Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil siar ar Oireachtas na Gaeilge 1974, an chéad uair a reáchtáladh príomhfhéile na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Is cuimhneach liom go maith é, Oireachtas na Gaeilge i gCois Fharraige sa bhliain 1974. Ní raibh mé lonnaithe sa Ghaeltacht ach beagán le cois bliain, nuair a eagraíodh príomhfhéile na Gaeilge ar leic an dorais agam. Bhí mé ag cur fúm i sealaí beag sócúil i gCois Fharraige ag an am. Is sa bPoitín Stil is mó a bhí na himeachtaí móra á reáchtáil. Bhí corrimeacht chomh maith ar bun sa Spidéal.
Chois Fharraige 1974
Bhí beocht, fuinneamh agus misneach i gCois Fharraige dhá scór bliain ó shin. Bhí rudaí ag tarlú: Comharchumann Chois Fharraige i mbarr a réime faoi bhainistíocht rábach Phóil Uí Fhoighil; fostaíocht bhuan á cur ar fáil sa gceantar ag Gaeltarra Éireann faoi cheannasaíocht Chathal Mhic Gabhann; Cearta Sibhialta na Gaeltachta i mbun agóidíochta, gan aon cheannas ceart air; Cine Gael ag déanamh físeán sa gceantar faoi stiúradh Bhob Quinn; Raidió na Gaeltachta i mbun craolacháin go neamhleithscéalach do phobal na Gaeltachta. B’é ceann de na ceantair tuaithe ba bhisiúla sa tír ag an am.
Ba mhór an seans a tógadh nuair a socraíodh Oireachtas na Gaeilge a eagrú i gCois Fharraige i 1974, an chéad uair ariamh Oireachtas na Gaeilge a eagrú sa Ghaeltacht agus an chéad uair é a eagrú taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath ó athbunaíodh é i 1939. An mbeadh áiseanna sách maith ar fáil? An mbeadh a dhóthain lóistín a fháil? An mbeadh daoine sásta taisteal go dtí an áit?
Le roinnt bheag blianta bhí Cearta Sibhialta na Gaeltachta ag éileamh go ndéanfaí an tOireachtas a eagrú sa Ghaeltacht. Chuige sin eagraíodh Oireachtas na nGael i gceantair Ghaeltachta éagsúla ó 1970 i leith. Is i Ros Muc a bhí sé 1970 nuair a chraol Saor-Raidió Chonamara na himeachtaí ar an raidió bradach a bhí curtha ar bun ag Cearta Síbhialta na Gaeltachta.
An Poitín v. An Burlington
Le hais Oireachtas na Gaeilge, ní raibh aon ghalamaisíocht ag baint le Oireachtas na nGael. In áit dinnéar ag an bhFáiltiú a bheith sa Bhurlington i nDroichead na Dothra, mar a bhí i 1973, bhí Fáiltiú Oireachtas na Gaeilge 1974 sa bPoitín Stil ar an Lochán Beag.
Ina aitheasc oscailte thug an Cathaoirleach áitiúil, Joe Steve Ó Neachtain, le tuiscint do na daoine a bhí i láthair céard a bhí bainte amach ag an gceantar. Seo mar a labhair sé:
“Scór bliain ó shoin ba é an iothlainn, an tom, nó ba é cró na mbeithíoch a bhí mar leithreas ag 95% den mhuintir an cheantair seo. … Ba í an imirce a bhí mar aidhm ag gach malrach scoile. Bhí an ceantar cosúil le monarcha mhór amháin ag tógáil clainne le hollmhairiú thar sáile. An bhféadfadh duine ar bith agaibh gan a bheith bródúil as muintir a tháinig chomh fada seo chun cinn le scór bliain anuas? Muintir a chuir deireadh le goirteannas as súil na ndeorachtaí, tré monarchana a éileamh agus a fháil. Muintir nach raibh sásta le geallúintí ach a chuir uisce reatha ar fáil lena gcuid allais féin. Muintir atá anois ríméadach as a bheith ábalta an fhéile mhór seo a reáchtáil ina gceantar féin. Muintir nach bhfuil ach ag tosnú ag borradh agus nach staonfaidh dá n-iarracht nó go mbíonn siad go hiomlán ina máistrí ar a ngraithí.”
Athrú ar Chois Fharraige ó Shoin
Baineadh amach go leor sna blianta sin: uisce reatha a chur sna tithe; páirc imeartha nua a fhorbairt don chlub áitiúil Chumann Lúthchleas Gael; nuachtán seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú ar feadh roinnt blianta. Bhí fuinneamh agus misneach agus fís ag an nglúin sin a tháinig chun cinn i gCois Fharraige dhá scór bliain ó shin. Tá cuid acu básaithe ach tá cuid acu gníomhach i gcónaí, ag iarraidh an ceantar as a fáisceadh iad a chosaint is a chur chun cinn.
Ach tá athrú mór tagtha ar Chois Fharraige ó shoin. Tá an halla mór sa bPoitín Stil, ina raibh na céadta i láthair ag Corn Uí Riada i 1974, dóite agus leagtha. Ach tá Seanscoil Sailearna ina amharchlann bheag chomh breá is atá in aon áit tuaithe.
Ceantar aonteangach a bhí ann i 1974, tá sé chomh maith dhuit a rá, ach is ceantar dhátheangach anois atá i gCois Fharraige agus an Ghaeilge faoi bhrú millteanach le dhá scór bliain anuas. Gaeilge a bhíodh le cloisteáil ó mhaidin go faothin ó gach aoisghrúpa, taobh thiar den Spidéal i 1974. Bhí Gaeilge den scoth ag muintir an Spidéil an uair sin ach bhí préamhacha maithe curtha síos ag an mBéarla mar ghnáth-theanga chumarsáide i measc an phobail. Níl mórán laige tagtha ar an nGaeilge sa Spidéal ó shoin, ach tá meath mór tarlaithe taobh thiar den Spidéal, faraor. Léirigh na torthaí ón Daonáireamh deireanach nach mbeadh an ceantar idir An Spidéal is Na Minna (Paróiste an Chnoic), i dteideal stádas Catagóir A a thuilleadh, dá mbeadh na critéir a bhí molta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch le cur i bhfeidhm ar an nGaeltacht.
An Troid ar Ais
Ach tá cuid den pobal ag troid ar ais: tá Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga bunaithe agus réidh le dul i ngleic leis an athrú teanga sa gceantar, ach an solas glas á fháil ó feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta. Chomh maith le sin, tá Oireachtas Chois Fharraige 1974 - 2014 á eagrú, an deireadh seachtaine deireanach de mhí Mheán Fómhair, le comóradh a dhéanamh ar Oireachtas na Gaeilge 1974. Seans go mbeidh macalla an aithisc a thug Joe Steve Ó Neachtain ag Fáiltiú an Oireachtais i ’74, le cloisteáil ar an Aoine 26 Meán Fómhair, nuair a chuirfear tús le hOireachtas Chois Fharraige 1974 – 2014.
Thug Oireachtas ’74 misneach do phobal láidir Gaeilge a bhí ar bheagán de shaibhreas an tsaoil dhá scór bliain ó shin agus a bhí faoi bhrú ag an imirce. Tá an chuma air go bhféadfadh an comóradh ar Oireachtas ’74 pobal Chois Fharraige a ghríosadh le seasamh níos daingne a thógáil in aghaidh an mheath ar an nGaeilge atá ag tarlú sa gceantar ó shoin i leith.