AR NA SAOLTA SEO
Athleasú de Dhíth ar an Chóras Pholaitiúil
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Ar fhoghlaim muid ceacht? An féidir ligeann don mhéid a tharla cheana titim amach arís? Caithfear an córas polaitiúil a chruthaigh na fadhbanna millteanacha dúinn a athrú, a deir Ciarán Mac Aonghusa. Tá an fhreagracht agus an oscailteacht le cur sa mheáthig leis an tubaiste a tharla i ngeilleagar an domhain titim sa mhullach orainn arís eile.

Íomhá
An Tánaiste Máire Ní Chochláin
Íomhá
An Dáil
Íomhá
Coimisiún Forbartha an Iarthair

Ní iontas ar bith é go bhfuil an pobal ag iarraidh a fháil amach cad ba chúis leis an ghéarchéim gheilleagair. Cén chaoi a réiteofar an fhadhb murar féidir, ar ndóigh, a bunchúis a aithint. Níos tábhachtaí fós, mura bhfuil tuiscint ar chúis an tubaiste, ní bheimid in ann féachínt chuige nach dtarlóidh a léithid arís.

Sílim féin gur theip ar thráchtairí, cheardchumainn, agus ar pholaiteoirí croí na faidhbe a aithint. Chuir na ceardchumainn an milleán ar an lucht ghnó; chuir an rialtas an milleán ar chóras gheilleagair an domhain, chuir an freasúra an milleán ar an rialtas, agus chuir an gnáthdhuine an milleán ar na baincéirí agus ar an lucht tógála.

Is cinnte go raibh baint ag na dreamanna sin uilig leis an tubaiste gheilleagair. Ní hé an easpa rialúcháin nó an domhandachas, áfach, a chuir an t-airgeadas poiblí ar seachrán. Ní hiad na baincéirí ach an oiread a ba chúis leis. Ní hea. Is ea gur theip ar an chóras pholaitiúil.

Cuireann sé déistin ar an phobal nár admhaigh na hairí rialtais, go háirithe iad siúd atá i gcumhacht le fada, go raibh siadsan in ainm is a bheith ag stiúradh na tíre le deich mbliana anuas agus go ndeachaigh siad amú. An té a bhí ag éisteacht le Máire Ní Chochláin ag labhairt ar Morning Ireland an mhí seo caite, cheapfadh sé gur inné a tháinig sí i gcumhacht agus tá an chuid eile acu, go léir, amhlaidh.

Cuirim ina leith go bhfuil sotal iontu. Tá an chuma ar na hairí rialtais nach dtig leo admháil ón chroí amach go raibh siad lochtach. Is cosúil go bhfuil an méid sin ama caite acu sna gluaisteáin mhóra agus sna cruinnithe olltábhachtacha is gur chaill siad cibé tuiscint a bhí acu ar an ghnáthshaol. Tá an chumhacht ina chóta, cuachta thart orthu agus tá siad faoi chosaint an chóta sin. Ní chuireann fuacht na stoirme seo isteach orthu a bheag nó a mhór.

Ach ní chuirfinn an locht ar fad ar na hairí rialtais – an chuid is mó acu ina mbaill de Fhianna Fáil – a bhí i gceannas ar an tír le 15 bliain anuas. Sílim go bhfuil bun níos doimhne agus níos leithne ar an fhadhb. Baineann sé le dhá ghné de chóras polaitiúil na tíre. I dtosach, níl an bonneagar polaitiúil atá againn in Éirinn oiriúnach don aonú haois is fiche. Agus an dara rud, tá an dearcadh áitiúil, gearrthéarmach róláidir sa chultúr pholaitiúil. Tá an dualgas poiblí, an fhreagracht, agus an t-ionracas lom in easnamh inár gcultúr polaitiúil.

Athchóiriú an Oireachtais?

Ó thaobh stuchtúir de, is iomaí locht atá ar ár bhforais daonlathais. Tá Seanad Éireann marbhánta agus gan aon chumhacht. Is iarsma é Seanad Éireann den dearcadh a bhí coitianta sna 30í a dhearbhaigh go bhfuil tábhacht ar leith ag na gairmeacha agus gur chóir go mbeadh guth acu sa chóras pholaitiúil. Tugtar corparáideachas ar an choincheap seo. Fágann sé nach bhfuil guth ag an ghnáthdhuine sa Seanad ná guth ag an Seanad i riaradh na tíre.

Níl an Dáil gan locht ach oiread. Is é an Feidhmeannas nó an Rialtas a dhéanann na dlíthe in áit an Oireachtais féin. Bíonn cead a gcinn, i ndáiríre, ag an rialtas agus níl ar chumas an Fhreasúra cuntas a iarraidh ar an rialtas. Ní féidir a rá go ndéantar mionscrúdú ar chinnidh an rialtais.

Is fíor a rá gur tháinig córas na gcoistí ar an saol le fiche bliain anuas agus gur céim chun cinn atá san fhorbairt seo. Feidhmíonn siad ar bonn sainiúil an chuid is mó den am. Bíonn cuid acu go maith agus bíonn cuid eile gan mhaith ar bith. Níos measa fós, cé go bhfuil eisceachtaí ann, níl siad féiceálach don phobal. Mar sin, ní thagann a gcuid oibre chun solais agus níl aon tuiscint ag an phobal ar a mbíonn ar siúl acu.

Tá sé thar am freisin go ndéanfaí iarracht an nasc a bhriseadh idir cheisteanna shuaracha áitiúla agus baill an oireachtais. Baineann an dearcadh paróisteach neart agus éifeacht as an rialtas náisiúnta. Mar sin, is cóir athbhreathnú a dhéanamh ar an chóras toghchánaíochta. Is coir, b’fhéidir, cuid de na Teachtaí Dála a thoghadh sna dáilcheantair agus cuid eile a thoghadh go náisiúnta. Ní leor a rá go ndearna sé cúis go dtí seo – tá sé de dhualgas orainn féachaint le córas cuí polaitiúil a thógáil a bheidh oiriúnach don aois seo.

Fo-Oireachtas na nÁisíneachtaí De réir tuarascáil a d’fhoilsigh an meitheal smaointe TASC, tá níos mó ná 450 áisínteachtaí stáit sa tír seo. Bunaíodh cuid mhór acu le deich mbliana anuas. De réir TASC níl aon fhreagracht ná oscailteacht ag baint leis na háisínteachtaí seo. Agus tá go leor ceisteanna faoin chaoi a gceaptar oifigigh shinsireacha do na heagraíochtaí seo. Gan amhras ar bith, fágann na lochtanna seo go gcuirtear an t-uafás airgid amú agus nach gcuirtear seirbhís fheidhmiúil ar fáil don phobal.

Ansin tá an rialtas áitiúil. Níl ann ach cur i gcéill. Cloiseann an pobal scéalta faoin airgead a fhaigheann na Comhairleoirí Contae ach sa deireadh thiar thall, ní rialtas áitiúil atá ann ach riarachán áitiúil. B’fhearr i bhfad dá mbeadh Comhairlí Réigiúin ann, comhairlí a mbeadh cumhacht acu agus freagracht dá réir.

Ar deireadh, tá ceist an chultúir pholaitiúil. Is dócha gur sa cheist seo atá croí na faidhbe. Is iontach ar fad é an chaoi nach bhfuil aon dearcadh láidir sa tír seo i leith an dualgais phoiblí. Tá aigne ar leith ag pobal na tíre seo a fhágann nach suim leo an fhreagracht nó an oscailteacht. Is fearr linn an t-aitheantas agus an chomaoin. Ní amharcaimid ar na hoifigigh stáit mar dhaoine a bhfuil dualgas an stáit orthu. Mar sin, ní iontas ar bith é go mbíonn tús áite ag an pháirtí nó ag cairde i measc cheannairí na tíre.

Ní féidir daonlathas ceart a bhunú gan na tréithe agus na luacha seo – an oscailteacht, an fhreagracht, an t-ionracas, agus an dualgas. Is léir go bhfuil na tréithe seo in easnamh agus nach bhfuil na hinsitiúidí daonlathacha cuí againn. Mar sin, ní iontas ar bith é gur éirigh le dreamanna áirithe – baincéirí agus an lucht tógála ina measc – a leas féin a chur sa chéad aít in intinn cheannairí na tíre.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.