AR NA SAOLTA SEO
Céard Tá le Ceiliúradh Againn: Tréas an Stáit?
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Ón lá inniu go ceann 10 mbliain eile beidh go leor le ceiliúradh ach fiafraíonn Donncha Ó hÉallaithe céard tá le ceiliúradh ag lucht na Gaeilge?

Íomhá
Bhí an ceart aige, an tIar-Thaoiseach Liam Ó Cosgair
(Páirtí an Lucht Oibre ar Flickr)
Íomhá
Comóradh 1913 agus ba chóir 1974 a chomóradh
(ag El Gringo ar Vicipéid)
Íomhá
Dubhghlas de hÍde, a chuaigh i mbun feachtais
(le Tionscnamh Gutenberg ar Vicipéid)
Íomhá
Ba chóir Tréas an Stáit a chomóradh
Íomhá
Tacaí tábhachtach, John Redmond c.1916
(le SAM ar Vicipéid)
Íomhá
Eoin Mac Néill, a chuaigh i mbun feachtais
(Vicipéid)

Ba mhaith mar a ceiliúradh ‘Lock Out 1913’ le gairid. Bhí an forlíonadh san Irish Times thar barr: thug sé an-léargas ar an gcoimhlint ghéar idir gluaiseacht na n-oibrithe leis na fostóirí 100 bliain ó shin, le go mbeadh sé de cheart ag an ngnáthoibrí ballraíocht a ghlacadh i gceardchumann. Cé gur buaileadh na hoibrithe i 1913 agus gur briseadh an ITGWU, tháinig sé aníos arís de bharr an ganntan saothair a bhí ar fáil le linn an Chogaidh Mhóir (1914 – 18).

Buaicbhlianta Ghluaiseacht na Gaeilge

Thart ar an am céanna briseadh Gluaiseacht na Gaeilge agus níor tháinig sé aníos ó shin. Ba iad 1909-10 buaicbhlianta Chonradh na Gaeilge: bhain an eagraíocht bua mór amach ó thaobh cúrsaí oideachais, nuair a d’éirigh le Dúghlas de hÍde agus Eoin Mac Néill an Ghaeilge a dhéanamh éigeantach do mhic léinn a rugadh is a tógadh in Éirinn, le fáil isteach sna coláistí nuabhunaithe a bhí mar chuid den NUI, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann.

D’éirigh leis an bhfeachtas sin mar go raibh de hÍde agus Mac Néill straitéiseach agus seiftiúl agus bhí cumhacht an phobail tiomsaithe ag Conradh na Gaeilge, rud a léiríodh nuair d’éirigh leis an gConradh suas le 100,000 duine a thabhairt amach ar shráideanna na hardchathrach Dé Domhnaigh, 19 Meán Fómhair 1909. Seo mar a scríobhadh ar an Irish Times faoin mórshiúl sin ar son riachtanas na Gaeilge san Ollscoil Náisiúnta: “The occasion which brought them together in a swaying mass, that extended close-packed from [Nelson’s] Pillar to Rotunda, and overflowed into the thoroughfares beyond, was something more than the ordinary annual Language Procession of recent years. The present demonstration, organised on a much larger scale than ever before, gained its special importance this year from the prominence of the question as to the place to be given to Irish in the syllabus of the new National University.

Chuir se iontas orm nár deineadh aon chomóradh ar an oll-mhórshiúl sin trí bliana ó shin. Bhí sé chomh tábhachtach do cheist na Gaeilge is a bhí an Lockout i 1913 do cheist cearta na n-oibrithe. Na heaspaig a bhí in aghaidh Gaeilge éigeantach san Ollscoil nua, (a bhí á bunú do Chaitlicigh dar leo féin), bhog siad a seasamh tar éis an mhórshiúil agus sna míonna ina dhiaidh d’éirigh le Mac Néill agus de hÍde dul i bhfeidhm ar Sheanad an N.U.I. i mbealach a d’fhág go gcaithfeadh Gaeilge a bhí ag gach mac léinn Éireannach, a bheadh ag iarraidh áit i UCD, UCC nó UCG. Na coláistí galánta Caitliceacha, na scoileanna rugbaí más mian leat a bhfuil cosc ag cuid acu fós ar chluichí gaelacha, bhí orthu Gaeilge a mhúineadh do na daltaí, nó ní bhfaighfaidís isteach i UCD a thuilleadh! (Dála an scéil níor tugadh ariamh a dhóthain aitheantais do cheannaire an Pháirtí Náisiúnaigh, John Redmond, as an dtacaíocht tábhachtach a thug sé don fheachtas ag an am, nuair a bhí ceannairí náisiúnta móra eile, ar nós John Dillon, ag cur go láidir ina aghaidh.)

Tréas an Stáit

Nuair a theip ar Ghluaiseacht na Gaeilge oll-mhórshiúl 1909 a chomóradh b’fhéidir go mba cheart dúinn ullmhú anois leis an mbuille is mó a buaileadh ar an nGaeilge ó bhunú an stáit a chomóradh ina áit an chéad bhliain eile: ’sé sin an tréas a d’imir an rialtas (Fine Gael/Lucht Oibre) faoi cheannas Liam Cosgrave nuair a cuireadh deireadh le riachtanas na Gaeilge sa státchóras.

Céard go díreach a tharla? Sa toghchán i bhFeabhra na bliana ’73 cuireadh Fianna Fáil amach as oifig, tar éis 16 mbliain i gceannas faoi De Valera, Lemass agus Jack Lynch. B’é ceann de na geallúintí a rinne Fine Gael agus an Lucht Oibre sa bhfeachtas ná go bhfaighfí réidh le Gaeilge éigeantach sna scrúduithe stáit agus sa státseirbhís.

Ní thugtaí an Ardteist dá dteipfeadh duine sa Ghaeilge ag an am. Ba dheacair sin a chosaint. Dar liomsa rinne Gluaiseacht na Gaeilge botún straitéiseach ag an am: tógadh seasamh láidir ina aghaidh deireadh a bheith curtha le Gaeilge éigeantach sna scrúduithe agus níor ceistíodh i gceart na himpleachtaí bunreachtúla agus eile a d’eascródh as deireadh a bheith curtha le riachtanas Ghaeilge sa státseirbhís.

Bhí Fine Gael, faoi thionchar an Language Freedom Movement ag an am, dream a bhí nimhneach in aghaidh na Gaeilge ar an gcuid is mó acu, cé go raibh corrdhuine páirteach leo nach bhféadfaí sin a chur ina leith ar nós an scríbhneoir cáiliúil ó Lios Tuathail, John B. Keane. Níor tugadh aon aird ar thuairimí Chomhairle na Gaeilge, eagraíocht a bhí curtha ar bun ag an stát le comhairle a chur ar an rialtas faoi cheist na Gaeilge. Ar an 29 Deireadh Fómhair 1974 cuireadh deireadh le riachtanas Ghaeilge sa Státseirbhís. Thuig Taoiseach an ama sin, Liam Cosgrave, go bhféadfadh sé tarlú de bharr cinneadh an rialtais nach mbeadh an státchóras in ann a dhualgaisí a chomhlíonadh de réir an bhunreachta. Seo mar a scríobh sé sa mheamram dar dáta 6 Bealtaine 1974 a chuir sé ag an Aire don tSeirbhís Poiblí, Richie Ryan, faoin moladh: “It must be recognised that abolition of the requirement might cause some difficulties in regard to the Constitutional position of Irish as the first language of the state and might lead to a situation where few civil servants would be able to conduct business in Irish with those members of the public who would wish and would be entitled to do so.”

Nach é a bhí fadbhreathnaitheach? Ar ndóigh gheall Fianna Fáil go gcuirfidís an scéal ina cheart nuair a bheidís ar ais i gcumhacht aríst, rud nach ndearna cé go raibh neart deiseanna acu ó shin. Tá muid anois sa riocht is go n-admhaíonn an Roinn Oideachais nach bhfuil a dhóthain Gaeilge ach ag 1.5% den fhoireann riaracháin le bheith in ann déileáil leis an bpobal tré Ghaeilge agus seirbhís a chur ar fáil sa gcéad teanga oifigiúil de réir an Bhunreachta. Is deacair a chreidiúint go bhfuil an leibhéal inniúlachta chomh íseal sin. B’fhéidir nach bhfuil ann ach leithscéal le nach mbeidh ar an Roinn Oideachais deileáil i nGaeilge le Gaelscoileanna agus le scoileanna sa Ghaeltacht. Ach ’sé an cheist ar cheart a bheith curtha ar an Aire Oideachais agus ar gach Aire eile ná seo:

Más amhlaidh nach bhfuil dóthain foirne ag do Roinn le déileáil le pobal na Gaeilge ina rogha teanga, céard tá sibh le déanamh faoi?

An Tréas a Chomóradh

I gceann roinnt blianta eile beidh ar an státchóras daoine a earcú arís. Ní gá go mbeadh inniúlacht ar an nGaeilge ag chuile státseirbhíseach ach theastódh i bhfad níos mó ná 1.5% den bhfoireann riaracháin a bheith in ann déileáil leis an bpobal tré Ghaeilge. Creidim féin go mba cheart go mbeadh 20% ar a laghad in ann a gcuid oibre a dhéanamh gan stró liomsa nó leatsa tré Ghaeilge ionas go mbeadh an stát in ann a dhualgas reachtála agus a dhualgas bunreachtúil a chomhlíonadh. Le sin a bhaint amach, teastaíonn sa gcóras earcaíochta amach anseo ‘gníomh athchothromaithe’, mar atá ráite ag Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga.

Le haird a tharraingt ar an éileamh bunúsach seo, ba mhaith an rud é ‘comóradh’ a dhéanamh an chéad bhliain eile ar an an buille is mó a buaileadh ar an nGaeilge ó bunaíodh an stát, ’sé sin cinneadh comhfhiosach an rialtais ar 29 Deireadh Fómhair 1974, deireadh a chur le riachtanas Ghaeilge sa státseirbhís agus a fhios ag Taoiseach na tíre ag an am, gurb é an toradh a bheadh ar an gcinneadh nach mbeadh an stát in ann seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge dosna saoránaigh arb í an teanga chéanna sin a rogha!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.