AR NA SAOLTA SEO
The Necessity for De-Anglicising Ireland: Arbh Fhiú a Chomóradh?
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Molann Donncha Ó hÉallaithe go mba cheart do Chonradh na Gaeilge, tús áite a thógáil san allagar poiblí faoi thodhchaí na tíre trí chomóradh a eagrú ar an léacht cáiliúl a thug De hÍde 120 bliain ó shin, léacht a chuir tús leis an athnuachan as ar eascair, tríocha bliain níos deireanaí, stát neamhspéach don 26 Contae .

Íomhá
Dubhghlas de hÍde c. 1912
(le Tionscadal Gutenberg ar Vicipéid)
Íomhá
'Míshuaimhneas ar éadan an Tánaiste & an Taoisigh'
Íomhá
An Tánaiste i Meiriceá anuraidh
(le SAM ar Vicipéid)
Íomhá
Joe Higgins, An Páirtí Sóisialach

Tús na bliana agus braithim éadóchas go forleathan san aer, ní hamháin faoi chúrsaí geilleagair agus sóisialta ach faoi ghnóthaí cultúir agus Gaeilge chomh maith. Tá cuid mhaith den dul chun cinn a deineadh le scór bliain anuas, á chealú ag ciorruithe atá á chur i bhfeidhm ag an státchóras. Cheapfá ó bheith ag éisteacht le polaiteoirí na bpáirtithe polaitíochta an rialtais, nach bhfuil aon dul as againn ach na ciorruithe áirithe sin a dhéanamh, amhail is nach bhfuil aon rogha fágtha ach orduithe ón IMF – an CAI - a leanacht.

Mar a fheicimse an scéal, caithfear glacadh leis go bhfuil ciorruithe de dhíth, má tá seans ar bith ann go mbeifear in ann smacht a fháil ar chúrsaí airgeadais. Ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil cuid áirithe de na ciorruithe á roghnú, ní de bharr an méid airgid a shábháilfear ach de bharr an deis a bheith á tapú ag an státchóras fáil réidh le háisínteachtaí áirithe nach dtaitníonn leo, ar nós Oifig an Choimisinéir Teanga. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil smacht caillte ag na polaiteoirí ar an gcipínan maide stiúrach. Is faoi stiúir na n-ardstáitsheirbhíseach – na Sir Humphreys - atá long an stáit. Tá cuma puipéidí scantraithe ar Enda Kenny agus Éamonn Gilmore, gan bunsmaoineamh ar bith dá gcuid féin acu, gan aon mhisneach acu agus gan de chumas iontu dóchas a thabhairt don phobal a thogh iad.

Cé a Líonfas an Folús

Ar an dtaobh eile den scéal, níl mórán tacaíochta i measc an phobail do roisc chainte na heite clé ildaite sa Dáil. Níl ag éirí leo mórán a mhealladh le dul ar na léirsithe a eagraítear taobh amuigh de Theach Laighin. Níl caint Joe Higgins (An Páirtí Sóisialach) ná Richard Boyd Barrett (Daoine roimh Bhrabús) ag déanamh mórán céille don phobal mór atá ag fulaingt ó na ciorruithe míthrócaireacha. Tuigtear nach acu atá an réiteach. Sinn Féin is fearr atá ag déanamh critice ar dhúnghaois an rialtais. Is féidir an míshuaimhneas ar éadan an Tánaiste agus an Taoisigh a fheiceáil go soiléir nuair a sheasann Pearse Doherty nó Mary Lou Mc Donald suas sa Dáil le hionsaithe tomhaiste a dhéanamh ar chur chuige an rialtais. Tá Sinn Féin srianta ag dá rud: an baiste atá á iompar ag an bpáirtí ón gcogadh tubaisteach ó thuaidh, agus an seasamh frith-Eorpach a chuireann sa champa céanna iad leis na Tóraithe is faide ar dheis i Westminister.

In Éirinn, tá folús polaitíochta agus smaointeoireachta ann faoi láthair. Tugann an folús sin deis dúinn smaointe nua faoin ár bhféiniúlacht mar náisiún a fhorbairt. Tá fealsúnacht nua náisiúnta de dhíth orainn, a d´fhéadfadh a bheith mar threoir idé-eolaíochta don Éire Nua, a chaithfear a thógáil sa bhfolús atá fágtha tar éis cliseadh an Méféineachais, a tháinig chun cinn le linn réimeas Ahern/Harney/Mc Creevey. Creidim go bhféadfadh pobal na Gaeilge a bheith lárnach i bhforbairt na féiniúlachta nua seo. Is tírghráthóirí muid, ar an gcuid is mó. Tús maith é sin le smaointe nua a fhorbairt. Sa riocht ina bhfuil an tír, bheadh deis níos fearr ann go mbeadh tacaíocht forleathan ón bpobal le fáil, ach na smaointe a bheith réadúil.

Léacht de hÍde

Tharla sé cheana gur thug lucht na Gaeilge treoir don náisiún, le linn folús polaitíochta. Tháinig gluaiseacht cultúrtha náisiúnta chun cinn de bharr na smaointí réabhlóideacha maidir le Gaeilge a chuir Dúbhghlas de hÍde chun chinn 120 bliain ó shin sa léacht cáiliúl a thug sé don National Literary Society ar an 25 Samhain 1892, faoin teideal conspóideach The Necessity for De-Anglicising Ireland. Leag an tAngla-Éireannach as Ros Comáin dúshlán os comhair na tíre nuair a dúirt sé go neamhbhalbh go raibh rud éicint contráilte ag baint le náisiúntóirí na hÉireann sa mhéid is go raibh siad ar láimh amháin ag cur in aghaidh riail Shasana, ach ar an láimh eile ag déanamh a ndícheall a bheith chomh Sasanach is a d’fhéadfaidís a bheith! “The Irish race is at present” dúirt sé, “in a most anomalous position, imitating England and yet apparently hating it. How can it produce anything good in literature, art, or institutions as long as it is actuated by motives so contradictory?”

Ar ndóigh, ní mar a chéile an cás inniu le 120 bliain ó shin ach sa méid is go bhfuil an tír bheag atá againn i gcruachás arís agus gan de chuma ar an scéal go bhfuil aon smaointeoireacht nua ag tíocht chun cinn le muid a fhuascailt in aon bhealach. Ach tá rúinne den chodarsna ag baint lena dhearcadh ar an AE: muid ag brath air lenár bhfuascailt ón ngéirchéim geilleagair agus sinn á dhamnú ag an am céanna.

Comóradh ar Léacht de hÍde

Glactar leis go bhfuil próiseas athnuachana de dhíth ar an dtír. Le go dtarlóidh sin, níor mhiste idé-eolaíocht nua náisiúnta a fhorbairt is a chur i lár an allagair phoiblí. D´fhéadfadh ról tábhachtach a bheidh ag an nGaeilge sa phróiseas athnuachana. Lena chinntiú nach bhfágfar an Ghaeilge ar lár, mar a tharlaíonn rómhinic sa tír seo, mholfainn do Chonradh na Gaeilge, tabhairt faoi chomóradh a dhéanamh ar The Necessity for De-Anglicising Ireland, in éindí le heagraíochtaí eile, ar chás leo todhchaí na tíre: Conradh na Gaeilge mar is é an comharba dlisteanach ar an ngluaiseacht náisiúnta a bunaíodh mar thoradh ar léacht de hÍde 120 bliain ó shin. Thug de hÍde an léacht ar an 25 Samhain 1892. Mholfainn an deireadh seachtaine den 25-27 Samhain a chur i leataoibh lena aghaidh, leis an léacht a chomóradh.

Le go mbeadh an tionchar is mó ag an deireadh seachtaine ar an dtír, mholfainn go mbeadh cuid mhaith dhó eagraithe i mBéarla ar chúis diúide amháin: má eagraítear é i nGaeilge ar fad, ní thabharfar mórán aird air sna meáin náisiúnta. Bíodh comóradh dátheangach ann chomh maith, ar shaíocht agus ar chultúr na hÉireann, idir shean is nua, le taispeántais eagraithe san iarsmalann náisiúnta agus sa leabharlann náisiúnta agus le ceolchoirm mhór san ardchathair.

Ní deireadh seachtaine acadúil a theastaíonn, ach tá sé tábhachtach go mbeadh an t-aos acadúil chun tosaigh sna díospóireachtaí, chomh maith le hintleachtóirí eile, a mhúsclódh smaointí i mbealaí nua faoi thodhchaí na tíre i measc na ndaoine a bheadh páirteach. Níor mhiste diancheistniú a dhéanamh ar an dtuiscint traidisiúnta atá againn ar ár bhféiniúlacht mar náisiún i gcomhthéacs an gá atá le féiniúlacht oscailte nua-aimsireach a fhorbairt, lena mbeadh daoine le dílseachtaí éagsúla stairiúla in ann glacadh leis agus áit na Gaeilge a aimsiú sa bhféiniúlacht nua náisiúnta.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.