Scaoileann Ciarán Mac Aonghusa le féith na fealsúnachta in iarracht a theacht ar thuiscint éigin ar scéal aduain a thit amach san Ostáir ar na mallaibh, scéal mhuintir Fritzl. Cad é an dóigh ar fíoraíodh Gort na gCnámh eile i lár na hEorpa lenár linn? Cad é a thug an Dr. Jekyll fíor seo inár measc?
Ba dhuine é a raibh meas an phobail air i rith an lae; ach b’ainbheartach uafáis san oíche é. Ba i mbothóig i gcúl an tí a bhí láthair an uafáis, an áit a dtéadh sé i bhfolach ón tsaol mhór chun a dhrochbheart a chur i gcrích.
Nuair a théadh sé tríd an doras úd, chailleadh sé an cuibheas agus cibé smearadh den tsibhialtacht a bhain leis. Ní bhíodh na nósanna a bhaineann leis an tsochaí ag cur srianach air a thuilleadh ansin. Bhíodh sé saor ar fad ón tslabhra mhorálta a chuireann an pobal ar chosa an aonaráin.
Thíos ansin, i gcuile faoi chúl an tí, bhíodh sé ina ainmhí bhrúidiúil. B’ansin a dhéanadh sé an gníomh gránna agus é as amharc an tslua. Ach chuile uair, i ndiaidh dó an drochghníomh a dhéanamh, thagadh sé ar ais ón dorchadas, gan aon athrú air, mar bheadh gnáthdhuine ann. Rachadh sé amach arís i measc an phobail a raibh meas acu air.
Níl sa scéal seo ach cumadóireacht. Chum Robert Louis Stevenson The Strange Case of Dr Jekyll and Mr Hyde, sa bhliain 1886. Ach is aistí an fhírinne ná an ficsean féin. Ciontaíodh Josef Fritzl an mhí seo caite, innealtóir as Amstetten na hOstaire, in éigniú, ciorrú coil, daoirse, agus i ndúnmharú.
Íoslach Josef Fritzl
Chuir Fritzl géibheann ar a iníon féin, Elizabeth, in íoslach rúnda a thóg sé d’aon ghnó ar chúl an tí. Choinnigh sé ansin í ar feadh 24 bliain, go dtí gur bhuail tinneas duine de na páiste a bhí aige léi tar éis dó í a éigniú. Rugadh seachtar páiste ar fad san íoslach rúnda, ach bhásaigh duine acu tar éis cúpla lá ar an tsaol.
Dhóigh Fritzl corp an pháiste.
Tá daoine den tuairim nach ball den chine dhaonna é Fritzl de dheasca na truaillíochta a bhí go smior ann, ach go deimhin, is é an fáth a gcuireann cás Friztl a oiread uafáis ar dhaoine ná go bhfuil sé ina bhall den chine dhaonna. Is í an fhírinne lom a chuireann casadh aigne orainn: is duine cosúil linn féin é an t-ainbheartach oilc seo.
Ar ndóigh tugann an stair le fios cén dochar gur féidir leis an duine a dhéanamh nuair a chuirtear, de chúis amháin nó de chúis eile, an daonnacht atá ann as a riocht. Ar bhealach is féidir amharc ar stair na sibhialtachta, ní mar choimhlint leis an chinniúnt ná leis an talamh, ach mar choimhlint i gcoinne chroí dorcha an duine féin.
Tá an choimhlint seo i gcroílár cuid mhaith creideamh ar fud an domhain: an streachailt idir yin agus yan i dTaochas na Síne, idir Séat agus Osiris na sean-Éigipte, idir fhorsaí diaga agus lucht an tsaoil seo sa tsean-Ghréig, agus idir an Mhaith agus an t-Olc i mBíobla na Críostaíochta.
Ach nuair a sháraíonn an t-olc an mhaith, bíonn daoine soineanta thíos leis i gcónaí. I gcás Fritzl, páistí a bhí sna híobartaigh go léir. Bhí a iníon an-óg nuair a bhain sé mí-úsáid aisti don chéad uair agus ní raibh sí ach ocht mbliana dhéag nuair a shac sé isteach ina chuile rúnda í. Is é meas Alfred Gusenbauer, Seansailéir na hOstáire, go gcaithfear gabháil i mbun fógraíochta le híomhá na tíre a tharraingt aníos as an ghreallaigh.
Faoin Fhóidín Mhearaí
Ní féidir linn íomhá an uafáis a ghlanadh as ár n-intinn. An bhean bhocht agus a cuid páistí thíos faoin talamh sa dorchadas. Ba dheis cruála eile aige orthu an dorchadas. Rinne Elizabeth gach iarracht só agus cúram a thabhairt do na páistí in ainneoin na gcúinsí neamhghnácha a raibh siad. Chuir sí i gcéill orthu gur mar sin a bhí an saol do chách. D’inis sí scéalta sí dóibh. Agus is dócha go raibh uirthi míniú dóibh gur duine dea-chroíoch a bhí san fhear a thagadh isteach go minic – cé gur cosúil gur thuig siad go raibh foréigean de chineál éigin i gceist.
Is deacair dúinn smaoineamh cén chaoi a bhfuair Elizabeth an neart agus an misneach le leanúint leis an tsaol fhulaingteach bhrúidiúil úd. Is dócha go ndearna sí an méid a rinne sí ar son na bpáistí, ach mar sin féin, caithfidh sé gur bean láidir í.
Cheapfá go mbeadh an dóchas caillte aici tar éis 24 bliain. An é gur ghlac sí leis go mbeadh sí i ngéibheann ansin go lá a báis? Ba mheasa an céasadh intinne uirthi féin ná ar na páistí. Thuig sise céard a bhí ar siúl. Thuig sí a dhonacht is a bhí an scéal acu.
Agus anuas air sin, thuig Elizabeth go raibh saol eile ann, saol a bhí á cheilt orthu. Saol ina bhfuil fás an Earraigh agus sneachta an Gheimhridh ann, boladh na mbláth, ceol na n-éan agus solas na gréine. Saol ina bhfuil cead a chinn ag an duine. Na rudaí seo go léir, níor chuir na páistí bochta aon eolas orthu, ach amháin an t-eolas a fuair siad ón teilifís.
Tréimhse Théarnaimh
Ní féidir linn ach meabhrú ar an chaoi a gcuirfidh Elizabeth agus a cuid páistí a saol le chéile. An bhféadfaidh siad biseach a fháil ón dochar intinne a imríodh orthu? An mbeidh siad in ann muinín a chur i ndaoine feasta? An mbeidh na páistí in ann a ghabháil i dtaithí ar an tsaoirse, ar pháirceanna, ar shráideanna, nó ar dhaoine, ar an fhairsinge ina dtimpeall? An mbeidh na páistí in ann teanga an ghrá a fhoghlaim tar éis an cruálachas a bhain dóibh? An bhfuil biseach in ann dóibh? Go raibh sé amhlaidh.
Maidir le Fritzl féin, cuireann sé iontas agus uafás orainn san am chéanna, óir ní ábhar oilbhéime, uafáis, ná gráin go dtí é. Níos measa fós, ní féidir linn éalú ón fhírinne, is ea, gur duine daonna atá ann agus cibé tréith de nádúr an duine a sheol i dtreo an uafáis é, bhí smearadh den tréith sin i gcónaí ionainn agus beidh sí ionainn mar dhream.