AR NA SAOLTA SEO
Fianna Fáil – Inné agus Inniu
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag meá imeachtaí Fhianna Fáil a d’fhág gan frapa gan taca anois iad. Bíodh go gcuirfidh siad lena líon suíochán amach anseo, tá sé den tuairim nach dtiocfaidh siad ar ais ar a seanléim arís.

Íomhá
de Valera 1940
ar Vicipéid
Íomhá
Cathal Ó hEochaidh sna 1960aidí
Íomhá
Ailbhe Mag Raghnaill
Íomhá
Bertie Ahern
Íomhá
TK Whitaker a d'imir tionchar mór i ré Lemass
le caoinchead Photocall

D’fhág tubaiste an olltoghcháin go bhfuil Fianna Fáil i mbaol mar pháirtí polaitiúil. Beidh dúshlán ollmhór roimh cheannairí an pháirtí, gan amhras ar bith, agus iad ag iarraidh é a athbhunú agus a atógáil. Is léir anois áfach, agus sinn ag amharc siar ar an fhiche bliain a chuaigh thart, go raibh an páirtí is mó sa tír ag sleamhnú isteach sa bhearna bhaoil i ngan fhios.

Faoi dheireadh na gcaogaidí, bhí bunús tacaíochta faoin pháirtí ar fud na tíre a bhí bunaithe ar dhearcadh maoth pobalach: thaobhaigh siad le cúis na poblachta le mórán briathra agus le beagán beart; bhí tuiscint shimplí shoineanta acu ar an tsaol faoin tuaith; mhaígh siad go raibh siad ag seasamh ar son lucht oibre na gcathracha – rud a raibh craiceann na fírinne air ón uair a thug siad faoi shlumaí suaracha Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus a ghlanadh sna tríochaidí. Agus ar ndóigh, bhí gaol gairid acu leis an eaglais Chaitliceach. Ó na seascaidí i leith, tar éis do Lemass agus do Whitaker an geilleagar a athnuachan, thaobhaigh siad go dlúth leis an lucht ghnó.

An duine ar cuimhin leis Éire sna seachtóidí agus sna hochtóidí, tuigfidh sé gur mór an t-athrú a tháinig ar an tír idir sin agus tús na mílaoise. Ní bheifí ag gabháil thar fóir le réabhlóid a thabhairt ar an athrú chéanna – ciúinréabhlóid shóisialta agus chultúrtha na hÉireann. Le linn na réabhlóide seo, thit na crainn taca a bhí ag Fianna Fáil, ceann i ndiaidh an chinn eile.

An Saol Mar a Bhí

Idir chuairt an Phápa agus oilbhéimeanna na nóchaidí, tharraing an eaglais náire uirthi féin. Tugadh an tír faoi réir tuataí agus d’imigh an chumhacht a bhíodh ag an eaglais roimhe sin ar chúinsí eile sa tréimhse chéanna. Tháinig socrú (doiligh) bunreachtúil ar cheist an Tuaiscirt tar éis sos cogaidh na nóchaidí. Bhí áiteanna iargúlta sna seascaidí a raibh saol traidisiúnta réamhthionsclaíoch ag na daoine. Faoi thús na mílaoise bhí an nua-aoiseachas tagtha go chuile chearn den tír agus ní raibh ach seacht faoin gcéad de mhuintir na tíre ag brath ar an fheirmeoireacht mar ghléas beo. Ní raibh ach aon chrann taca amháin nár athraíodh as a riocht, mar a bhí, an lucht gnó. Ba i ndlúithe a chuaigh an caidreamh idir Fianna Fáil agus an lucht gnó. Bíonn tacaíocht agus cothú de dhíth ó lucht gnó na linne seo, ach tuigimid anois gur chlaochlaigh an caidreamh seo ó bheith ina chothú go caimiléireacht. Scaip cultúr caochta na súl agus nós bronnta na gclúdach litreach ar fud an chórais riaracháin.

Níl a fhios cé acu ar thug Fianna Fáil na hathruithe móra ar shochaí na hÉireann faoi deara, nó nár thug, ach níor athraigh siad a bhfealsúnachta ndearcadh ar an tír. Nuair a tháinig siad i réim i dtús ré an tíogair, lig siad don gheilleagar imeacht ó smacht. Ba thábhachtach an rud é ó thaobh cúrsaí toghchánaíochta de gur mhair an borradh i bhfad ní b’fhaideba chóir dó, cionn is gur chinntigh an borradh sin go bhfanfadh Fianna Fáil i réim, rud a d’fholaigh na hathruithe móra sóisialta agus déimeagrafacha a bhí ar bun go ciúin ar fud na tíre.

Athruithe faoin Bhunsraith

Cé gur bhuaigh Fianna Fáil sé thoghchán as a chéile, bhí siad ag imeacht ó chaidreamh ar na daoine. Níor dhírigh siad an páirtí sa treo is go luífeadh sé leis an tírdhreach úr. Fuair siad beannú na ndaoine fad is a bhí an t-airgead flúirseach ach bhí an bhunsraith tacaíochta a bhí fúthu fíorleochaileach. Nuair a bhuail suaitheadh geilleagair an tír agus nuair a leathnaigh an fhulaingt shóisialta ar fud na tíre, chlis ar an taca briosc a bhí faoi chosa Fhianna Fáil.

Siocair eile gur thiontaigh na daoine in aghaidh Fhianna Fáil is ea gur ísligh siad oifigí an stáit. Tharraing Charles Haughey agus a riailréim míchliú orthu féin agus ar an chóras pholaitíochta. Léirigh Bertie Ahern an drochmheas a bhí aige ar an oireachtas tamall ina dhiaidh sin. Ní raibh meas ar bith aige ar na rudaí bunúsacha atá mar bhia is mar dheoch ag an daonlathas: oscailteacht, ionracas, agus freagracht. Déanta na fírinne, d’ísligh Ahern oifig an Taoisigh (agus íslíonn fós lena sheafóid ar leathanaigh spóirt nuachtáin Domhnaigh).

Ba thráthúil an t-am é ré an tíogair cheiltigh chun tabhairt faoi athnuachan a dhéanamh ar innealra daonlathach an stáit le go mbeadh sé fóirsteanach don aonú aois is fiche. Ach chailleamar an deis. Anois ní mór dúinn an bunreacht a athbhreathnú go práinneach.

Is leamh le haithris gurb é an chéad rud a rinne an rialtas úr tuarastail agus deolaí agus na n-airí a chiorrú. Rinne DeValera an rud ceannann céanna nuair a tháinig sé i gcumhacht don chéad uair sa bhliain 1932. Ar bhealach, táimidne, ar nós DeValera sa bhliain 1937, ag amharc ar an bhileog ghlan agus muid ag féacháint le cruth na poblachta úire a dhréachtú.

An Cur Chun Cinn

Ní cóir dúinn dearmad a dhéanamh ar an dóigh ar chuir Fianna Fáil an tír seo chun chinn ag amanna áirithe. Ach tharla an chuid is troime den obair sin sna chéad bhlianta i ndiaidh bhunadh an stáit. D’imir siad tionchar an-mhór ar an chruth a bhí ar an phoblacht óg: ba é DeValera a dhréachtaigh an bunreacht agus bhí lámh mhór aige sa dóigh ar scaramar faoi dheireadh leis an Ríocht Aontaithe. Tamall ina dhiaidh sin, chuir Lemass go mór le athchruthú an gheilleagair. Chuir Ó Máille oideachas ar an dara leibhéal ar fáil don ghnáthdhuine. Agus ní féidir ról an pháirtí i socrú an Tuaiscirt a shéanadh. Bhí lámh mhór ag Reynolds agus Ahern araon san obair seo. Na buanna a bhí ag Ahern a d’fhág ar a chumas aontú a fháil sa tuaisceart – is ea nach bhfuil bunphrionsabal ar bith nó fealsúnacht aige – d’fhágadar fosta go raibh sé ina thubaiste mar Thaoiseach.

Ní bheidh cinnteacht ar bith ag baint le polaitíocht na tíre seo sna blianta beaga amach romhainn. Cé gur éirigh go maith leis an Lucht Oibre tá an fhadhb chéanna acu is atá ag Fianna Fáil: is ea nach dtuigeann siad féin cad dó a sheasann said. Tá ceist faoi Shinn Féin fosta: an mbeidh siad in ann athrú ó pháirtí radacach pobalach go páirtí a bhfuil tacaíocht leathan acu? Tugann an stair le fios gurb amhlaidh a tharlóidh. Maidir le Fine Gael, má thagann aon fheabhas ar chúrsaí geilleagair sna blianta amach romhainn, daingneoidh siad a ngreim ar a stádas mar an páirtí is mó sa tír.

Tiocfaidh méadú ar an líon suíochán a bheas ag Fianna Fáil sa chéad olltoghchán eile. Ach fós féin, ní bheidh ann ach meánpháirtí agus ní éireoidh leo theacht ar ais ar a seanléim. An é go gcumascfaidh siad le páirtí beag eile ar an eite chlé? Nó an é go bhfágfar cruth briste ar pholaitíocht na hÉireann gan againn ach páirtí mór amháin agus roinnt mionpháirtithe?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.