Is iomaí duine sa lá atá inniu ann atá cleachta le bheith ag fáil dramhphoist ina ndéantar cur síos ar dhuais iontach atá buaite aige i gcrannchur éigin. Insíonn Tony Birtill dúinn faoi fheachtas atá díreach curtha ar bun i Sasana le haird an phobail a tharraingt ar na camscéimeanna seo.
Bhí an t-ádh orm ar na mallaibh nuair a bhain mé £65,810 sa chrannchur Spáinneach El Gordo. Tháinig an dea-scéala seo sna sála ar an £50,000 a bhain mé sa chrannchur a d’eagraigh an Shop Direct Group Limited i Manchain.
Ar ndóigh, níl pingin rua faighte agam ó na crannchuir thuasluaite mar níor líon mé na foirmeacha isteach leis an airgead a bhí dlite dom a fháil. Nach mé an t-amadán!
Bhí mé in amhras ar chúpla cúis faoin dea-scéala ón Spáinn. Bhí stampa agus postmharc na Spáinne ar an chlúdach litreach. Maith go leor. Ach bhí an t-ainm Joe Birtill air fosta. Ba é sin ainm m’athar, a fuair bás beagnach fiche bliain ó shin, cé go bhfuil a ainm fós san eolaí teileafóin don teach a bhfuil cónaí orm ann.
Uimhir a dó ar liosta na rudaí aisteacha, dar liomsa, ná gur éilíodh sago gcuirfinn mo dháta breithe, uimhir mo chuntais bainc agus eolas pearsanta eile ar an fhoirm sula mbeidís sásta an t-airgead a íoc liom, a dúirt siad sa litir. Agus uimhir a trí? Níor cheannaigh mé ticéad ar bith don chrannchur seo riamh. De réir na litreach a fuair mé ó chomhlacht darbh ainm dó Grupo Eulen Security Company SA, roghnaíodh m’ainm mar chuid den “international promotion programme” atá acu. Hmmmmm....
Caithfidh mé a rá go raibh cuma an-phroifisiúnta ar an fhoirm agus ar an litir. Bhí neart séalaí oifigiúla orthu, dála na gcáipéisí ó Shop Direct Group Limited i Manchain. Nach iontach an rud é an fhoilsitheoireacht deisce?!
FeachtasShíl mé go mbeadh stuif mar seo mealltach do dhaoine leochaileacha, agus ba dhíol spéise é, dar liomsa, go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an Office of Fair Trading (OFT) i Sasana den tuairim chéanna – chuir siad tús le feachtas nua dar teideal Scams Awareness Month i mí Feabhra. D’fhoilsigh siad bileog eolais a bhí dírithe ar ghnáth daoine, a bhfuil rudaí mar, “Don’t let them con you”, scríofa uirthi. Tá mana speisialta ar an bhileog atá dírithe ar chúramóirí: “Can you stop the person you care for from being conned?”
Bean Éireannach atá ar chlúdach na bileoige eolais. Patricia O Sullivan an t-ainm atá uirthi agus tá sí ochtó bliain d’aois. Chaill sise £10,000 i gcamscéim nó i gcrannchur lofa den tsórt a ndearna mé cur síos air ag tús an ailt. .
Is é an sprioc atá leis an fheachtas, de réir na bileoige eolais, ná aird an phobail a tharraingt ar "mass marketing scams which cost the UK public £3.5 billion every year.”
Deir siad: "Every year an estimated three million UK consumers fall victim to scams sent by post, email, text, phone and internet."
Measann siad go gcailleann na híobartaigh £850 an duine ar an meán, ach go minic, cailleann daoine aosta dhá oiread an méid sin. Tá siadsan i measc na “ndaoine leochaileacha” sin a luadh in ábhar poiblíochta an fheachtais. Bíonn na caimiléirí ag faire creiche."Victims are often socially isolated, over-trusting or afflicted by illnesses like dementia and can be repeatedly targeted by scammers. Many lose their life savings and suffer depression and ill health as a result,” a deir Mike Haley ó OFT.
Le dul i ngleic leis an chaimiléireacht seo, tá OFT ag comhoibriú le heagraíochtaí mar Carers UK, Help the Aged, Age Concern, Citizens Advice, Action on Elder Abuse agus Neighbourhood Watch.
Dar le Mike Haley, "scammers use sophisticated psychological techniques to target people who are often the most vulnerable in society."
ÍospartaighMíníonn sé go dtéann na caimiléirí i mbun a gcamscéime i dtosach nuair thugann íospartach freagra ar litir amháin. Cuirtear sonraí pearsanta an íospartaigh sin ar liosta na n-amadán nó, ar “suckers list’”, mar a thugann siad air, agus gheobhaidh sé cuid mhór litreacha agus scairteanna gutháin as sin amach; níos mó ná céad scairt sa tseachtain i gcásanna áirithe. Thiocfadh leis tarlú go ndéanfaí “chronic scam victim” de dhuine amháin, mar a deirtear i mbileog an fheachtais. Go minic, cailleann daoine an t-airgead atá acu i dtaisce, agus déantar damáiste dá sláinte agus dá suaimhneas pearsanta dá bharr.
Is iad na focail a úsáideann OFT le cur síos a dhéanamh ar chamscéim ná cleasaíocht, gliceas, foghach agus mailíseach. As Béarla, acrainm an fhocail "SCAM" is ea é: Scheming, Crafy, Agressive, Malicious.
Dar le Dan Cassidy ina leabhar How the *Irish Invented Slang, *tagann an focal “scam” ó nath cainte sa Ghaeilge: “is cam an cluiche é”. Agus is é sin an rud atá ar siúl ag lucht na gcamscéimeanna, ar ndóigh. Tá cur síos déanta ar liosta fada camscéimeanna ar www.oft.gov.uk. Shíl mé féin go raibh mé réasúnta eolach ar an ábhar seo go dtí gur léamh mé an liosta seo. Ach tuigim anois an fáth a gcailleann daoine neart airgid gach bliain.
Golden Investment Opportunities atá tugtha ar cheann de na camscéimeanna a ndéantar cur síos cur air ar an suíomh. Fuair mé féin scairteanna gutháin a bhí ag teacht leis an chur síos a dhéantar ar an gcamscéim seo ar líne. Samplaí dá leithéid is iad an scairt a fuair mé ó “Mary” ó International Equities, a d’iarr orm airgead a infheistiú sna Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an scairt ó “Andy Walker” ó International Equities Research, a bhí go maith ag caint.
Ach gan amhras, is é Regency Equity Consulting (REC) an ceann is fearr acu.
Fuair mé scairt ó fhear deaslabhartha ó REC a mhínigh dom faoin “Initial Public Offering”, nó IPO, i US Petroleum Holdings. "It’s a private equity venture, by invitation only. The company isn’t listed on the stock exchange yet,” a dúirt sé liom.
Thug sé pasfhocal speisialta dom don suíomh proifisiúnta idirlín a bhí acu. Tá an comhlacht lonnaithe i mBairéin sa Mheánoirthear – i bhfad uaimse agus ó OFT!
Tar éis tamaill, stop siad de bheith ag cur glaonna orm mar níor chuir mé airgead ar bith chucu. Ach gan amhras, tá an baoite glactha ag daoine eile.
Chuir mé an t-eolas seo faoi bhráid Telephone Preference Service (TPS), mar chláraigh mé leo chun go gcuirfí stad leis na scairteanna gan iarraidh. Dúirt TPS (www.tpsonline.org.uk) sa litir a chuir siad chugam: "The use of telephones (live operator) for unsolicited direct marketing purposes is covered by the Privacy and Electronic Communications (EC Directrive ) Regualtions 2003 (as amended). The Regulations are enforced by the Information Commissioner’s Office (ICO). "
Tá eolas ar www.europa.eu/consumer faoin treoir seo de chuid an Aontais Eorpaigh (AE).
Tá foirmeacha gearáin de chuid TPS – atá ar fáil ar líne – líonta isteach agam go minic agus anois, is annamh a fhaighim scairteanna gan iarraidh.
Is léir go bhfuil na caimiléirí ag feidhmiú ar fud an AE agus ar fud an domhain. Tuairiscíodh anuraidh go raibh daoine in Éirinn ag fáil ríomhphost bréagach ó oifig chrannchur náisiúnta na Breataine atá lonnaithe anseo i Learpholl. De réir na dteachtaireachtaí ríomhphoist, bhí na céadta mílte punt Sterling buaite acu sa chrannchur agus bhí a sonraí pearsanta de dhíth chun an t-airgead a chur chucu.
Agus an t-alt seo á scríobh agam, tá clár faisnéise ar an teilifís faoi chaimiléirí sa Nigéir a mheallann daoine aonaránacha ar fud an domhain trí sheirbhísí bréagacha déanta coinní a thairiscint dóibh. Níl teorainn ar bith leis an chaimiléireacht! Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.ConsumerDirect.gov.uk
Bígí ar bhur n-airdeall!Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.