AR NA SAOLTA SEO
Aprés na dToghchán
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go léiríonn torthaí na dtoghchán athrú san aeráid polaitíochta in Éirinn, a mbeidh tionchar mór aige ar thodhchaí na tíre ar feadh achar fada.

Íomhá
Muintir Ros Comáin míshásta le dhá pháirtí
Íomhá
Cáipéisí Gaeilge sa mBruiséal & Béarla sa nGaeltacht le SF
Íomhá
Guth na nDaoine, thall is abhus
Íomhá
Páirtí do 'Éirinn an láir bhrúite' anois iad

Tar éis na dtoghchán, le linn na gcomhaireamh fada, ar an Satharn agus ar an Domhnach , bhíos ag suí i Stiúideo 1 de chuid RnaG i gCasla agus ó mhaidin go faoithin, ag iarraidh ciall a bhaint as an méid a bhí ag tarlú. Sna seachtainí roimhe sin bhí sé soiléir go raibh an Lucht Oibre le déanamh go dona agus go mbeadh rath ar Shinn Féin. Ní raibh sé chomh soiléir sin go mbeadh biseach i ndán do Fhianna Fáil agus aiséirí ón marbh i ndán do na Glasaigh. Ní raibh éinne ag súil go gcaillfeadh Fine Gael an oiread suíochán sna comhairlí contae ach an oiread.

Fianna Fáil, an Páirtí is Mó

’Sé Fianna Fáil an páirtí leis an dtacaíocht is mó sa tír faoin am seo. Vótáil níos mó daoine do Fhianna Fáil ná do aon pháirtí eile sna toghcháin Eorpacha. Ní raibh ann ach ribín ar shorn idir Fianna Fáil agus Fine Gael. Seo thíos an briseadh síos a chuir mé le chéile ó na torthaí a tháinig isteach as na trí thoghcheantar Eorpacha.

FF FG LO SF
Thuaidh 114,946 131,988 31,951 114,727
Thoir 44,283 54,676 25,961 83,264
Theas 210,316 182,456 30,317 125,309
Iomlán 369,545 369,120 88,229 323,300
Céatadán 22.3% 22.3% 5.3% 19.5%
Suíochán 1 3 0 3

Fuair iarrthóirí ag seasamh faoi bhrat Fhianna Fáil 425 níos mó vótaí ná iarrthóirí Fhine Gael, agus 46,245 vóta níos mó ná mar a fuair iarrthóirí Shinn Féin, ach mar sin féin fágadh iad leis an FPE amháin, Brian Crowley. Ar líon níos lú vótaí toghadh triúr iarrthóirí de chuid Sinn Féin agus triúr de chuid Fine Gael. Sin mar a oibríonn Ionadaíocht Cionmhaire (PR): ní hionann a bheith sa chéad áit agus an rása a bhuachaint.

An Chéad Rialtas Eile

Ar ndóigh, sna toghcháin áitiúla rinne Fianna Fáil thar cinn ar fad. Tá 266 chomhairleoir tofa ag Fianna Fáil le hais 237 do Fhine Gael, 157 do Shinn Féin agus 51 don Lucht Oibre. (Tá trí shuíochán le líonadh i Muineachán fós, áit ar cuireadh an toghchán ar cheal, de dheasca bás duine de na hiarrthóirí.) Beidh impleachtaí móra aige seo don chomhdhéanamh a bheas ar an Seanad th’éis an chéad olltoghcháin eile: is ag na comhairleoirí tofa chomh maith le baill den Oireachtas, a bheas 90% de na vótaí le 49 Seanadóirí sna painéil éagsúla a thoghadh. ’Sé Fianna Fáil an páirtí is mó tacaíocht aríst sa tír.

Taobh istigh de dhá bhliain beidh Olltoghchán sa 26 Contae. San Olltoghchán sin, dá líonfaí na suíocháin sa gcóimheas céanna le líon na gComhairleoirí Contae a toghadh do na páirtithe éagsúla bheadh comhdhéanamh na Dála mar seo a leanas:

Páirtí FF FG LO SF Eile Iomlán
Teachtaí 44 40 9 26 39 158

79 suíochán a bheas ag teastáil le móramh a bheith ag iarrthóir d’oifig an Taoisigh, sa chéad Dáil eile, sin ag glacadh leis nach mbeidh an Ceann Comhairle ag tíocht ó pháirtithe an rialtais. Ar na huimhreacha sin tá an chuma ar an scéal go bhfuil dhá rogha réadúil ann: FF agus FG i gcomhrialtas le chéile agus 84 suíochán eatarthu nó FF, LO agus SF le chéile le 79 suíochán agus iad ag brath ar roinnt Teachtaí Dála neamhpléacha, leis an rialtas a choinneáil i gcumhacht. Creidim go mbeidh an Lucht Oibre faoin gceannaire nua ag iarraidh a bheith sa bhfreasúra, má tá an páirtí le athógáil seachas a bheith mar páirtnéirí níos sóisearaí ná Sinn Féin i gcomhrialtas.

Ar ndóigh idir seo agus an toghchán d’fhéadfadh méadú tíocht ar an dtacaíocht do Fhianna Fáil agus do Shinn Féin, go háirithe má bhíonn Mary Lou Mc Donald ina cheannaire sa Dáil nua. (D’fhéadfadh Gerry Adams fanacht ina Uachtarán ar an bpáirtí ach gan seasamh don Dáil.) Dá mbeadh 50 suíochán ag FF agus 30 ag SF bheadh móramh ag an dá pháirtí le chéile. Is ceist do Shinn Féin é, an bhfuil an páirtí ag iarraidh a bheith i gcomhrialtas le Fianna Fáil le go dtarlóidh an rud céanna is atá tarlaithe don Lucht Oibre agus a tharla cheana do na Glasaigh?

Mo Vóta

Thug mise mo chéad vóta don Lucht Oibre sna toghcháin áitiúla, mar go bhfuil meas agam i gcónaí ar an bpáirtí sin agus bhí iarrthóir den scoth ag seasamh don phairtí i gConamara, a dhéanfadh Comhairleoir Chontae den scoth. I dtoghchán na hEorpa vótáil mé don iarrthóir ón gComhaontas Glas, an páirtí is mó a mbeadh bá agam leis. Tá prionsabail agus ídealachas ag baint leis an bpáirtí sin i mbealach nach bhfuil ag Fianna Fáil agus Fine Gael ná ag an Lucht Oibre. Bhí mé spréachta le Sinn Féin mar gur chuir siad duine gan mórán Ghaeilge ag seasamh i dtoghchán na hEorpa i dtoghcheantair ina bhfuil dhá mhórcheantar láidre Gaeltachta. Sách dona agus mar bharr ar an donais is i mBéarla, cé is moite d’abairtín fánach amháin, a bhí an bhileog faoi Matt Carthy a scaipeadh ar thithe anseo i nGaeltacht Chonamara. [Tugaim faoi deara go bhfuil an triúr FPE de chuid Sinn Féin a bheas ag freastal ar an Eoraip ag iarraidh go gcuirfear airgead poiblí amú ag aistriú gach cáipéisíocht go Gaeilge sa mBruiséil, ach nach fiú dóibh airgead a chaitheamh ar bhileogaí beaga dhá theangacha a dháileadh sa Ghaeltacht. Ach sin scéal eile.]

An Lucht Oibre

Ní maith liom a bhfuil tarlaithe don Lucht Oibre ach tuigim cén fáth ar tharla sé. Níl mórán trua agam don cheannasaíocht. Is cuimhin liom go maith ag an dtoghchán deireanach an bealach náireach inar cháin siad na Glasaigh go mí-ionraic agus gan trócaire a bheith i rialtas le Fianna Fáil, amhail is gurbh iad na Glasaigh a bhí ciontach as titim thubaisteach na mbancanna. Tá an cáineadh céanna á dhíriú orthu féin anois agus níl sé tuillte ag an bpáirtí. Filleann an feall ar an bhfeallaire.

Tá ceannasaíocht an Lucht Oibre scoite amach ón gcosmhuintir le píosa. Bhí sin soiléir san breith gheata na vótála a thóg RTÉ lá an toghcháin. Faigheann an Lucht Oibre an oiread céanna tacaíochta ó na haicmí ABC1 (6%) agus a fhaigheann ón C2DE (6%) ach tá sé suntasach go bhfaigheann Sinn Féin tacaíocht níos mó (24%) ón ísealaicme (C2DE) i gcomórtas le tacaíocht 13% ón uasalaicme (ABC1). Is cuimhneach liom alt a léamh san Irish Times píosa ó shin faoin méid de na hAirí ón Lucht Oibre, a raibh a gcuid gasúr ar scoileanna príobháideacha i mBaile Átha Cliath. B’shin do dhóthain. Ní raibh na scoileanna gan táillí sách maith dóibh.

Go príomha is páirtí don meánaicme é Páirtí an Lucht Oibre, an chuid den aicme sin a chreideann gur rud maith é an comhionannas agus nach bhfuil treoraithe ag an tsaint a mhill an stát seo le linn réimeas tubaisteach Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach. Thugas faoi deara le gairid, go raibh Éamonn Gilmore agus Pat Rabbitte ag caint sna meáin roimh an toghcháin faoin bhfaoiseamh cánach a thabharfaidís do ‘middle Ireland’, ag am nach bhfuil a dhóthain cánach á bhailiú isteach le seirbhísí ceart leighis a sholáthar sna hotharlanna. Níl daoine bochta dall ar fad. Má laghdaítar ar cháin an ‘squeezed middle’, ní thiocfaidh sé chun tairbhe an íseal aicme atá ag obair ar an ‘minimum wage’, agus is cinnte go mbeadh níos lú airgead sa státchiste le feabhas a chur ar shaol na ndaoine atá ag brath ar an státchóras lena gcaighdeán maireachtála a chosaint.

Aire ón Lucht Oibre, Brendan Howlin, a ghearr buiséad an Roinn Sláinte: sin é an bhunchúis leis an gcóras sláinte a bheith ag titim as a chéile. Agus nuair a rinne Róisín Shortall iarracht a chinntiú go mbeadh na haonaid nua sláinte á lonnú sna ceantair ba mhó riachtanais, níor sheas Gilmore léi ach a mhalairt. Is ar cheart a bheith ina ceannaire.

Bí cinnte go bhfuil árachas maith sláinte ag gach Teachta Dála de chuid an Lucht Oibre, chomh maith le Fianna Fáil agus Fine Gael agus sin an chúis a ghearrann siad go míchothrom an buiséad ar an gcóras sláinte, a fháganns nach bhfuil aon rogha ag HSE ach cártaí leighis a bhaint de dhaoine bochta. Ní ag brath ar an gcóras poiblí sláinte a bhíonn Airí Rialtais an Lucht Oibre, ach an t-árachas ag íoc as an Mater Private agus an Blackrock Clinic dóibh féin is a gclann.

Comhairle don Cheannaire Nua

Fé brí duine a thógfas ceannaireacht ar an Lucht Oibre, tá sé tábhachtach go mbeadh sé/sí báiúil leis an aicme C2DE. Sin é an aicme a bhíodh ag vótáil don Lucht Oibre ach atá athraithe go Sinn Féin sa toghchán seo. Caithfear iad a mhealladh ar ais, tré a bheith le feiceáil go bhfuil an Lucht Oibre ag labhairt ar son an ‘crushed bottom’ seachas an ‘squeezed middle’. Mholfainn dó/di an t-árachas príobháideach sláinte a chaitheamh in aer agus muinín a chur sa gcóras sláinte poiblí. Má tá gasúir aige/aici i scoileanna príobháideacha, mholfainn dó/di iad a aistriú isteach sa scoil phoiblí is gaire dóibh. Agus thar aon rud eile, mholfainn don pháirtí tarraingt amach as an rialtas seo agus ligint do Fhianna Fáil agus do Fhine Gael an cúram a thógaint orthu féin ar feadh píosa. B’fhéidir go dtabharfadh sin deis éicint don Lucht Oibre tíocht aniar ón dtubaist atá i ndán don pháirtí ag an gcéad toghchán eile, má tá siad fós ag cur beartas Fhine Gael i bhfeidhm.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.