Bhí Donncha Ó hÉallaithe i láthair ag seoladh an straitéis is deireanaí ag an rialtas chun an Ghaeilge a shlánú sa nGaeltacht, ach ceapann sé go bhfuil an cath caillte sa nGaeltacht de dheasca an chur chuige atá molta.
Faoi dheireadh thiar thall, tar éis dhá bhliain déag de thaighde agus de chomharliúchán, bhí beartas an rialtais i leith na Gaeltachta le cur inár láthair. ‘Dhá thionsnamh suntasacha’ a tugadh sa bpreasráiteas ar a raibh le fógairt ag Dinny Mc Ginley, an tAire Stáit a bhfuil cúram na Gaeltachta air: ‘Clár Tacaíochta Teaghlaigh’ agus ‘Próiséas Pleanála Teanga sa nGaeltacht’.
Chuas soir ag an ócáid le dóchas i mo chroí agus mé ag iarraidh a bheith dearfach. Bhí an t-imeacht taithneamhach le cur i láthair snasta. Ar thíocht abhaile dom, fuair mé deis breathnú i gceart ar a raibh fógraithe sa gcáipéis a tugadh amach agus thuig mé an uair sin nach raibh sa dá ‘thionscnamh suntasacha’ ach cur i gcéill arís eile. ‘Más é sin an méid’ a dúras liom féin, ‘ar féidir leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a dhéanamh le dul i ngleic leis an ngéarchéim, ina bhfuil an Ghaeilge sa nGaeltacht, caithfidh go dtuigeann siad go bhfuil an cath caillte’.
An Clár Tacaíochta Teaghlaigh:
Nuair a cuireadh deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge (SLG) anuraidh tugadh le tuiscint go raibh sé beartaithe cur chuige níos fearr a thionsnamh. Seo atá le tíocht ina áit:
(i) billeog eolais a scaipeadh ar mhná atá ag súil le páiste, chun na buntáistí a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge a chur os a gcomhair;
(ii) páistí níos óige a thógáil ar na campaí samhraidh;
(iii) roinnt déagóirí a oiliúnt is a chur ag obair mar chúntóirí sna Coláistí Ghaeilge;
(iv) forbairt a dhéanamh ar Scéim na gCúntóirí teanga sna scoileanna Gaeltachta le go mbeidís in ann ‘freastal níos fearr a dhéanamh ar pháistí i scoileanna Gaeltachta chun a a gcuid Gaeilge a shaibhriú nó a shealbhú’ agus
(v) ‘suíomh tairsí’ eile don Ghaeilge a fhorbairt ar an idirlíon.
Mar a dúirt an t-amhrán cáiliúil a chanann Peggy Lee ‘Is that all there is?” Bhíomar, tuismitheoirí na Gaeltachta, ag fanacht 12 bhliain leis an méid sin! Le háit a dhéanamh don méid sin, tá deireadh curtha le Scéim Labhairt na Gaeilge (SLG), scéim a thug aitheantas agus misneach do na páistí ar éirigh leo líofacht mhaith Ghaeilge a bhaint amach sa nGaeltacht. Dúradh cúpla uair ag an seoladh nach raibh SLG ag obair. Is cinnte go raibh líon áirithe teaghlach ag fáil an deontais de bharr obair na scoile seachas an Ghaeilge a bheith ina teanga teaghlaigh. Ach cén dochar má bhí roinnt teaghlach á bhfáil nach raibh Gaeilge sa mbaile acu ach líofacht mhaith Ghaeilge piocaithe suas ag na gasúir, mar sin féin? Shílfeá gur rud maith é sin. B’iad na figiúirí ó SLG an tomhas ba chruinne a bhí ar fáil, le monatóireacht a dhéanamh ar staid na Gaeilge sa nGaeltacht mar theanga teaghlaigh, mar theanga scoile agus mar theanga a bhí in úsáid in imeachtaí an phobail. Ní hamháin sin ach b’iad figiúirí ón SLG a bhí mar bhunús le ceann de na critéir a bhí molta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na na Gaeilge sa nGaeltacht.
Ní raibh an scéim gan locht, Bhí sé ag obair go feidhmiúil leis an nGaeilge a neartú mar theanga baile agus mar theanga scoile. Ní bheadh sé doiligh é a fheabhsú gan aon chostas breise a chur ar an státchiste. An smaoineamh is mó atá sa ‘pacáiste’ a cuireadh ina áit is ea bileog dheas faoi na buntáistí a bhaineann le tógáil clainne le Gaeilge!
An Tionscnamh Suntasach Eile: Próiséas Pleanála Teanga:
Sa bpreasráiteas dúradh go dtabharfar sainmhíniú nua don Ghaeltacht, sa mBille Gaeltachta atá á dhréachtadh faoi láthair, a bheas ‘bunaithe ar chritéir teangeolaíochta seachas ar limistéir thíreolaíocha’. Má tá aon bhunús leis an gcaint sin, déanfar an Ghaeltacht a laghdú go dtína leath. In áit fanacht go mbeidh teorainneacha na Gaeltachta athsocraithe de réir na gcritéar teangeolaíochta nua, is cosúil go bhfuil an próiséas pleanála teanga le dul ar aghaidh sa nGaeltacht oifigiúil ar fad, mar atá sé faoi láthair.
Tá an Ghaeltacht oifigiúil, mar atá sé faoi láthair, roinnte ag an Roinn isteach i ‘19 gceantar pleanála teanga’ agus beidh ar chuile cheantar plean teanga a chur le chéile faoi stiúir Údarás na Gaeltachta. Nílimse in aghaidh pleanáil teanga. Faraoir nár thosaigh an phleanáil teanga blianta ó shin agus b’fhéidir nach mbeadh muid san áit a bhfuilimid faoi láthair. Ach céard é an chiall a bheith ag caitheamh airgid ar phlean teanga a réiteach do cheantar, ina bhfuil an Ghaeilge imithe i léig chomh mór is nach bhfuil difríocht ar bith idir é agus ceantar taobh amuigh den Ghaeltacht. Mar shampla tá níos mó Gaeilge ar an Orán Mór, nach bhfuil sa nGaeltacht oifigiúil, ná mar atá sa sráidbhaile ‘Gaeltachta’, Baile an Chláir.
Gona Laigí
Maidir leis an bpróiséas pleanála teanga féin, níl mórán seans go n-oibreoidh an cur chuige atá fógraithe ar roinnt cúiseanna:
(i) Deirtear go roghnófar ‘príomheagraíocht cinnireachta amháin’ i ngach ceantar chun an phleanáil a dhéanamh. Is deacair dom a shamhlú go mbeidh an ‘phríomheagraíocht cinnireachta’ a roghnófar in ann tacaíocht agus comhoibriú a fháil ó na eagraíochtaí eile sa gceantar, chun go réiteofar ‘plean teanga cuimsitheach agus córasach’.
(ii) Fiú dá bhféadfaí plean maith a réiteach do cheantar, níl rud ar bith ráite faoin airgead cuíosach mór a theastódh leis an phlean a chur i bhfeidhm. Cén mhaith an dúthracht a chaitheamh le plean a réiteach, mura dtugtar na acmhainní don cheantar lena chur i bhfeidhm?
(iii) Cuid de na ceantair ní dheineann siad mórán céille ó thaobh na tíreolaíochta agus cuid eile acu ní dheineann siad aon chiall ó thaobh cúrsaí teanga. Mar shampla tá Corr na Móna curtha le Carna, dhá cheantar atá i bhfad óna chéile, baineann ceann acu le Catagóir A (Carna) agus an ceann eile le Catagóir C (Corr na Móna).
(iv) Is faoi Údarás na Gaeltachta a bheas sé an obair phleanála a stiúradh. Luadh go minic ag an ócáid seolta an saineolas atá ag Údarás na Gaeltachta fá choinne na hoibre seo. Ní eol dom ach aineolas a bheith in Údarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí teangeolaíochta.
Tá díomá mór orm. Tar éis obair Choimisiún na Gaeltachta (2000 - 2002) agus tar éis an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa nGaeltacht (2004 – 2007) ní raibh le fógairt ag Dinny Mc Ginley sa deireadh ach Scéim Pleanála Teanga atá deartha sa gcaoi is nach bhféadfadh sé oibriú agus Clár Tacaíochta Teaghlaigh nach bhfuil caoi ar bith air. Breis cur i gcéill, breis airgid amú agus breis briseadh misnigh a bheas de thoradh ar an bpacáiste seo, tá faitíos orm. Sin an fáth go mbraithim, ag an bpointe seo, go bhfuil an cath caillte sa nGaeltacht agus bheadh sé níos ionraice é sin a admháil.