AR NA SAOLTA SEO
Trí Bliana Déag i gCumhacht
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfágfaidh cuid d’oidhreacht an Lucht Oibre ‘Nua’ sa Bhreatain domlas ar roinnt dá lucht tacaíochta ina ndiaidh.

Níor vótáil muintir na Breataine go trom in aghaidh Pháirtí an Lucht Oibre in ainneoin gur chaith an páirtí sin trí bliana déag i im. Is cosúil gur aithnigh muintir na tíre sin gur fhág Páirtí nua an Lucht Oibre oidhreacht mheasctha ina ndiaidh. Ní mar sin a tharla nuair a thug toghthóirí na Breataine buille uafásach do na Tóraithe sa bhliain 1997.

Níor bhuaigh na Tóraithe ach 165 suíochan in aghaidh an 418 a bhuaigh an Lucht Oibre sa chéad ollbhua inar bhain Blair an chumhacht amach. Céard iad na réimsí inar éirigh go maith leis an Lucht Oibre agus céard iad na réimsí inar theip orthu?

Is fiú breathnú ar na hathruithe móra a tháinig ar an Bhreatain idir 1997 agus 2010. Sa tréimshe seo tháinig an-fhás faoi líon na n-imirceach: tháinig níos mó na 5 milliún duine chuig an Bhreatain fad is a chuaigh thart ar 2 mhilliún thar lear. Tháinig an t-idirlíon chun tosaigh agus ré na teicneolaíochta faisnéise leis: bunaíodh Google sa bhliain 1998 agus níor díoladh an chéad DVD sa Bhreatain go dtí an bhliain chéanna, agus ní raibh trácht ar bith ar Skype, Facebook, YouTube, iPadanna, nó HDTV. Tháinig fás ollmhór faoi na tíortha móra Áiseacha agus le linn na tréimhse céanna d’fhás an bunúsaíochas Ioslamach ar fud na dtíortha Ioslamacha féin. D’imir fás mór al-Qaeda tionchar mór ar an Bhreatain freisin. Bhí dearcadh na mBriotanach i dtaobh ceisteanna sóisialta ag éirí níos liobrálaí le linn na tréimhse sin. Ina iomlaíne, tháinig athrú an-mhór ar an Ríocht Aontaithe – agus ar an Domhan – idir toghadh Blair agus imeacht Brown.

Beartais an Lucht Oibre

D’éirigh go maith leis an Lucht Oibre beartais a chur i bhfeidhm a shásódh an dearcadh nua oscailte liobrálach. Thug siad stádas dleathach don chomhpháirtíocht shibhialta agus chuir siad dlíthe comhionannais i bhfeidhm a chuidigh go mór le mionlaigh eitneacha agus leis an duine aerach.

Chuir an Lucht Oibre roinnt mhaith leasuithe bunreachtúla i bhfeidhm fosta a d’athraigh rialú na Breataine go mór agus a cheaptar a bheidh i measc na n-athruithe is mó a fhágfaidh siad san fhadtéarma. Chuir siad deireadh leis an chuid is mó de na tiarnaí oidhreachta i dTeach na dTiarnaí; bhunaigh siad comhdháil sa Bhreatain Bhig agus an chéad pharlaimint in Albain le 300 bliain. Ba leasuithe stairiúla iad seo, gan amhras, a thugann cumhacht áitiúil don dá phobal. Táthar ann a déarfas gur i dtreo an neamhspleáchais a rachaidh Alba amach anseo, agus má théinn, beidh le rá gurbh iad an Lucht Oibre a chuir tús leis.

Is i dTuaisceart Éireann is mó a bhfuil eolas againne ar na hathruithe tábhachta a chuir rialtas Blair i bhfeidhm. Bhí obair na síochána ar bun i bhfad roimh aimsir Blair, ach níl aon amhras ann ach gur oibrigh sé go dian ar chur i gcrích na síochána. Thug sé faoin obair sin gan an claonadh stairiúil a chuir bac ar phríomhairí na Breataine san am a chuaigh thart agus bhí ceannairí an dá phobal sásta obair leis dá bharr sin. Ní dhéanfaidh muintir na tíre seo dearmad ar an Blair sin i 1998, é i dtús a thréimhse mar phríomhaire, agus é ag fógairt gur “mhothaigh sé lámh na staire ar a ghualainn”. Tuigimid go bhfuil obair le déanamh i dTuaisceart Éireann fós, ach is mór agus is iontach an dul chun cinn atá déanta ó 1997.

Díomá na hEite Clé

Níor éirigh go rómhaith leis an Lucht Oibre dul i ngleic leis an neamh-chomhionannas, afách, atá níos measa sa Bhreatain ná mar atá in aon tír Eorpach eile. An fhírinne lom, chuir rialtas Blair agus Brown an-díoma ar lucht na heite clé de bharr gur thug siad tús áite do chomhoibriú leis an ‘mhargadh’ agus go ndearna siad neamhaird den tsoghluaiseacht shóisialta.

Ar cheann de na gealltanais is mó a thug an Lucht Oibre ar lá a dtofa, go gcuirfidís caoi cheart ar sheirbhísí poiblí tar éis dó na Tóraithe iad a chur ó cheart. Is dócha nach cuimhin le cuid mhór den lucht vótála a dhonacht is a bhí cúrsaí sa tseirbhís phoiblí roimh 1997. Ach chuir an Lucht Oibre lena bhfocal – d’athnuaigh siad an bonneagar poiblí – scoileanna agus otharlanna ach go háirithe. (Cé gurbh í an chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a bhí i gceist i roinnt mhaith cásanna, rud a fhágann gur ar iasacht a fuarthas an t-airgead).

Gan amhras ar bith, tá feabhas mór ar sheirbhísí áirithe: Tá céatadán níos airde d’aos óg na tíre ag freastal ar an ollscoil; tá liostaí feithimh na n-otharlann i bhfad níos fearr (18 seachtain in áit 18 mí); bunaíodh aonaid “Sure Start” ar fud na tíre a thugann cúnamh do thuismitheoirí a bhfuil páistí óga acu. Cé go ndeir lucht a gcáinte go ndeachaigh siad amú le spriocannaí agus le nósanna an mhargaidh, d’éirigh le rialtas Blair, tríd is tríd, an tseirbhís phoiblí a nua-aoisiú.

Phléasc an Bolgán Airgeadais

Bhí sé le maíomh ag an Lucht Oibre, go dtí le déanaí, gur tharla an borradh ab fhaide faoin gheilleagar le céad bliain fad is a bhí siad féin i gceannas ar an tír. Bhí fás de 2.9% faoi gheilleagar na Breataine ar feadh deich mbliana. D’ardaigh an caighdeán maireachtála go mór. Bhí an boilsciú faoi smacht. Ach nuair a phléasc an bolgán airgeadais, buaileadh an Riocht Aontaithe go trom. Bhí siad ag brath barraíocht ar sheirbhísí airgeadais mar bhunchloch geilleagair. Chuaigh draíocht “na Cathrach” (Ceantar Airgeadais Londáin) i bhfeidhm go mór ar cheannairí nua an Luchta Oibre agus theip orthu córas rialúcháin ceart a chur ar bun.

fiacha ollmhóra – príobháideach agus poiblí – ag brú go trom ar an Bhreatain agus tuigtear anois go mbeidh ar an rialtas nua Coimeádach-Liobrálach ciorraithe géara a ghearradh ar an tír. Is dócha go sílfidh muintir na Breataine gur fhág an Lucht Oibre ar an trá fholamh iad ó thaobh an gheilleagair de.

Ag breathnú siar anois, tá na cogaí a throid an Bhreatain ó 1997 ar an scéal is iontaí d’oidhreacht an Luchta Oibre. Glactar go forleathan leis an tuairim go raibh an ceart ag Blair cogadh a chur ar Milosevic sa Chosaiv sa bhliain 1999. Chuir an dea-thoradh a bhí ar an chogadh sin siabhrán ar Blair agus dhaingnigh sé a chreideamh i dteoiric na hidirghabhála daonnúla. Chreid Blair as sin amach gurbh é an t-arm an uirlis is oiriúnaí chun dul i gcabhair ar dhaoine a bhí á gcur faoi chois ag a gceannairí féin. Leag Blair an-bhéim i gcás na hIaráice ar an chontúirt a bhain le réimeas Saddam Hussein. Ar an drochuair, tuigtear go soiléir anois (agus bhí daoine a rá ag an am) go raibh an fhianaise i leith Hussein rólag. Is léir go raibh Blair dallta ag an chreideamh idirghabhála.

Tubaiste cheart a bhí i gcogadh na hIaráice. Maraíodh na céadta míle duine; chuaigh an fhuath i dtaobh na Breataine sna tíortha Ioslamacha i méid; rinneadh dochar don chomhaontas idir an Bhreatain agus an Eoraip; Agus tarraingíodh míchliú ar oidhreacht Blair agus ar ghníomhréim a pháirtí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.