100 bliain ó shin, mhol John Redmond do na fir óga a bhí eagraithe in Óglaigh na hÉireann go mba cheart dóibh liostáil in Arm na Breataine, chun dul ag troid ar son na hImpireachta. Mar sin féin tá meas áirithe ag Donncha Ó hÉallaithe ar Redmond.
Tá díospóireacht spéisiúil ar bun ar leathanach na litreacha faoi John Redmond le mí anuas san Irish Times. Iarcheannaire Fhine Gael, John Bruton, a spreag an díospóireacht nuair a tuairiscíodh san IT go ndúirt sé ag ócáid in Ambasáid na hÉireann i Londan go raibh sé féin ina Redmondite agus gur chreid sé go mb’fhear é an Piarsach a raibh dúil aige i bhforéigean.
“Pádraig Pearse rejoiced in violence. He rejoiced in the prospect of unionists arming.”
Níl a fhios agam cén fáth ar roghnaigh Bruton an Piarsach bocht faoina bheith ar son foréigin, nuair a bhí mórán chuile cheannaire ag an am ar son an réitigh mhíleata. Eoin Mac Néill, duine de bhunaitheoirí Chumann na nGael, a mhol san alt cáiliúil ‘The North Began’ a foilsíodh sa Chaidheamh Soluis, Lá Samhna 1913, go mba cheart do náisiúntóirí iad féin a armáil mar a bhí déanta ag na hAondachtóirí ó thuaidh le foréigean a úsáid, dá mba ghá. San aitheasc a thug John Redmond, an laoch atá ag Bruton, i Woodenbridge ar an 20 Meán Fómhair, 1914, dúirt sé go mba mhór an náire don tír mura mbeadh ‘young Ireland’ sásta dul ag troid in Arm na Breataine, (agus daoine a mharú ar ndóigh), ‘not only for Ireland itself, but wherever the fighting line extends….’ B’shin an uair ar chac Redmond ar na huibheacha agus inar chaill sé meas náisiúntóirí.
Meas ar Redmond
Ní le John Redmond a cháineadh atáim ag scríobh an ailt seo ach lena mholadh faoin tacaíocht láidir a thug sé do Chonradh na Gaeilge, sa troid fíochmhar chun aitheantas mar ábhar riachtanach iontrála a bhaint amach don Ghaeilge san NUI. Tar éis feachtas fíoreagraithe, d’éirigh le Conradh na Gaeilge, brú a chur ar Sheanad na hOllscoile nuabhunaithe glacadh le rún, inar socraíodh go mbeadh an Ghaeilge ar cheann de na hábhair riachtanacha le fáil isteach san Ollscoil, do dhaoine a rugadh in Éirinn. Thug Redmond tacaíocht don Chonradh sa bhfeachtas sin.
Tá mé den barúil go mba é Redmond ba chúis le beirt láidir ón gConradh, Dubhghlas de hÍde agus Eoin Mac Néill, a bheith ceaptha ar Sheanad an NUI ag Rialtas na Breataine. Faoin Irish Universities Act 1908 fágadh an cúram faoi Sheanad na hOllscoile nua na rialacháin iontrála a shocrú. Ar an Seanad bhí de híde agus Mac Néill ag stocaireacht go láidir go mbeadh an stádas céanna ag an ‘teanga náisiúnta’ san Ollscoil Náisiúnta is a bheadh ag an Laidin agus ag an mBéarla: go mbeadh sé ina hábhar riachtanach máithreánaigh. Bhí na hEaspaig Caitliceacha go mór ina éadan seo, mar nach raibh Gaeilge á múineadh ag an am i roinnt de na coláistí móra a bhí faoi smacht na hEaglaise. Ach bhí tacaíocht pholaitiúil ag de híde ón United Ireland League (UIL), an ghluaiseacht náisiúnach ar a raibh Redmond ina cheannaire air.
Léiríodh an tacaíocht sin ag Coinbhinsiún ag bhí ag an UIL, mí Feabhra na bliana 1909. Bhí rún ar an gclár ag tacú le héileamh an Chonartha maidir le Gaeilge a bheith ina hábhar riachtanach le fáil isteach san Ollscoil nua. Labhair John Dillon, Leas Cheannaire an UIL, in aghaidh an rúin le hargóintí láidre. Thug an Cathaoirleach, John Redmond M.P. cuireadh do de hÍde, argóintí an Diolúnaigh a fhreagairt, rud a rinne sé le haitheasc breá a chuaigh i bhfeidhm ar an slua. Chríochnaigh sé le scéal grinn a chuir an slua mór sa seomra ag gáirí. Díreach ina dhiadh sin, cuir Redmond an cheist agus glacadh leis an rún.
Thuig de hÍde an gar a bhí déanta ag John Redmond dá chúis. I litir a scríobh sé ag Alice Stopford Green, bhí an méid seo le rá aige:
“Today and yesterday I attended the National Convention of the U.I.L…. John Dillon made a most powerful and emphatic speech against it [Irish an essential matriculation subject for entry to NUI colleges], far the finest I ever heard him make. I followed him by special permission of John Redmond, and the division was taken when I was finished speaking, when Dillon was beaten by 2 to 1 in his own Convention! He did not like it! So powerful and persuasively did he speak that if he had followed me I think he would have won.”
Naimhdeas na hEaglaise
Le tacaíocht an United Ireland League, bhí cóir ghaoithe ag feachtas an Chonartha. Cuireadh toscaireachtaí ag caint le Comhairlí Contae ar fud na tíre. Bhí cuid mhór de na húdaráis áitiúla faoi smacht páirtí Redmond, an UIL. Faoi Mheitheamh na bliana 1909 bhí an Conradh ag maíomh go raibh 19 comhairle contae as 33 ag diúltú scoláireachtaí a airgeadú san NUI, mura mbeadh an Ghaeilge riachtanach mar ábhar máithreánach.
Ach bhí dream láidir eile in éadan an Chonartha sa bhfeachtas: na hEaspaig Caitliceacha agus is gearr go raibh sé ina chogadh dearg idir Maigh Nuad agus Conradh na Gaeilge. Bhí an eaglais ag smachtú sagart a bhí ar thaobh an Chonartha. Baineadh a phost den Athair Ó hÍceadha mar Ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad, mar shampla. D’eisigh na heaspaig ráiteas láidir tús Lúnasa 1909 inar dúradh an méid seo a leanas:
“Considering the course which especially of late, is being pursued in this [stádas na Gaeilge san Ollscoil nua] and similar matters by certain newspapers – including one which is generally reputed to be the official organ of the Gaelic League [An Claidheamh Soluis, ar a raibh an Piarsach ina eagarthóir air ag an am] – the bishops feel it to be a sacred duty to warn the people committed to their charge against allowing themselves to be misled by writings the clear tendency of which is antagonistic to the exercise of Episcopal authority and which is some instances are calculated to bring into contempt all ecclesiastical authority, not even exempting that of the Holy See itself.”
An tOll-Mhórshiúl i mBaile Átha Cliath
Aontaítear go mba é an t-oll-mhórshiúl a eagraíodh i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach, 19 Meán Fómhair 1909, buaicphointe an fheachtais phoiblí ar son stádas na Gaeilge san ollscoil nua. Ba é bun agus barr na dteachtaireachtaí ó na flótanna a bhí sa bparáid, nach mbeadh aon mhic léinn i gcoláistí an NUI, mura mbeadh an Ghaeilge riachtanach le fáil isteach ann! I measc na gcainteoirí ag an slógadh bhí John Redmond.
Tugadh cuntas iomlán ar an Irish Times, an lá ina diaidh:
“The occasion which brought them together in a swaying mass, that extended close-packed from Pillar to Rotunda, and overflowed into the thoroughfares beyond, was something more than the ordinary annual Language Procession of recent years. The present demonstration, organised on a much larger scale than ever before, gained its special importance this year from the prominence of the question as to the place to be given to Irish in the syllabus of the new National University.”
An Cinneadh
Faoi dheireadh tháinig an t-am chun cinneadh a dhéanamh. Ag cruinniú de Sheanad an NUI ar an 23 Meitheamh 1910 glacadh le rún a mhol de Íde go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar riachtanach don mháithreánach ón mbliain 1913 ar aghaidh, ach amháin do mhic léinn nach raibh cónaí orthu in Éirinn le trí bhliain roimhe.
Dhá lá tar éis an cinneadh cinniúnach a bheith déanta scríobh Tomás Bán Ó Con Cheanainn, litir ag cara inar dúirt sé go raibh an cath ar son na Gaeilge san Ollscoil nua buaite agus lean sé air lena rá:
“Hyde says it is the biggest and most momentous event in the history of the country of the past 200 years.”
Tá creidiúnt le dul do John Redmond, faoin tacaíocht a thug sé don bhfeachtas ar son na Gaeilge san Ollscoil nua. Murach a thacaíocht agus tacaíocht an United Irish League, is beag seans go mbeadh na comhairlí contae sásta scoláireachtaí a dhiúltú do mhic léinn san NUI, mar a bhagair siad a dhéanamh mura mbeadh an Ghaeilge ina ábhar riachtanach. Is de bharr a sheasamh cróga, ar son na Gaeilge 1909/10, in ainneoin naimhdeas na n-easpag, a bhfuil meas áirithe agam ar John Redmond i gcónaí.