AR NA SAOLTA SEO
Na Fíor-Fhionlannaigh - Perussuomalaiset -
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Léiríonn an borradh faoi na Fíor-Fhionlannaigh agus an fás faoi Pháirtí Saoirse na hOstaire go bhfuil deacrachtaí roimh an Eoraip dar le Ciarán Mac Aonghusa. Is é ‘fear na bó san abara bheas as béal gach éinne feasta.

Íomhá
Perussuomalaiset i gCearnóg Hakaniemen
le Kaihsu Tai ar Vicipéid
Íomhá
Timo Soini, Feisire Eorpach & ceannaire na bhFíor-Fhionlannach
le Jan Leineberg ar Vicipéid
Íomhá
An Feisire Raimo Vistbacka, Fíor-Fhionlannach
le Soppakanuuna ar Vicipéid
Íomhá
Heinz-Christian Strache beim Wiener Wahlkampfauftakt der FPÖ
Thomas Prenner ar Vicipéid

Tugann siad Perussuomalaiset - na Fíor-Fhionlannaigh - orthu féin. Go dtí an mhí seo caite, ba mhionpháirtí polaitiúil náisiúnach iad nach raibh ach cúig shuíochán san Eduskunta (Dáil na Fionlainne) acu. Ach tá siad i mbéal lucht polaitíochta na hEorpa inniu mar gheall ar an naoi suíochán déag is fiche a bhain siad amach san olltoghchán cúpla seachtain ó shoin, rud a fhágann ar an tríú páirtí is mó sa tír iad.

Ní féidir na Fíor-Fhionlannaigh a rangú go héasca nó ní bhaineann a gcuid fealsúnachta ar fad le haon eite amháin. Baineann a gcuid dúnghaoisí geilleagair leis an eite chléar son an stáit leasa agus cánach forchéimnithí – agus baineann roinnt mhaith eile dá gcuid polasaithe leis an eite dheisfíornáisiúnach, dian ar choiriúlacht, agus glan in aghaidh na hinimirce. Is é a leagan amach i dtaobh an Aontais Eorpaigh, áfach, is mó a tharraing aird na gceannairí eachtrannacha. Tá na Fíor-Fhionlannaigh glan i gcoinne an AE agus tá siad ag cur in aghaidh na bpacáistí cúnaimh atá á gcur ar fáil ag an AE do na tíortha a bhfuil géarchéim fiachais ar siúl iontu – Éire ina measc.

Maíonn na Fíor-Fhionlannaigh gur daoine díograiseacha, tíriúla iad, a oibríonn go dian agus a bhfuil grá acu dá dtír. Tá siad mórtasach as an chaoi ar sheas an Fhionlainn an fód i gcoinne an Airm Dheirg le linn an dara Cogadh Domhanda. Agus tá siad tinn tuirseach de na coimhthígh atá ag cur isteach ar an tír aonchineálach a d’fhág a sinsear acu. Dar leo tá siad tinn tuirseach fosta de bheith ag teacht i gcabhair ar na náisiúin Eorpacha eile a chaith a maoin go rabairneach. (Is cosúil nach cuimhin leo an cliseadh baincéireachta a bhuail a dtír féin fiche bliain ó shin agus a spreag iad chun teacht isteach san AE).

Gach Fear faoi Ruball a Bhó Féin!

Le linn an fheachtais toghchánaíochta bhí siad ag maíomh nár chóir go dtabharfadh an Fhionlainn aon chúnamh airgid don Phortaingéil, nó d’aon tír eile. Níor chuir a gceannaire, Timo Soini, fiacail sa scéal “Ní mór na ba Fionlannacha a bhleán ag baile” a dúirt sé, “agus ní mór an bainne a choinneáil sa bhaile”.

Ní dóiche go mbeidh na Fíor-Fhionlannaigh i réim gan mhoill, ach is cinnte go gcuirfidh siad brú ar na páirtithe eile seasamh i gcoinne na bpacáistí móra cúnaimh atá á gcíoradh ag ceannairí na hEorpa. Meastar go bhfuil an baol anois ann go ndiúltóidh an Fhionlainn aon pháirt a ghlacadh sna pacáistí sin amach anseo.

Chuirfeadh a leithéid de scéal bac mór ar na hiarrachtaí atá ar bun ag leibhéal Eorpach dul i ngleic leis an ghéarchéim fiachais. Bhainfeadh sé bonn ó na hiarrachtaí atá déanta go dtí seo cur ina luí ar na margaí go seasfaidh tíortha na hEorpa an fód ar son an €uro.

Ní hiad na margaí is mó, áfach, a chuireann eagla ar cheannairí na Gearmáine agus na Fraince, ach a muintir féin. Tá athrú an-mhór tagtha ar dhearcadh ghnáthmhuintir na Gearmáine i leith an AE. Fiche bliain ó shin bhí siad go mór ar son an Aontaisba tríd an Aontas a d’éirigh leo a dtír féin a athaontú. Ach le blianta beaga anuas tá siad den bharúil go bhfuil an tAontas ag cur bac ar an Ghearmáin. Tá an tír sin ar ais ar a seanléim ó thaobh an gheilleagair de, agus tá sí ag díriú ar mhargaí nua i dtíortha nuafhorbartha na hÁise. Don chéad uair riamh tá an tSín chomh tábhachtach leis an Fhrainc ó thaobh onnmhairiú na Gearmáine de. Thosaigh an Ghearmáin, gan amhras ar bith, ag tochras ar a ceirtlín féin le tamall anuas agus tá sí ag déanamh neamhaird dá ról traidisiúnta i stiúradh na hEorpa.

An Mhaith is an tOlc i dTóin an Choimhthígh!

Maidir leis an Fhrainc, is léir gur mó an spéis atá ag Nicholas Sarkozy in olltoghchán na bliana seo chugainn (a bhfuil sé i mbaol a chaillte) ná mar atá aige i réiteach ar bith a fháil ar mhórfhadhbanna na hEorpa. Tuigeann Sarkozy go bhfuil sé ag cailleadh tacaíochta do Marine Le Pen, atá ina hantoisceach den eite dheis.

Ar bhealach, tá scéal na Fionlainne ar siúl fud fad na hEorpa: fás an-mhór faoi pháirtithe náisiúnacha atá in aghaidh an AE. Tá díomá ar dhaoine nach bhfuil ag éirí leis an AE cúnamh a thabhairt dóibh dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann leis an domhandú. Feictear do dhaoine go bhfuil a bpobal dúchais, a dtír, a gcultúr, agus a slí bheatha ar leith ar fad á n-athrú agus ag dul ó aithne agus, dar leo, nach bhfuil an tAE in inmhe iad a chosaint. Nuair is géire gá, tá an tAE neamhfheidhiúil.

Tagann an dearcadh seo le scéal na bhFíor-Fhionlannach. Tá siad dúdóite den AE agus tá siad ag moladh réitithe inmheánacha náisiúnta ar a gcuid fadhbanna. Molann siad go gcuirfí srian daingean ar an inimirce atá, dar leo, ag déanamh dochair don stát leasa. Molann siad ardú mór ar chaiteachas míleata. Leagann siad an-bhéim ar an fhéinchosaint agus tugann siad ómós do na fir a sheas an fód seasca bliain ó shin.

Labhair Soini go sibhialta cúramach le linn an fheachtais agus é ag cur síos ar choimhthígh. Tá fáilte roimh imircí, a dúirt sé, má oibríonn siad is má íocann siad a gcáin agus mura mbaineann siad mí-úsáid as an chóras leasa shóisialaigh. Ach bhí ball eile den pháirtí ní ba chonspóidí, mar atá, Jussi Halla-Aho, nuair a dhírigh sé aird ar na Muslamaigh go háirithe. Ach ar oíche an olltoghcháin níor dhúirt sé ach go ndéanann inimircí dochar don tír go sóisialta agus go geilleagrach.

An Tiontú chun Samhnais

Is tír í an Fhionlainn nach bhfuil ach rud beag os cionn cúig mhilliún duine inti. Rugadh níos lú ná cúig faoin chéad acu siúd thar lear. Iad siúd a bhfuil creideamh acu tá a bhformhór mór ina mball den Eaglais Shoiscéalach Liútarach. Gan amhras ar bith, tá muintir na Fionlainne suaite ag na hathruithe a bhaineann leis an domhandú agus measann siad go bhfuil siad á gcur dá dtreo.

Tá an rud céanna ag tarlú i ngach tír – idir bheag agus mhór. Ach is dócha gur mó an tionchar a imríonn na hathruithe seo ar thíortha beaga aonchineálacha. Is cinnte gur athraíodh an tír seo as cuimse le fiche bliain anuas. Tá an t-ádh orainn in Éirinn nár tháinig aon pháirtí gránna náisiúnach den eite dheis ar an tsaol ar nós Pháirtí na Saoirse san Ostair. Agus níl aon fhianaise ann fós go bhfuil muintir na hÉireann ag tiontú i dtreo an chiníochais. Ach is léir gur fhuaraigh an grá a bhí againn don Aontas Eorpach. Faoi láthair tá ag teip ar thíortha láidre na hEorpa – an Fhrainc agus an Ghearmáin go háirithe – ceannaireacht chumasach a thabhairt don Aontas in uair na cinniúna. Agus tá díomá agus lagmhisneach ar mhuintir na dtíortha beaga. Léiríonn borradh na bhfíor-Fhionlannach méid na deighilte atá idir ceannairí na hEorpa agus muintir na hEorpa agus go bhfuil an baol anois ann go rachaidh an chosmhuintir a mbealach féin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.