AR NA SAOLTA SEO
Todhchaí na Nuachtán
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Ní mhairfidh an cló go deo a deir Ciarán Mac Aonghusa. Is buan an inscríbhinn ar an leic, ach ní buan ar an nuachtán, is léir, más leideadh ar bith a bhfuil tite amach sna Stáit Aontaithe. Tá an ciorrú ag teacht i bhfeidhm abhus. Chaithfeadh sé teacht. Níl gnó na fógraíochta ann mar a bhíodh.

Íomhá
Nuachtán a thit ar lár, 2009
Íomhá
Clódóireacht sa bhl. 1568 (le Jost Amman)
Íomhá
Clódóireacht sa bhl. 2004 san Afganastáin
Íomhá
Gavin Newsom, Méara San Francisco

Deich mbliana ó shin bhí sé soiléir go mbeadh tionchar an-mhór ag an idirlíon ar thodhchaí an nuachtáin. Bhí dhá insint ar an scéal an t-am sin. Bheadh an t-idirlíon ina chuidiú do thionscadal na nuachtán, ní bheadh ann ach bealach eile chun na scéalta móra a scaipeadh agus, go bunusach, bhaileofaí an nuacht féin ar an bhealach chéanna. Agus an dara hinsint. Rachadh suíomhanna idirlín i gcomórtas leis na nuachtáin agus dá n-éireodh thar cionn leo, bheadh deireadh leis an tsean-nuachtán.

Tá an chuma ar an scéal gurb é an dearcadh diúltach atá á fhíorú. I Márta na bliana seo cuireadh an chóip dheireannach den Seattle Post-Intelligencer, príomhnuachtán Seattle Mheirceá, i gcló. Bhí an P-I, mar a thugtar air, ina nuachtán réigiúnach chliúiteach. Bunaíodh é sa bhliain 1863 agus bhí sé ar cheann de na gnónna is sine i Seattle, Washinton.

Bhí an páipéar ag cailleadh airgid ón bhliain 2000 i leith agus bheartaigh na huinéirí go gcuirfidís deireadh leis an nuachtán, mar, a dúirt siad, nach raibh aon bhiseach i ndán do shláinte an nuachtáin. Leanfaí ar aghaidh, áfach, le leagan idirlín den nuachtán. Scaoileadh bunús na n-iriseoirí chun bealaigh agus ní bheidh fágtha ach dornán beag iriseoirí chun scéaltaí a fhiosrú is a bhailiú.

drochbhail ar fad ar na nuachtáin i Meiriceá faoi láthair. D’fhoilsigh Time Magazine liosta de na deich bpáipéar is mó atá i mbaol. Bhí roinnt teideal a bhfuil cliú agus cáil orthu ina measc, macasmhail an Boston Globe agus an San Francisco Chronicle.

Cúlú agus Cailleadh san Eoraip

Is fíor gur measa i bhfad é scéal na nuachtán i Meirceá ná mar atá siad san Eoraip. É sin ráite, tá an cúlú faoi lán seoil i Sasana freisin, áit ar dúnadh 70 nuachtán áitiúla ó thús na bliana 2008 (foinse economist.com). Druideadh an Leitrim Post, de chuid River Media, agus agus lig an Irish Independent an-chuid daoine chun bealaigh le bliain anuas. Tháinig na páipéirí móra in Éirinn slán go dtí seo, ach gan amhras, tá siad ag gearradh siar ó thaobh acmhainní de.

Céard atá taobh thiar den mheath shuntasach seo? Trí rud. I dtús, ghlac úinéirí agus ceannairí na bpáipéirí droch-chinnidh, sna Stáit Aontaithe ach go háirithe. Tá siad báite i bhfiacha agus chuaigh siad thar fóir nuair a bhí an borradh eacnamaíochta i mbarr a réime. Ansin, thit an tóin as an fhógraíocht (foinse mór airgeadais ag nuachtáin) de bharr an mheathlaithe. Agus an triú cúis, chuir an t-idirlíon tionscadal na nuachta bun os cionn.

Ó thaobh thodhchaí na nuachtán de, tiocfaidh deireadh leis an chuaranfa gheilleagair, ach leanfar ar aghaidh le forbairt an idirlín. Nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil an gréasán domhanda ach i dtús a shaoil mar theicneolaíocht, is deacair a chreidiúint nach mbeidh sé ina thairne i gcónra na nuachtán sa deireadh.

Is léir anois go bhfuil an t-idirlíon i gcomórtas díreach leis na nuachtáin agus go bhfuil an lámh in uachtar ag an mheán is nua-aoisí. Sa lá atá inniu ann, scaiptear an nuacht 24 uair sa ló. Tá an domhan ar fad ceangailte le gréasáin satailíte agus idirlín agus faigheann an tomhaltóir scéalta faoi na heachtraí is deireannaí chomh luath agus a tharlaíonn siad.

Mar sin, bíonn an nuachtán as dáta sula ndáiltear ar an tsiopa é.

buntáistí móra eile ag an idirlíon. Is uirlis fhíorchumasach é chun an nasc a chruthú idir comhlachtaí agus an margadh. Mar sin, tá an lucht fógraíochta ag tabhairt a gcúil don sean-nuachtán agus ag tiontú ar na meáin leictreonacha. Chomh maith leis sin, tá an t-eolas a bhíonn ar fáil ar an idirlín inchuardaithe.

Snámh in Aghaidh an Lín

Thug ceannairí na nuachtán faoi deara go gasta nach mairfeadh a ngnónna gan suíomh idirlín a chur ar bun a bheadh ar siúl san am chéanna. Ach fuair siad amach go bhfuil siad ag iarraidh an dá thrá a fhreastal. Rinne siad iarracht táillí a ghearradh ar úsáideoirí ach níor éirigh leo de bharr go raibh na príomhscéalta ar fáil saor in aisce ar shuíomhanna eile. Ar an drochuair, theip orthu an t-airgead cuí a fháil ón fhógraíocht freisin. Ní féidir táillí móra a ghearradh ar fhógraitheoirí ach oiread cionn is go bhfuil an t-uafás suíomhanna ann.

Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil droch-chuma ar thodhchaí na nuachtán. Ach an ndéanfadh sé aon dochar dá dtéidís i léig faoi mar a chuaigh an fhístéip nó an gramafón?

Leanfadh deachtóireacht i bhfeidhm gan aon nuacht a bheith á scaipeadh inti, ach tá an oscailteacht mar fhuil i gcóras daonlathach. Ní bhíonn aon oscailteacht ann gan fháisnéis, agus go minic is í an fháisnéis is fearr atá faoi cheilt a bhfuil tábhacht ag baint léi. Tá iriseoirí gairmiúla den scoth agus neart airgid riachtanach don fhiosrú fhíochmhar a bhíonn de dhíth chun an solas a lonrú i nduibheagáin an daonlathais.

Bleachtaireacht na hIriseoireachta

Bhí sé ar chumas na nuachtán (agus mar aidhm acu) an cineál seo fiosrúcháin a dhéanamh, rud nach bhfuil fíor i gcás na meán nua. Níl sna suíomhanna nuachta ar an idirlíon de ghnáth (amach ó na cinn atá faoi stiúir na nuachtán féin agus atá i mbaol) ach bailitheoirí nó comhiomlánóirí. Faigheann siad a gcuid scéalta ó eagraíochtaí eile, go minic na fíornuachtáin, agus cuireann siad ar fáil iad. Ní bhíonn foireann mhaith iriseoirí dá gcuid féin acu. Tá siad sásta chuile chineál nuachta a scaipeadh agus níl polasaí láidir eagarthóireachta acu (níl eagarthóir ag Google news faoi mar a bheadh sa BBC). Siamsaíocht in ionad nuachta a chuireann siad ar fáil agus ní dhéanann siad idirdhealú idir an dá rud.

Mar sin, má thiteann an nuachtán i léig beimid go léir thíos leis sa deireadh. An bhfuil seans ar bith go n-éireoidh leo teacht isteach ar an saol nua seo agus go bhfaighidh siad bealach nua gnó a chuirfeadh ar a gcumas leanacht ar aghaidh ag fiosrú agus ag tuairisciú?

Beidh sé iontach deacair acu teacht slán. Tá daoine á rá go gcuirfear an nuachtán deireannach i gcló faoi cheann tríocha bliain. Ní féidir a bheith chomh beacht sin, ach is léir go bhfuil sruth na staire ina n-aghaidh. Tagann gléas nua cumarsáide ar an saol in aghaidh na seachtaine agus cuireann an chuid is mó acu daoine i dteagmháil leis na suíomhanna móra leictreonacha. Tá an t-aos óg báite sa teicneolaíocht agus is nadúrtha leo an scáileán ná an bhileog. Níl dúil acu sa pholaitíocht agus ní íocfaidís as eolas cruinn. Ní aithníonn siad aon fhoinse mar fhoinse údarásach.

Agus é ag caint ar an éiginnteach a bhaineann le todhchaí an San Francisco Chronicle, dúirt Gavin Newsom, méara na cathrach sin, “má théann sé as cló, ní thabharfaidh aon duine níos óige ná 30 faoi deara é”.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.