THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
Abruzzo Abú
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

D’aimsigh Ciarán Mac Aonghusa áit álainn aiceanta idir shléibhte móra na nAipiníní agus Muir Aidriad. Más ag iarraidh feabhas a chur ar do chuid Iodálaise atá tú, seobh í an áit is fearr duit.

Íomhá
Na hAipinníní
© CiaránMacA
Íomhá
Pineto, glaine uisce
© CiaránMacA
Íomhá
An t-údar gona chúram
© CiaránMacA
Íomhá
Faoi iamh an tséipéil
© CiaránMacA
Íomhá
San Vittorito, luí na gréine
© CiaránMacA
Íomhá
Seangheata
© CiaránMacA

Thug mé cuairt ar Abruzzo na hIodáile an mhí seo caite, cúige atá i lár na hIodáile agus a shíneann isteach idir shléibhte móra na nAipiníní agus an Mhuir Aidriad. Bhí eolas measartha maith agam ar thuaisceart na tíre – ó Genoa go dtí an Veinéis agus ó Mhilano go dtí Flórans – ach ba bheag eolas a bhí agam ar áit ar bith ó dheas den cheantar saibhir sin.

Níl teorainn thiar Abruzzo ach 50 míle soir ó chathair na Róimhe, rud a d’fhágfadh, cheapfá, ina cheantar mór turasóireachta é. Ach ní mar sin atá. Is fíor go bhfuil fás agus forbairt tagtha faoi thurasóireachta an chúige le blianta beaga anuas, ach is iad na hIodálaithe féin is mó a thugann cuairt ar an áit, agus is ar an chósta is mó a thriallann siad. Fágann sé sin go bhfuil cúige atá chomh mór le Tuaisceart Éireann beagnach saor ó thurasóirí!

Thuigfinn ar bhealach cén fáth nach bhfuil líon na dturasóirí chomh mór in Abruzzo is atá ó thuaidh nó níl na suíomhanna oidhreachta chomh tiubhchomh suntasach is atá siad ó thuaidh. Tá sé deacair an Veinéis, an Flórans, nó an Róimh féin a shárú ó thaobh cúrsaí oidhreachta. (Bímis buíoch de na Rómhánaigh, na Medici, agus den Eaglais Chaitliceach!) Mura bhfuil an oidhreacht chomh mór in Abruzzo agus atá sí in áiteacha eile san Iodáil áfach, tá an dúlra agus an tírdhreach thar a bheith álainn.

Tarraingt na mBeann

Ní fhágfaidh Abruzzo díomá ar an té a bhfuil dúil aige sna sléibhte. Amach ó na hAilp, tá an cúige seo ar cheann de na réigiún is sléibhtiúla san Iodáil. Is cuma cén bealach a rachaidh tú siar ón chósta Aidriad. De réir mar a rachaidh tú suas fríd na cnoic chrochta is na sráidbhailte ársa, feicfidh tú na beanna móra os do chomhair. Ina measc tá an Carn Mór - Corno Grande - atá 2914m ar airde agus atá ar an bheann is airde san Iodáil amach ó na hAilp. Bíonn an áit seo foirfe fá choinne sléibhteoirí sa tsamhradh agus bíonn sciáil ar bun sa gheimhreadh ann.

Tá dhá pháirc náisiúnta mhóra in Abruzzo – an Gran Sasso agus an Majella – agus tá an dá cheann acu thiar sna sléibhte. I measc na n-ainmhithe móra atá gann go maith anois san Eoraip tá an mac tíre, an mathúin, agus an t-iolar fíréan. Anuas ó na sléibhte tá cósta gainimh de 130 ciliméadar mar a mbíonn an t-uisce glas.

Ní mórán eachtrannach a bhíos ag tarraingt ar an áit. Shíl mé gur ag brionglóideach a bhí mé! Níl tada is lú orm ná saoire a chaitheamh in áit atá dubh le hÉireannaigh, nó le Sasanaigh, nó le Meireacánaigh. Is breá liom farraige mhór an Bhéarla a fhágáil i mo dhiaidh agus tá Abruzzo foirfe chuige sin. Amach ón chathair is mó ar an chósta, Pescara, ní raibh Béarla ag an lucht fáilte féin, fiú sna bailte móra. Sea, má thugann tú cuairt ar Abruzzo beidh ort an cúpla focal Iodáilise atá i do phluic a chur ag obair. Agus má chuireann, labhróidh na hAbruzzese leat go foighneach fáilteach. Níl agam féin ach Iodáilis bhunúsach ach d’éirigh liom mo ghnó a dhéanamh gan mórán stró.

Ar an Sceird

An chéad rud a chuaigh i bhfeidhm nuair a thrasnaigh mé na hAipiníní ar an A24 (an mórbhealach soir ón Róimh go dtí Pescara) ná a thréigthe is a bhí an tír. Is cosúil gur sna bailte móra cois farraige atá an chuid is mó den daonra. Fágann sé sin gur cúige tuaithe é Abruzzo sa chuid is mó.

Tá an talmhaíocht an-tábhachtach fós sa gheilleagar Abruzzese. Fíon, ológa, torthaí, glasraí, agus grán is mó a shaothraítear ann. Níl na fíonta chomh mór is atá an Chiantí agus an Borolo ach tá Montepulciano d’Abruzzo ar cheann de na fíonta Iodálacha is mó anois a bhfuil ráchairt thar lear air.

Ar bhealach ba chosúil le feirmeoireacht na hÉireann í talmhaíocht na háite sin nó ba léir dom gur feirmeacha beaga atá i gceist sa chuid is mó. Bhí feirm ina aice leis an teach a raibh mé ag cur fúm agus ní raibh ag an fheirmeoir ach aon tarracóir beag amháin. Rud beag a shiúlas le traiceanna fá choinne na gcnoc géar a threabhadh. Déanann sé féin formhór na hoibre. Ola olóige agus trátaí a bhíonn á dtáirgeadh aige.

Daoine tíriúla cneasta atá i muintir Abruzzo. Is réchúisí ar fad iad taobh leis an dream ó thuaidh. Bhíodh mo chroí i mo bhéal agam i gcónaí ar bhóithre thuaisceart na hIodáile ach ba chosúla le tiománaithe Iarthar na hÉireann iad tiománaithe Abruzzo – ligfidh siad amach thú ag gabhal bóthair agus ní scallann siad na soilse le do chúl ag iarraidh thú a scoitheadh!

Cathair Pescara

Tá an chathair Pescara cois trá, agus is baile deas é fá choinne siopadóireachta nó fá choinne béile. Agus tá bia farraige den scoth le fáil ann. Bhain mé féin an-sult as na ‘linguine ai frutti di Mare’ a fuair mé ann.

Chonacthas dom gur cathair í Pescara a bhfuil rath uirthi faoi láthair. Tá an chuma uirthi go bhfuil sí ag dul chun cinn mar chathair. Tá geilleagar an chúige ag fás – fad is nach bhfuil mórán fás faoin gheilleagar náisiúnta. Ar ndóigh, tá Abruzzo idir thuaisceart na hIodáile atá saibhir agus deisceart na tíre atá measartha bocht ach, de réir mar a thuigim, tá dul chun cinn mór déanta ag an chúige le tamall anuas.

a bhféiniúlacht láidir féin ag gach réigiún san Iodáil agus tá a gcultúr féin ag na hAbruzzese. Bhí a dteanga féin ag na hAbruzzese tráth, leagan den Napóilis, teanga a bhí gar don Iodáilis ach nach mbeadh cainteoirí an dá theanga in ann a chéile a thuiscint. Tá an teanga ag roinnt seandaoine fós ach is díol suntais an dóigh ar éirigh leis an stát agus a mbaineann leis daonra aonteangach Iodálaise a chruthú.

Idir shléibhte agus thránna, bhia agus fhíon, shráidbhailte crochta agus fhíonghoirt ghlasa, tá go leor rudaí in Abruzzo a chuirfeadh an turasóir spéis iontu. Ach tá sé mar a bheadh muintir na háite ag coinneáil a gcuid iontas faoi rún. Nuair a bhíonn tú in Abruzzo, bíonn a fhios agat go bhfuil tú san Iodáil, ach tchítear duit go bhfuil tú in áit ar leith fosta, áit a bhfuil a saíocht agus a saol féin aici. Is taisce cheart é Abruzzo i dtír atá lán de sheoda.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.