AR NA SAOLTA SEO
Toghchán san India
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Ba chóir dúinn súil níos géire a choinneáil ar thoghcháin mhóra an domhain. Chaith Ciarán Mac Aonghusa seal ag meá ar tharla san olltoghchán is mó a reachtáladh ar an domhan chláir riamh. An mhí seo caite a tharla . Tá tuairim aige dá bhfuil ag titim amach i dtír mhór an toghcháin sin.

Íomhá
Ollscoil Mhumbai sa bhl. 1870
Íomhá
Teampall Kapaleeshwar, a tógadh c. 1,600 bl. ó shin, i Chennai
Íomhá
An Sruith Gaulokvihari agus HariKrishna Maharaj murtis i Mumbai (Swaminarayan Sampraday a tharraing)
Íomhá
An t-údar ar dheis, le fear maith a bhfuil sracadh ann, Abdul, ar chlé

Reachtáladh an toghchán is mó ar an domhan chláir nuair a thogh muintir na hIndia rialtas úr an mhí seo caite. Ní éacht a bhí ann, ach olltionscnamh. Chaith 400 milliún duine a gcuid vótaí sa toghchán is mó i stair an daonlathais. D’oibrigh mhilliún oifigeach agus lucht slándála air agus baineadh úsáid as milliún go leith inneall aibhléise vótála lena chur i gcrích.

An rud is iontaí faoin India, agus an rud is mó a thugann dóchas do mhuintir na tíre sin, ná gur sheas an daonlathas chomh fada inti ar chor ar bith. Tá an India ar an dara tír is mó daonra ar dhromchla an domhain (1.2 míle milliún duine) agus tá meascán mór de chultúir is de theangacha inti. Meastar go labhraítear 1,500 teanga ó cheann ceann na tíre. Tá 15 acu siúd ina dteangacha oifigiúla agus is iad an Béarla agus an Hiondúis an dá theanga is mó a bhfuil tuiscint orthu go forleathan.

Ní hí an teanga an t-aon deighilt amháin atá idir mhuintir na hIndia, áfach. Tá thart ar 80% de na daoine ina Hiondúigh agus 15% ina Moslamaigh. Meascán de chreidimh éagsúla an chuid eile.

Móruaisle is Mionísle

In ainneoin na n-iarracht oifigiúla le caoga bliain anuas tá fadhb na sainaicme ina chnámh spairne fós. Mar sin féin, ar bhealach éigin, éiríonn leis na hIndiaigh maireachtáil in aon tír amháin. D’fhág an stair a dtrioblóid féin acu, mar atá, an tseanchoimhlint leis an Phacastáin. Pléascann an t-achrann siúd amach go fuilteach ó am go chéile, ach tríd is tríd, d’fheabhsaigh rudaí le blianta beaga anuas. Ar mhí-ámharaí an tsaoil áfach, tá gnóthaí polaitíochta na Pacastáine ag éirí míshocair le tamall anuas agus ní fios cén treo a rachaidh an Phacastáin amach anseo.

Ba iad an BJP a bhíodh go mór chun cinn i gcúrsaí polaitíochta na hIndia i dtús na mílaoise seo. Páirtí náisiúnach iad ar an eite dheis a chuireann an bhéim ar shaíocht, oidhreacht, agus faraor, ar leas na Hiondúch. Bhí an baol ann go n-imreoidís feall ar an phobal Moslamach agus go leathnódh an deighilt idir an dá phobal. D’athraigh siad ainmneacha roinnt cathracha móra ar ais go dtí leaganacha Hiondúcha nuair a bhí siad i gcumhacht. (Mumbai a thug siad ar Bombay, Chennai ar Mhadras, agus mar sin de. ) Agus cuireadh ina leith go raibh siad ag tabhairt céad áit do Hiondúigh in earcaíocht do phoist rialtais agus riaracháin.

Fuair páirtí an Congress an lámh in uachtar ar an BJP in olltoghchán 2004, ach ba ar éigin é, agus bhí an tír idir dhá cheann na meá ó shin.

Ach léiríonn an toghchán is deireanaí san India go bhfuil muintir na tíre sin ag féachaint ar aghaidh in áit a bheith ag amharc siar. Sa deireadh bhí bua éasca ag páirtí an Congress. Tá Sonia Gandhi, (http://www.soniagandhi.org/) bean Rajiv Gandhi a feallmharaíodh i 1991, (feallmharaíodh a mháthair siúd, Indira Gandhi, chomh maith sa bhliain 1984) i gceannas ar an pháirtí seo agus tá clann Nehru fite fuaite leis freisin (Ba é Jawaharlal Nehru an chéad Taoiseach ar an India tar éis dóibh an tsaoirse a bhaint amach ón Bhreatain Mhór). Tá dearcadh saolta ag an pháirtí agus tá siad go mór ar son na hiolrachta. Déanann siad iarracht chuile chineál duine a chur san áireamh, idir Hiondúigh agus Moslamaigh, idir Bhraman (ard-aicme) agus Dalit (an aicme is isle). An ‘t-aos seachantais brí leis an fhocal.

Tír Mhór an Dá Shaol

Is mór an dúshlán atá roimh an rialtas nua. Tá réabhlóid thionsclaíoch ar siúl sa tír agus tá éabhlóid shóisialta ag gabháil leis, faoi mar a tharla ar fud an domhain. Ní beag iad na hathruithe atá ar siúl san India. Bheadh sé ó chumas aon rialtas nó aon phobal na bunathruithe sin a stiúradh i gceart, gan trácht ar thír a bhfuil na céadta milliún duine ann atá beo bocht. San India, feictear an chuid is fearr den fhichiú haois taobh le taobh leis an chuid is measa den naoú haois déag.

Nuair a smaoinímidne, muintir an Iarthair, ar an India, is ag cuimhneamh ar chumhacht mhór na teicneolaíochta a bhímid go minic. Is fíor sin, tá cathracha ar nós Bangalore agus Hyderabad ar na háiteanna is mó ar domhan a ndéantar taighde agus forbairt den scoth ann i réimse na teicneolaíochta. Ní hamháin gur mealladh na comhlachtaí móra Meiriceánacha ann (leithid Texas Instruments agus Intel), ach bhunaigh na hIndiaigh a ngnóthaí féin chomh maith. Bunaíodh InfoSys agus Wipro, dhá chomhlacht teicneolaíochta faisnéise, thart ar 10 mbliain ó shin. Tá siad lonnaithe i mBangalore i ndeisceart na hIndia. Faoi láthair tá thart ar 60,000 oibrí ag WIPRO agus 70,000 oibrí ag InfoSys.

Os a choinne sin, tá cónaí ar thrian de dhaoine bochta an domhain san India. Measann an Banc Domhanda go maireann 456 milliún Indiaigh faoi bhun líne an bhochtanais, ’sé sin, go maireann siad ar $1.25 sa ló. Meastar go bhfuil níos mó páistí faoi thrí bliana míchothaithe san India ná in aon tír eile ar domhain. Nuair a tháinig an fás faoin tír, ba go míchothrom a tháinig sé. Laghdaigh líon na mbocht go mór in áiteanna (Karnataka, an stát a bhfuil Bangalore ann) ach ar éigin in áiteanna eile (Orissa agus Bihar, dhá stát atá chomh bocht le haon tír san Afraic).

Bhí an deighilt uafásach seo le feiceáil i ngach áit nuair a thug mé féin cuairt ar an India ceithre bliana ó shin. Ba léir go raibh borradh geilleagair faoi lán seoil: bhí ionaid siopadóireachta á n-oscailt sna cathracha, bhí carranna móra breátha i measc na seanrudaí caite, bhí traein faoi thalamh á tógáil i nDelhi.

A Chlann ag Brath ar Shláinte Abdul

Ach ní raibh an saibhreas le feiceáil ach mar oileán i bhfarraige mhór an bhochtanais. Ar imeall na gcathracha, agus uaireanta ina láir, bhí slumaí móra uafásacha. Ní hé a méid a chuirfeadh brón ort ach a dhonacht is a shuaraí is atá an saol iontu. Bhuail mé le fear amháin, Abdul a bhí air, a raibh ceathrar clainne air. Bhí siad go léir ina gcónaí i rud beag a thabharfá scioból air, gan uisce reatha, gan leithreas, is gan chistin ann. Tiománaí ricseó a bhí ann – bhí an ricseó ar cíos aige – agus ba ghnách leis seacht lá na seachtaine a chaitheamh ag obair ó mhaidin go hoíche. Dúirt sé gurb é an sprioc a bhí aige go leanfadh a gcuid páistí ag freastal ar an scoil ionas go mbeadh seans acu éalú ón chruatan. Dá gcaillfeadh sé a phost, de dheasca timpiste bóthair nó tinnis, cur i gcás, a dúirt sé, bheadh deireadh leo.

Tá na céadta milliún duine chomh bocht le Abdul. Maireann siad le taobh daoine atá chomh maith as agus atá muid féin. Gan amhras, ’sí an deighilt is mó atá san India ná an deighilt idir an bocht agus an saibhir. San olltoghchán roghnaigh siad, le chéile, páirtí atá ag brath ar vótaí ó gach aicme, páirtí a bhfuil daoine leathanaigeanta agus cliste i gceannas air. D’fhág siad coinneal an dóchais ar lasadh tamall eile, agus súil acu go bhfuil rath i ndán dá dtír mhór, álainn, ársa.

  • Go n-éirí sin leo.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.