AR NA SAOLTA SEO
Ré Nua do na hEagraíochtaí Gaeilge?
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Anois go bhfuil ainmneacha na gceanneagraíochtaí fógartha faoi dheireadh ag Foras na Gaeilge, ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe an bhfuil tús á chur le ré nua i leathnú na Gaeilge i measc an phobailan leanfar leis an seanchur chuige céanna.

Íomhá
Number marks of road, amaidí an stáit ar fud an bhaill
Íomhá
Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí CnaG i Halla na Saoirse Mí Eanáir
Íomhá
Fóram Phobal na Gaeilge, Gaillimh Feabhra 2013
Íomhá
An Lá Mór, 15 Feabhra i mBÁC
Íomhá
Fóram Phobal na Gaeilge i mí Eanáir i mbliana
Íomhá
Saoirse caint i Halla na Saoirse, Dónall Ó Cnáimhsí faoi agallamh

Glacadh go forleathan leis gur theastaigh atheagar ó na heagraíochtaí Gaeilge a bhí ag maireachtáil ag airgead an stáit: cuid acu ag trasnaíl a chéileag treabhadh leo sa ngort céanna, gan mórán torthaí le feiceáil ar a gcuid oibre. Faoin Múnla Nua Maoinithe beidh an t-airgead, a bhíodh á chaitheamh ar 16 de na heagraíochtaí Gaeilge go dtí seo, le dáileadh ar 6 ‘Cheanneagraíocht’. (Beidh socraithe speisialta á ndéanamh le trí eagraíocht a airgeadú: Raidió Fáilte, Raidió na Life agus Áisionad a sholátharaíonn áiseanna teagaisc trí Ghaeilge do scoileanna i dTuaisceart Éireann).

Léiríonn an clár thíos an réimse oibre as a mbeidh gach ceann dena 6 cheanneagraíocht freagrach:

Réimse OibreCeanneagraíocht Bhuacach
1Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht Lán-GhaeilgeEagraíocht na nGaelscoileanna
2Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus IonadaíochtConradh na Gaeilge
3Oideachas in Earnáil an BhéarlaGael-Linn
4Deiseanna a Thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus le Bunú GréasánOireachtas na Gaeilge
5Forbairt Pobail agus EacnamaíochtaGlór na nGael
6Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine ÓgaCumann na bhFiann

Bhíos i láthair ag cruinniú i nGaillimh, a thionól an Foras leis an ‘Samhail Nua Mhaoinithe’ a phlé tús na bliana 2012. Ní plé a bhí ann i ndáiríre ach ochón agus olagón ó cheannairí na n-eagraíochtaí. Rinne mé an argóint ag an gcruinniú go mba cheart airgead an Fhorais a chaitheamh ar thionsnaimh a chur i gcrích seachas ar eagraíochtaí a choinneáil beo. (Is cosúil go raibh €6 de gach €10 ón bhForas á chaitheamh ag na heagraíochtaí ar thuarastail na bhfostaithe!) Ach faoin Múnla Nua Maoinithe an mbeidh sé aon dath níos fearr? Sin an cheist.

Bearnaí, Trasnaíl agus Doiléire

cuid de na réimsí oibre thuas an-soiléir, ach tá cuid eile nach bhfuil. Níl aon trácht ar an ealaín, cé go raibh sé ar cheann de na réimsí oibre a bhí luaite go sonrach sa tSamhail Nua Mhaoinithe. Ina áit sin, tá Oireachtas na Gaeilge ceangailte le ‘Deiseanna a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán’. Ach nach é seo an cineál oibre, a bhíodh ar bun ag Glór na nGael go dtí seo? Anois tá Glór na nGael ceaptha a bheith ag plé le ‘Forbairt Pobail agus Eacnamaíochta’. An trí pobail éagsúla a chur ag iomaíocht in aghaidh a chéile, i gcomórtas seanchaite gan mórán toradh fadthréimhseach? Beidh an cúram ar Ghael-Linn dul ag plé le ‘oideachas in earnáil an bhéarla’, in áit an cúram a chur orthu siamsaíocht trí mheán na Gaeilge a eagrú is a spreagadh is a chothú, rud a theastaíonns go géar, le deiseanna a chur ar fáil do dhaoine le Gaeilge í a úsáid go sóisialta.

Is cosúil nach raibh aon iomaíocht ann don réimse oibre ‘Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga’. Tugadh an cúram sin do eagraíocht, arbh é a phríomhghnó Coláistí Samhraidh a eagrú agus clubanna do dhaoine óga a reáchtáil do scoláirí a d’fhreastail ar na coláistí sin. Níl amhras ar bith faoi ach go bhfuil obair mhaith déanta ag Cumann na bhFiann anuas na blianta leis na cumainn do dhaoine óga atá bunaithe acu. [Colaiste na bhFiann. Ach tá amhras orm an é Cumann na bhFiann is fearr le dul i bhfeidhm ar dhaoine óga a bhfuil Gaeilge líofa cheana acu sa nGaeltacht agus sna Gaelcholáistí. Sin an dream is mó a theastaíonn eagar a chur orthu. Tá súil agam dá réir sin go mbeidh Cumann na bhFiann sách oscailte le tabhairt faoi rud éicint a dhéanamh d’óige na Gaeltachta agus do Ghaeilgeoirí óga eile, a bhfuil Gaeilge líofa. Níor mhiste an t-ainm a athrú, mar chéad chéim, mar tá íomhá Chumann na bhFiann róchúng agus rónáisiúnach, dar liom, don lá atá inniu ann? Chomh maith le sin tá sé rócheangailte le coláistí áirithe samhraidh.

An Tuaisceart

An bhfuil faillí déanta i lucht na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, iad fágtha gan aon cheanneagraíocht? Botún mór millteanach é seo nach dtuigim agus tá sé thar am don Fhoras míniú a thabhairt air. Is cosúil gur cuireadh Iontaobhas Ultach, Forbairt Feirste agus Pobal as an áireamh os rud é go bhfuil siad dírithe ar thionscnaimh i dTuaisceart Éireann amháin. Tá éirithe thar cinn leis na heagraíochtaí sin torthaí suntasacha a bhaint amach in achar gearr ama. Má bhíodar in ann eisceacht a dhéanamh de Raidió na Life agus don Áisaonad, níl cúis ar bith nach bhféadfaidís slí a chruthú d’eagraíocht amháin pobail ar a laghad i dTuaisceart Éireann. B’fhéidir nach bhfuil sé ródheireanach iarraidh ar na trí cinn tíocht le chéile mar eagraíocht amháin trasphobail, a dhéanfadh an Ghaeilge a dhícheangail ó náisiúnachas seicteach na Sealadach. Gan Iontaobhas Ultach, cé dhéanfaidh an obair sin anois?

Deireadh Curtha leis an gComhdháil

Is trua liom go bhfuil deireadh curtha leis an gComhdháil. Bhíodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge fíoréifeachtach ag dul i bhfeidhm ar pholaiteoirí sa bPoblacht. Le linn do reachtaíocht a bheith os comhair an Oireachtais, thugtaí aird ar phointí a d’ardaíodh an Chomhdháil. Is fiú dhá shampla a lua: (i) tugann mír 9(h) don Acht Oideachais 1998, cosaint thábhachtach don Ghaeilge mar mheán teagaisc i scoileanna na Gaeltachta agus is faoi mhír 31 a bunaíodh is a mhaoinítear COGG; (ii) leagann mír 10.2 (m) san Acht Pleanála 2000 dualgas ar na Comhairlí Chontae féachaint chuige go mbíonn chosaint na Gaeilge mar theanga pobail sa nGaeltacht mar chuid lárnach den chóras pleanála. Sin dhá shampla de mhíreanna sa reachtaíocht atá ann de bharr obair stocaireachta na Comhdhála.

Ba é Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a bhunaigh Airdeall in éindí le roinnt againn sna ceantair Ghaeltachta. Níor chaill Airdeall oiread is achomharc amháin os comhair an Bhord Pleanála maidir le scéimeanna tithe a bheith á gceadú ag Comhairlí Contae éagsúla gan aird acu ar riachtanais teanga sna coinníollacha. Bhí misneach ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an uair sin, misneach nach raibh ag Údarás na Gaeltachta ná ag Roinn na Gaeltachta. Go deimhin chuir an tAire Gaeltachta ag an am, Éamonn Ó Cuív, brú ar an gComhdháil éirí as an obair seo, obair ar cheart a bheith ar siúl ag a Roinn féin ó cheart ach ní raibh sé de mhisneach ag Ó Cuív, in ainneoin a bhladair faoin nGaeilge, dul in éadan na bhforbróirí ina dháilcheantar féin.

Tá fáth ag roinnt pobail Ghaeltachta a bheith buíoch go deo den Chomhdháil as an obair stuama a deineadh na blianta sin, obair nach raibh an tÚdarás ná An Roinn sásta drannadh leis.

An Conradh

Cé go mbeadh an-mhuinín agam as cumas agus as feidhmiúlacht Ard-Rúnaí an Chonradh, Julian de Spáinn, tá an CnaG ag iompar a dhóthain meáchain, le structúr millteanach místuama á choinneáil siar: 31 ball ar an gCoiste Gnó, i bhfad an iomarca le bheith feidhmiúil; na céadta craobh san eagraíocht, scór acu liostáilte i gContae na Gaillimhe amháin, ach fíorbheagán acu gníomhach. Má tá an Conradh le bheith freagrach as ‘ardú feasachta, cosaint teanga’ mar atá leagtha síos dóibh ag an bhForas, an mbeidh aon iachall orthu struchtúr na heagraíochta a dhéanamh níos feidhmiúla, nó an bhfágfar é mar atá sé, le neart craobhacha ar pháipéir ach fíorbheagán acu gníomhach? Tá súil agam go mbeidh an Conradh sách tuisceanach le leanúint leis an obair fíorthábhachtach a bhí ar bun ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus an tIontaobhas Ultach, go sonrach.

Monatóireacht Neamhspléach

Sa leathbhliain atá amach romhainn ba cheart go mbeadh Foras na Gaeilge ag déanamh cinnte dhó, má tá an múnla nua maoinithe seo le bheith feidhmiúil, go mbeadh structúr feidhmiúil ag na heagraíochtaí atá le bheith ag fáil an mhaoiniú téagartha. Tá sé riachtanach go mbeadh córas neamhspléach monatóireachta is meastóireachta curtha ar bun. Níor cheart glacadh leis an dearcadh diúltach don mhonatóireacht neamhspléach a bhí ag Lorcán Mac Gabhann (Glór na nGael) ag caint ar RnaG nuair a thug sé le fios, nuair a ceistíodh é faoi mhonatóireacht neamhspléach, go mbeadh Glór na nGael ag déanamh meastóireacht ar a chuid oibre féin, go raibh maith agat! Sa lá atá inniu ann, níl sé sin sách maith. Dream ar bith nach bhfáilteodh roimh mhonatóireacht neamhspléach ar a gcuid oibre, níor cheart aon airgead poiblí a thabhairt dóibh!

Cuid Lárnach dár bhFéiniúlacht

Ag labhairt dhó os comhair Fochoiste Oireachtais ar an 23 Eanáir, faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, thug an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, dúshlán an státchórais faoin bhfaillí atá déanta, maidir le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta is na Gaeilge ina rogha teanga. Ag deireadh a chur i láthair, dúirt sé go raibh rogha againn ‘féachaint siar ar an Ghaeilge mar theanga a chaill muid nó féachaint chun tosaigh agus í mar chuid lárnach dár bhféiniúlacht agus dár bhflaitheas’. Ba mhaith liom a cheapadh, i bhfianaise an rogha dhúshlánach poiblí ón gCoimisinéir Teanga, gur léas dóchais don teanga é an Múnla Nua Maoinithe agus go bhfuil tús á chur le cur chuige nua, a chinnteodh áit lárnach don Ghaeilge, mar theanga bheo i saol poiblí na tíre amach anseo.

Níl aon amhras faoi ach gur theastaigh cic sa tóin ó chuid de na heagraíochtaí Gaeilge. Tá sin tugtha anois dóibh. Is trua liom go bhfuil cuid de na heagraíochtaí is fearr ciceáilte amach as an leaba, ach sin mar atá. Caithfear cinntiú go bhfuil na cinn atá fágtha feidhmiúil, oirbheartach agus ag fáil torthaí. Ach tá contúirt ann go leanfar leis na modhanna oibre seanchaite céanna nár oibrigh go dtí seo, i lámha cuid mhaith den phearsanra céanna ar theip orthu aon dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le leathnú agus doimhniú úsáid na Gaeilge i measc an phobail.

Ba mhaith é tréimhse profa bliana a thabhairt do gach eagraíocht i dtosach, sara dtugtar conradh fadtréimhseach dóibh. Theastódh chomh maith córas monatóireachta neamhspléach a chur ar bun, le meastóireacht a dhéanamh gach trí bliana, ar cé mar atá ag éirí leis an eagraíocht an plean a chur i bhfeidhm agus na spriocanna a bhaint amach. An uair sin b’fhéidir go bhfeicfear luach ar an airgead poiblí atá le caitheamh ar na ceanneagraíochtaí atá roghnaithe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.