Bhain an British National Party (BNP) suíochán Eorpach i Sasain le siléig agus le místuaim na bpáirtithe eile. Ní raibh aige, Nick Griffin, ach 8% den vóta aige. Bhí Tony Birtill ag leanacht an scéil thall.
"Cúis náire don réigiún," a dúirt an Feisire Tony Lloyd (Páirtí an Lucht Oibre, Manchain Lár) nuair a toghadh Nick Griffin de chuid an British National Party (BNP) mar Feisire Eorpach d’Iarthuaisceart Shasana. Shiúil na hiarrthóirí eile amach as Halla na Cathrach, Manchain, nuair a toghadh Griffin faoin chóras ionadaíocht chionmhar d’Hondt ar 8ú Meitheamh.
Toghadh triúr ón Pháirtí Choiméadach faoin chóras seo, beirt ó Pháirtí an Lucht Oibre agus duine amháin ón BNP, UKIP agus na Daonlathaithe Liobrálacha. . Bhí ‘turnout’ íseal ann - níor vótáil ach 1,651,825 duine (31.7%). Fuair Nick Griffin 132, 094 (8%) ach fuair Peter Cranie ón Pháirtí Glas127,133 (7.7%). Cé go bhfuair Griffin ionad mar MEP, bhí a chuid vótaí thíos 2,865 ón toghchán i 2004, nuair a bhí turnout níos mó ann.
Ba léir ó na pobalbhreitheanna roimh ré go raibh deis ag Nick Griffin faoin chóras seo, dá mbeadh fuarchúis agus freastal íseal ar na bothanna vótála ann. Thuig an Páirtí Glas é seo agus bhí feachtas vótáil taicticiúil acu : www.stopnickgriffin.org.uk , mar bhí siad gob ar ghob leis an BNP sna phobalbhreitheanna. Thuig cuid mhaith daoine eile ar an eite chlé é seo fosta agus thug siad tacaíocht do Peter Cranie.
Ba iarrthóir maith é . Dúirt sé ar a shuíomh gréasáin : "I’m an immigrant to England. My family was forced to leave our home in Scotland in the early 1980s due to the huge unemployment. My father got work in the south of England. I’ve lived here ever since and I’ve lived in the North West for over 10 years. Growing up in a small town in Scotland, I learned about prejudice. As part of a small minority Catholic community, our church was vandalised and sometimes we’d be subjected to violence, because we wore different uniforms and followed a different religion. At the age of 11, I took off the uniform. I’m not black, but I understand what prejudice is. I’m not Hindu, Jewish or Muslim, but I understand what it feels like to be discriminated against and attacked on the basis of your religion."
Ach níor thuig cuid den eite chlé an baol a bhí ann, agus bhí iarrthóir ón Socialist Labour Party (páirtí Arthur Scargill) a fuair 26,224 vótaí agus No2 EU, a fuair 23, 580 vótaí. Murach iad, bheadh Peter Cranie ina Fheisire Eorpach anois, in ionad Nick Griffin.
Guth na nÉireannach
Chaith na hÉireannaigh vóta anseo do Pháirtí an Lucht Oibre de ghnáth. Is í Arlene McCarthy as Béal Feirste ó dhúchas, an Feisire Eorpach don iarthuaisceart. Bíonn grúpaí mar an BNP naimhdeach dúinn, ach bhí port eile astu le cúpla bliain anuas. De réir Nick Griffin, tá fáilte sa tír seo roimh an dream dúchais, is iad, daoine ó chúlra Angla-Sacsanach, Lochlannach nó Ceilteach (Éireannaigh san áireamh.)
Cé gur rugadh i Londain é (mac Edgar Griffin, comhairleoir Coiméadach), tá sé ina chónaí sa Trallwng (Y Trallwng - Welshpool), Powys, sa Bhreatain Bheag lena teaghlach le blianta. Freastlaíonn a cheathrar páiste scoil lán-Bhreatnaise agus sheas sé sa toghchán don Tionól i gCaerdydd i 2007. Fuair sé 8993 vótaí (5.5%). Níor toghadh é.
Bhí iontas ar na hÉireannaigh anseo i Learpholl ar na mallaibh nuair a bhí bratach nua den BNP sa cathair sa nuacht. Bhí Union Jack sa lár, ach sna ceithre chúinne bhí brat ó Shasana, Alban, An Bhreatain Bheag agus trídhathach na hÉireann agus an mana ’Europe in one city’ air!!! Seo i gcathair atá lán de na fir bhuí, dream a iompraíonn brat dílseachta Uladh ar a gcuid paráidí go rialta. De réir an scéil, bhí rí rá sa BNP faoin mbratach nua seo, ach sin an dearcadh nua atá acu, creid é nó ná creid !
Is iad beirt Caitliceach, Peter Tierney agus Peter Malloy, atá ina n-urlabhraí don BNP i Learpholl, chomh maith le Joey Owens. Tá seisean le feiceáil ar You Tube ag scairtigh ‘IRA Scum!’ ar pharáid phoblachtánach i Learpholl i gcuimhne na Stailce Ocrais mí Bealtaine 2001. (http://www.youtube.com/watch?v=E_BXG7HdaYk )
Namhaid as an Nua
Tuigeann, go deimhin, an chuid is mó den dream de bhunadh Éireannach an fáth go bhfuil fáilte romhainn le déanaí - is iad na Moslamaigh an namhaid mór anois acu (Beo, eagrán 6, Deireadh Fómhair 2001). "An pobal a bhfuil amhras faoi " (nó "suspect community") a tugadh orainn i rith na dtrioblóidí ó 1969 ar aghaidh agus is léir go bhfuil na Moslamaigh ag fulaingt mar a gcéanna sa lá atá inniu ann.
Tá ceangal láidir le blianta idir an BNP agus cuid de na fir bhuí i Learpholl, ach bhí cnámh spairne eadarthu i gcónaí mar tá daoine gorma ina mbaill den Ord Oráisteach anseo agus in áiteanna eile. Agus tá teannas eile ann anois, leis an dúnghaois úr atá ag an BNP faoi na hÉireannaigh, Gan amhras, tá na hOráistí míshásta faoi bheirt Chaitliceach de bhunadh Éireannach atá mór le rá sa BNP, gan trácht ar an bratach nua atá acu !
Sa deireadh, ní bhfuair an BNP ach 5,300 vóta i Learpholl, áit a raibh turnout 24% ann. Fuair Nick Griffin a lán vótaí i mbailte mar Burnley agus Wigan, áfach.
Tuigeann formhór den daonra anseo gur páirtí nuafhaisisteach atá sa BNP, d’ainneoin iarrachtaí Nick Griffin íomhá ‘mheasúil’ a chothú don eagraíocht. Fuair siad drochphoiblíocht sa bhreis i Mí Márta nuair a rinne siad iarracht mórshiúl a eagrú sa cathair. Níl mórán ball acu i Learpholl, agus mar sin roghnaigh siad an dáta Márta 14ú, an lá cluiche sacair idir Everton FC agus Stoke City. Tá a lán ball ag an BNP i Stoke agus bhí siad ag iarraidh tacadóirí atá acu i measc an tslua sacair a úsáid don mhórshiúl. Dúirt na póilíní anseo nach raibh siad ábalta an dá thrá a fhreastal agus d’iarr siad ar Everton an dáta don cluiche a athrú! I Learpholl, níl rud ar bith níos tábhachtaí ná cluiche sacar agus bhí rí rá faoin scéal. Thuig an BNP go raibh meancóg mhór déanta acu agus chealaigh siad an mórshiúl.
Agus ansin tugadh bata is bóthar do PC Steve Bettley, Merseyside Police, os rud é go raibh sé ina bhall den BNP.
Iarbhall den National Front is ea Nick Griffin, dála Andrew Brons, an Feisire Eorpach eile atá acu anois i Yorks & Humberside. Is fear cliste é - tá céim as Ollscoil Cambridge aige, áit a raibh suim aige sa dornálaíocht. Is frith-Ghiúdach é, agus tá ciontú aige mar gheall ar seo : "Publishing material likely to incite racial hatred " (1998). Scríobh sé alt san iris faisisteach ‘The Rune’ ag séanadh go raibh uileloscadh ann.
Chuaigh sé ina bhall den BNP i 1995, agus tar éis an cás thuasluaite, rinne sé iarracht cuma ‘mheasúil’ a chur chun cinn don eagraiocht. Ní bhíonn sé ag gearán faoina Giúdaigh anois, ach Moslamaigh. Agus leis na cogaí san Iaráic agus san Afganastáin , na buamaí i Londain agus dífhostaíocht ag éirí níos measa, is léir go bhfuil a lán daoine ag éisteacht le Nick Griffin. Seo ag am nuair nach bhfuil a lán gnáthdhaoine sásta vótáil do Pháirtí an Lucht Oibre mar síleann siad nach bhfuil suim ag Gordon Brown iontu. Fágann an fhuarchúis seo an bhearna réidh le baint amach ag an BNP.