AR NA SAOLTA SEO
Na Meánmhúinteoirí i Sáinn?
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Tar éis don ASTI vótáil in aghaidh glacadh le socrú Bhóthair Haddington, ceapann Donncha Ó hÉallaithe go n-aimseofar bealach éalaithe do na meánmhúinteoirí le deis a thabhairt dóibh tíocht as an tsáinn ina bhfuil siad.

Íomhá
Ag seachadadh tuarastal na mbreithiúna, abraimis
Íomhá
An tAire Breandán Howlin
(le William Murphy ar Flickr)
Íomhá
Ionad Comhdhála Pháirc an Chrócaigh

Níor mhaith liom a bheith im’ phríomhoide i Meánscoil, go háirithe na laethanta seo, tar éis don ASTI, ceardchumann na meánmhúinteoirí, diúltú glacadh le Socrú Bhóthair Haddington. Ar ndóigh, mar iarghníomhaí ceardchumainn (TUI), tuigim go maith cén fáth ar vótáil na meánmhúinteoirí, beagnach dó in aghaidh a haon i gcoinne an tsocraithe a bhí curtha le chéile tar éis do ghluaiseacht na gceardchumann cur suas do shocrú Pháirc an Chrócaigh II. In ainneoin na mbagairtí ó Airí Rialtais, lá i ndiaidh lae tríd na meáin cumarsáide nuair a bhí an vótáil ar bun, níor glacadh le socrú Pháirc an Chrócaigh II, rud a bhain creathadh as Breandan Howlin go háirithe. Ach tháinig Howlin go maith as sa deireadh. An rogha a bhí aigelaghduithe tuarastail a chur i bhfeidhm tré reachtaíocht nó tré iarracht eile a dhéanamh tíocht ar shocruithe leis na ceardchumainn, ceann ar cheann tré úsáid cliste a bhaint as an LRC.

Reachtaíocht Howlin

Nuair atá stair na tréimhse seo á scríobh amach anseo tabharfar aitheantas don éacht a rinne an tAire Brendan Howlin, an bealach a éascú le socrú Bóthair Haddington a fháisceadh as an smionagar a bhí fágtha nuair a chaith na ceardchumann amach socrú Pháirc an Chrócaigh II. Níor thaithin sé le cuid mhaith de chúlbhinseoirí an Lucht Oibre go raibh orthu vótáil ar son reachtaíochta a laghdódh pá na n-oibrithe sa tseirbhís phoiblí, cé go raibh geallúint sollúnta tugtha ag an rialtas i 2010, nach mbeadh aon laghdú ann go dtí deireadh 2014, ar a thúisce. Ach b’é an reachtaíocht céanna a thug na ceardchumann ag an mbord san LRC ag iarraidh maolú ar na téarmaí i socrú Pháirc an Chrócaigh II. Tá sé de chreidiúint ag na ceannairí ceardchumann gur éirigh leo na laghduithe tuarastail a stopadh do na oibrithe ar thuarastal faoi bhun €65,000.

Ar ndóigh ní raibh aon cheardchumann sásta go raibh an rialtas ag briseadh an gheallúint a tugadh in alt 1.15 de shocrú Pháirc an Chrócaigh (2010-2014), nach ndéanfaí aon laghdú eile i bpá na n-oibrithe sa tseirbhís phoiblí, múinteoirí san áireamh, ‘in the lifetime of this agreement.’ Rogha an dá díogha a bhí ag na ceardchumainn: glacadh le athruithe a bhí i socrú Bhóthair Haddington, a bhí oibrithe amach tré idirbheartaíocht leo, nó glacadh le hathruithe níos measa a chuirfí i bhfeidhm gan aon idirbheartaíocht.

Rinne na meánmhúinteoirí a vótáil san ASTI an rogha mícheart, im’ thuairimse, agus anois tá siad sáinnithe i dtroid nach féidir leo a bhuachaint. Tá an ASTI ag seasamh astu féin in aghaidh glacadh le socrú a chiallódh nach laghdófaí pá an chuid is mó de na múinteoirí (iadsan faoi bhun €65,000 sa mbliain) ach go mbeadh ar gach múinteoir a bheith ar fáil sa scoil ar feadh uair a’ chloig breise le freastal ar chúrsaí oiliúna agus ar chruinnithe éagsúla, idir chruinnithe foirne, cruinnithe le tuismitheoirí agus cruinnithe pleanála.

Uair a chloig Breise sa tSeachtain

Is léir nach bhfuil aon ghoile ag formhór na meánmhúinteoirí don uair a’ chloig breise sa scoil a bhíothas a iarraidh orthu a dhéanamh chuile sheachtain, le go mbeidís ar fáil le freastal ar na cruinnithe éagsúla.

Cé go bhfuil Pat King, an Rúnaí Ginearálta ar an ASTI, ag cur amach a theanga bheag ag rá is ag athrá leis na meáin chumarsáide gur ar mhaithe leis na daltaí atá an ceardchumann ag glacadh an tseasaimh seo. Tuigeann na tuismitheoirí a mbeidh orthu leath lá saoire a thógáil óna gcuid oibre le freastal ar chruinniú le meánmhúinteoirí, nach bhfuil sa gcaint sin ach bladar gan bhunús. Is fadhb don ASTI nach bhfuil aon bhá ag tuismitheoirí leis an ASTI mar is iad na tuismitheoirí is na scoláirí atá thíos leis. Ní féidir leis an rialtas géilleadh ar shocrú Bhóthair Haddington do cheardchumann amháin, gan na ceardchumainn a vótáil ar son an chomhaontú a chur in aer. Ag an am céanna beidh leisce ar an rialtas an reachtaíocht a úsáid in éadan baill den ASTI, mar go bhféadfadh sin deacrachtaí a chruthú, ní hamháin sa ghearrthéarma ach sa bhfadthéarma chomh maith, má tá coinníollacha oibre níos measa ag baill an ASTI seachas mar atá ag múinteoirí gur baill iad den cheardchumann eile, an TUI nó nach baill iad de cheachtar cheardchumann.

Glactar leis nach raibh baill an ASTI ag vótail in aghaidh an tsocraithe mar gheall ar airgead: is beag airgid a chaillfeadh formhór na múinteoirí leis, os rud é nach mbeadh aon ghearradh anuas déanta ar bunphá múinteoirí a bhíonn ag saothrú faoi bhun €65,000 sa bhliain. Vótáileadh ina éadan mar gheall an uair a’ chloig breise: go mbeifear ag iarraidh ar na múinteoirí a bheith ar fáil le 33 uair a’ chloig breise a dhéanamh i gcaitheamh na scoilbhliana, taobh amuigh de ghnáthuaireanta scoile, nó uair a’ chloig in aghaidh na seachtaine más fearr leat. Bheadh sé i gceist go n-úsáidfí an t-am sin le go bhféadfadh muínteoirí freastal ar chruinnithe éagsúla, ar chúrsaí oiliúna, cruinnithe le tuismitheoirí agus seasamh isteach do mhúinteoir a bheadh tinn nó gafa le hobair eile, gan cur as don amchlár teagaisc. Mar thuismitheoir, a bhfuil beirt agam sa tarna leibhéal faoi láthair, fáiltím roimh an ghné sin den socrú nua.

Bhíodh sé craiceáilte, go gcuirfí na gasúir abhaile ag am lóin le go bhféadfaí cruinniú a bheith ag na múinteoirí. Is iomaí lá scoile a cailleadh le go mbeadh seisiún pleanála ag na múinteoirí. Ba cheart go gcuirfeadh socrú Bhóthair Haddington deireadh leis an nósmhaireacht uafásach sin, mar anois caithfidh na múinteoirí uair a chloig breise a thabhairt don scoil in aghaidh na seachtaine, le linn na scoilbhliana, le nach mbeifear ag cur gasúir abhaile nuair a theastaíonn ón bpríomhoide cruinniú a reachtáil leis na múinteoirí.

Bealach Éalaithe

Ní maith liom an tsáinn ina bhfuil an ASTI agus tá súil agam go mbeifear in ann bealach éalaithe a aimsiú sna cainteanna atá ag tiocht aníos idir an ceardchumann agus an tAire, sa gcaoi is go mbeidh deis ag an ASTI deireadh a chur leis an aighneas tionsclaíoch atá ar bun acu sna meánscoileanna. Má ghlacann an ASTI leis an mbealach éalaithe a chuirfear os a gcomhair beifear buíoch díobh. Mura ndéanann, beidh siad damnaithe. Níor mhiste do cheannairí an ASTI a mheabhrú dóibh féin an chomhairle a chuir Mao Tse Tung ar a chuid Ginearál airm uair amháin: ná tarraing troid ort féin nach féidir a bhuachaint.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.