AR NA SAOLTA SEO
Ní hé Joe Mc Hugh is Measa ach Enda!
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Creideann Donncha Ó hÉallaithe go mba cheart seans a thabhairt don Aire Stáit nua Gaeltachta, Joe Mc Hugh, socrú isteach sa bpost sara a ndéantar breithiúnas air.

Íomhá
Carn Domhnach Inis Eoghain
Íomhá
An t-iar-Aire Stáit Dinny Mc Ginley TD
Íomhá
Roinn de rannaibh na Státseirbhíse
Íomhá
An tAire Stáit Joe Mc Hugh TD
(le James Dawson ar Vicipéid)
Íomhá
Sa méidín beag den Ghaeltacht ina bhfuil sí fós á labhairt

Ní ar chaighdeán a chuid Ghaeilge amháin ar cheart breithiúnas ar an Aire Stáit nua a dhéanamh. Beidh a lámh ar stiúir long na Gaeilge go ceann dhá bhliain eile agus ’sé an bealach a rachaidh sé i ngleic leis an ngéarchéim teanga sa nGaeltacht, is ceart a chur san áireamh chomh maith nuair a bheas breithiúnas á dhéanamh ar a thréimhse ar an stiúir. B’fhéidir nach dtuigeann Joe Mc Hugh go bhfuil muinín caillte ag go leor de lucht na Gaeilge ina Roinn. B’fhéidir nach feasach dhó go bhfuil géarchéim ann agus go bhféadfadh an náisiún a bheith fágtha, i gceann roinnt bheag blianta, sa riocht truamhéileach nach bhféadfaí a rá go fírinneach go bhfuil an Ghaeilge á húsáid go laethúil mar ghnáth-theanga chumarsáide i measc an phobail in aon áit sa tír. B’fhéidir nach dtuigeann sé gur gearr uainn an t-am a mbeidh sí ar an gcaoi chéanna leis an Manannais, ag brath ar dhíograiseoirí agus ar scoláirí.

Comhairleoir Maith de Dhíth Air

geallúint tugtha ag an Taoiseach go mbeidh a dhóthain den teanga ag Joe Mc Hugh faoin am a bheas an Dáil ag suí arís sa bhfómhar. Ach ní hé sin is tábhachtaí. An bhuncheist domsa, an mbeidh aon tuiscint aige ar na deacrachtaí a bhaineann leis an teanga a choinneáil beo sa nGaeltacht? Tá faitíos orm go mbeidh sé ag brath an iomarca ar na státseirbhísigh sa Roinn, mar a bhí Dinny roimhe, a bhronn orainn Acht Uafásach na Gaeltachta 2012. Leis sin a sheacaint ba chóir dhó comhairleoir maith a fhostú.

An lá ar fógraíodh go raibh duine gan mhórán de theanga na Gaeltachta ceaptha ina Aire Gaeltachta, fuaireas glaoch gutháin ó thuairisceoir le RTÉ. Bhí sé ag lorg mír fuaime uaim faoi cheapachán Aire Stáit Ghaeltachta gan Ghaeilge. Ach ní raibh a dhóthain Ghaeilge aige féin lena chuid ghnaithe a dhéanamh liom tré Ghaeilge. Níl a fhios agam ar thuig sé go raibh seisean sa mbád céanna le Joe Mc Hugh: go raibh sé ceaptha i bpost inar cheart Gaeilge a bheith riachtanach, ach gan a dhóthain den teanga aige le go bhféadfadh sé comhrá inti a dhéanamh liom. An locht a bhí ar cheapachán Joe Mc Hugh, bhí sé ag baint lena cheapachán féin chomh maith! Ach b’fhéidir nár rith sin leis.

Mar a Chas mé le Joe Mc Hugh

Dhá bhliain déag ó shin chas mé le Joe Mc Hugh, agus thaitnigh sé liom mar dhuine. Seo mar a tharla. Deireadh seachtaine roimh an Nollaig 2002, bhí mé i nDún na nGall agus bhí Bille na dTeangacha Oifigiúla os comhair an tSeanaid. Bhí an Seanadóir Joe Mc Hugh ar a mhíle dícheall ag iarraidh an Bille a fheabhsú, tré leasuithe ciallmhaire a mholadh. Bhí na leasuithe ullmhaithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus bhí Joe Mc Hugh fíordhíograiseach ag brú na leasuithe ar urlár an tSeanaid.

Chonaic mé fógra go mbeadh an Seanadóir Joe Mc Hugh i láthair Tigh Mhicky Mc Clure ar Shráid an Droichid i gCarn Domhnach ar an Satharn ag a 4. Thapaigh mé an deis castáil leis agus isteach liom sa dteach tábhairne ar teampall Fine Gaelach é: na ballaí brataithe aige le pictiúirí éagsúla den laoch Michael Collins. Ar inseacht mo ghraithe do fhear a’ tí, treoraíodh mé isteach i seomra dorcha ar chúl an tí, a bhí lasta suas ag lasracha ó thine bhreá móna. Ní raibh aon scuaine ann romham. Ní raibh aon chúis go mbeadh: le Fianna Fáil i gcumhacht ag an am, is beag éileamh a bhí ar sheirbhísí Seanadóra ón bhfreasúra, rud a thug deis bhreá domsa suí síos leis ag caint faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla ar feadh píosa.

Thosaigh mé ag labhairt leis i nGaeilge ach ní raibh a dhóthain den teanga aige, le go bhféadfaí comhrá ceart a dhéanamh leis, agus tar éis abairt nó dhó d’iompaíomar ar an mBéarla. Ghlac mé buíochas croíúil leis faoin seasamh a thóg sé sa Seanad ar an mBille a bhí os a gcomhair agus faoi na leasuithe suntasacha a mhol sé. (Chomh fada le mo chuimhne, bhí creidiúint ag dul do bheirt Sheanadóirí eile as an méid oibre a rinne siad ag cíoradh an Bhille chéanna: Joe O Toole agus Brendan Ryan, beirt a raibh neart Gaeilge acu.)

Breithiúnas ar Joe

B’shin dhá bhliain déag ó shoin. Céard faoina cheapachán, a tharraing neart cainte agus neart litreacha sna nuachtáin? Tá poiblíocht nach bhféadfaí a cheannacht faighte ag Oideas Gael i nGleann Colm Chille do na gearrchúrsaí Gaeilge a reáchtáltar ann. Ní dochar ar bith é sin.

Nuair a thagann an Dáil ar ais, beidh breithiúnas á dhéanamh ar an Aire Stáit Gaeltachta nua, an chéad uair a mbeidh ceisteanna le freagairt sa Dáil aige. Beidh lucht na Gaeilge ag éisteacht go cúramach leis. Beidh Miriam Lord agus tráchtairí eile polaitíochta ag scríobh agus ag cabaireacht faoi. Réidh le caitheamh anuas air beidh Sinn Féin, a cheap Aire gan Ghaeilge i dTuaisceart Éireann atá i gceannas ar Fhoras na Gaeilge.

Déanfaidh mise mo bhreithiúnas air chomh maith ach ní bheidh sé bunaithe ar chruinneas nó ar líofacht a chuid Ghaeilge ach ar an méid seo: an mbeidh sé de mhisneach aige moltaí a bhí déanta sa Staidéar Teangeolaíoch ar Staid na Gaeilge sa nGaeltacht a chur i bhfeidhm? Mar shampla, an mbeidh sé toilteanach glacadh leis na critéir theangeolaíocha a bhí molta sa staidéar sin? An mbeidh se sásta deireadh a chur leis an gcur i gcéill atá ar bun ag a Roinn, faoina gcuirfear airgead amú ar phleanáil teanga i gceantair sa nGaeltacht oifigiúil nach bhfuil rian ar bith den Ghaeilge fágtha iontu? An mbeidh sé sásta deireadh a chur le stádas Gaeltachta na n-eastát tithíochta ar imeall na Gaillimhe?

Tuigtear do chuile dhuine nach bhfuil aon bhunús teangeolaíoch le stádas Gaeltachta a bheith ag eastáit tithíochta i dTír Oileáin agus i gCnoc na Cathrach. Tá bunús stairiúil agus tíreolaíoch leis ceart go leor: tógadh na heastáit sin ar thalamh le aitheantas Ghaeltachta ó 1956, nuair nach raibh ach 500 duine ina gcónaí sa gceantar agus Gaeilge ar a dtoil ag a mórfhormhór. Anois tá cónaí ar 15,000 sa nGaeltacht oifigiúil i gCathair na Gaillimhe, níos mó ná mar atá ina gcónaí i nGaeltacht Chonamara agus Árann le chéile. Is scannal é go bhfuil aitheantas Gaeltachta ón stát ag na eastáit sin i gcónaí.

Tugtar Deis Dhó

Dá mbeadh sé de mhisneach ag Joe Mc Hugh dul i ngleic leis na fadhbanna atá ag na ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an teanga fós in úsáid, ba chuma liom faoina chuid Gaeilge lochtach. Dá mbeadh sé de ghus sa bhfear tine a lasadh faoin maorlathas atá i gceannas ar Fhoras na Gaeilge, bheinnse ar a shon. Dá gcuirfeadh sé faoi ndeara do Brendan Howlin nach leor 6% de chainteoirí Ghaeilge sa bpolasaí earcaíochta chun réiteach a fháil ar an easpa mhór daoine sa státchóras atá in ann a gcuid oibre a dhéanamh sa dá theanga, bheadh muid uilig ar a shon. Ní easpa líofachta ach easpa tola ba chúis leis an dochar a rinne Dinny Mc Ginley agus leis an bpraiseach a d’fhág sé ina dhiaidh.

Ní ar Joe Mc Hugh an locht gur ceapadh é i bpost ina bhfuil sé ‘linguistically challenged’. Faoi féin atá sé an scéal a chur ina cheart. Ní hé Joe Mc Hugh is measa ach Enda, an Taoiseach le Gaeilge a bhfuil an oiread sin drochmheasa aige orainn is go gceapfadh sé duine gan Ghaeilge ina Aire Stáit Gaeltachta! In áit a cháinte, b’fhearr a bheith ag iarraidh dul i bhfeidhm ar Joe Mc Hugh agus tacaíocht a ghealladh dhó dá mbeadh sé de mhisneach aige dul i ngleic le díothú na teanga sa méidín beag den Ghaeltacht ina bhfuil sí fós á labhairt. Ní raibh an misneach sin ag Dinny Mc Ginley ná ag Éamonn Ó Cuív roimhe, beirt nach bhféadfaí a lochtú de bharr a gcuid líofachta.

Tabharfaidh mise deis do Joe Mc Hugh é féin a chruthú. Tá súil agam, sar i bhfad, go mbeidh mé in ann castáil leis arís ag a chlinic Tigh Mhicky Mc Clure i gCarn Domhnach agus comhghairdeachas a dhéanamh leis, ní hamháin faoi feabhas a chuid Gaeilge ach faoin gcaoi a bhfuil an long atá faoina stiúir á seoladh aige ó thóg sé an cipín ó Dinny Mc Ginley.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.