AR NA SAOLTA SEO
Seanad Éireann
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Creideann Donncha Ó hÉallaithe go dteipfidh ar an iarracht atá ar bun ag an rialtas fáil réidh leis an Seanad.

Íomhá
An foras ar cheart a dhúnadh, Banc Ceannais na hÉireann
Íomhá
Foras eile ar cheart a dhúnadh, An Dáil
Íomhá
Ollscoil Chathair BhÁC, gan vóta
Íomhá
An Seanadóir David Norris, glór neamhspleách
(le 1-555-confide, talk, ar Vicipéid)

Cé go léiríonn an phobalbhreith Red C, a foilsíodh ar an 13 Meitheamh, go bhfuil 52% den pobal i bhfábhar fáil réidh le Seanad Éireann, táim den tuairim go dteipfidh ar an reifreann nuair a thiocfaidh lá na vótála sa bhfómhar. Níl ach 34% ag iarraidh Seanad Éireann a choinneáil faoi láthair, is cosúil. Ach idir seo agus lá an reifrinn beidh an bhearna sin ag laghdú le gach pobalbhreith a dhéanfar.

Táim ag éisteacht leis na hargóintí ar an dá thaobh, ó thosaigh an díospóireacht. Nuair a chuir Enda Kenny tús leis an bhfeachtas cúpla seachtain ó shin dúirt sé nach raibh aon mhaith leis an Seanad mar nár chuir an Seanad in aghaidh na bpolasaithe geilleagair a mba cúis iad leis an ngéarchéim gheilleagair ina bhfuil an tír faoi láthair. Is fíor san ach dá mba é sin an tslat tomhais is iomaí foras ar cheart a dhúnadh síos, an Banc Ceannais agus an Dáil san áireamh! An mhórargóint eile atá ag Fine Gael ná an méad airgid a shábháilfí dá bhfaighfí réidh leis. Tá an argóint sin tarraingteach don gnáthdhuine agus is air a bheas Fine Gael ag brath leis an reifreann seo a bhuachaint. Ach d’fhéadfaí an méid céanna airgid a shábháilt ach líon na dTeachtaí Dála a ghearradh síos go 100. Tuigim go dteastódh reifreann le sin a dhéanamh ach nach bhfuil reifreann le bheith againn agus nár cheart an rogha sin a thabhairt do na daoine chomh maith?

An Seanad Mídhaonlathach

Deir campa atá ag iarraidh an Seanad a choinneáil go mba cheart é a athnuachan, len é a dhéanamh níos feidhmiúla agus níos daonlathaí. Cinnte, tá easpa daonlathais ag baint leis an mbealach a thoghtar an Seanad. Níl aon vótaí ach (i) ag céimithe ó roinnt de na forais tríú leibhéal, na coláistí de chuid an NUI agus TCD, agus (ii) ag polaiteoirí, ’sé sin Comhairleoirí Contae agus baill an Oireachtais.

Níl aon dabht ach go bhfuil an bealach a thoghtar na Seanadóirí mídhaonlathach amach is amach. Níl aon chúis bhunreachtúil ann nach mbeadh vóta ag gach saoránach i roghnú na Seanadóirí. Tá vóta agamsa mar gur céimí de chuid an NUI mé agus bainim úsáid as. Níl vóta ag mo bhean chéile mar gur céimí de Ollscoil Luimnigh í. Vótáil na daoine i reifreann chomh fada siar leis an mbliain 1979 chun a chur ar chumas an rialtais reachtaíocht a chur tríd an Oireachtas le go dtabharfaí an vóta sna painéil ollscoileanna do na céimithe ó na coláistí tríú leibhéal ar fad. Mura bhfuil an vóta ag céimí ó DCU nó Ollscoil Luimnigh nó DIT, ní ar an Seanad atá an locht ach chuile rialtas a bhí i gcumhacht le 34 bliain anuas, nár ghníomhaigh lena chinntiú go ndéanfaí do réir toil na ndaoine, agus an vóta a thabhairt do gach céimí, ar neamhchead do cén foras a bhronn an pár céime.

Vóta a Thabhairt do Gach Saoránach

Ní theastódh ach Bille a chur tríd an Oireachtas leis an vóta a thabhairt do gach saoránach fásta i roghnú an tSeanaid, is cuma cén taobh den teorainn a bhfuil cónaí orthu nó cén tír ar domhan a bhfuil siad lonnaithe ann.

Feictear dom go bhfuil ciall leis an smaoineamh go bhféadfadh duine clárú roimh ré le vóta a fháil i gceann amháin de na cúig painéal atá liostáilte in Airteagal 18 den Bunreacht. Dá mba feilméir thú, seans go mbeadh tú ag iarraidh vóta a bheith agat i roghnú an phainéil ar a dtugtar Talamhaíocht. Dá mba fostóir thú, b’fhéidir go mbeadh tú ag cuartú vóta i bpainéal ar a dtugtar Tionscal is Tráchtáil. Ar ndóigh faoin gcóras sin, ní ghá go mbeadh cead ag duine ach vóta a chaitheamh i bpaineál amháin sa toghchán. Bheadh ar chéimithe rogha a dhéanamh idir vóta a bheith acu i bpainéil na nOllscoileanna nó i gceann de na cúig phainéal eile. D’fhéadfadh an vóta a bheith eagraithe ar an idirlíon, le hairgead agus le ham a shábhailt ach vóta poist a bheith ann chomh maith do dhaoine a mb’fhearr leo vótáil ar an mbealach sin.

Modh Oibre an Oireachtais a Leasú

Tugtar le fios sna meáin chumarsáide nach bhfuil sa Seanad ach fóram cainte gan feidhm. Breathnaíonn sé mar sin don phobal mar is annamh a thugtar poiblíocht don obair ar reachtaíocht a dhéanann na Seanadóirí. Ar an gclár teilifíse faoin Oireachtas, ní theaspáintear de ghnáth ach an cuid is spraoiúla agus is bladhmannaí agus is seafóidí den chur agus cúiteamh a bhíonn ann faoi ‘Order of Business’, amhail is nach mbíonn tada eile ar bun sa Seanad.

Tá na polaiteoirí atá ag iarraidh fáil réidh leis an Seanad ag geallúint dúinn go ndéanfar modh oibre na Dála a leasú, má vótáileann muid le deireadh a chur leis an Seanad. Cén fáth go gcaithfear deireadh a chur leis an Seanad le modh oibre na Dála a fheabhsú? Cén bac atá sa mbealach orthu nach féidir modh oibre na Dála a leasú ar aon chaoi, bíodh an Seanad ann nó as? Shílfeá ón gcaint seo go bhfuil croimnasc nó buarach curtha ag an Seanad ar na polaiteoirí sa Dáil, a gcuid gnaithí a dhéanamh i mbealach níos fearr!

Bille na Gaeltachta 2012 sa Seanad

Nuair a bhí an Bille Gaeltachta 2012 ag dul tríd an Oireachtas bliain ó shin is sa Seanad a deineadh iniúchadh ceart ar an mBille. Rinne trí Sheanadóir géarscrúdú ar an mBille: Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Féin); Brian Ó Domhnaill (Fianna Fáil) agus Seán Barrett (Neamhspléach). Léirigh siad cérbh iad na fabhtaí a bhí ar an mBille. ’Sé an trua nár thug an tAire Stáit Dinny Mc Ginley, mórán airde orthu, ach sin scéal eile. Nuair a chuaigh an Bille ar ais ag an Dáil, níor léirigh mórán Teachtaí Dála spéis ann ar chor ar bith agus sa deireadh brúdh an Bille tríd gan aon díospóireacht cheart ar na leasaithe a bhí molta. Sin mar a dhéantar obair na Dála go rómhinic.

Níor mhiste athruithe a dhéanamh i modhanna oibre an tSeanaid. Caitear an t-uafás ama amú le vótáil, mar shampla. An rud is seafóidí ar fad ná an bealach ar féidir le seanadóir córam a iarraidh agus go gcaithfear an obair a chur ar athló go dtí go mbíonn córam i láthair. (Chonaic mé le linn na díospóireachta ar Bhille na Gaeltachta Seanadóir ón bhfreasúra ag iarraidh córam agus é ag siúl amach é féin, tar éis dhó córam a iarraidh!)

Ach ’sé an fhadhb is mó leis an Seanad ná go bhfuil an iomarca de na Seanadóirí faoi cheangal ag na páirtithe, agus in áit a n-intinn féin a dhéanamh suas faoi reachtaíocht nó leasú ar reachtaíocht, bíonn iachall orthu treoir a thógáil ón bpáirtí. Seo é an ghné is frithdhaonlathaí ar fad faoin Seanad. B’fhéidir go bhfuil gá leis an gcóras sin sa Dáil sa gcaoi is nach gclisfidh ar an rialtas ró-éasca, ach ní theastaíonn sé sa Seanad.

An Múchfar Glór David Norris?

’Sé an bhuncheist a bheas le réiteach sa reifreann: an bhfuil muintir na hÉireann ag iarraidh go ndéanfar glór neamhspléach David Norris a mhúchadh sa bpolaitíocht? Ní dóigh liom go bhfuil agus is ar an mbonn sin a chaillfear an reifreann. Cé go bhfuil An Lucht Oibre ar son reifreann a reáchtáil ar an gceist, tá sé fógraithe ag cuid de na Teachtaí Dála ón bpáirtí sin cheana féin, go mbeidh siad ag vótáil NÍL. Tá Fianna Fáil agus Sinn Féin ar son Seanad Éireann a choinneáil is a athnuachan agus beidh a gcuid urlabhraithe ag iarraidh ar a lucht tacaíochta gan tacú leis an moladh. ’Sé mo thuairim, in ainneoin na bpobalbhreitheanna, nach mbeidh Fine Gael as féin in ann reifreann seo a bhuachaint. Mar gur tionscnamh de chuid Enda Kenny é, creidim gur buille mór in aghaidh a údaráis a bheas ann agus lagóidh sé a sheasamh taobh istigh dá pháirtí féin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.