na Feisirí, go mór mhór nuair is toghthóirí óna dtoghlach féin atá i gceist. Cé go nglacann cuid mhaith de na teaghlaigh le bás duine dá muintir gan gearán ar bith, tá cuid mhaith eile nach bhfuil sásta cur suas le Blair’s War níos mó agus tá siad eagraithe go maith mar Military Families Against the War (MFAW; www.mfaw.org.uk)
Sheas duine acu, Reg Keys, a chaill a mhac Tom san Iaráic, in aghaidh Tony Blair i Sedgefield san olltoghchán i mí na Bealtaine 2005 agus fuair sé níos mó ná deich faoin chéad de na vótaí ansin. Thug sé óráid iontach ag an chomhaireamh, agus Tony agus Cherie Blair in aice leis ar an ardán, agus bhí cuma an-mhíshuaimhneach ar an bheirt acu. D’éirigh Derek Cattell, ball den choiste gnó i Sedgefield, as an pháirtí roimh an olltoghchán chun tacaíocht a thabhairt do Reg Keys, tar éis dó 30 bliain a bheith caite aige sa pháirtí.
D’eagraigh MFAW agóid mhór ag an chomhdháil ceannasaíochta i Manchain ar an 24 Meitheamh agus agóid eile taobh amuigh de 10 Sráid Downing nuair a d’fhág Blair an teach sin den uair dheireanach.
Thug a chomharba, Gordon Brown, tacaíocht don chogadh in 2003, cé go raibh drogall air á dhéanamh sin, agus beidh sé suimiúil a fheiceáil cén dóigh a n-éalóidh sé as an tubaiste san Iaráic. Cloiseann sé tráchtairí ag déanamh comparáide idir Blair agus Harold Wilson (1916-1995), a bhí ina Phríomh-Aire sna seascaidí agus seachtóidí. Cé go raibh an Bhreatain go mór i bhfiacha ag na Stáit Aontaithe ag an am sin (ón dara Cogadh Domhanda), dhiúltaigh Wilson Arm na Breataine a sheoladh chuig Vítneam agus ní raibh sé ag sodar i ndiaidh LBJ an dóigh a raibh Blair ag sodar i ndiaidh George W.
Agus cad é faoin daonlathas sa pháirtí agus toil na ndaoine?
Ag an chomhdháil i Manchain shéan Harriet Harman (tánaiste nua Brown) gur vótáil sí ar son an chogaidh, agus ina óráid ansin, gheall Gordon Brown go n-éistfeadh sé le baill an pháirtí agus leis an phobal as seo amach. Ach tá sin rud beag rómhall do na mílte atá marbh san Iaráic.
Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.