AR NA SAOLTA SEO
An Bhfuil Sinn Féin ar Strae?
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Tá Sinn Féin ag iarraidh reifrinn ó thuaidh faoi cheist na teorann. Ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe an bhfuil Sinn Féin ag dul ar amú, ar ardú na ceiste ag an bpointe seo agus an é leas an pháirtí seachas leas an phobail atá taobh thiar dhó?

Íomhá
Mary Lou Mc Donald
(le Cian Ginty ar Flickr)
Íomhá
Earnán de Blaghd, sliocht as an iris Éire 1940
(le Éóg1916 ar Vicipéid)
Íomhá
RB Barrett, an fear 'clé' 'ar dheis'
(le The Workers' Party of Ireland ar Flickr)

Ní thuigim céard tá ar bun ag Sinn Féin na laethanta seo ó thuaidh. Tá ardmheas agam ar chumas polaitíochta an pháirtí ó thuaidh is ó dheas. ’Sí Mary Lou Mc Donald an duine is cumasaí sa bhfreasúra. Nuair a bhíonn sí ar a cosa sa Dáil ag náiriú an rialtais, go háirithe le linn do Éamonn Gilmore a bheith ag tógáil na gceisteanna uaithi, is beag nach bhfeicfeá tacaíocht an rialtais ag titim pointe nó dhó eile sna pobalbhreitheanna. Tá sí in ann an sprioc a aimsiú lena cuid spallaí i mbealach nach féidir le Mícheál Martin ná le Gerry Adams. Sa tarna áit chuirfinn fear na Gaeltachta, Pearse Doherty. Tá a chuid anailíse ar na fadhbanna airgeadais géarchúiseach agus inchreidte, i mbealach nach bhfuil ag Richard Boyd Barret (ULA) nó Joe Higgins (SP).

An chúis nach dtuigim céard tá ar bun ag Sinn Féin na laethanta seo ná an t-éileamh atá déanta acu ar reifreann ó thuaidh ar cheist na críchdheighilte. Níl seans na ngrást go vótálfaidh móramh i dTuaisceart Éireann ar son athaontú na tíre. Bheadh sé sách deacair móramh a fháil i measc na ndaoine ó chúlra náisiúnach ó thuaidh, de réir mo léamh ar an scéal.

An uair dheiridh (Márta 1973) a raibh reifreann ar cheist na teorann, vótáil 99% ar son fanacht sa Ríocht Aontaithe. B’ionann é sin agus 59% den toghlach ar fad. Tuigeadh nach raibh sa reifreann an uair sin ach cleas polaitíochta ag Rialtas na Breataine, le feiliúnt do na hAondachtóirí. Bhí sé de chiall ag na náisiúntóirí fanacht sa mbaile, an uair sin, rud a bhain cuid den snas den dtoradh.

Má bhí cleasaíocht pholaitiúil ar bun ag Rialtas na Breataine le reifreann faoin dteorann dhá scór bliain ó shin, braithim go bhfuil cleasaíocht den chineál céanna ar bun ag Sinn Féin anois. Dá ngéillfí don éileamh atá déanta ag Sinn Féin, reifreann eile a reáchtáil faoin gceist go luath, ní leas an phobail agus an athmhuintearais a bheadh ann ach a mhalairt, im’ thuairimse.

’Sé fírinne an scéil nach é an chríchdheighilt fisiciúil idir na sé chontae i dTuaisceart Éireann agus an 26 contae an fhadhb mhór atá le réiteach ach an deighilt sa phobal ó thuaidh maidir le dílseacht agus féiniúlacht. Rud ar bith a dhéanfadh an deighilt sin a dhoimhniú, ní cabhair é ach a mhalairt don athmhuintearas atá á chothú sna pobail éagsúla. In áit a bheith i bpíobán a chéile, mar a bhíodh, tá iarrachtaí fiúntacha ar bun ag daoine ar an dá thaobh ómós agus tuiscint a thaispeáint do thraidisiúin an taobh eile. Is ábhar dóchais, don té atá ag santú síochána, go mb’fhéidir go bhfuil bláth ag tíocht faoi dheireadh ar an lus a cuireadh nuair a shocraigh Sinn Féin éirí as an gcogaíocht agus dul le polaitíocht. Bhí ar phoblachtánaigh go leor leor a ghéilleadh nuair a tugadh aitheantas do Thuaisceart Éireann, stát a rinne géarleanúint ar náisiúntóirí mar pholasaí. Bhí ar Aontachtóirí go leor a ghéilleadh le bheith sásta suí in aon rialtas le daoine a bhí i gceannas ar arm a chleacht dúnmharú in aghaidh protastúnach, mar ghléas cogaíochta.

Féiniúlacht Éireannach ó Thuaidh

Ceann de na nithe ba mhó spéise domsa, sna torthaí ón Daonáireamh a tógadh i 2011, ná an céatadán mór daoine a bhí sásta a rá go mba ‘Northern Irish only’ an fhéiniúlacht a bhí acu. Is léir gur Caitlicigh a bhformhór. Is de chúlra Caitliceach 45% de dhaonra Tuaisceart Éireann ach níl ach 28% den phobal ag maíomh gur ‘Éireannaigh amháin’ atá iontu. Is léir as sin go bhfuil cuid mhaith Caitliceach atá breá compórdach le féiniúlacht ‘Tuaisceart Éireannach’. Seo féiniúlacht ar cheart a fhorbairt ar son an athmhuintearais, mar is féiniúlacht é atá lonnaithe i spás atá oscailte don dá mhuintir ó thuaidh. Is féiniúlacht é ar cheart go mbeadh duine le cúlra Protastúnach in ann a roghnú, chomh maith le duine le cúlra Caitliceach. Is sa bhféiniúlacht sin a chothófar an t-athmhuintearas, a mbíonn Sinn Féin ag caint air. Is as an athmhuintearas sin a d’fhéadfadh athaontú na tíre tíocht amach anseo, má thagann sé riamh. Cinnte, ní thiocfaidh athmhuintearas as athaontú na tíre, fiú amháin dá mbeadh móramh ar a shon i dTuaisceart Éireann.

Ní hiontas ar bith go bhfuil daoine sa DUP ag rá nach mbeadh aon fhadhb acu le reifreann ó thuaidh faoin teorann. ‘Bring it on’, atá á rá acu. Tuigeann siad go maith gur faitíos roimh ‘Éire Aontaithe’ ba phríomhchúis le tacaíocht protastúnach don DUP agus don UUP agus gurb iad is mó a bhainfeadh tairbhe as an bhfeachtas in aghaidh athaontú na tíre. Rith an smaoineamh liom go mb’fhéidir go bhfuil Sinn Féin ag iarraidh an reifreann seo le maitheas a dhéanamh don DUP, ag am a bhfuil vótaí agus suíocháin á gcailliúint acu don pháirtí Alliance! Ní fhéadfaidís a bheith chomh Machiavelliach sin. Nó an bhféadfadh? Is cinnte nach ar son an athmhuintearais ó thuaidh atá an t-éileamh déanta.

Briseadh na Teorann:

Táimse sách fada ar an saol seo is gur deacair dom dearmad a dhéanamh ar an gcogadh uafásach ó thuaidh lenar thacaigh Sinn Féin, i gcaitheamh an achair. Cogadh náireach a bhí ann, a rinne an deighilt sa phobal tuaisceartach a dhoimhniú go mór. I 1968 sarar thosaigh na trioblóidí ó thuaidh bhí triúr as gach cúigear Protastúnach i dTuaisceart Éireann ag maíomh go mba Éireannaigh de chineál éicint a bhí iontu. Ach tar éis cogadh na Sealadach bhí an uimhir seo laghdaithe go duine as triúr. I bhfocla eile bhí beagnach 61% de na Protastúnaigh a bhreathnaigh orthu féin mar Éireannaigh de chineál éicint sarar thosaigh na Sinn Féin is an PIRA i mbun an fheachtais mharfaigh, ach faoin am ar thuig ceannairí Sinn Féin nach raibh ag éirí leis an bhfeachtas míleata, bhí an céatadán Protastúnach ó thuaidh le féiniúlacht Éireannach de chineál éicint acu tite ón 61% i 1968 go 32% i 1989. Ní raibh sa pholaitíocht an uair sin ach fochuid den fheachtas a bhí ar bun ag na Sealadaigh: ‘an armalite in one hand and a ballot paper in the other’ mar a dúirt Danny Morrison ón ardán i 1981 le Ardfheis Shinn Féin.

Anois go bhfuil an páipéar ballóide sa dá láimh ag Sinn Féin agus na armalites is an semtex fágtha ina ndiaidh acu, tá siad ag caint faoin bpróiséas síochána agus faoin athmhuintearas. Má tá fíorspéis ag Sinn Féin san athmhuintearas, níor mhiste dóibh aird a thabhairt ar a raibh le rá ag náisiúntóir Protastúnach, Earnán de Blaghd, ina leabhar Briseadh na Teorann. (Sáirséal agus Dill, 1955) As Protastúnachas an Tuaiscirt a fáisceadh an Blaghdach agus thuig sé go maith dá mhéad cainte a dhéantar faoi athaontú na hÉireann, gur mó dochar ná maitheas a bhíonn de thoradh air. Is dócha gur ag trácht ar an Anti-Partition League agus an feachtas idirnáisiúnta a bhí ar bun ag Seán Mc Bride, mar Aire Gnothaí Eachtracha, a bhí de Blaghd nuair a scríobh sé i 1955 go mbíonn ‘ár gcuid Frith-Chríchdeighilteoirí de shíor ag déanamh a ndíchill go neamh-choinfheasach chun na hAondachtóirí agus na Náisiúntaigh a scarúint níos faide óna chéile agus chun an críchdheighilt a fhágaint tríd is tríd, níos doimhne agus níos daingne ná mar a bhí riamh!’ I bhfocla eile chuile uair a ardaíonn náisiúntóirí an cheist faoi Éire a athaontú, daingnítear i measc na bProtastúnach ó thuaidh an meon faoi léigear is cúis lena bhformhór mór a gcuid Éireannachais a shéanadh, amhail is gur cosaint é sin ar a dtraidisiúin mar Phrotastúnaigh, de shliocht na gcóilíneach. Im’ thuairimse, sin go díreach atá ar bun ag Sinn Féin na laethanta seo leis an éileamh atá déanta acu faoi reifreann ar cheist na críchdeighilte: féiniúlacht na bProtastúnach ó thuaidh mar Bhriotanaigh a dhaingniú tuilleadh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.