100 bliain ó shin, mhol John Redmond do na fir óga a bhí eagraithe in Óglaigh na hÉireann go mba cheart dóibh liostáil in Arm na Breataine, chun dul ag troid ar son na hImpireachta. Mar sin féin tá meas áirithe ag Donncha Ó hÉallaithe ar Redmond.
»»»Creideann Donncha Ó hÉallaithe go mba cheart seans a thabhairt don Aire Stáit nua Gaeltachta, Joe Mc Hugh, socrú isteach sa bpost sara a ndéantar breithiúnas air.
»»»Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil siar ar Oireachtas na Gaeilge 1974, an chéad uair a reáchtáladh príomhfhéile na Gaeilge sa Ghaeltacht.
»»»Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go léiríonn torthaí na dtoghchán athrú san aeráid polaitíochta in Éirinn, a mbeidh tionchar mór aige ar thodhchaí na tíre ar feadh achar fada.
»»»Deir Donncha Ó hÉallaithe gur mó dochar ná maitheas a dhéanfaidh an stocaireacht atá ar bun ag Conradh na Gaeilge ar na hiarrthóirí atá ag seasamh i dToghcháin na hEorpa.
»»»Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go bhféadfadh tábhacht thar na bearta a bheith leis an Lá Mór ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus leis an mórshiúl i gConamara le gairid ar son na teanga.
»»»Anois go bhfuil ainmneacha na gceanneagraíochtaí fógartha faoi dheireadh ag Foras na Gaeilge, ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe an bhfuil tús á chur le ré nua i leathnú na Gaeilge i measc an phobail nó an leanfar leis an seanchur chuige céanna.
»»»Ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe cur chuige Foras na Gaeilge maidir le nuachtán seachtainiúil Ghaeilge a sholáthar do phobal léite na Gaeilge.
»»»Tar éis don ASTI vótáil in aghaidh glacadh le socrú Bhóthair Haddington, ceapann Donncha Ó hÉallaithe go n-aimseofar bealach éalaithe do na meánmhúinteoirí le deis a thabhairt dóibh tíocht as an tsáinn ina bhfuil siad.
»»»Ón lá inniu go ceann 10 mbliain eile beidh go leor le ceiliúradh ach fiafraíonn Donncha Ó hÉallaithe céard tá le ceiliúradh ag lucht na Gaeilge?
»»»Foilsíodh i mí Iúil ‘Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn’ atá déanta maidir le feidhmiú an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go mbeadh sé níos ionraice tuarascáil a chur ar fáil faoin ‘Dul ar gcúl’ i saol na Gaeilge le trí bliain anuas.
»»»Ceapann Donncha Ó hÉallaithe nach bhfuil sa Bhille, a cheadaíonn ginmhilleadh sa Phoblacht ach sceach sáite sa bhearna. Creideann sé go bhfuil sé thar am Airteagail 40.3.3 sa Bhunreacht, a chosnaíonn an bheatha sa bhroinn, a chur ar ceal.
»»»Creideann Donncha Ó hÉallaithe go dteipfidh ar an iarracht atá ar bun ag an rialtas fáil réidh leis an Seanad.
»»»Le beagán de bhlianta anuas leanann Donncha Ó hÉallaithe an príomhshraith sacair i Sasana. Deir sé go gcabhraíonn sé leis an geimhreadh a chaitheamh agus déanann sé cúpla euro as chomh maith!
»»»Tá Donncha Ó hÉallaithe lonnaithe i gConamara le 40 bliain. San alt seo caitheann sé súil siar ar na hathruithe a tharla sa cheantar Ghaeltachta is mó agus is láidre sa tír agus ceistíonn sé an fiú a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a tharrtháil, mar a labhartar anois í sa Ghaeltacht.
»»»Creideann Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil airgead á chur amú ar an nGaeilge agus in áit a bheith dhá shéanadh go mba cheart do lucht na Gaeilge a bheith chun tosaigh le moltaí faoin mbealach a bhféadfaí airgead na Gaeilge a chaitheamh ar mhodh níos feidhmiúla sa gcaoi go mbeadh toradh níos fearr.
»»»I bhfianaise deireadh a bheith curtha le foilsiú Ghaelscéal, de cheal ceannaitheoirí, cuireann Donncha Ó hÉallaithe an cheist, an bhfuil pobal Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht?
»»»Tá Sinn Féin ag iarraidh reifrinn ó thuaidh faoi cheist na teorann. Ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe an bhfuil Sinn Féin ag dul ar amú, ar ardú na ceiste ag an bpointe seo agus an é leas an pháirtí seachas leas an phobail atá taobh thiar dhó?
»»»Ag breathnú chun cinn ar 2013, Bliain na Gaeilge, deir Donncha Ó hÉallaithe nach bhféadfadh sé a bheith chomh dona leis an mbliain atá caite. Molann sé go mba cheart cás caomhnú na Gaeilge a chur os comhair Comhairle Airí Aontas na hEorpa.
»»»I bhfianaise na tuarascála a réitigh Stillwater Communications do RTÉ, breathnaíonn Donncha Ó hÉallaithe ar a bhfuil ann maidir le straitéis RTÉ i leith craolacháin i nGaeilge.
»»»Thosaigh ‘Teilifís na Gaeilge’ ag craoladh as Baile na hAbhann Oíche Shamhna sé bliana déag ó shin, i ndiaidh feachtas fada a troideadh d’fhonn bealach teilifíse a fháil le freastal ar lucht na Gaeilge. San alt seo ceistíonn duine de na daoine a bhí páirteach sa bhfeachtas sin, Donncha Ó hÉallaithe, dearcadh TG4 i leith na Gaeilge
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe ar Í Cholm Cille i dtús an tsamhraidh. Ceistíonnn sé an nósmhaireacht atá Comhairle Chontae na Gaillimhe, gan aitheantas a thabhairt do leaganacha Gaeilge na mbailte fearann sa Ghaeltacht.
»»»An bhfuil na Coláistí Samhraidh dírithe ar an dream mícheart? Ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe an mb’fhearr cuid den airgead a chaitear orthu a úsáid le campaí samhraidh a eagrú do dhéagóirí na Gaeltachta agus do dhéagóirí eile a bhfuil Gaeilge acu cheana.
»»»Ní mó ná sásta atá Donncha Ó hÉallaithe le Bille na Gaeltachta. Creideann sé go bhfuil an deis á chur amú ag an rialtas bunús ceart tomhaiste a chur faoin iarracht an Ghaeilge a tharrtháil mar theanga pobail sna Gaeltachtaí agus go mbeidh de cháil ar Dhonncha Mac Fhionnlaoich amach anseo gurb e a bhuail caidhp an bháis ar an nGaeltacht.
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe i láthair ag seoladh an straitéis is deireanaí ag an rialtas chun an Ghaeilge a shlánú sa nGaeltacht, ach ceapann sé go bhfuil an cath caillte sa nGaeltacht de dheasca an chur chuige atá molta.
»»»Chaith Donncha Ó hÉallaithe súil ar na figiúirí a foilsíodh le gairid ón Daonáireamh a tógadh Aibreán seo caite. Deir sé gur ábhar dóchais atá iontu ar an láimh amháin ach ag an am céanna, fiafraíonn sé an bhfuil níos mó den Pholainnis á labhairt in Éirinn faoin am seo ná Gaeilge?
»»»Tá an Ghaeilge ag saothrú an bháis i nGaeltacht Chois Fharraige agus i gceantair láidre Ghaeltachta eile dar le Donncha Ó hÉallaithe. Ach níl sé róthógtha leis na daoine atá ag iarraidh aitheantas Gaeltachta a thabhairt do cheantair ar nós Chluain Dolcáin i mB’leá’ Cliath agus ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste.
»»»Dar le Donncha Ó hÉallaithe insíodh scéal na dtrioblóidí i dTuaisceart Éireann, le dhá scór bliain anuas, sa chlár faisnéise faoi Bhernadette Mac Aliskey (Devlin), a craoladh ar TG4 le gairid ach deir sé go bhféadfadh a dearcadh ar an bpróiséas síochána daoine óga a mhealladh i dtreo na cogaíochta arís.
»»»Molann Donncha Ó hÉallaithe go mba cheart do Chonradh na Gaeilge, tús áite a thógáil san allagar poiblí faoi thodhchaí na tíre trí chomóradh a eagrú ar an léacht cáiliúl a thug De hÍde 120 bliain ó shin, léacht a chuir tús leis an athnuachan as ar eascair, tríocha bliain níos deireanaí, stát neamhspéach don 26 Contae .
»»»Cuirfear tús an bhliain seo chugainn le sraith comórthaí éagsúla ar a tharla sa tír seo céad bliain ó shin, thuaidh is theas. Tá bunú an Lucht Oibre mar pháirtí nua polaitíochta, ar ceann de na ócáidí stairiúla a bheas le comóradh. Tá Donncha Ó hÉallaithe den tuairim go mb’fhearr le cuid de Airí Rialtais an Lucht Oibre nach mbeadh aon chomóradh ann!
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.