AR NA SAOLTA SEO
Cás na Gaeilge a Dhéanamh san Eoraip!
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Ag breathnú chun cinn ar 2013, Bliain na Gaeilge, deir Donncha Ó hÉallaithe nach bhféadfadh sé a bheith chomh dona leis an mbliain atá caite. Molann sé go mba cheart cás caomhnú na Gaeilge a chur os comhair Comhairle Airí Aontas na hEorpa.

Íomhá
Áras Chomhairle an Aontais Eorpaigh
(© leis an AE)
Íomhá
Teorainn na Gaeltachta 87 bliain ó shin
(Cliste ar Vicipéid)
Íomhá
I dteideal stádas Gaeltachta cúig bliana ó shin
(le Cliste ar Vicipéid)
Íomhá
An tAire Jimmy Deenihan
(le Myrtle26 ar Flickr)
Íomhá
An Taoiseach, Getting Irish Business OnLine
(le Blacknight ar Flickr)

Bliain úr nua ag tosnú agus ba mhaith liom a bheith dóchasach. Ní fhéadfadh an bhliain atá romhainn a bheith chun dona leis an mbliain atá imithe tharainn, annus horribilis na Gaeltachta, im’ thuairimse.

Bliain na Gaeilge atá baiste ar 2013 ag Conradh na Gaeilge. Níor mhiste sin, más féidir aird a dhíriú ar an ngéarchéim teanga sna pócaí Gaeltachta atá fágtha, tar éis 90 bliain d’ár rialtas féin. Tá súil agam go mbeifear in ann an bhliain a úsáid le dhá rud a dhéanamh: (i) i dtosach, a chur ar a súile do mhuintir na hÉireann nach bhfuil i straitéis an rialtais i dtaobh pleanáil teanga sa Ghaeltacht ach cur i gcéill ó thús go deireadh, ar a bhféadfaí go leor airgid poiblí agus fuinnimh pobail a chur amú gan toradh ar bith dá bharr agus (ii) a chur in iúl don Aontas Eorpach, ag an leibhéal is airde, go bhfuil cuid tábhachtach d’oidhreacht cultúir na hEorpa i mbaol de dheasca cur i gcéill an rialtais anseo, maidir le caomhnú na Gaeilge sna ceantracha ina bhfuil sí fós ina teanga bheo.

An Rialtas is Measa Fós:

B’fhéidir gurb é seo an rialtas is measa ó thús an stáit, maidir le caomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht. Cinnte tá Gaeilge líofa go maith ag an Taoiseach, ag an Tánaiste agus ag an Aire Airgeadais agus iad breá sásta í a labhairt go poiblí. Tá moladh áirithe ag dul dóibh dá réir. Ní hé go bhfuil an rialtas naimhdeach don Ghaeilge. Tá sé níos measa ná sin: ní spéis leis an rialtas seo ceist na teanga bealach amháin nó bealach eile. Tá an iomarca fadhbanna eile ag déanamh imní dóibh, le bheith buartha faoi chás na bpobal sin, a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha acu leis na cianta. Dá mbeidís naimhdeach go hoscailte faoin nGaeltacht, bheadh sé níos fearr: d’fhéadfaí daoine a ghríosadh faoin gceist.

Is de bharr na polasaithe agus an reachtaíocht a socraíodh le linn na bliana 2012, a chaill mé dóchas sa gcomhrialtas seo maidir le todhchaí na Gaeltachta. Ar an gcéad dul síos, mí Aibreáin seo caite, tháinig an tAire Stáit Dinny Mc Ginley go Cois Fharraige - a chroí san áit ceart, ar ndóigh, mar a deirtear go minic faoi - le straitéis an rialtais a fhógairt maidir le dul i ngleic le díothú na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Bhíos ag tnúth le fógra fiúntach uaidh.

Ón mbliain 2002 i leith, bhí na milliúin euro caite ar thaighde, ar shaineolaithe agus ar thuarascálacha, a cuireadh os comhair Roinn na Gaeltachta. Bhíos dóchasach go mbeadh beartas ciallmhar straitéiseach le fógairt ag Dinny Mc Ginley, bunaithe ar an dtaighde agus ar na moltaí a bhí déanta ag na saineolaithe.

An Clár Tacaíochta Teaghlaigh:

Ar an gcéad dul síos bhí an tAire Stáit tagtha inár láthair chun an Clár Tacaíochta Teaghlaigh, a bheadh ag tíocht i gcomharbacht ar Scéim Labhairt na Gaeilge a fhógairt. Roimhe sin reáchtáladh cruinnithe le tuismitheoirí lena gcuid tuairimí a fháil. Bhíos féin ag ceann acu sna Forbacha: tháinig smaointí iontacha ciallmhara ó na tuismitheoirí óga Gaeltachta a bhí i láthair ach níor tugadh aird ar bith ar na moltaí sin sa gClár Tacaíochta Teaghlaigh. B’é an rud ba mhó a bhí le fógairt ag an Aire ná go mbeadh pacáiste tacaíochta á scaipeadh ar thuismitheoirí a bheadh ag iarraidh páistí a thógáil le Gaeilge, ina mbeadh leabhrán le comhairle inti agus an dlúthdhiosca Rabhlaí Rabhlaí!

Teorainneacha na Gaeltachta 2012:

Ag ócáid seolta a chuid ‘bounty bags’, mí Aibreáin seo caite, d’fhógair an tAire Stáit go raibh sé chun teorainneacha na Gaeltachta a athshocrú ar bhonn teangeolaíochta. ‘Iontach’, a deirim liom féin, ‘faoi dheireadh tá Aire Gaeltachta sásta gníomhú ar cheist achrannach na dteorainneacha Gaeltachta, rud nach raibh sé de mhisneach ag Ó Cuív a dhéanamh, an fhad is a bhí cúram na Gaeltachta air’. Bhí Dinny McGinley chun reachtaíocht nua a thabhairt isteach ina mbeadh ‘don chéad uair riamh’, a dúirt sé, sainmhíniú nua á thabhairt don Ghaeltacht.

Tugadh an reachtaíocht isteach inar leagadh síos go bhfágfaí na teorainneacha mar a bhí, gan aon athrú. Tá agus beidh aitheantas oifigiúil Gaeltachta ag áit ar bith a bhí taobh istigh de na teorainneacha a socraíodh i 1956 agus a fhios ag madraí an bhaile nach bhfuil aon bhunús teangeolaíochta a thuilleadh leis na teorainneacha sin.

Mar shampla, tá na bruachbhailte ar imeall Chathair na Gaillimhe fágtha sa Ghaeltacht ‘nua-shainmhínithe’. Roimhe seo is tré thimpist tíreolaíochta a bhí aitheantas Gaeltachta ag na eastáit tithíochta i dTír Oileáin, i mBaile an Bhriotaigh agus i gCnoc na Cathrach agus vótaí i dtoghchán an Údaráis dá réir.

Tugadh aitheantas Ghaeltachta do go leor de na bailte fearainn ar imeall Chathair na Gaillimhe sa bhliain 1956. Tógadh eastáit tithíochta ó shin sna bailte Gaeltachta seo, le linn blianta forbartha na cathrach. Deir Acht na Gaeltachta 2012 anois go gcaithfear aitheantas oifigiúil Ghaeltachta a thabhairt do na 15,000 duine a bhfuil cónaí orthu sna heastáit móra tithíochta seo ar an gcritéir seo amháin: tugadh aitheantas Ghaeltachta i 1956, do na bailte fearainn seo, nuair nach raibh ina gcónaí iontu ach 500 duine.

Níl aon bhunús teangeolaíochta le seo ach a mhalairt. Níos measa ná sin, ní féidir an t-aitheantas Gaeltachta atá bronnta go héagóireach ar na heastáit tithíochta seo i gCathair na Gaillimhe a athrú, gan reachtaíocht nua! An chumhacht a bhíodh ag an rialtas, i dtaobh theorainneacha na Gaeltachta a athrú, do réir mar ba ghá, tá sé curtha ar ceal ag Mír 7 de Acht na Gaeltachta 2012. Tuigim go maith nár úsáideadh an chumhacht ach le píosaí breise a chur leis an nGaeltacht ó am go ham. Ach ar a laghad, bhí an chumhacht ag an rialtas na teorainneacha a athrú, ach an toil a bheith ann. Níl anois.

Achainí ar Aontas na hEorpa:

Níl aon dóchas agam as an gcomhrialtas, de bharr an Acht Gaeltachta a brúdh tríd an Oireachtas faoi dheifir roimh bhriseadh an tsamhraidh. Braithim nach fiú a thuilleadh ama a chur amú ag iarraidh dul i bhfeidhm ar Dinny Mc Ginley ná ar aon Aire eile sa rialtas. Chlis Dinny. Chlis sé ar an nGaeltacht. Chlis sé chomh maith ar fhormhór muintir na hÉireann, ar mhaith leo go mairfeadh an Ghaeilge mar theanga bheo sa tír seo.

Ceapaim ag an bpointe seo go mba chóir ceist na Gaeilge a ardú san Eoraip. Is ceart aird na nAirí Cultúir a dhíriú ar an gcontúirt mhór atá ann go bhfaighfidh an Ghaeilge bás mar theanga bheo pobail, taobh istigh d’achar gearr, mar gur dhiúltaigh an rialtas cosaint cheart a dhéanamh ar na ceantair ina bhfuil sí fós in úsáid i measc an phobail.

Is cuid d’oidhreacht na hEorpa í an Ghaeilge ar an gcaoi chéanna gur chuid d’oidhreacht na hEorpa na portaigh, atá á gcaomhnú. Bhí ar Aontas na hEorpa iachall a chur ar rialtas na hÉireann na portaigh a chosaint, ón scrios a bhí á ndéanamh orthu ag tionscail baint na móna. Go drogallach, shocraigh an tAire Jimmy Deenihan, a bhfuil cúram na Gaeltachta air chomh maith, gníomhú faoi na portaigh. Tuigim go maith go bhfuil raic fúthu ach níl an tarna rogha tugtha ag Aontas na hEorpa don rialtas ach na portaigh a chaomhnú, bíodh raic ann nó ná bíodh.

Thóg sé na mílte bliain ar an dúlra na portaigh a chruthú. Má scriostar iad, sin sin. Tá na mílte bliain de fhorbairt déanta ar an oileán seo ag an nGaeilge chomh maith, mar ghnáth-theanga labhartha, á seacadadh ó ghlúin go glúin sa nGaeltacht. Deir na saineolaithe linn nach bhfuil mórán ama fágtha ag an nGaeilge, mar theanga bheo i measc an phobail, fiú sna Gaeltachtaí is láidre dá bhfuil againn. Nuair nach bhfuil rialtas na hÉireann sásta gníomhú i mbealach fónta straitéiseach leis an nGaeilge a chaomhnú, b’fhéidir go mbeadh an Eorap sásta a ladar a chur sa scéal! Más féidir le Aontas na hEorpa iachall a chur ar Rialtas na hÉireann na portaigh a chaomhnú agus an soláthar uisce a ghlanadh, shílfeá go mbeadh an Bhruiséal in ann iachall a chur ar an Rialtas maidir le cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Beidh uachtarántacht Aontas na hEorpa i seilbh na hÉireann as seo go ceann leath bliana. Seo an deis aighneacht láidir a chur le chéile, sínithe ag na mílte le cur os comhair Comhairle na nAirí Eorpacha, nuair a bheas siad bailithe anseo faoi chathaoirleacht na hÉireann. Theastódh an cás a dhéanamh go gonta san aighneacht agus impí ar Airí Cultúir na hEorpa, treoracha a leagan síos do Rialtas na hÉireann faoi chaomhnú na Gaeilge sa gcuid sin den Eoraip ina bhfuil sí fós á labhairt. Mura mbeadh mar thoradh ar an achainí go náireofaí Jimmy Deenihan agus Enda Kenny faoi cheist na Gaeilge, os comhair iriseoirí agus polaiteoirí na hEorpa, maidir le siléig an rialtais i leith na Gaeilge, b’fhiú é!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.