CÚINNE NA nEALAÍON
Geimhreadh
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Imríonn feannadh Geimhridh faobhar na filíochta ar Chiarán Mac Aonghusa an t-am seo bliana.

Íomhá
Íseal grian, gearr a rith
Íomhá
Muir gan srian, Ceann Glinne, Tír Chonaill
Íomhá
Oighear-ré, sin mo scéal

Cúpla oíche ó shoin bhí gaoth fhuar fheanntach ag feadaíl sa ghairdín agus bhí an fhearthainn ag lascadh in aghaidh na fuinneoige. Bhí orm an bosca bruscair a chur amach. Stad mé ag an doras tamall, agus chruinnigh mé mo mhisneach sular oscail mé é. Amach liom ar luas lasrach go dtí an bothán. Chuaigh séideán polltach tríom agus mé ag dul anonn agus chuaigh scaird uisce isteach ar mo mhuineál ar mo bhealach ar ais. Sin an chaoi ar labhair na dúile liom an oíche úd. Níor bhuail ach aon fhocal amháin isteach i mo cheann: Geimhreadh.

As ceithre ráithe na bliana is é an geimhreadh is mó a fhágann a lorg ar intinn an duine.

Imríonn an tEarrach, an Samhradh, agus an Fómhar ar shaol an duine ar bhealaigh éagsúla agus múineann siad a gceachtannaí féin dúinn faoi thimthriail an tsaoil, ach is é an geimhreadh a chuireann in iúl, go crua cinnte, nach dtugann rud ar bith ach a sheal.

Ó bhí an tsamhain ann, bím ag féachaint ar na géaga uaigneacha na gcrann ag bun an ghairdín, agus iad ag síneadh go himpíoch chun na spéire. Deacair a chreidiúint gur imigh an duilliúr breá a mhaisigh i rith an tsamhraidh iad agus go bhfuil na duilleoga anois ag lobhadh ina screamh salachair. Níl orthu anois ach boladh lofa an bháis.

Is sa gheimhreadh is mó a bhíonn sioc agus sneachta ann. Is ansin a bhíonn loinnir an lae in easnamh. Sea, is é a bheas againn feasta, fuacht agus dorchadas: tithe an bháis. Nuair a smaoiním ar an fhuacht mharfach agus ar dhorchadas an gheimhridh, smaoiním i gcónaí ar na daoine a mhair fadó, i bhfad roimh ré an téimh lárnaigh! Tráth nach raibh tithe ann ar chor ar bith, tráth nach raibh ann ach an duine in aghaidh na ndúl. Agus tagann dán chugam i gcónaí, dán beag álainn a scríobhadh sa naoú aois - níos mó na míle bliain ó shoin! Níl a theideal ná ainm an fhile againn, ach tugann sé brí an gheimhridh leis go beacht álaínn, ina chruth Nua-Ghaeilge anseo:

-----------------------Scéal liom daoibhDamh ag glaoch,sneachta síorsamhradh d’éag.

Gaoth ard fhuar,íseal griangearr a rithmuir gan srian.

Raithneach rua,ceilte a chló,ardaíonn cadhana sheanghlór.

Sníomhann fuachteití éan,oighear-ré,sin mo scéal. -----------------

Codladh an Gheimhridh

Ní dóigh liom gur féidir cur síos cruinn gonta a dhéanamh ar an gheimhreadh a sharódh na focail seo ‘gaoth ard fhuar, íseal grian, gearr a rith, muir gan srian’. Deir an file go gcuireann an fuacht as go mór don éan bocht. Seal crua do na hainmhithe é an geimhreadh. Agus ar ndóígh tá a shlí féin ag ainmhithe áirithe chun dul i ngleic leis an gheimheadh: codlaíonn cuid acu, ar nós na gráinneoige, an geimhreadh amach; agus fágann cuid acu, an fháinleog cuir i gcás, an tír ar fad agus tugann siad aghaidh ar thír a mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí ann.

Múineann an geimhreadh dúinn nach bhfuil sa bheatha shaolta seo ach roth mór a bhogann timpeall go mall agus go síoraí. Léiríonn sé dúinn a dhódhéanta is atá sé rúndiamhair an tsaoil a thuiscint agus gur chóir dúinn an saol a ghlacadh mar atá. Cronaímid uainn glóire an tsamhraidh: boladh na mbláth, saoirse an fheileacáin, loise na gréine, agus gártha na bpáistí. Tráth a mbíonn flúirse agus féidireachtaí ann.

Ach tá a mhaorgacht féin ag baint leis an gheimhreadh. In áit a bheith ag breathnú amach, is minic ag breathnú isteach sinn. chothaíonn an samhradh an cholainn, cothaíonn an geimhreadh anam. Cuireann na hoícheanta fada ag machnamh mé ar na rudaí is tábhachtaí liom: dáimh muintire is cairde. Agus smaoiním ar na cairde agus gaolta liom a chuaigh ar shlí na fírinne. Is deas an rud é dar liom, sos a ghlacadh ón tsaol atá i gcónaí faoi dheifir (agus i gcónaí ar deireadh dá réir), agus ár n-intinn a dhíriú orthu siud a chuaigh romhainn agus ar an tionchar a d’imir siad orainn, nó ar an ghrá a thug siad dúinn. Bhí an nós seo ag na Ceiltigh riamh: dul i measc na marbh arís ag tús an gheimhridh. An tSamhain a thug siad air agus maireann an nós go fóill i bhfoirm chríostaí.

Tá áilleacht ag baint leis an gheimhreadh freisin, fiú más áilleacht ghéar í. Is aoibhinn liom féin an tsoiléire a bhaineann le maidin seaca, an bháine thréan a bhaineann le solas na gréine. Is breá liom an draíocht a bhaineann le huisce a bheith chomh crua le cloich. Is cuimhin liom lá geimhridh i dtús na n-ochtóidí agus mé an-óg, nuair a chuaigh mé taobh locha le m’uncail chun uisce a fháil do na beithigh. B’éigean do m’uncail an t-oighear a bhriseadh le piocóid. Ba mhian liom go dteipfeadh air an t-oighear a bhriseadh agus tháinig díoma agus iontas araon orm nuair a bhris an phiocóid tríd an oighear.

‘An Áit a mBíonn Tine, Bíonn Teas, ....’

Ó tógadh faoin tuathní fhéadaim gan an mhóin a lua agus mé ag trácht ar an gheimhreadh. Is breá liom fós tine chraosach mhóna a chur síos. Téann teas na tine isteach sna cnámha ar bhealach nach dtéann aon teas eile. Is sásúil spleodrach liom a bheith ag amharc ar na bladhra ag damhsa agus an ghaoth ag glafarnach amuigh. Agus nuair a chuirim an cupán le mo bhéal chun suimín a bhaint as, mothaím boladh an deataigh ar mo lámh!

Bíonn ábhar dóchais de dhíth orainn i gceartlár an gheimhridh. Rud inteacht a thugann faoiseamh dúinn ón uaigneas agus ón dorachadas.

Bhí muintir na hEorpa ag céiliúradh ‘lár an gheimhridh’, nó ‘grianstad an gheimhridh’, ón chlochaois nua anuas go dtí n-ár linn féin. Roghnaigh críostaithe an fhéile seo mar fhéile na Nollag – an tráth a dhéantar comóradh ar lá breithe Chríost. Is féile chríostaí agus shaolta anois í an Nollaig. Ní féidir a shéanadh go mbíonn an iomarca béime anois ar chúrsaí tráchtála agus ar chaiteachais um Nollaig, ach is féidir le gach duine a rogha rud a dhéanamh.

Creidim féin go bhfuil gné spioradálta ag baint le féile na Nollag fós. Téann go leor daoine ar Aifreann na Nollag go fóill agus iad siúd nach bhfuil creideamh ar bith acu, bíonn sé de nós acu an Nollaig a chaitheamh le daoine muinteartha nó le cairde. Dúntar na siopaí is na tithe tábhairne go léir agus caitheann gach duine an lá sa bhaile. Tagann na mílte a bhfuil cónaí orthu thar lear ar ais chun na tíre seo i gcomhair na Nollag. Fiú amháin iad siúd nach dtaitníonn rí-rá agus fuadar na Nollag leo, faigheann siad suaimhneas éigin le linn na féile.

Thar aon rud eile tugann an Nollaig le fios go bhfuil an chuid is doimhne den gheimhreadh curtha dínn. Tiocfaidh síneadh beag ar na laetha go luath sa bhliain úr - oiread coiscéim coiligh gach lá – agus, cé go bhfanfaidh an aimsir go dona, ardóigh an ghrian ar an spéir de réir a chéile, agus beagnach i ngan fhios dúinn beidh an geimhreadh thart is beidh snafach faoin lus agus flúirse fáis ar ball arís ann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.