AR NA SAOLTA SEO
Athrú, nó ar Athrú É?
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag coimhéad ar na gealltanais a tugadh roimh an Olltoghchán: 20,000 post, 30,000 post, 80,000 post, nó má athraímid an rialtas arís, 150,000 post, le teacht go luath?!

In ainneoin na tubaiste náisiúnta a bhuail an tír seo, níor tharla aon réabhlóid le linn an fheachtais toghcháin. Níor tháinig ann do pháirtí nua ar bith, agus de réir mar a chuaigh an feachtas ar aghaidh, ba iad na seanpháirtithe móra a tharraing aird na ndaoine agus na meán. Níor phléasc an fhearg náisiúnta amach ar na sráideanna agus bhí an feachtas féin thar a bheith sean-nósach. Léirigh an toghchán seo gur beag atá idir na trí pháirtí is mó sa tír seo ó thaobh na fealsúnachta de agus ní raibh aon ‘pholaitíocht úr’ le feiceáil le linn an fheachtais.

San fheachtas toghcháin a chuaigh thart, gheall Fine Gael go gcruthóidís 20,000 post in aghaidh na bliana sna blianta atá amach romhainn. Gheall an Lucht Oibre go gcruthóidís idir 30,000 agus 80,000 post. Agus gheall Fianna Fáil go gcruthóidís 150,000 post. I ndíospóireachtaí éagsúla chaith na hurlabhraithe airgeadais leathchuid an ama ag cáineadh bheartais na bpáirtithe eile agus an chuid eile ag maíomh gurbh iadsan amháin a bheadh in ann méid áirithe post a chruthú agus “an tír a chur ar ais ag obair”. Ba bhocht agus ba bhrónach an feic é.

Tá geilleagar na tíre buailte go dona agus tá cliste ar an chóras pholaitíochta. Bhíothas ag súil le feachtas as an ghnáth, feachtas a mbeadh an t-ionracas agus an fhírinne ann, feachtas nach mbraithfeadh ar na sean-nósanna. Ach ba bheag an baol a bhí ann go bhfaighimis é. Chuir na díospóireachtaí uile polaitíocht na mac léinn i gcuimhne orm: gealltanais nach gcuirfí i gcrích choíche agus na hiarrthóirí ag síorachrann agus ag sárú a chéile.

An Fhírinne Lom

Is é an trua nár inis aon urlabhraí an fhírinne lom: ní chruthóidh an rialtas post ar bith as seo go ceann cúig bliana, agus ní cóir go gcruthódh. Gan amhras ar bith, titfidh líon na ndaoine atá fostaithe ag an stát. Níl an t-airgead againn fá choinne beartas mór spreagtha (stimulus) cionn is go bhfuil droch-chaoi ar chúrsa fioscacha agus go bhfuil fiacha an stáit ag dul ó smacht. Fágann sé sin nach mbeidh sé ar chumas an stáit níos mó post a chruthú.

Bhí pleananna spreagtha ar na forógraí go léir ach i ndáiríre ní raibh i gceist ach comharthaíocht i ngeall ar a laghad airgid a bhí i gceist iontu. Dá mbeadh an t-airgead ann féin, ní cóir go gcruthódh an rialtas líon mór post, ach amháin dá mbeidís in ann tionscnamh mór gearrthéarmach a fháil a bheadh feiliúnach. Agus níl a leithid ann. Mhaigh an Lucht Oibre go bhféadfaí suas le 80,000 duine a fhostú in uasghrádú insliú thithe na tíre, ach ní gá ach machnamh gairid a dhéanamh ar an uimhir sin chun cinntiú nach bhfuil ann ach tuar cait is féasóg air.

Amach ó na Marxaigh is díograisí, ní chreideann páirtí ar bith sa lá inniu gur chóir go mbeadh an chuid is mó d’innealra táirgiúil an gheilleagair i seilbh an stáit. Daichead bliain ó shin bhí an geilleagar féin agus ról an stáit araon ní ba shimplí. Ach sa lá atá inniu ann, tá dualgais an stáit fíorchasta.

nasc fíorláidir idir na stáit éagsúla agus bíonn ar an stát aontais éagsúla idirnáisiúnta a chomhlíonadh. Tá ról cumasúcháin (enabling) ag stáit nua-aoiseacha san aonú aois fichead. Tá sláinte agus oideachas na saoránach faoina chúram; caomhnaíonn an stát bunchearta an duine; déanann idirbheartaíocht ar aontais idirnáisiúnta, stiúrann agus spreagann sé an geilleagar náisiúnta, agus leis an fhírinne a dhéanamh, níl ról lárnach ag an stát féin ann mar ghníomhaí geilleagair. Ach má thuigeann páirtithe polaitíochta na hÉireann cén cruth a bheidh ar státnáisiúin bheaga san fhiche bliain atá amach romhainn, níor chuir siad in iúl é. Bhí an fhís in easnamh chomh maith leis an tuiscint.

Buail an Ceann is Seachain an Muineál

Ba léir gur beag difríocht atá idir na príomhpháirtithe ó thaobh na hidé-eolaíochta de. Ach tá an scéal amhlaidh i Sasana agus sa Fhrainc leis. Ag am toghcháin ní bhíonn ann ach na páirtithe polaitíochta ag maíomh gur acusan atá na mionbheartais is feidhmiúla agus an cumas bainistíochta is fearr.

Mar sin féin, chlis go dona ar an chineál caipitleachais a chleachtar sa tír seo, caipitleachas na caimiléireachta, agus cheapfá go mbeadh muintir na hÉireann ag iarraidh tiontú in aghaidh na ngnáthpháirtithe dá bharr. Ach ina áit sin, d’fhill siad ar an sean-nós, agus thacaigh siad le Fine Gael nuair a bhí siad tuirse de Fhianna Fáil.

Nuair a theip go holc ar Fhine Gael sa bhliain 2002, shíl daoine go leor go raibh deireadh ag teacht leis an pholaitíocht a bhí bunaithe ar an deighilt a mhair ó aimsir chogadh na gcarad. Dar leo, leanfaí leis an titim ar thacaíocht Fhine Gael agus sa deireadh ní bheadh ann ach páirtí den eite dheis, mar a bhí, Fianna Fáil, an Lucht Oibre ar an eite chlé, agus roinnt miondreamanna eile. Bheadh an pholaitíocht náisiúnta bunaithe ar an idé-eolaíocht sa deireadh. Ní mar sin a tharla.

An Drogall roimh Athrú

Is tír choimeádach í Éire – go polaitiúil ach go háirithe – agus tuigimid an chaoi ar fhág cogadh na saoirse agus cogadh na gcarad rian soiléir ar an chóras pholaitiúil agus is dócha in intinn na ndaoine. Tuigtear go maith fosta nár tharla réabhlóid an tionscail in Éirínn mar ar tharla sí in áiteanna eile, rud a d’fhág fréamhacha an lucht oibre an-lag ar bhonn náisiúnta anseo. B’iontach mar sin féin an chaoi ar phill na daoine ar Fhine Gael, in áit teannadh leis an Lucht Oibre, cuirim i gcás. Cuimhnigh gurbh é an focal ba mhó a bhí i mbéal na ndaoine roimh an toghchán ná “athrú”.

Bhí athrú ag teastáil ó dhaoine agus creidim go raibh siad ag smaoineamh ar athrú suntasach ar chleachtadh na polaitíochta sa tír seo. Is leamh an rud é gur thiontaigh siad ar pháirtí seanbhunaithe traidisiúnta chuige sin. Bhíothas i gcónaí ag rá fosta gur beag a bhí idir Fianna Fáil agus Fine Gael, ach nuair a shíl daoine gur gá deireadh a chur le ceannasaíocht Fhianna Fáil ba i dtreo Fhine Gael is mó a thiontaíodar.

Nuair a amharctar ar an chéim síos a fuair Fianna Fáil, b’iontach agus ba stairiúil an toghchán é. Ní raibh sé réabhlóideach áfach. Tá athrú agus athnuachan fós de dhíth, agus chuir gach páirtí beartais ar leasaithe polaitiúla faoi bhráid an phobail. Tá súil againn anois go mbeidh sé de mhisneach acu go léir cur lena bhfocal.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.