Cartlann
Líon alt a bhfuil an t-údar seo luaite leo: 70
Íomhá
Eagrán 127, Samhain 2011
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Tá Ciarán Mac Aonghusa ag coimhéad lucht sainte áirithe a bhochtaigh an tír, an lucht dlí. Beidh orthu a bpunt feola féin a ghéilleadh faoi dheireadh thiar thall ar ordú ó dhream níos santaí ná iad féin, an CAI.

»»»
Íomhá
Eagrán 126, Deireadh Fómhair 2011
THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
Ciarán Mac Aonghusa

D’aimsigh Ciarán Mac Aonghusa áit álainn aiceanta idir shléibhte móra na nAipiníní agus Muir Aidriad. Más ag iarraidh feabhas a chur ar do chuid Iodálaise atá tú, seobh í an áit is fearr duit.

»»»
Íomhá
Eagrán 125, Meán Fómhair 2011
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Gnóthaí geilleagair? Ní hé an dea-scéal atá ag Ciarán Mac Aonghusa dúinn ar ndóigh. Ní hé ‘an bealach seo romhainn’ an bealach ba rogha linn.

»»»
Íomhá
Eagrán 124, Lúnasa 2011
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Tá an gréasán domhanda fiche bliain d’aois agus is cuimhin le Ciarán Mac Aonghusa é nach mór ón tús.

»»»
Íomhá
Eagrán 123, Iúil 2011
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

An féidir an spealadh geilleagair a sheachaint ar bonn áitiúil ach eagrú chuige agus oibrithe oilte a choinneáil i do cheantar féin? Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag meá na ceiste sin ar na mallaibh.

»»»
Íomhá
Eagrán 121, Bealtaine 2011
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Léiríonn an borradh faoi na Fíor-Fhionlannaigh agus an fás faoi Pháirtí Saoirse na hOstaire go bhfuil deacrachtaí roimh an Eoraip dar le Ciarán Mac Aonghusa. Is é ‘fear na bó san abar’ a bheas as béal gach éinne feasta.

»»»
Íomhá
Eagrán 120, Aibreán 2011
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag meá imeachtaí Fhianna Fáil a d’fhág gan frapa gan taca anois iad. Bíodh go gcuirfidh siad lena líon suíochán amach anseo, tá sé den tuairim nach dtiocfaidh siad ar ais ar a seanléim arís.

»»»
Íomhá
Eagrán 119, Márta 2011
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag coimhéad ar na gealltanais a tugadh roimh an Olltoghchán: 20,000 post, 30,000 post, 80,000 post, nó má athraímid an rialtas arís, 150,000 post, le teacht go luath?!

»»»
Íomhá
Eagrán 118, Feabhra 2011
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Tá Ciarán Mac Aonghusa ar son an Seanad a choinneáil. Má dhruidtear é, caithfear, dar leis, na hathruithe cuí a chur i bhfeidhm ar na córais toghchánaíochta agus ar na ceapacháin do na háisíneachtaí stáit san áireamh.

»»»
Íomhá
Eagrán 117, Eanáir 2011
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Cíorann Ciarán Mac Aonghusa siocair na mí-úsáide laistigh den Eaglais Chaitliceach, gné na haontumhachta, gné is féidir a rianú i bhfad siar ach, gné nár thosaigh le tús na Críostaíochta mar sin féin.

»»»
Íomhá
Eagrán 116, Nollaig 2010
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Caithfear leasú na poblachta a chur i gcrích, nó fágfar dochar agus doghrainn roimh an nglúin inár ndiaidh dar le Ciarán.

»»»
Íomhá
Eagrán 115, Samhain 2010
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Tá Ciarán Mac Aonghusa sásta rátaí tí a íoc leis an tír a chur ar ais ina neart, ar a dhá bhoinn go luath.

»»»
Íomhá
Eagrán 114, Deireadh Fómhair 2010
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Tá sé ort agus ní trom leat é! Chaith Ciarán Mac Aonghusa seal ag iniúchadh ainm pearsanta an duine, spreagtha b’fhéidir, ag Lá Fhéile Chiaráin i Mí Meán Fómhair.

»»»
Íomhá
Eagrán 113, Meán Fómhair 2010
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Tá an tSín ag athrú, tá an domhan ag athrú agus deir Ciarán Mac Aonghusa go mbeidh do ghasúr féin ag tarraingt teanga eile chuige nó chuici féin, más mian leis nó léi dul chun cinn go gasta sa saol amach anseo.

»»»
Íomhá
Eagrán 112, Lúnasa 2010
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Is é is spéis le Ciarán Mac Aonghusa faoi láthair, eolaíocht agus rúndiamhaire an leanbáin, an duine úr inár measc agus an dóigh a rachaidh an saol i bhfeidhm air ón chéad tarraingt anála. Is tionscal le háireamh ag leithéid Alison Gopnik é agus ag dream daoine nach í, na leabhair is na cluichí a chur ar sheilf an tsiopa.

»»»
Íomhá
Eagrán 111, Iúil 2010
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfuil deireadh bealaigh sroiste againn. Tabharfar droim leis an ór dubh, agus bhéarfaimid aghaidh ar bhreosla nó ar ábhar fuinnimh eile roimh i bhfad.

»»»
Íomhá
Eagrán 110, Meitheamh 2010
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfágfaidh cuid d’oidhreacht an Lucht Oibre ‘Nua’ sa Bhreatain domlas ar roinnt dá lucht tacaíochta ina ndiaidh.

»»»
Íomhá
Eagrán 109, Bealtaine 2010
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil go mbéarfaidh imeacht John Paul Stevens ar scor as Cúirt Uachtarach SAM deis do Barack Obama an chúirt a dhéanamh níos cothroime.

»»»
Íomhá
Eagrán 108, Aibreán 2010
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim gur mithid athruithe a dhéanamh i gcóras polaitíochta na tíre, ach caithfear athruithe níos bunúsaí a dhéanamh go forleathan chomh maith le sinn a chur ar bhealach ár leasa.

»»»
Íomhá
Eagrán 107, Márta 2010
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Aithníonn Ciarán Mac Aonghusa a bhfuil ag titim amach os comhair a dhá shúil, agus cuireann sé cumha mhór air, ach tá spreacadh fanta in go leor daoine in Éirinn lena gcinniúint féin a cheapadh.

»»»
Íomhá
Eagrán 105, Eanáir 2010
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Feictear do Chiarán Mac Aonghusa go bhfuil gach éinne, an tÉireannach san áireamh, ag seachaint a dhualgais i dtaca le gearradh siar ar an charbóin.

»»»
Íomhá
Eagrán 104, Nollaig 2009
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciarán Mac Aonghusa

Imríonn feannadh Geimhridh faobhar na filíochta ar Chiarán Mac Aonghusa an t-am seo bliana.

»»»
Íomhá
Eagrán 103, Samhain 2009
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Más slat tomhais dúinn abhus scéal geilleagair na Fionlainne, ní réiteach gasta atá i ndán dúinn in Éirinn, dar le Ciarán Mac Aonghusa.

»»»
Íomhá
Eagrán 102, Deireadh Fómhair 2009
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Bréagshanas a imríodh ar shloinne a mhuintire féin i measc rudaí eile a tharraing aird Chiaráin Mhic Aonghusa, nó Ciarán Mac Géibheannaigh ó cheart, agus é ag grinniú daonáireamh a rinneadh nach mór céad bliain ó shin.

»»»
Íomhá
Eagrán 101, Meán Fómhair 2009
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfuil an saol ag athrú agus tá polaitíocht an stáit tar éis athrú sa dóigh nach saor, glan beann, aon stát feasta, SAM san áireamh, ar an suaitheadh ilnáisiúnta a bhain siar as gach cúinne den domhan le bliain anuas.

»»»
Íomhá
Eagrán 100, Lúnasa 2009
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Is mór an gar an leabhar agus an siopa leabhair mar a gcéanna a deir Ciarán Mac Aonghusa linn ina alt ómóis seo don léitheoireacht. Ní léitheoireacht go léamh leabhair, nó ní hionann an focal cló agus an focal scáileáin. Ní sásamh go mothú an chlúdaigh ná ní barr feabhais go boladh an pháir.

»»»
Íomhá
Eagrán 99, Iúil 2009
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Ba chóir dúinn súil níos géire a choinneáil ar thoghcháin mhóra an domhain. Chaith Ciarán Mac Aonghusa seal ag meá ar tharla san olltoghchán is mó a reachtáladh ar an domhan chláir riamh. An mhí seo caite a tharla sé. Tá tuairim aige dá bhfuil ag titim amach i dtír mhór an toghcháin sin.

»»»
Íomhá
Eagrán 98, Meitheamh 2009
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Ní mhairfidh an cló go deo a deir Ciarán Mac Aonghusa. Is buan an inscríbhinn ar an leic, ach ní buan ar an nuachtán, is léir, más leideadh ar bith a bhfuil tite amach sna Stáit Aontaithe. Tá an ciorrú ag teacht i bhfeidhm abhus. Chaithfeadh sé teacht. Níl gnó na fógraíochta ann mar a bhíodh.

»»»
Íomhá
Eagrán 97, Bealtaine 2009
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Ar fhoghlaim muid ceacht? An féidir ligeann don mhéid a tharla cheana titim amach arís? Caithfear an córas polaitiúil a chruthaigh na fadhbanna millteanacha dúinn a athrú, a deir Ciarán Mac Aonghusa. Tá an fhreagracht agus an oscailteacht le cur sa mheá nó thig leis an tubaiste a tharla i ngeilleagar an domhain titim sa mhullach orainn arís eile.

»»»
Íomhá
Eagrán 96, Aibreán 2009
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Scaoileann Ciarán Mac Aonghusa le féith na fealsúnachta in iarracht a theacht ar thuiscint éigin ar scéal aduain a thit amach san Ostáir ar na mallaibh, scéal mhuintir Fritzl. Cad é an dóigh ar fíoraíodh Gort na gCnámh eile i lár na hEorpa lenár linn? Cad é a thug an Dr. Jekyll fíor seo inár measc?

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.

Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.