Ní mó ná sásta atá Donncha Ó hÉallaithe le Bille na Gaeltachta. Creideann sé go bhfuil an deis á chur amú ag an rialtas bunús ceart tomhaiste a chur faoin iarracht an Ghaeilge a tharrtháil mar theanga pobail sna Gaeltachtaí agus go mbeidh de cháil ar Dhonncha Mac Fhionnlaoich amach anseo gurb e a bhuail caidhp an bháis ar an nGaeltacht.
Naisc:
Tá trí mhórlocht ar Bhille na Gaeltachta, dar liom, lochtanna atá chomh mór gur deacair dom a fheiceáil cén caoi a bhféadfaí an Bille a leasú chun sástachta.
Níor chuala mé fós aon duine atá gníomhach sa Ghaeltacht ag tacú leis an mBille seo go poiblí, ach amháin Liam Ó Cuinneagáin, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta. Ag caint dhó sa stiúidió ar Nuacht TG4 ar an 19 Meitheamh, mhol Liam an Bille go hard. Is fear meabhrach é Liam, a thuigeann cén caoi leis an gcluiche politiúil a imirt. Bhí an tAire ag iarraidh tacaíochta dá Bhille bacach agus bhí Liam ar fáil lena thabhairt. Tá súil agam nach ndéanfaidh an tAire dearmad ar an méid sin nuair atá Cathaoirleach agus seisear ball eile le ceapadh aige ar bhord nua an Údaráis, amach i mí Dheireadh Fómhair. D’fheadfaí daoine níos measa ná Liam a cheapadh in athuair.
Bíodh sin mar atá. Os rud é nach bhfuilim ag súil le bheith ceapaithe ag Dinny Mc Ginley ar aon bhord ná coiste, tá saoirse agam lochtanna a fháil ar a Bhille Gaeltachta.
Seo a leanas na trí locht mhóra a fhaighimse ar an mBille:
(i) Go bhfuil an Bille ag deimhniú stádas Gaeltachta na gceantar tíreolaíochta ar fad taobh istigh de na teorainneacha a leagadh síos i 1956, cuma cén staid ina bhfuil úsáid na Gaeilge iontu faoi láthair.
(ii) Go bhfuil deireadh curtha leis an ngné daonlathach a bhain go dtí seo le roghnú bord an Údaráis.
(iii) Go bhfuil an fhreagracht ó thaobh slánú na nGaeilge sa Ghaeltacht curtha mar ualach breise ar eagraíochta deonacha pobail, gan aon acmhainní breise curtha ar fáil, agus ról maoirseoireachta ar an dtaobhlíne tugtha don Roinn agus don Údarás sa phróiseas: i bhfocla eile, beidh na coistí deonacha ag streachailt leis an bpróiseas casta agus beidh lucht an Údaráis is na Roinne ag ticeáil na mboscaí caoi, lena chinntiú go bhfuil an páipéarachas déanta i gceart.
Stádas na Gaeltachta:
Níl slí agam sa cholún seo ach le díriú ar cheann amháin de na lochtanna atá áirithe agam thuas, ceist achrannach na dteorainneacha Gaeltachta.
Nuair a bhí sé i gCois Fharraige dhá mhí ó shin, ag ócáid chun a Chlár Tacaíochta Teaghlaigh a fhógairt agus chun mioneolas a thabhairt faoin próiseas pleanála teanga, dúirt an tAire Stáit, Dinny Mc Ginley T.D., go mbeadh sainmhíniú nua á thabhairt don Ghaeltacht faoin mBille ‘a bheidh bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha, mar atá faoi láthair’.
I gcead don Aire, de réir na reachtaíochta atá á cealadh ag an mBille Gaeltachta is ar bhonn teangeolaíochta go príomha a socraíodh teorainneacha na Gaeltachta. Is de bharr easpa misnigh Airí éagsúla Gaeltachta anuas na blianta, nár athraíodh na teorainneacha chun go mbeidís ag tíocht le staid na Gaeilge mar theanga phobail sna ceantair éagsúla. In áit déileáil leis, bhunaigh Éamonn Ó Cuív Coimisiún na Gaeltachta sa mbliain 2000. In áit glacadh lena chuid moltaí faoi na teorainneacha, coimisiníodh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht i 2004 agus foilsíodh na moltaí uathu sa bhliain 2007.
Tháinig an Staidéar Teangeolaíoch aníos le critéir teanga do na ceantair Ghaeltachta. Mhol siad go mbeadh trí chatagóir Ghaeltachta ann: A – na ceantair is láidre; B – na ceantair idirmheánach agus C – na ceantair is laige. Le aitheantas mar cheantar i gcatagóir C a fháil, níor theastaigh ach go mbeadh ar a laghad 30% den daonra ina gcainteoirí laethúla Gaeilge, bíodh siad ag labhairt/scríobh na Gaeilge sa gcóras oideachais nó taobh amuigh den chóras oideachais. Theastaigh uathu chomh maith go mbeadh ar a laghad 10% de na teaghlaigh le gasúir i dteideal an deontas iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge (SLG).
Nuair a foilsíodh torthaí Daonáireamh 2006 faoi úsáid na Gaeilge, rinne mé scagadh don nuachtán Foinse ar na figiúirí. Seo é an briseadh síos a fuaireas, go dtí an 1,000 is goire: Catagóir A – 17,000 duine; Catagóir B – 10,000 duine agus Catagóir C – 17,000. D’fhág sin go raibh 51,000 ag cur fúthu i gceantracha le haitheantas oifigiúil Gaeltachta a bhí ag titim faoi bhun na n-íoschritéar a bhí molta ag na saineolaithe!
Ná bíodh aon dul amú ar dhaoine, faoin mBille seo, seasfaidh stádas Gaeltachta na gceantracha sin, an fhad is go gcuirtear Plean Gaeilge ar fáil don Roinn, nuair a iarrtar é. I bhfocla eile, leanfar den cur i gcéill.
Sampla den Chur i gCéill:
Tógfaimid áit amháin in Eachréidh na Gaillimhe: Baile Chláir na Gaillimhe. Is sráidbhaile é atá ar bhóthair Thuama (an N17 cáiliúil) thart ar 10km. ó Chathair na Gaillimhe. Dhá mhíle (2,000) an daonra a bhí sa toghacheantar sa bhliain 2011. Tá scoil náisiúnta mór ann, ina bhfuil 18 múinteoir, gach duine acu i dteideal an liúntas €3,000 in aghaidh na bliana as a bheith ag múineadh i scoil Ghaeltachta.
Bhí údar maith teangeolaíoch le Baile an Chláir a áireamh mar Ghaeltacht i 1956. Ceantar feilméireachta a bhí ann an uair sin agus, do réir an Daonáirimh a tógadh i 1961, bhí Gaeilge ag breis is 92.5% den daonra ag am, i bhfad níos airde ná an meán a bhí ag 27% an uair sin. Do réir Daonáirimh 2006 ní raibh Gaeilge ach ag 54% den daonra i mBaile an Chláir nuair a bhí céatadán na ndaoine le Gaeilge sa stát ina iomlán, dar leo féin, ardaithe go 41% sa stát.
Ní bhfuair ach teaghlach amháin i mBaile an Chláir an deontas faoi Scéim Labhairt na Gaeilge (SLG) anuraidh as thart ar 200 teaghlaigh le gasúir a bheadh i dteideal cur isteach ar an scéim. Ní rud nua é sin. Teaghlach amháin a a fhuair an deontas faoi SLG 10 mbliain ó shin agus ní bhfuair aon teaghlach ó Bhaile an Chláir an deontas 15 bhliain ó shin.
Sé fírinne an scéil, má tá muid macánta faoi, go bhfuil an Ghaeilge imithe i léig ar fad, mar theanga a úsáidtear i measc an phobail i mBaile Chláir na Gaillimhe le fada an lá. Ní raibh ach 3.8% ag tabhairt le fios go n-úsáideann siad an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den córas oideachais sé bliana ó shin, 2006. Smaoinigh, seo ceantar ina bhfuil neart gnóanna éagsúla bunaithe le cúnamh fial ó Údarás na Gaeltachta in imeacht na mblianta agus áiseanna pobail curtha ar fáil le cúnamh ó Roinn na Gaeltachta chomh maith.
Ar ndóigh b’fhiú go mór an Ghaeilge a chur chun cinn i mBaile an Chláir, cosúil le áit ar bith eile sa tír: Gaelscoil a bhunú ann mar shampla, le go mbeadh oideachas le fáil tré Ghaeilge don mhionlach a bheadh á iarraidh, mar atá in Órán Mór, sráidbhaile in aice leis nach bhfuil sa Ghaeltacht.
Níl aon ábhar teangeolaíoch ann go bhfágfaí Baile an Chláir sa Ghaeltacht. Is ceantar iarghaeltachta é. É a áireamh is a aithint mar ceantar Gaeltachta, cuireann sé an Ghaeltacht as riocht, cuireann sé leis an gcur i gcéill agus cuireann sé acmhainní agus fuinneamh amú, ar cheart a bheith caite ar na ceantracha inar fiú iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a tharrtháil mar theanga phobail. Ní cás eisceachtúil é Baile an Chláir. Tá an scéal mar a chéile ina leath de na ceantair a bhfuil aitheantas Ghaeltachta acu.
Baile an Chláir faoin mBille Gaeltachta:
Céard a dhéanfas an Bille seo faoi Bhaile an Chláir? Tabharfaidh sé aitheantas Ghaeltachta dhó ar an gcéad dul síos in Alt 7. Tabharfar aitheantas don cheantar thart ar an sráidbhaile, an tEachréidh, mar ceann de na 19 ceantracha pleanála teanga ina bhfuil sé beartaithe pleananna teanga a ullmhú. Cuirfear fógra sna nuachtáin ag iarraidh ar eagraíocht éicint iarratas a chur ag Údarás na Gaeltachta chun cead a fháil an Plean Gaeilge a ullmhú. Sa gcás go gcinnfeadh ar an Údarás aon eagraíocht a aimsiú chun tabhairt faoin obair pleanáil teanga, is féidir an stádas Ghaeltachta a bhaint don cheantar. Sa gcás go dtagann, tabharfar tréimhse dhá bhliain don eagraíocht leis an bplean a ullmhú agus má chinneann orthu is féidir breis ama a thabhairt. Má theipeann ar fad ar an eagraíocht, tosnófar as an nua arís ag cuartú eagraíocht eile agus leanfar leis an cur i gcéill in saecula saeculoram.
Is féidir an t-aitheantas Gaeltachta a bhaint de Bhaile Chláir na Gaeltachta, sa gcás go dteipeann ar an iarracht plean teanga a chur le chéile. Ach ón léamh atá déanta agam ar an mBille mar a cuireadh é os comhair an Oireachtais, an fhad is go n-ullmhaítear an plean nach mbeidh de chumhacht ag an Aire ná ag an Rialtas an t-aitheantas Ghaeltachta a chur ar cheal. Cuirfeadh sé lagmhisneach ar dhuine ar bith atá dáiríre faoin gceist.
Caidhp an Bháis:
Tá an deis á chur amú ag Dinny Mc Ginley, teorainneacha na Gaeltachta a shocrú i mbealach ciallmhar, agus beartas pleanála teanga a bhunú don mhéid a bheadh fágtha a chuirfeadh ar chumas na bpobal, an teanga a sheacadadh ar aghaidh ag an gcéad ghlún eile mar theanga phobail, seachas mar ábhar scoile.
Nuair a bheas scéal na Gaeilge á ríomh amach anseo ag lucht staire, tá faitíos orm go gcaithfear a rá gurb é Dinny Mc Ginley, an tAire Gaeltachta, a bhuail caidhp an bháis ar an nGaeltacht, mar nach raibh sé de mhisneach aige gníomhú go stuama nuair a tugadh an deis dhó an Bille Gaeltachta seo a chur le chéile.