AR NA SAOLTA SEO
Coláistí Samhraidh agus Todhchaí na Gaeilge
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

An bhfuil na Coláistí Samhraidh dírithe ar an dream mícheart? Ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe an mb’fhearr cuid den airgead a chaitear orthu a úsáid le campaí samhraidh a eagrú do dhéagóirí na Gaeltachta agus do dhéagóirí eile a bhfuil Gaeilge acu cheana.

Íomhá
An Spidéal, lagtha ag taoille an Bhéarla
Íomhá
An tAire Stáit Mac Fhionnlaoich
Íomhá
Glúin fanta
Íomhá
An Fhairche, lagtha le glúnta

Do réir na dtuairiscí, is cosúil go bhfuil laghdú áirithe tagtha ar ghnó na gColáistí Samhraidh sa Ghaeltacht an samhradh seo. Ní nach ionadh agus an ganntan airgid atá ar thuismitheoirí, de dheasca na géarchéime geilleagraí. Bhí áirithintí do mhí Lúnasa chomh íseal i gColáiste Chonnacht sa Spidéal, is gur cuireadh an cúrsa a bhí beartaithe ansin ar ceal.

Tá gnó na gColáistí Gaeilge, tábhachtach do na ceantair Ghaeltachta. Deineann úinéirí na gcoláistí brabach deas as an ngnó, agus ní locht orthu é sin. Gineann na Coláistí Gaeilge caiteachas a chuidíonn le siopaí na háite. Líontar leapacha sna tithe lóistín áitiúla, nuair a thagann tuismitheoirí ar cuairt. An t-airgead a shaothraíonn na mná tí as scoláirí a choinneáil, tacaíonn sé le teaghhlaigh an morgáiste agus billí eile a íoc.

Dírithe ar Bhéarlóirí atá na Coláistí Gaeilge

Beagán le cois €4 milliún a íocann an stát leis na mná tí gach samhradh. I ndáiríre is deontas é sin, a ligeann do na Coláistí Gaeilge táillí na gcúrsaí a choinneáil ag praghas tarraingteach. Ach le hairgead gann na laethanta seo, níor mhiste an cheist a chur, an bhfuil an tairbhe is fearr á baint as Scéim na gColáistí Gaeilge, ar mhaithe leis an nGaeilge? Creidim nach bhfuil.

Tá na Coláistí Gaeilge dírithe ar dhaoine gan Ghaeilge nó ar beagán Ghaeilge go bunúsach. Ní ghá dhuit ach breathnú ar na bileoga aonteangacha agus na foirmeacha iarratais aonteangacha, atá ag cuid mhaith de na coláistí lena thuiscint nach le freastal ar dhaoine le Gaeilge atá na coláistí ann. (Dála an scéil, ní thuigim ó thalamh an domhain cén fáth go mbeadh sé inghlactha go bhféadfadh bileoga agus foirmeacha i mBéarla amháin a bheith ag Coláiste Ghaeilge, mar a bhíonn ag cuid acu. Ach sin scéal eile.)

Níl sé chomh fada sin ó bhíodh riail ann nach n-íocfaí deontas na mban tí as aon ghasúr a raibh cónaí air laistigh de theorainneacha oifigiúla na Gaeltachta. Is cuimhneach liom go mbíodh ar ghasúir as dúichí tithíochta i gCathair na Gaillimhe, le haitheantas oifigiúil Ghaeltachta, seoladh bréagach a thabhairt sara nglacfaí leo ar chúrsa i gColáiste Ghaeilge!

Níl aon amhras orm ach go ndéanann an tréimhse a chaitheann daoine óga sa Ghaeltacht an-leas dóibh ó thaobh forbairt pearsanta. Mar dhúthracht i gcuid de na Coláistí, foghlaimíonn siad roinnt mhaith Ghaeilge chomh maith agus meas ar an dteanga dá réir. Domsa go pearsanta, is féidir liom a rá go ndeachaigh an Ghaeltacht bheo i gCorca Dhuibhne i bhfeidhm chomh mór orm, agus mé im’ dhéagóir ag freastal ar chúrsa ar an Muiríoch, is gur iompaigh mé ar an nGaeilge ina dhiaidh sin. Rinne sé Gaeilgeoir díom.

Is Beag an Toradh ar an gCaiteachas

Feictear domsa, nach raibh, le fada an lá, mórán toradh ar roinnt mhaith de na tionscnaimh éagsúla teanga, a bhfuil sé mar aidhm acu Gaeilgeoirí a dhéanamh de Bhéarlóirí. Bhí sé le rá ag Dinny Mc Ginley sa Dáil, le linn na díospóireachta ar Bhille na Gaeltachta, go gcaitheann an Roinn Oideachais €500 milliún in aghaidh na bliana ar mhúineadh na Gaeilge sa gcóras oideachais. Éirionn leis an gcóras méid áirithe Gaeilge a mhúineadh do sciar maith den daonra ach, mar a léiríonn an tábla seo thíos atá bunaithe ar staidreamh ón Daonáireamh a tógadh i 2011, is beag acu a labhraíonn an Ghaeilge ina dhiaidh sin. Cé go maíonn 43% den aoisghrúpa idir 20 agus 24 bhliain d’aois go bhfuil cumas labhartha Ghaeilge acu, níl ach 1.6% den aoisghrúpa céanna atá in ann a rá go n-úsáideann siad Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais!

An Ghaeilge, idir Ábaltacht agus Úsáid, san Aoisghrúpa 20 -24 bhl.

  • Líon Iomlán, (20 – 24bhl.) - 297,231

  • Ábalta Gaeilge a Labhairt - 128,613

  • Á húsáid go Laethúil (TADO) - 4,746

  • % Ábalta Gaeilge a Labhairt - 43.3%

  • % á húsáid go laethúil (TADO) - 1.6%

Foinse: CSO - Daonáireamh 2011
TADO: Taobh Amuigh den Chóras Oideachais.

Mar a fheictear domsa é, seo í an fhadhb: ar láimh amháin níl na líonraí sóisialta ann do dhaoine, a bhfuil an teanga foghlamtha go maith acu ar scoil, a thabharfadh deis dóibh an Ghaeilge a úsáid mar theanga chumarsáide agus ar an láimh eile níl an dearcadhan aigne acu, a spreagfadh iad le deiseanna a aimsiú le Gaeilge a úsáid go sóisialta.

Má tá aon feabhas le tíocht ar an scéal, feictear dom go mba cheart an fócas a athrú beagán ó bheith ag iarraidh cainteoirí Ghaeilge a dhéanamh de dhaoine ar beagán Ghaeilge. Ina áit sin, feictear dom nár mhiste iarracht níos fearr a dhéanamh dul i bhfeidhm ar dhaoine óga le Gaeilge measartha líofa acu cheana, bíodh sí acu ón scoil nó ón baile, sa gcaoi is go mbeidh sé tarraingteach dóibh a bheith ina nGaeilgeoirí, ’sé sin ina chainteoirí laethúla Ghaeilge lena gcairde.

Coláistí Samhraidh do Ghaeilgeoirí

Tá moladh simplí le déanamh agam. In áit na cúrsaí ar fad sna Coláistí Ghaeilge a bheith dírithe ar dhéagóirí ar bheagán Ghaeilge, cén fáth nach bhféadfaí ‘cúrsaí’ a bhunú do dhéagóirí a bhfuil líofacht mhaith Ghaeilge acu cheana? An cineál cúrsa atá á mholadh agam, bheadh sé dírithe ar dhéagóirí a bhfuil líofacht acu mar gur tógadh sa Ghaeltacht iad nó mar gur tógadh le Gaeilge iad nó mar go raibh siad ag freastal ar Ghaelcholáiste. Bheadh sé mar aidhm ag na cúrsaí speisialta seo, dearcadh dearfach a chothú i measc na ndéagóirí i leith úsáid na Gaeilge ní mar ábhar scoile ach mar theanga cumarsáide agus sóisialta.

Ní dhéanfadh sé dochar ar bith dá bhféadfadh déagóirí na Gaeltachta cur leis an bhfoclóir tánaí Ghaeilge a bhíonn acu na laethanta seo agus roinnt amhrán Ghaeilge a fhoghlaim chomh maith. Ní dhéanfadh sé dochar ar bith do lucht na nGaelcholáistí dá mbeidís ag cur feabhais ar a gcuid foghraíochta, a bhíonns go hainnis ag cuid mhaith acu.

Shamhlóinn go bhféadfaí déileáil le dhá haoisghrúpa: déagóirí óga agus déagóirí a mbeadh an ardteist déanta acu cheana. ’S iad na déagóirí iar-Ardteiste, an aoisghrúpa is tábhachtaí le mealladh i dtreo úsáid na Gaeilge. Theastódh go mbeadh na ‘cúrsaí’ speisialta atá i gceist agam á reáchtáil as baile do chuile dhuine orthu agus go mbeadh siad rite go hiomlán tré Ghaeilge le riail na Gaeilge á cur i bhfeidhm, mar a dheineann cuid de na Coláistí Gaeilge is fearr: duine ar bith nach raibh sásta an Ghaeilge a úsáid mar theanga chumarsáide ar an gcampa, chaithfidís slán a fhágaint lena gcomrádaithe agus leis an gcraic. Shamhlóinn go mbeadh raon mór gníomhaíochtaí idir spóirt is eachtraíocht, dhamhsa is dhrámaíocht, cheol is amhránaíocht ar bun ag na daoine óga ar na ‘cúrsaí’ nó na ‘campaí’ atá i gceist agam. Ar an gcaoi sin, bheadh deis á cur ar fáil do chainteoirí maithe Ghaeilge, ó gach áit ar fud na tíre, aithne a chur ar a chéile tré mheán na Gaeilge, forbairt phearsanta a dhéanamh agus a bhféinmhuinín mar Ghaeilgeoirí a chothú is a neartú.

Airgeadú na Scéime

Ceist bhunúsach na laethanta seo: cé as a dtiocfadh an t-airgead? As an €4m. a chaitheann Roinn na Gaeltachta ar Scéim na gColáistí Samhraidh faoi láthair, céard faoi sciar beag dó, abair 5%, a chur ar leataobh le caitheamh ar scéim phíolótach an samhradh seo chugainn? Shamlóinn go mbeadh an táille thart ar €1,000 ar chúrsa den chineál atá i gceist agam. Is ionann 5% den €4m. agus €200,000. Le sin d’fhéadfaí 400 scoláireachtaí de luach €500 in aghaidh an duine a chur ar fáil. Bheadh ar na tuismitheoirí an €500 eile a íoc. B’fhéidir go bhféadfaí níos mó cúnamh a chur ar fáil i gcás daoine ar beagán airgid, nach mbeadh in acmhainn an €500 a íoc.

Cén fáth an moladh seo agam? Tá sé ríshoiléir domsa nach bhfuil ag éirí leis an gcóras mar atá sé, úsáid na Gaeilge a chothú i measc a dhóthain daoine óga, tar éis doibh an scoil a fhágáil. In áit na hacmhainní ar fad beagnach a chaitheamh ar Bhéarlóirí go príomha, ag iarraidh Gaeilgeoirí a dhéanamh astu, nach fiú iarracht a dhéanamh a ndílseacht don Ghaeilge a dhaingniú i measc na ndaoine óga a bhfuil sí acu cheana? Nach bhfuil sé thar am dúinn, iarracht a dhéanamh na déagóirí a bhfuil Gaeilge acu cheana ar fágáil na scoile dóibh, a choinneáil ag Gaeilgeoireacht agus iad ag dul isteach sna ficheadaí? Is mó seans go n-éireodh le beartas mar sin, im’ thuairimse.

Ar eagla na míthuisceana, nílim ag iarraidh deireadh a chur leis na Coláistí Ghaeilge. Tá mé ag moladh tús a chur le ‘cúrsaí’ nua do dhéagóirí le Gaeilge, bíodh siad ón nGaeltacht nó ag tíocht as Gaelcholáistí, dream nach bhfuil freastal ceart á déanamh ar a gcuid riachtanaisí ag Scéim na gColáistí Gaeilge mar atá. Feictear domsa gur dream tábhachtach iad, a d’fhéadfaí dul i bhfeidhm orthu agus iad sna déaga le go leanfaidís orthu ag Gaeilgeoireacht mar dhaoine fásta agus iad bogtha isteach sna ficheadaí.

Chuirfinn fáilte roimh tuairimí daoine eile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.