AR NA SAOLTA SEO
John Paul Stevens agus Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil go mbéarfaidh imeacht John Paul Stevens ar scor as Cúirt Uachtarach SAM deis do Barack Obama an chúirt a dhéanamh níos cothroime.

Íomhá
John Paul Stevens, Breitheamh na Cúirte Uachtaraí
Íomhá
Cúirt Uachtarach Stáit Aontaithe Mheiriceá
Íomhá
An tUachtarán Gerald Ford a cheap é

D’fhógair an Breitheamh onórach John Paul Stevens, ball de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe, an mhí seo chuaigh thart go bhfuil sé chun eirí as a phost ag deireadh an téarma seo. Tá an breitheamh Stevens ceithre fhichead is deich mbliana d’aois agus tá a thréimhse mar bhall den chúirt sin ar an cheathrú seal is faide dár chaith aon bhreitheamh riamh ar an chúirt uachtarach. Beidh ar an uachtarán, Barack Obama, breitheamh eile a cheapadh in áit an bhreithimh Stevens. Bíonn ceapachán breithimh go mór i mbéal an phobail i dtólamh de bharr a thábhachtaí is atá an chúirt i saol polaitíochta agus sóisialta na tíre sin.

Tá ról níos lárnaí ag Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe ná mar atá ag Cúirt Uachtarach na hÉireann de bharr gur tír fheidearálach í na Stáit Aontaithe agus gur ag an Chúirt atá an focal deiridh i roinnt na cumhachta idir na stáit éagsúla agus an rialtas feidearálach. Is cosúil go bhfuil cúis eile le tábhacht na cúirte sin freisin. Is ea gurbh í an chúirt uachtarach in áit an rialtais fheidearálach a shocraigh roinnt mhaith de na ceisteanna is conspóidí i stair na tíre.

Sa chás West Coast Hotel Co. v Parrish, 1937, cheadaigh an chúirt an dlí um íosphá i stát Washington. Bhí sé ceadaithe ag an rialtas, de thoradh an chinnidh sin, dlíthe a chur i bhfeidhm a chuirfeadh isteach ar choinníollacha pá (agus ar an mhargadh go ginearálta). Déanta na fírinne, thug sé seo cumhacht níos mó don rialtas feidearálach agus meastar nach mbeidís in ann New Deal de chuid Roosevelt a chur i gcrích i gceart murach na cumhachtaí nua seo.

Bhí tionchar an-mhór ag an Chúirt Uachtarach i gcur chun cinn chearta an duine. Sa chás cáiliúil Brown v The Board of Education, 1954, rialaigh an chúirt go raibh an dlí i gcuid de na stáit a chuir scoileanna poiblí ar leith ar fáil, do pháistí geala agus do pháistí gorma, ag teacht salach ar an bhunreacht. Réitigh an cinneadh seo an bealach don ghluaiseacht um chearta sibhialta a chuaigh chun cinn i ndeireadh na gcaogaidí agus sna seascaidí.

Ceart Dom, Ceart Duit

Sa chás Roe v Wade, 1973, chuir an chúirt deireadh leis an chosc iomlán ar ghinmhilleadh. Rialaigh an chúirt go bhféadfadh dlí stáit cosc a chur ar ghinmhilleadh tar éis don suth a bheith inmharthana, ach roimhe sin go mbíonn tosaíocht ag cearta príobháideachta na mná.

Ba chás cáiliúil eile é Gregg v Georgia, 1976, cás inár rialaigh an chúirt nach dtagann éiric an bháis salach ar bhunreacht na stát aontaithe. Ina dhiaidh seo, tháinig fás suntasach faoi líon na bpríosúnach a teilgeadh chun báis de bhéal snáithide, den chathaoir aibhléise nó ar bhealach eile.

Rinne an chúirt cinneadh ar chás mór eile ar na moillibh, mar atá, Citizens United v Federal Electoral Commission, 2010. Bheartaigh an chúirt nach bhfuil sé dleathach aon srian a chur ar chaiteachas a dhéanfadh corparáid ar chraolta polaitiúla de bharr go dtiocfadh a leithéid de shrian a bheith salach ar Chéad Leasú an Bhunreachta. Tugann an Chéad Leasú cosaint do chead cainte, agus de réir chinneadh na cúirte, is ionann corparáid agus duine chomh fada is a bhaineann sé le cead cainte. Meastar go bhfuil tábhacht an-mhór leis an chinneadh de bharr a thábhachtaí is atá caiteachas i dtoghcháin sna Stáit Aontaithe.

De réir bhunreacht na Stát Aontaithe tá scaradh na gcumhachtaí an-tábhachtach. Is é sin gur chóir go mbeadh scaradh iomlán idir an Feidhmeannas (An t-Uachtarán agus a chuid airí), an Reachtas (An Congress agus an Seanad), agus na breithiúna. Ach ó aimsir Reagan i leith tugadh taobh na polaitíochta isteach i ngnóthaí na gcúirteanna. Bhí an nós ann i gcónaí go gceapfadh an t-uachtarán breithimh a mbeadh an fhealsúnacht chéanna acu is atá aige féin - liobrálach i gcás uachtaráin Dhaonlathaigh agus coimeádach i gcás uachtaráin Phoblachtaigh. Ach tá an deighilt sin iontach domhain anois agus bíonn troideanna fíochmhara i dtithe na Comhdhála le linn ceapacháin breithimh. Níos measa fós, meastar go mbunaíonn roinnt de na breithimh a gcuid cinneadh, ní ar a gcuid fealsúnachta dlí, ach go díreach ar an dearcadh polaitíochta atá acu. Sampla, deirtear, den pholaitíocht lom seo, ná an chaoi ar chuir an Chúirt Uachtarach deireadh le athchomhaireamh na vótaí in olltoghchán na bliana 2000.

Breitheamh an Láir

Ach ba bhreitheamh den seantraidisiún é Stevens. Cheap an t-uachtarán Gerald Ford é sa bhliain 1975. Ní raibh tuairimí míchuíosacha aige ar aon taobh: breitheamh den lár a bhí ann. Sheas sé leis an taobh choimeádach uaireanta, go háirithe sna blianta tosaigh, agus níos mó leis an taobh liobrálach sna blianta deireanacha. Tríd is tríd, sheas sé an fód ar son chearta an duine agus an chomhionannais.

Seans maith thar aon rud eile go mbeidh cuimhne ar an chaoi ar chuir sé in aghaidh rialtas Bush nuair a chuaigh siad i mbun cearta sibhialta a ghearradh siar agus iad in ainm is a bheith ag troid i gcoinne na sceimhlitheoireachta. Ba é Stevens a scríobh an breithiúnas sa chás Rasul v Bush sa bhliain 2004 inar thug sé le fios go raibh sé de cheart ag na cúirteanna feidearálacha a rá cé acu an raibh sé dleathach nó nach raibh na cimí a choinneáil i nGuantánamo. Agus sa bhliain 2006 bhí Stevens chun cinn sa bhreithiúnas a rialaigh gur tháinig na coimisiúin mhíleata i nGauntánamo salach ar Choinbhinsiúin na Ginéive.

Sheas an breitheamh Stevens an fós ar son íospartaigh an leithcheala, oibrithe agus cosantóirí coiriúla. Scríobh sé an breithiúnas sa chás Atkins v Virginia sa bhliain 2002 a rialaigh go bhfuil sé in aghaidh an bhunreachta daoine a bhfuil míchumas intinne orthu a dhaoradh chun báis.

Mhol eagarfhocal an NY Times é mar seo “Over all, his record of being on the side of fairness and justice, and of rounding up four other justices to make that side law, is one that few have ever equalled”.

As an naonúir breitheamh ar Chúirt Uachtarach na Stát, cheap George W Bush triúr acu (Na Breithimh Alito, Thomas, agus Roberts) agus tá siad seo go mór ar an eite dheis. Níl an chúirt róchothrom faoi láthair agus beidh ar an uachtarán Obama duine a cheapadh in áit Stevens a bheidh in ann cathanna liobrálacha a throid, duine a mbeidh intleacht, atrua, agus cumas ann nó inti, faoi mar a bhí ag John Paul Stevens.

Naisc: Citizens United v. Federal Election Commission: http://www.youtube.com/watch?v=PKZKETizybwRoe v. Wade http://www.youtube.com/watch?v=2Kz-s3K7tfA

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.