Tá an Ghaeilge ag saothrú an bháis i nGaeltacht Chois Fharraige agus i gceantair láidre Ghaeltachta eile dar le Donncha Ó hÉallaithe. Ach níl sé róthógtha leis na daoine atá ag iarraidh aitheantas Gaeltachta a thabhairt do cheantair ar nós Chluain Dolcáin i mB’leá’ Cliath agus ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste.
Braithim go minic na laethanta seo i mo chónaí anseo i gCois Fharraige go bhfuilim le hais leaba an bháis. Is gearr go lasfar na coinnle leis na paidreacha deireanacha déanacha. Gaeltacht Chonamara, as ar fáisceadh Máirtín Ó Cadhain, Joe Steve Ó Neachtain, Johnny Chóil Mhaidhc, Caitlín Maude, Mícheál Ó Conghaile, gan trácht ar Phádraig Ó Conaire, atá ag saothrú an bháis sa leaba. Murach an buidéal ocsaigín agus cor instealladh fola, bheadh an anáil deiridh tarraingthe ag an nGaeltacht seo.
Táim i mo chónaí i nGaeltacht Chonamara le beagnach dhá scór bliain. Nuair a tháinig mé ann tús 1973 bhí an Ghaeilge ina steillebheatha ag gach aoisghrúpa agus bhí sí in uachtar i ngach gné de shaol an phobail. Is beag nach bhféadfá a rá gur cheantar aon teangach a bhí ann.
Comharthaí an Bháis:
Tá comharthaí an bháis chuile áit anois: i roinnt de na siopaí is le gnúsacht a fhreagraítear mé nuair a labhraím Gaeilge; sna ollmhargaí áitiúla cloisim freastalaithe meánaosta ag labhairt Béarla le seandaoine nár chleacht Béarla riamh cé go labhrann siad Gaeilge liomsa agus le corrchancrán eile ar nós mé féin; tá roinnt de na foirne peile sa gceantar á dtraenáil trí Bhéarla, amhail is nach bhféadfaí duine le Gaeilge a fháil.
Ar a laghad tá an chuid is mó de na himeachtaí pobail á n-eagrú trí Ghaeilge go fóill cé go bhfuil sé tugtha faoi deara gur trí Bhéarla a bhí an phoiblíocht déanta ag Beofest, féile ceoil a eagraíodh le dhá bhliain anuas sa gCeathrú Rua agus gur trí Bhéarla a bhí na postaeirí a crochadh faoi Dheireadh Seachtaine Ceoil Traidisiúnta a eagraíodh i Leitir Móir anuraidh. Níl ansin ach comharthaí den athrú teanga atá ag tarlú i measc an phobail. Ní postaeirí i mBéarla is cúis leis an mbealach a bhfuil cuid mhaith den aoisghrúpa idir 20 – 40 i gConamara iompaithe ar an mBéarla mar theanga cumarsáide eatarthu féin. Is comhartha an bháis é.
Bíonn daoine ag caint ar na páistí scoile ag Béarlóireacht agus bíonn cuid mhaith acu. Ach mar go bhfuil gasúir óga agam féin, cloisim gasúir scoile ag gaeilgeoireacht timpeall orm go minic ach is annamh a chloisim an aoisghrúpa sna ficheadaí ag gaeilgeoireacht eatarthu féin. Tuigim dóibh ar bhealach. Tá sé níos éasca cumarsáid a dhéanamh i mBéarla na laethanta seo. Ní bheidh aon duine gearrtha amach ón gcomhrá.
Ní dóigh liom go bhfuil aon náire ar aoisghrúpa na bhficheadóirí, mar go bhfuil Gaeilge acu. Is cinnte go bhfuil an ghráin ag cuid acu ar an dteanga lenar tógadh iad agus diúltaíonn siad í a labhairt. An chuid acu nár tógadh le Gaeilge ach a fuair oideachas go háitiúil trí Gaeilge, tá an ghráin acu ar an nGaeilge mar gheall ar sin agus an chuid eile acu nach bhfuil an ghráin acu ar an dteanga áitiúil, níor mhaith leo a bheith ag brú Gaeilge ar dhuine atá ag diúltú í a labhairt. Dá bhrí sin, ’sé an bealach is éasca a úsáidtear le cumarsáid a dhéanamh, is é sin, Béarla a labhairt. Tuigfidh chuile dhuine thú.
Deireadh Ré
Tá an Ghaeltacht is fairsinge agus is láidre sa tír, Conamara Theas ón Spidéal siar go Carna ar tí athrú teanga. Deirtear liom go bhfuil an scéal mar a chéile sna ceantair fíor-Ghaeltachta eile, ceantar Ghaoth Dobhair agus Iarthar Dhuibhneach. ’Sé an peaca é ach sin mar atá.
Níl fúmsa locht a fháil ar dhream ar bith faoi chás na Gaeltachta san alt seo. Nuair a bhreathnaítear go fuarchúiseach ar an scéal, caithfear a admháil gur tugadh neart tacaíochta do na pobail Ghaeltachta in imeacht na mblianta. Chabhraigh an tacaíocht sin, tríd is tríd, le moill a chur ar an athrú teanga. I bhfocla eile, bheadh an scéal níos measa murach Roinn na Gaeltachta, Raidió na Gaeltachta agus fiú amháin Údarás na Gaeltachta, dá dhonacht é.
Bhí dóchas agam as Coimisiún na Gaeltachta (2002). Chuir siad tuarascáil ghonta le chéile le moltaí maithe ach in áit gníomhú air, bunaíodh coiste le comhairle a chur ar an rialtas. An seanchleas. Chuir mé dóchas ansin sa Staidéar Teangeolaíochta (2007) a cuireadh ar bun le tuarascáil a réiteach faoi staid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Bhí moltaí ciallmhara déanta ansin ag saineolaithe coinsiasacha maidir le rangú a dhéanamh ar na ceantair Ghaeltachta de réir critéir theangeolaíocha. Níor cuireadh é sin i bhfeidhm ach an oiread, Bunaíodh meitheal eile saineolaithe, idirnáisiúnta an uair seo, le comhairle a chur ar an rialtas faoi Straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur le chéile.
Níl aon mhuinín agam as an Straitéis Fiche Bliain, mar nach bhfuil aon réadúlacht ag baint leis na spriocanna atá leagaithe síos ann. Is bunphrionsabal in aon phleanáil straitéiseach go mbeadh spriocanna réadúla ann i dtosach. Níl aon bhunús eolaíoch leis an sprioc de 250,000 cainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais faoin mbliain 2030. Theastódh méadú de 5.7% gach uile bhliain as seo go 2030 ar líon na gcainteoirí laethiúla Ghaeilge sa stat leis an sprioc sin a bhaint amach. Níl aon saineolaí teanga sásta a rá go poiblí gur sprioc réadúil é an 250,000 cainteoirí laethúla Gaeilge, ar eagla míchlú a tharraingt orthu féin. Cé as a dtáinig an uimhir mar sin? Is cosúil gur dúradh leis na saineolaithe go mba shin an sprioc a bhí socraithe ag an Aire Ghaeltachta ag an am, Éamonn Ó Cuív, amach as a chloigeann meabhrach féin! Le cur i gcéill mar sin ar bun, cén chaoi a bhféadfadh duine a bheith muiníneach as Straitéis atá lochtach ó thaobh spriocanna réadúla a cheapadh.
Deir an Rialtas seo go bhfuil siad leis an Straitéis a chur i bhfeidhm, an Rialtas atá le Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh. Féach a bhfuil ar bun ag an Rialtas seo leis an Straitéis a chur i bhfeidhm: Údarás na Gaeltachta a fhágáil gan airgead; diúltú a thabhairt do Ghaelcholáistí tosnú in áiteacha a bhfuil éileamh ar mheánoideachais trí mheán na Gaeilge: deireadh curtha le Scéim Labhairt na Gaeilge agus gan tada a chur ina áit!
Na Portáin ag Cruinniú Timpeall ar an gCorpán
Mar bharr ar an donais tá Dinny Mc Ginley ag ceapadh go bhféadfaí ceantair nua a aithint mar cheantair Ghaeltachta. Chuirfeadh sé iontas orm dá gceapfadh Dinny Mc Ginley gurb ionann ‘Gaeltacht’ agus áit a bhfuil Gaelscoil agus Gaelcholáiste ag feidhmiú agus Club Sóisialta curtha ar bun, ina mbíonn imeachtaí trí Ghaeilge anois is arís. Níl daoine ach ag léamh an script a thugtar dhóibh. Seo é an clár oibre atá ag na daoine atá ag stiúrú na straitéise, daoine a chur amú le fantasaíocht faoi Ghaeltachtaí nua a aithint i gCluain Dolcáin agus in áiteacha eile.
Tá an chaint seo faoi aitheantas Gaeltachta a thabhairt do ceantair chathrach, ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid ag mionlach beag den phobal iontu ag déanamh beag is fiú de na ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt go nádúrach ag móramh nó ag mionlach mór den phobal iontu, in ainneoin na ndeacrachtaí ar thagair mé dhóibh roimhe seo.
Cuireann sé olc orm nuair a fheicim lucht na Gaeilge i mBéal Feirste ag iarraidh aitheantas Ghaeltachta a thabhairt d’Iarthar Bhéal Feirste, mar a bhí á éileamh ag Eoghan Ó Néill le gairid (Gaelscéal, 15 Feabhra). Tá an-mheas agamsa ar Eoghan Ó Néill agus ar na díograiseoirí teanga eile i mBéal Feirste agus in áiteacha eile i dTuaisceart Éireann. Tá fuinneamh agus creideamh agus samhlaíocht acu, mar a bhí ag Conradh na Gaeilge sarar ghlac an IRB seilbh air. Tá ardmheas go deo agam othu. Tá ardmheas agam chomh maith ar na daoine misniúla a chuir Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ar bun i gCluain Dolcáin agus go leor ceantair cathrach eile. Murach iad ní bheadh mórán Ghaeilge ag na gasúir scoile taobh amuigh den Ghaeltacht. Ach i gcead dóibh, ná bí ag iarraidh an dual droinne ‘Gaeltacht’ a ghoid uainn sa mhéad den Ghaeltachta atá fanta, ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga pobail go fóill agus ina labhrann daoine Gaeilge mar gurb í a dteanga áitiúil nádúrach í. [Féach freisin Gaelscéal 29 Feabhra, lch. 8, Gaeltacht Ghlan í Gaeltacht na bhFál]
Níl mórán dóchais agam as todhchaí na Gaeltachta ach ní cabhair ar bith d’ár gcás go mbeadh díograiseoirí Ghaeilge i mBéal Feirste ag iarraidh na taiséadaí a bhaint den chorpán ar an leaba, agus an Ghaeltacht ag tabhairt na gcor. Is geall le portáin ag ionsaí putógaí éisc iad.