Cíorann Ciarán Mac Aonghusa siocair na mí-úsáide laistigh den Eaglais Chaitliceach, gné na haontumhachta, gné is féidir a rianú i bhfad siar ach, gné nár thosaigh le tús na Críostaíochta mar sin féin.
Foilsíodh i mí na Nollag caibidil 19 de Thuarascáil an Bhreithimh Ní Mhurchú ar Mhí-úsáid Páistí in Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath. Cuireann an chaibidil sin síos ar an chaoi ar bhain an tAthair Tony Walsh mí-úsáid as páistí i bparóistí éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath ar feadh beagnach fiche bliain, agus ar an chaoi ar chuir Easpaig áirithe leas na heaglaise os cionn leas na bpáistí.
Cé go bhfuil scéal an iarshagairt Tony Walsh thar a bheith gránna, is fíor go dtáinig mí-úsáid den chineál chéanna chun cinn i measc sagairt Chaitliceacha Rómhánacha ar fud an domhain. Tharraing na scéalta seo aird, arís agus arís eile, ar an aontumhacht atá ina bunchloch ag an chreideamh Chaitliceach. Ní raibh sé sin amhlaidh i gcónaí agus is fiú go mór breathnú siar ar stair na haontumhachta san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.
Is cosúil nach raibh trácht ar bith ar an aontumhacht sna lámhscríbhinní is luaithe a bhaineann leis an Chríostaíocht. Bhíodh an chléir Críostaí sa luathré go léir pósta agus ba bheag an trácht a dhéantaí faoi seo. Leagann Pól síos sa Tiomna Nua na tréithe atá de dhíth ar easpag nó ar shagart: ba chóir dó a bheith cumasach i gcúram teaghlaigh agus ba chóir dó a bheith monagamach. Ach faoin cheathrú céad bhí cur is cúiteamh ar siúl faoin chaoi a dtagann an pósadh salach ar an tsagartacht. Ag sionad áitiúil sa Spáinn sa bhliain 306, foraithníodh gur chóir aon sagart nach nglacfadh an aontumacht air féin a dhíbirt as an eaglais.
An Manachas
Thart faoin am seo bhí an manachas ag teacht chun cinn agus bhí an aontumhacht fíorthábhachtach mar phrionsabal ann. Bhí roinnt scríbhneoirí móra le rá san Eaglais an t-am seo fosta ag maíomh go raibh an aontumhacht ní ba spioradálta ná mar a bhí an pósadh. Ina measc siúd bhí Jerome (c.347-419) agus Ambrose (c.339-397). Bhí an chollaíocht ag teacht salach ar an naofacht, dar leo.
D’imir na smaointí seo tionchar mór ar Phápaí na Ré úd, agus cuireadh na hathruithe seo i bhfoirm dhlí. D’ordaigh an Pápa Damasus (305-384) gur chóir go mbeadh an sagart ina aontumhach, nó ar a laghad go staonfadh sé ón chollaíocht sa tréimhse sin díreach roimh an Aifreann. Tugtar an reachtaíocht seo mar fhianaise go minic, go dtéann an aontumhacht i bhfad siar, ach i ndáiríre, ní thugann sé le fios ach gur chreid miondream cumhachtach go raibh an staonadh tábhachtach. Déanta na fírinne, ba bheag an aird a tugadh ar na horduithe seo (agus bhí go leor áiteacha ann nár chualathas fúthu go fiú). Amach ó na manaigh, bhí formhór na sagart agus na n-easpaig pósta go fóill.
Agus bonneagar ceart á chur ar dhlí na hEaglaise don chéad uair le linn an ochtú haois, níor cuireadh na dlíthe luatha seo san áireamh. I gceann de na leabhair dlí seo, an Collectio Canonum Hibernesis, a chuir beirt mhanach Éireannacha le chéile, glactar leis go bpósann an chléir.
Flaitheas agus Maoin
Tharla an chéad fhorbairt eile ar scéal na haontumhacta san aonú haois déag agus í seo mar chuid de shraith mhór athruithe ar a dtugtar na hAthleasuithe Gréagóracha. Ba í an chumhacht féin a bhí ina cnámh spairne idir an Pápa (Gréagóir VII) agus Ríthe na hEorpa. Idir chamáin bhí an cheist ar cé acu ag a raibh an tosaíocht, dlí na hImpire nó dlí na hEaglaise? Cén ceannaire, ag an Phápa nó ag an Rí, a bhí sé na ceapacháin mhóra a dhéanamh, ach tarraingíodh an aontumhacht isteach sa scéal gan mhoill. D’ordaigh Leo IX (1049) agus Nicholas II (1059) nár chóir do dhaoine gabháil ar Aifreann a mbeadh sagart pósta ina bhun. Fite fuaite le ceist an phósta bhí cearta maoine na hEaglaise. Dar ndóigh, bheadh sealbhaíocht na hEaglaise i mbaol dá mbeadh an sagart pósta.
Chuaigh an manachas i dtreise go mór le linn na tréimhse seo agus bhíodh na manaigh mar eiseamlairí ag na sagairt. Naomh Lorcán Ó Tuathail cuirim i gcás, a ceapadh ina ardeaspaig ar Dheoise Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1162. Bhí meas mór ag an Easpaig Ó Tuathail ar na manaigh Agaistíneacha agus tar éis dó a bheith ceaptha, rinne sé coinníoll de go gcaithfeadh gach sagart a bheith ina aontumhach.
Tháinig fás an-mhór faoin dlí Canónta thart fán am seo agus breathnaíodh ar an Phápa mar dhlíodóir, ar bhealach, agus chreid ardoifigigh na heaglaise gurbh é an rud ba thábhachtaí ná an dlí Canónta a fhorbairt agus a shonrú. I measc na ndlíthe seo bhí dlí a chuir cosc le pósadh na cléire. Ach in ainneoin na rialacha nua a cuireadh ar phár sa Róimh, ba bheag an t-athrú a tháinig ar nósanna na cléire ar fud na hEorpa go deireadh na meánaoise.
Faoin séú céad déag áfach, bhí eolas ar dhlí na haontumhachta scaipthe go forleathan agus sa chuid is mó bhíothas umhal don dlí seo. Tugadh neamhaird orthu in áiteacha go leor áfach, agus bhíodh na heaspaig fós ag gearáin faoi na sagairt a raibh clann orthu.
Peaca an tSinsir?
Ba ag an phointe ama seo a thagann Luther chun tosaigh. Cháin sé an aontumhacht mar rud a chruthaigh an dlí Canónta. Mhaígh sé sa bhliain 1530 nach raibh sna dlíthe seo ach saothar an diabhail. Ba pheacach é gach duine a shíolraigh ó Ádhaimh, dar le Luther, agus bhí an pósadh ann mar bhealach éaluithe ón pheaca. Phós Luther féin sa bhliain 1525 agus bhí clann mhór air ina dhiaidh sin. Bhí bunús na leasaitheoirí Protastúnacha ar aon intinn le Luther maidir leis an aontumhacht: mhaigh Calvin nár chóir go mbeadh sí riachtanach.
Nuair a chuir na Protastúnaigh i gcoinne na haontumhachta, ba ea gur dhaingnigh sé an tábhacht a bhain léi san Eaglais Rómhánach. D’fhógair Comhairle Thrionta (an tionól mór a d’eagraigh an Eaglais Chaitliceach chun cur in aghaidh an Phrotastúnachais) gur eiriceacht a bhí ann nuair a mhaífeadh duine nach raibh an aontumhacht agus an maighdeanas ní ba naofa ná an pósadh. Ó sin i leith, bheadh na ministrí Protasúnacha pósta, agus bheadh cléir an Fhrith-Athleasú Creidimh aontumhach. Bheadh an aontumhacht ina comhartha uaisleachta agus naofachta ag na sagairt. Seo í an fhís a bhí ag na ceannairí Caitliceacha i dTrionta, agus de réir a chéile cuireadh an fhís sin i bhfeidhm.
Mheas ceannairí na hEaglaise Rómhánaí sa séú haoise déag gur chóir an té a cheisteodh an aontumhacht a dhíbirt. Tá sé sin amhlaidh go fóill, ach léiríonn na huafáis is deireanaí i dtaobh mí-úsáid ghnéis nach bhfuil ceist na haontumhachta socraithe fós.