Ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe cur chuige Foras na Gaeilge maidir le nuachtán seachtainiúil Ghaeilge a sholáthar do phobal léite na Gaeilge.
Ag léamh alt sa bhforlíonadh gnó ar an Irish Times dom le gairid, chuireas spéis faoi leith in alt le Laura Slattery, ar saineolaí ar mhargaíocht sna meáin í. Ag trácht ar na deacrachtaí atá ag nuachtáin chlóite sna laethanta seo a bhí sí, i bhfianaise laghdú leanúnach i líon na ndaoine atá ag ceannach nuachtán clóite. Is cosúil go bhfuil go leor ag éirí as nuachtán a cheannach go laethúil, mar go bhfuil sé ar fáil ar líne, ach fós féin atá ag iarraidh go mbeadh nuachtán clóite ina láimh acu ag deireadh na seachtaine le haghaidh ‘lean back screen-free reading’, mar a thug sí ar cheann de na pléisiúir is mó atá fanta agam, san aois ina bhfuilim.
Caithfidh mé a admháil nach gceannaím an Irish Times gach lá a thuilleadh. Ar chasadh ar an ríomhaire dom ar maidin is gnáthach dom súil a chaitheamh thar na cinnlínte ar an leagan leictreonach den nuachtán. Ach nuair a thagann sé go dtí an Satharn, is pléisiúr mór dom an nuachtán clóite a léamh agus mé ag suí chun boird ag an mbricfeasta: ‘lean back screen-free reading’ faoi phleisiúr, gan strus ná stró orm.
Casadh fear as Árainn orm le gairid agus bhí a thuiscint féin aige sin ar an ‘lean back screen-free reading’, nuair a dúirt sé liom gur olc an scéil é go gcaithfeá an ‘laptop a tabhairt leat ’ig teach an asail feasta le sásamh a bhaint as nuachtán Ghaeilge’.
Breith an Bháis
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil breith an bháis á tabhairt ag Foras na Gaeilge ar thraidisiún fada iriseoireachta na Gaeilge. In ainneoin mianta léitheoireachta an phobail, mar a léiríodh iad go soiléir sa phróiséas cuimsitheach comhairliúcháin a reáchtáladh níos túisce i mbliana le fáil amach céard a theastaigh ó phobal na Gaeilge ó thaobh nuachtáin dhó, níl Foras na Gaeilge sásta tacaíocht a thabhairt do nuachtán clóite a thuilleadh! Ghlacas féin páirt sa bpróiséas, mar chuid de ghrúpa fócais a tugadh le chéile ag tús an tsamhraidh ar an gCeathrú Rua. Bhí daoine ann a dúirt nach gceannaíonn siad nuachtáin. Bhí daoine eile ann a dúirt go gceannaíonn ach nach léann siad mórán nuachta ó shuíomhanna ar an idirlíon. Ba léir ón grúpa fócais sin ar aon chaoi go dteastódh nuachtán Ghaeilge clóite a bheith ar fáil chomh maith lena chur ar an idirlíon leis an dá chineál léitheora a shásamh.
Mianta an Phobail
Foilsíodh ar an 17 Nollaig ‘an anailís ar thorthaí an tsuirbhé phobail agus ar mholtaí ón tsraith fócasghrúpaí maidir le soláthar seirbhís nuachta’ ar shuíomh idirlíon an Fhorais. San anailís, déanta ag Regina Uí Chollatáin agus Róísín Ní Mhaolchallann, seo iad na torthaí:
17% (duine as gach seisear) ar son nuachtán seachtainiúil ar líne amháin;
43% ar son nuachtán náisiúnta clóite agus
25% ar theastaigh uathu go mbeadh meascán den dá fhormáid curtha ar fáil.
Dála an scéil do réir an tsuirbhé faoin gceist [ar an idirlíon féin] ar Bheo na míosa seo caite, seo iad na torthaí a bhí ann ar an 19 Nollaig agus 224 vóta caite:
Ar Líne 28 (12.5%);
Clóite 56 (25%);
An Dá Cheann 140 (62.5%).
Sa tuarascáil chomh maith léirítear go mbeadh 85% sásta íoc as nuachtán Gaeilge. Mar sin féin deirtear sa réamhrá leis an anailís ón bhForas nach mbeadh sé ‘de chumas ag Foras na Gaeilge díriú ar nuachtán seachtainiúil clóite a fhoilsiú le haon deontas ónár n-acmhainní teoranta agus na fadhbanna leanúnacha a bhaineann le dáileadh fós gan sárú’. I bhfocla eile tá sé socraithe ag an bhForas nach fiú a bheith ag iarraidh nuachtán Gaeilge a dháileadh agus nach bhfuil an Foras ag cuartú iarratas ó dhreamanna a mbeadh réiteach ar na fadhbanna dáiliúchán don leagan clóite.
Céard faoi leagan clóite a chur ar fáil do shíntiúsóirí a bheadh sásta íoc as an tseirbhís, do na scoileanna, do leabharlanna, do na siopaí ina mbíonn leabhair Ghaeilge á ndíol, do shiopaí Easons ar fud na tíre agus do na siopaí is mó sna ceantair Ghaeltachta agus sna Bailte Seirbhísí Gaeltachta, ina bhfuil an Foras ceaptha seirbhísí Gaeilge a chothú. Níor cheart go mbeadh aon fhadhb dáiliúcháin leis an méid sin ach an toil a bheith ann chuige.
Intinn Dúnta an Fhorais
Tá a fhios agam an tráth seo de mo shaol, nach bhfuil maith ar bith a bheith ag moladh réitigh do dhuine le hintinn dúnta. Braithim gur sin mar atá leis an bhForas faoi láthair. In ainneoin mianta an phobail mar a léiríodh san anailís ón bpróiséas comhairliúcháin, tá an Foras le leanacht ar aghaidh beag beann ar na torthaí. Ní hamháin sin ach tá gach cuma ar an scéal nár fhan siad leis an toradh ón bpróiséas comhairliúcháin sular deineadh an cinneadh thíos i gCill Airne, le linn Oireachtas na Gaeilge, deontas a chur ar fáil do nuachtán ar líne amháin, Smaoinigh gur deineadh an cinneadh ar an 1 Samhain ach an dáta atá ar an anailís a cuireadh ar fáil don bhForas ná an 8 Nollaig 2013!
Sa chonchlúid deirtear sa tuarascáil, a réitigh Regina Uí Chollatáin agus Róisín Ní Mhaolchallann, go bhfuil sé ‘róluath le bheith ag dul i dtreo an idirlín amháin’ agus go mba mhaith le pobal na Gaeilge ‘go mbeadh nuachtán clóite ar fáil’ chomh maith le nuachtán ar líne.
Costas Nuachtán Clóite
Dá mba mhian le Foras na Gaeilge freastal ar an oiread daoine agus a b’fhéidir, ní roghnóidís formáid ar líne amháin. Tá go leor leor míthuiscintí á scaipeadh i measc an phobail faoi nuachtán clóite. Tá sé ráite go poiblí ag léachtóir amháin ar na meáin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Aodh Ó Coileáin, gur chosain sé €6 an chóip Gaelscéal a chlóbhualadh. Bhí Uinsionn Mac Dubhghaill ag tabhairt le fios ar Bheo na míosa seo caite go raibh sé ag cosaint €10,000 in aghaidh na seachtaine Gaelscéal a chlóbhualadh, nó más mian leat leathmhilliún in aghaidh na bliana. Is cinnte gur scantraigh an chaint sin daoine sa bhForas. Ach an bhfuil aon bhunús leis na figiúirí seo? Ba bhreá liom a fháil amach ó Uinsionn agus ó Aodh, cé as a bhfuair siad an na figiúirí scantrúla seo, mar níl siad ag tíocht ar chor ar bith leis na praghasanna atá ag clódóirí i láthair na huaire! (Is cosúil gur thart ar €1 an chóip a bheadh ar nuachtán 28 lth. a chlóbhualadh.)
Mar a dúras ar Bheo na míosa seo caite, d’fhéadfadh sé tarlú go raibh €10,000 á ghearradh ar Gaelscéal in aghaidh na seachtaine leis an nuachtán a chlóbhualadh. Má bhí, míníonn sé go leor agus ardaíonn sé ceist nó dhó chomh maith faoin mbealach a raibh an gnó á rith.
Dáiliúchán
An fabhalscéal eile atá á scaipeadh ná an fhadhb dáiliúcháin seo. Shílfeá gur fál go haer é. An bhfuil aon scrúdú déanta ar an gceist seo do Fhoras na Gaeilge? Cén chaoi gur fadhb dhosháraithe é do thréimhseacháin Ghaeilge ach nach fadhb ar chor ar bith é do na céadta tréimhseacháin eile, nach mbeadh éileamh an-mhór orthu, cuid acu i dteangacha eile seachas an Béarla. Níl sa gcaint seo faoin dáiliúchán ach leithscéal feiliúnach do dhreamanna, go mb’fhearr leo nach mbeadh orthu bacaint le nuachtán clóite a chur ar fáil don dá thrian (68%) a bhfuil sin uathu.
Ó tháinig mé in aois léitheoireachta, bhí nuachtán clóite Ghaeilge mar chuid de mo shaol: INNIU, AMÁRACH, ANOIS, FOINSE agus GAELSCÉAL. Gaelscéal an t-aon cheann ar theip air. Baineadh an deontas ó INNIU le háit a dhéanamh do nuachtán nua-aimseartha a chur amach agus cuireadh ANOIS ar bun ina áit, foilsithe ag Gael Linn; nuair a tháinig deireadh le conradh ANOIS tugadh an deontas don fear gnó Pádraig Ó Céidigh agus foilsíodh FOINSE ar feadh na mblianta go brabasúil go dtí gur thit an tóin as an ngeilleagar agus as an margadh fógraíochta do nuachtáin i gcoitinne. Níor theip ar FOINSE brabach a dhéanamh ach a mhalairt. Bhí brabach breá carnadh ag Móinéar Teo. faoin am ar tharraing an Céideach amach.
Theip ar GAELSCÉAL agus ní hiontas ar bith é. Ar an gcéad dul síos níor thuig an dream taobh thiar dhó an margadh rómhaith agus anuas ar sin, bhí an chéad chúpla eagrán uafásach agus chaill pobal na Gaeilge muinín sa nuachtán. Sa deireadh ní raibh a dhóthain cóipeanna á bpriontáil le go bhféadfaí é a dháileadh i gceart. Athraíodh an lá foilsithe ar údar nach dtuigim go dtí an lá céanna a raibh colún Gaeilge san Irish Times agus forlíonadh Ghaeilge san Irish Independent: cinneadh gan chéill.
Labhairt Amach
Le scéal fada a dhéanamh gearr tá muid tagtha chuig an bpointe go bhféadfadh sé tarlú nach mbeidh aon nuachtán clóite ar fáil dhúinn, de bharr chomh dáigh is atá ceannasaíocht Fhoras na Gaeilge faoin gceist. Dá mba é an aidhm a bhí ag Foras na Gaeilge an uasmhéid léitheoirí a mhealladh, dhéanfaidís cinnte dhó go mbeadh sé ar fáil go leictreonach ar líne agus go mbeadh sé ar fáil chomh maith mar nuachtán clóite do shíntiúsóirí agus i siopaí, ar a mbeadh éileamh air sna Gaeltachtaí agus sna bailte is sna fobhailte is mó ina bhfuil líonraí Gaeilge ag tíocht chun cinn.
Tá faitíos orm go bhfuil praiseach déanta ag Foras na Gaeilge den scéal. An mbeadh sé de mhisneach ag éinne ar Bhord an Fhorais labhairt amach faoin scéal, sara mbeidh sé ródheireanach? Sin é an cheist.