Tá sé ort agus ní trom leat é! Chaith Ciarán Mac Aonghusa seal ag iniúchadh ainm pearsanta an duine, spreagtha b’fhéidir, ag Lá Fhéile Chiaráin i Mí Meán Fómhair.
Conall, Niall, Fearghus, Aoife, Étain, Fionnuala. Sampla iad seo de roinnt ainmneacha deasa Gaelacha atá in úsáid sa tír seo leis na céadta bliain. Tá stair an-fhada ag baint le cuid acu. Scríobhtaí Conall mar ‘Conoval(os)’ i ré an oghaim, mar a bhí greanta ar inscríbhinn oghaim i mBreatain Choirn. Mac Cáirthinn, ainm atá i Muineachán go fóill (mar ainm baiste, Mac Cartan), bhí a réamhtheachtaí, ‘Maqi Cairatini’ le feiceáil san oghamchraobh chomh maith. Aífe an fhoirm a bhí ar Aoife go dtí thart ar an bhliain 1200. Cé gur athraigh cuid de na hainmneacha go mór ó ré an oghaim, is cosúil gur beag an t-athrú, amach ó mhionathruithe litrithe, a tháinig orthu ón bhliain 1200 i leith. Gan amhras is iontach an fad saoil a bhaineann le roinnt ainmneacha agus is díol iontais é an chomhsheasmhacht a bhain leo anuas na céadta bliain chugainn. Ach chuaigh bunús na seanainmneacha Gaelacha i léig. Ní chluintear Délgéis, ná Tomhaltach, ná Baothghalach, na laethanta seo. Bhíodh Echrí ar dhaoine in Éirinn chomh maith agus bhí fáil ar a chomhaith sa Ghaillis. Ní dócha go bhfeicfimid go luath ach oiread Cú gan Mháthair, Cú gan Ghairm, Cú Cathrach, Cú Allaidh, Fear dhá Thonn, Fear dhá Chrích, ná Fearchéacht, ainmneacha a bhíodh ar dhaoine in Éirinn tráth den saol.
Tharla an rud céanna i Sasana. Tá seanainmneacha a mhair gos an lá inniu – Jane agus William a bhí coitianta ocht gcéad bliain ó shin – agus cuid eile a chuaigh i léig – Bede nó Atherol. Cén fáth a ndeachaigh roinnt ainmneach as feidhm fad is a mhair cuid eile?
Tá sé níos éasca an cheist sin a fhreagairt i gcás Shasana, áit a mhair go leor seanchuntas, ar nós doiciméidí oifigiúla a bhain le cúrsaí riaracháin agus dlí. Ar an drochuair, cailleadh go leor de na seanchuntais Éireannacha nuair a cuireadh na ceithre cúirteanna trí thine le linn Chogadh na gCarad. De réir na fianaise Sasanaí, níor tháinig ach athrú beag mall ar nósanna ainmniúcháin idir 1300 agus 1800. Le linn na tréimhse sin is cinnte go ndeachaigh go leor ainmneacha i léig agus gur tháinig cinn nua ar an tsaol, ach tharla na hathruithe seo go fíormhall. Níor tháinig aon athrú ar nós amháin, is é sin, go mbíodh roinnt ainmneacha fíor-fíorchoitianta. Bhíodh na trí ainm is coitianta ar 60% den daonra. Bhíodh an t-ainm is coitianta ar 25% den daonra.
Is Leor ó Mhór a Dícheall a Dhéanamh
Bhí ‘Mary’ ar 25% de mhná Shasana, agus ‘John’ ar 20% de na fir sa bhliain 1800, ach thart ar an bhliain 1850, tháinig fás an-mhór faoi líon na n-ainmneacha a bhí coitianta. D’éirigh Walter, Neville, Edith, agus Dorothy coitianta, cuir i gcás. Go tobann thosaigh tuismitheoirí ag machnamh ar cén t-ainm a bhaistidís ar a gcuid páistí. In áit na sean-nósanna a leanacht – leanbh a ainmniú as athair mór nó as a uncail – thabharfaidís ainm eile ar fad ar an naíonán, ainm ón Bhíobla nó ainm as an litríocht. Don chéad uair, bhí daoine ag cur ainmneacha ar a gcuid páistí toisc gur thaitin an t-ainm leo. Bhí tús curtha le ré na ‘rogha pearsanta’.
Dála an ainm Mary, ba é Mór, an t-ainm ba choitianta ar mhná in Éirinn tráth, a thug ar ‘Mary’ gabháil i líonmhaire in Éirinn le fás an Bhéarla.
Go dtí an bhliain 1900 nó mar sin bhíodh ainm sa bhreis de dhíth chun na páistí a idirdhealú thar a chéile sa rang: ‘John James’ nó ‘Sarah Jane’, ach feasta, de bharr go raibh an t-uafás ainmneacha ann, agus nach raibh aon cheann acu chomh forleathan is a bhíodh, ba leor ainm amháin i mbéal an mhúinteora.
Ar ndóigh, bhíodh sé de nós againn in Éirinn daoine a ainmniú as a muintir: Máirtín Tom Sheáinín, Tom Pheadaí, Hiúdaí Pheadaí Hiúdaí, Máirtín Daibhí, cuir i gcás. Déanta na fírinne, san am a chuaigh thart, b’annamh a théadh cainteoirí Gaeilge i muinín an tsloinne ar chor ar bith. Ach fanaimis le scéal Shasana go fóill toisc gur ann atá an mioneolas. (Bhí díláithriú cultúir ar bun in Éirinn, áit a raibh nósanna na nGall ag glacadh áit nósanna na nGael. Bhí galldú ar siúl agus ainmneacha agus logainmneacha á ‘n-aistriú’, mar dhea, nó dá dtraslitriú, rud a chuireann craiceann níos casta ar scéal na n-ainmneacha in Éirinn).
Má thosaigh daoine ag roghnú ainmneacha nua i lár an naoú céad déag, níor thosaigh an fás ceart faoi ainmneacha nua go dtí na 1930í, ach fós féin lean siad orthu leis na hainmneacha clasaiceacha, Robert nó Andrew. Ansin idir 1930 agus 1970, lean daoine ar ainmneacha a roghnú, ach ní raibh a oiread sin ainmneacha úra ag teacht chun cinn. Tháinig borradh ollmhór ar líon na n-ainmneacha atá coitianta ó 1970 i leith. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an t-uafás ainmneacha ar pháistí an lae inniu agus de bharr sin, níl an t-ainm is coitianta (Jack nó Olivia) ach ar chéatadán an-bheag de pháistí (thart ar 4%. Cuir sin i gcomparáid leis an 25% i gcás Mary sa bhliain 1800) .
Aicmí, Cogadh agus Teacht na Teilifíse
Gan aon amhras ba í an réabhlóid thionsclaíoch ba chúis leis an chéad athrú i lár an naoú céad déag. Tháinig borradh an-mhór faoi dhaonra Shasana agus tháinig athrú mór ar bhonneagar na sochaí féin. Suaitheadh ceart a bhí ann don leagan amach a bhí ar na haicmí agus ar ndóigh thosaigh an lucht oibre ag téachtú agus ag cur ar a son an t-am sin. Is cinnte gur imir na hathruithe sin tionchar ar chúrsaí cultúir, ainmniú páistí ina measc. Is dócha gurbh iad na hathruithe móra a lean an chéad chogadh domhanda ba chúis leis an dara athrú ar nósanna ainmniúcháin. Agus i gcás na seachtóidí, is dócha go raibh an teilifís, an t-eitleán, agus fás na meánaicme, taobh thiar den suaitheadh ar ainmniú páistí. Sa lá atá inniu ann, tá ról ag cúrsaí teilifíse agus idirlín fosta, agus ag an chaoi a bhfuil an cultúr Angla-Mheiriceánach chomh forleathan is atá.
Ní thugann ainmniú páistí aon eolas dúinn ar athruithe cultúrtha sna tíortha Eorpacha cionn is nár ceadaíodh do thuismitheoirí a rogha ainm a bhaisteadh ar a gcuid páistí. Bhí liosta d’ainmneacha oifigiúla ann agus b’éigean ainm a roghnú ón liosta sin. Bheadh liosta ar leith ann de réir dáta ag brath ar cén naomh a bhí á cheiliúradh an lá sin. Bhí tuismitheoirí san Iodáil ag iarraidh ‘Venerdi’ (An Aoine) a bhaisteadh ar a mac sa bhliain 2006, ach chaill siad an cás cúirte. Rialaigh an breitheamh nach raibh an t-ainm sin ceadaithe agus bhaist sé féin ‘Gregorio’ ar an leanbh óg.
Ach tá sé seo ag athrú. Níl na cúirteanna sna tíortha Lochlannacha ag seasamh leis an tsean-nós. Cheadaigh siad ‘Metallica’ mar ainm sa tSualainn sa bhliain 2007. Chuir an Fhrainc deireadh le liostaí oifigiúla sa bhliain 1993 agus rinne na Spáinnigh amhlaidh trí bliana ó shoin.
Obair le Déanamh
Mar atá ráite thuas, beidh sé deacair aon anailís stairiúil a dhéanamh ar ainmneacha sa tír seo cheal eolais. Ach is dócha do bhféadfaí dul i muinín doiciméid neamhoifigiúla, cuir i gcás litreacha pearsanta, nó suirbhéanna áitiúla, atá scaipthe ar fud na n-iarsmalann. Tá dalladh eolais le nochtadh go fóill as na gníomhais talún in Óstaí an Rí go deimhin, chomh maith leis na lámhscríbhinní ginealais in Acadamh Ríoga Éireann, ach ní bhfuair an obair sin a líon ceart scoláire go sea.
Maidir leis na hainmneacha atá coitianta faoi láthair in Éirinn, léiríonn siad go bhfuil nasc an-dlúth idir cultúr na tíre seo agus an cultúr Sasanach. (Ní iontas é sin ach tá an fhianaise chrua spéisiúil mar sin féin). Tá Jack, Daniel, agus James, i measc na ndeich n-ainm is coitianta ar bhuachaillí sa dá thír, agus Sophie, Chloe agus Emily ar na cailíní. Don chéad uair riamh tá ainm Polannach (Patryk) i measc na n-ainmneacha atá coitianta in Éirinn. Tá seasamh láidir ag na hainmneacha Gaelacha go fóill: áirítear thart ar fhiche ainm Gaelach i measc an chéid ainm is coitianta sa tír, agus go deimhin tá Conovalos, nó Conall, fós ina measc!