Cartlann
Líon alt a bhfuil an t-údar seo luaite leo: 70
Íomhá
Eagrán 95, Márta 2009
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Tréithe an dea-cheannaire atá á gcíorú san alt seo ag Ciarán Mac Aonghusa. Tá sé de mhianach ar údar éigin i bpobal na Stát Aontaithe ó thús, ceannaire a sholáthar in am na héigindála. An féidir teacht ar na tréithe sin a dhéanfadh an dea-cheannaire, nó an bhfuil aon chuma ar an scéal abhus go bhfuil a leithéid in aice láimhe in Éirinn?

»»»
Íomhá
Eagrán 94, Feabhra 2009
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Caithfimid bealach a athrú nó athróidh an timpeallacht an bealach romhainn. Is leithne an margadh ná a bhfuil ar díol is á cheannach, deir Ciarán Mac Aonghusa linn. Éiríonn caoi ruda slí ruda eile, le feancadh a bhaint as an seanrá. Má tá an saol ag athrú go gasta, sinne, an duine, is máthair le cuid mhór de na hathruithe seo.

»»»
Íomhá
Eagrán 93, Eanáir 2009
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Cén tslat tomhais geilleagair is féidir a leagan amach le tuairim éigin a thabhairt dúinn féin ar an aird a rachaimid agus ar an dóigh is fearr le treabhadh ann? Tuairt gheilleagair na Fionlainne níos lú ná scór blianta ó shin a tharraing aird Chiaráin. Ghlac téarnamh geilleagair na Fionlainne ceithre bliana sular tháinig borradh fúthu arís.

»»»
Íomhá
Eagrán 92, Nollaig 2008
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag caint le daoine go leor sa Bhruiséil ar na mallaibh. Is cosúil go bhfuil brú mór ar an Taoiseach, Brian Cowen, plean cuimsitheach i dtaobh Chonradh Liospóin a chur os comhair an chéad chruinnithe eile den Chomhairle Eorpach. Ní hé amháin go bhfuil todhchaí an chonartha i gceist, ach tá todhchaí an Taoisigh féin i gceist, dar leis.

»»»
Íomhá
Eagrán 91, Samhain 2008
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Easnamh i gcultúr na ceannaireachta airgeadais a d’fhág san fhaopach sinn deir Ciarán Mac Aonghusa linn.

»»»
Íomhá
Eagrán 90, Deireadh Fómhair 2008
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Agus an tír seo i gcuilithe géarchéime eacnamaíche, labhair Ciarán Mac Aonghusa leis an eacnamaí mór le rá, David McWilliams, faoi na fachtóirí ba chúis leis an mheathlú agus faoi na bealaí gur féidir leis an rialtas a chinntiú go dtiocfaidh an geilleagar aniar sa tréimhse atá romhainn.

»»»
Íomhá
Eagrán 89, Meán Fómhair 2008
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Tá cur agus cúiteamh go leor ar siúl faoi láthair mar gheall ar tháillí in aisce. Os iad na mic léinn agus an earnáil ghnó is mó a bhaineann tairbhe as oideachas tríú leibhéal, ba chóir dóibhsean a gcion féin a íoc, dar le Ciarán Mac Aonghusa.

»»»
Íomhá
Eagrán 89, Meán Fómhair 2008
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Labhair Ciarán Mac Aonghusa le hUachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le gairid faoina chuid tuairimí i leith táillí in aisce agus i leith na ndeacrachtaí is mó atá dó na geirbe ag an earnáil ardoideachais faoi láthair.

»»»
Íomhá
Eagrán 88, Lúnasa 2008
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Tá feabhas mór tagtha ar chaighdeán maireachtála mhuintir na Síne le tríocha bliain anuas ach tá sárú ar cheart daonna ina fhadhb mhór go fóill, a deir Ciarán Mac Aonghusa.

»»»
Íomhá
Eagrán 87, Iúil 2008
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an tAontas Eorpach anois i sáinn i ndiaidh do mhuintir na hÉireann vótáil i gcoinne dhaingniú Chonradh Liospóin. Caitheann Ciarán Mac Aonghusa súil ar chuid de na fáthanna ar vótáil daoine ina aghaidh.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.

Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.