Chaith Tony Birtill súil siar ar shaol Bhreandáin Mhic Lua, ar an mhaith a rinne sé do mhuintir na hÉireann i Sasana lena linn agus ar a shaothar i mbun an nuachtáin The Irish Post. Scríobh Tony an t-alt seo thíos le barr ómóis dó.
Fuair Breandán Mac Lua bás i Mí Eanair. Rugadh i gContae an Chláir é i 1935 agus d’oibrigh sé le Gael Linn i mBaile Átha Cliath sula bhfuair sé post mar iriseoir sa chathair sin. Nuair a bhunaigh Tony Beatty, cuntasóir agus fear gnó as Éirinn i Londain, an Irish Post ansin i 1970, ba é Brendan Mac Lua an chéad eagarthóir.
Leis na Trioblóidí ag dul in olcas ag an am, is dócha go raibh rogha ag ‘An Nuachtán Éireannach’ i Sasana: an cloigeann a choinneáil síos agus taobhú leis an tseoinínteacht, nó an fód a sheasamh ar son an daonlathais agus ar son chearta na ndaoine.
Ní raibh Brendan sásta a bheith ag sodar i ndiaidh na nGall agus le misneach mór, labhair sé amach go láidir ar son na nÉireannach, an grúpa eitneach mionlaigh ba mhó sa Bhreatain. Sa bhliain 1970, bhí milliún acu a rugadh i nÉirinn abhus anseo, agus bhí i bhfad níos mó den dara glúin le háireamh thairis sin.
Imtheorannú gan triail, Domhnach na Fola, an tAcht um Sceimhlitheoireacht a Chosc (PTA) agus na hiomraill cheartais a d’éirigh as an dlí sin - chuir Brendan a thuairim in iúl go tréan: "It is beyond human forgiveness.... Not even the reunification of Ireland will erase its memory," a dúirt sé faoin sléacht i nDoire i 1972.
Thug sé faoi deara go raibh comhchosúlachtaí ag cruachás na nÉireannach sa Bhreatain le cruachás na nÉireannach sna Sé Chontae: Ba Éireannaigh iad taobh amuigh den 26 chontae; bhí siad faoi chos ar bolg ag Rialtas Londain; agus ba chuma le Rialtas Bhaile Átha Cliath, nó le RTÉ, fúthu uilig. Chomh maith le sin, bhí dearcadh ann nach raibh Éireannach taobh amuigh den 26 chontae ina "fhíor-Éireannach." Mar a dúirt Corcaíoch amháin ar RTÉ faoin chluiche idir Tír Eoghain agus Ard Mhacha i 2003:
"It’s the first All British, All Irish Final."
Agus thug muintir na Sé Chontae seo faoi deara fosta. Seo mar a scríobh The Andersonstown News 15.6.1991:
"Is é stát na 26 Chontae an stát is mó atá chun tosaigh ó thaobh líon na n-eisimirceach de sa Chomhphobal Eorpach agus é go diongbháilte in éadan vótaí a thabhairt dá shaoránaigh thar lear. Má bhí na heisimircigh tréigthe ag an rialtas i mBaile Átha Cliath, bhí an (Irish) Post ann chun léargas Éireannach a thabhairt ar chúrsaí. Is féidir le hÉireannaigh a fháil amach pé rud Éireannach atá ar siúl ina gceantair féin agus a bheith i dteagmháil le daoine den chineál chéanna. Faightear leathanaigh chomhfhreagrais atá beo bríomhar istigh ann agus cuirtear ina luí ar na páirtithe polaitiúla go mbeidh vótaí Éireannacha le saothrú nó le cailleadh acu de réir a seasaimh."
An tAinm Cleite
Ní raibh an t-ainm Breandán Mac Lua le feiceáil ar scéaltaí sa nuachtán; ba fhearr leis ainmneacha cleite a úsáid, agus bhí clú ar ‘Frank Dolan’ mar ‘guth na nÉireannach’ anseo.
Bhain mé féin an-sult as an cholún seo, agus bhí an-tuiscint aige faoin dara glúin. Nuair a scríobh sé (19.6.1982) that "most Catholic schools in Britain over the generations have worked hard at washing out Irishness from their largely second-generation Irish pupils," bhí mé spreagtha litir a scríobh chuig The Post ag aontú leis (foilsithe 10.7.1982).
Nuair a scríobh mé alt mór i 1984 faoin scríbhneoir Robert Noonan, atá curtha cóngarach dom i Walton, Learpholl, d’fhoilsigh Breandán é agus chuir sé scairt ghutháin orm le labhairt liom. Bhíodh muid i dteagmháil le chéile ar an ghuthán gach mí as sin amach agus bhínn ag scríobh don nuachtán go rialta. Mí-úsáid an PTA agus ionsaithe ó na dílseoirí an sórt drochscéalta a scríobh mé agus borradh a bheith faoi ranganna Ghaeilge agus faoi ealaíon Éireannach ba ea na dea-scéalta.
I 1987 d’iarr sé orm a ghabháil go Londain le seal den tSamhradh a chaitheamh ag obair san oifig ansin, rud a rinne mé. Bhí Paddy McIlkenny (nach maireann), deartháir Richard (nach maireann), ó Sheisear Birmingham, i Londain roimh an achomharc san Ard-Chúirt ansin agus rinne mé agallamh leis. Bhí aoibh mhaith ar an fhear uasal seo mar foilsíodh an leabhar Error of Judgment - The Truth About the Birmingham Pub Bombings le Chris Mullin MP i 1986 agus rinne World In Action clár faisnéise faoin chás. Ár ndóigh, bhí The Irish Post ag obair ar son an tSeisir le blianta fada, mar a bhí na sagairt Denis Faul agus Raymond Murray agus The Prisoners Aid Committee i Londain.
Nuair a d’fhoilsigh an PAC ’Irish Voices from English Jails’ i 1980, scríobh Breandán píosa mór faoi ina cholún ' Frank Dolan’. Ní raibh stuif mar seo sa ghnáthnuachtán Éireannach ná ar RTÉ mar bhí Alt 31 den Acht Craolachán i bhfeidhm go dtí 1994 agus bhí faitíos ar na hiriseoirí ansin rud ar bith conspóideach a rá faoi na trioblóidí. Le cladhairí agus seoiníní mar seo sa Rialtas agus sna meáin chumarsáide, ní raibh iontas orm gur theip ar achomharc an tSeisir go dtí 1991.
Ni raibh eagla ar Bhreandán roimh Rialtas Bhaile Átha Cliath agus ba léir go raibh sé ag cur isteach orthu nuair a thosaigh siad The Irish Observer i gcomortas leis The Irish Post i 1983. Dhiúltaigh na hÉireannaigh don amaidí seo agus theip air tar éis cúig mhí, "Chaill siad £140,000 ar an fhiontar," dúirt Breandán liom.
Lucht na ‘Staire mar dhea’
Ba iad lucht athbhreith na staire an tríú cuid den tré Éireannach a bhíodh in adharca a chéile le Breandán. D’eagraigh an GLC (Comhairle na Cathrach Londain, le Ken Livingstone sa cheannaireacht) The Terence MacSwiney Memorial Lectures i 1986 in ómós do Ard-Mhéara Chorcaí a fuair i bPríosún Brixton, Londain i 1920. Thug an GLC cuireadh do Michael Laffan, Roinn Nua-Staire, UCD, léacht a thabhairt mar chuid den tsraith. Dhiúltaigh sé teacht, mar fuair Mac Suibhne bás ar stailc ocras agus d’fhoilsigh Breandán sliocht as an litir a chuir Laffan chuig an GLC:
"Many people would assume that there was an association between a series with such a title and more recent Provo/ INLA hunger strikers. The Provos and the INLA may have their supporters in the GLC, but my colleagues and I would not wish to be associated with any occasion which might, even implicitly, be seen as sympathising with them or their methods..."
D’inis Breandán go foighneach an ceangal idir Mac Suibhne agus Londain agus dúirt sé:
"All of which begs the question as to what do they nowadays teach in the Department of Modern History at UCD," (25.1.86)
In ionsaí a rinne an staraí Ruth Dudley Edwards ar The Irish Post sa Sunday Independent (27.8.95) dúirt sí:
"the public voices of the Irish community in Britain paint a picture of bitter people who are all-too-ready to embrace the begging bowl mentality."
Ní raibh iontas orm go raibh fearg ar Ruth Dudley Edwards lenár nuachtán, ach ní raibh muid searbh. Spreag Breandán Mac Lua dearcadh neamhspleách i measc ár bpobail, spreag sé sinne a bheith bródúil as ár stair agus as ár gcúltúr agus thaobhaigh sé i gcónaí leis an dream a bhí thios agus faoi bhrú. Ní searbhas é sin.
Grásta ó Dhia ar a anam uasal.